Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Mhac Séarthaigh agus an Fear-sidhe.
Title
Seaghán Mhac Séarthaigh agus an Fear-sidhe.
Author(s)
Ua Séaghdha, Seumus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seaghán Mhac Séarthaigh agus An Fear-Sidhe. An tan bhíos-sa ag obair annsa' mhianach thiar annso, níor bh'áil liom gan teacht a-bhaile ag triall ar Mháire gach aon oidhche Sathairn, cé go mbínn tuirseach go maith uaireantacha t'réis obair na seachtmhuine, mar tá a fhios ag cách cad é an saghas oibre bhíodh ann. Acht bhíos teann tréan téagartha - bhíos comh righin le coll agus comh cruaidh le cuilionn 'sa' tsaoghal úd. Ba mhar a chéile me an uair úd le cruadhas agus le brigh nó inneoin an ghabha(nn). “Seadh is dóigh! do bhíos ag teachd aniar aon oidhche Shathairn amháin, agus é i bhfad amach san oidhche, agus me im aonar. Do bhíos ag teachd a leith an seanbhóthar atá ós cionn na cuaillighe, nuair do tháinig an-dhúil agam i ngal tobac. Do tharraigeas mo phíopa amach as mo phóca; agus annsan do tháinig se im chuimhne ná raibh aon fhagháil ar smól teineadh agam — ní gábhadh dham cur i n-iúl dhíbh ná raibh na “cipínidhe lasrach” so comh saor ná comh roibhiseamhail san am-san agus táid siad anois. “Mhaise banachán ar an saoghal,” air-se mise liom féin, “Is minic bhíonn teine go leór agam nuair ná teastuigheann sí uaim, agus ná feudfainn
spréig fhagháil anois do dheargóch' mo phíopa dham!” Bu ar éigin do bhí an focal as mo bheul agam, nuair cad a chífinn acht smeuróid teineadh anuas ar chorp an bhóthair, ar mh'aghaidh amach. “Mhaise, Dia do bheathadh,” airse mise, cé go raibh eagla agus uaignios mo dhóthain orm, acht do bhí breis de'n dúil agam san ngal. Do shaoileas annsan go mb'fhéidir gur bh'amhlaidh do bhí teine éigin ann, feadh an lae, agus gur fágadh an adhaint ann. Pé 'n-Éirinn é, do thógas suas sméaróid, gus do dheargas mo phíopa, agus ní mór go raibh sí deargtha agam, nuair cé chífinn orm aniar acht fear agus sudar saoghalta faoi, agus é ag cur bóthair de go mear tapaidh. Do bheannuighios do, agus do fhreagair sé me, agus annsan do chonnarc gur coigcrícheach do bhí agam agus culaith dhuin' uasail air, casóg go raibh earball siar síos léi, agus brísde ná raibh ag dul thar a ghlún síos, agus cnaipidhe mar bhíodh san tsean-aimsir. Bhí stocaidhe fada air, agus búclaidhe bána 'n-a bhrógaibh. Ní raibh fios agam annsan, toisg é bheith 'n-a dhuine uasal, a mbeidheadh sé ceart agam an píopa tharrac do, acht mar sin féin, níor mhaith liom gan a dhéanamh mar ghnáth-bhéas, agus gnáth-bhéas maith 'leis, ab eadh é, ameasg na ndaoineadh riamh. Bhíomair ag siubhal linn annsan, cois air chois, agus gan gíog as aonneach aguinn nó go raibh mo ghal críochnuighthe agam-sa, agus annsan do bhris ar an bhfoighne agam agus do labhras leis. “A dhuine uasail,” airse mise, “ó's coigcrícheach tu, do réir mo bharamhla-sa, agus ní maith liom dánuigheachd do dhéanamh ort, achd a mb'é do thoil gal do'n phíopa-so d'ól?” “O! go raibh maith agat,” air se', “is é mo chara an té thabharfadh dham é.” Do thóg é, agus do bhí 'n-a thochd arís. Do thosnuigheas annsan ar smaoineamh im' mheón féin, ó'n uair gur coigcrícheadh é, agus ná labharfadh sé focal gan agó, gur fear ó'n saoghal eile bhí ann, agus do tháinig uaignios mo dhóithin orm, cé nár leigios éinnídh orm, acht “do phriucas me fhéin agus níor ghortuigheas. Do choinnigheamar an cheischéim-sin, cois air chois, agus siubhlóide thar bárr ab eadh é. Níor bhuail a leithéid riamh liom i n-aon áit 'n-ar ghabhas. Ní raibh, b'fhéidir, fear i n-Iarthar Chorcaighe d'fheudfadh coinneáilt suas leis achd me féin, agus geallaim duit go raibh an t-allus go fuigheach liom an tan shroicheamar na hÉiridhe. Do bhí sgíbín annsan sa tseana-shaoghal, má's cuimhin le cuid agaibh é, i n-aice an droichid, agus do chonnarc solus a bhfuinneoig do bhí a bpiniuir an tighe. Do chuir sé sin coráisde mór orm, agus d'fhiarfuighios de a dtiocfadh sé isteach liom agus gloine thógaint uaim. Do dhiúltaigh sé, agus dá mhéid tathant do dheineas air, ní raibh cabhair dam bheith leis, ní raghadh sé isteach liom. D'imthigheas isteach, agus dubhart le Nóra ní Thaidhg (an bhean do bhíodh ag díolachán ann, san am-sa) dhá ghloine de'n bhraon a b'fheárr a bhí faoi dhéin tighe aici do líonadh dham. Má'seadh ba mhaith an sás gloine dúthrachtach do thabhairt uaithi í, agus do líon iad go baic. Do bhí an fear eile amuigh ag feithiom, agus a mhaide faoi n-a choragub aige, agus é ag luighe air ag tógaint a shuaimhnis. Do thugas amach gloine de'n bhiotáile chuige, achd ní thógfad sé uaim é. “Ól féin é,” air seision, “Is duit is mó oireann agus ní dhamhsa.” D'imthigheas isteach air n-ais, agus do dhiúgas an dá ghloine ar an láthair-sin agus do dhíolas asta, agus amach liom agus seo air siubhal sinn araon arís. Do choinnigheamar an cheiscéim chéadna arís, cois ar chois, gan staonadh gan stad, gan focal a labhairt acht comh ciuin le beul na huaighe nó gur shroicheamar cros bhéil a' Chorraig bháin agus nuair bhíomar chun sgaradh le n-a chéile annsan, do labhair sé chugham: “Seadh,” air seision, “tá sé air againn dealughadh ó n-a chéile annso mar caithfead-sa bheith a bPortlairge roimh glaodh 'n choiligh agus beidhir- se ag dul abhaile go Cíll Chaitiarain. Achd cogar i leith chugham,” air sé, “ó's fear gallánta thu agus bile do phréamhuigh ó'n bhfairsinge, mar atá an ghairm-sin riamh le
muintir Shéarthaigh, agus beidh coidhche, nár shín a ngaol le gallántachd agus ná sínfidh — tiúbhrad comhairle dhuit anois ó thárluigheamar le n-a chéile gan bheith amuigh comh déidhionach-so aon oidhche Shathairn as so amach. Beir leat anois cómh mear agus atá ad shálaibh nó ad gheugaibh, mar beidh mathshluagh de dhaoinibh maithe ag gabháil na slighe-seo gan moill, agus ma bheirthear amuigh ort, díolfair as.” Do chroith sé lámh liom annsan, agus nuair fheuchas isteach 'n-a chionnaighthe agus ann féin, d'áithnigheas cé bhí agam, achd níor leigios aon-nídh orm: fear ó'n mbaile seo b'eadh é, agus bhí sé t'réis bás d'fhagháil tuairim agus sé no a seacht de bhliadhantaibh roimhe-sin. D'imthigh sé leis agus ní fheaca ó shoin é. Seadh do ghluaisigheas orm, agus ba ghairid dhiabhail liom bóthar a bhualadh sa' tslighe abhaile. Ní rabhas díreach achd ceathramha míle de'n mbóthar isteach nuair chuala — go saoraidh Muire Mháthair sinn! — an tóir is mo chualaidh duine riamh anuas im' dhiaidh. Níor dheineas achd me féin a chaitheamh isteach go sgairt drisleacha bhí ann ar thaobh an chloidhe, agus m'fhocal duit ná'r mhothuigheas a'raibh dealg ionnta nó ná raibh. Ní rabhas annsan i gceart, nuair seo anuas an sluagh agus ba dhóigh leat ná raibh capall faoi ríoghachd Shasana ná raibh ann, agus siot, fuaim agus fothram aca, agus iad ag baint teine-chreasaidh craorag as an mbóthar. Do bhí daoine uaisle agus mná uaisle ann agus na heachraidhe bu bhreághtha ar ar luigh súil pheacthaigh riamh. D'aithnigheás mórán aca nuair bhíodar ag gabháil tharm. Faoi dheireadh, d'imthigheadar leó, agus d'éirigheas amach as mo fholach agus seo a-bhaile me, agus díreach mar as gur iompuigheas isteach an bóithrín atá ag teachd chun an tighe, do ghlaoidh an coileach. Do thánag isteach agus níor leigheas aonnídh orm le Máire. “Arú, a Laoigh, ar sise, “cad do thug ó'n Mianach thu an tráth-so d'oidhche? Ar imthigh aonnídh ort, nó ar airighis aonnídh, nó ar cuireadh aon uaignios ort? mar atá an coileach ag glaodhach feadh na hoidhche.” “Cad imtheóch' orm?” airse mise, dé ghnó, mar nár mhaith liom aon sgeinm a bhaint aisti. “Tá san go maith,” airse mise liom feín, cé nár innseas piuc di-se, agus níor dheineas an sgeul-so d'aithris d'éinneach go dtí anochd. Sin crích mo sgéil díbh, i gcás nach aon iongnadh “Gach aonnídh mar atá agus Gleannáth mar a bhfuil.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services