Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Mhac Séarthaigh agus an Fear-sidhe.

Title
Seaghán Mhac Séarthaigh agus an Fear-sidhe.
Author(s)
Ua Séaghdha, Seumus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seaghán Mhac Séarthaigh
agus
An Fear-Sidhe.

An tan bhíos-sa ag obair annsa' mhianach
thiar annso, níor bh'áil liom gan teacht
a-bhaile ag triall ar Mháire gach aon oidhche
Sathairn, cé go mbínn tuirseach go maith
uaireantacha t'réis obair na seachtmhuine,
mar tá a fhios ag cách cad é an saghas oibre
bhíodh ann. Acht bhíos teann tréan téagartha
- bhíos comh righin le coll agus comh cruaidh le
cuilionn 'sa' tsaoghal úd. Ba mhar a chéile
me an uair úd le cruadhas agus le brigh nó
inneoin an ghabha(nn).



“Seadh is dóigh! do bhíos ag teachd aniar
aon oidhche Shathairn amháin, agus é i bhfad amach
san oidhche, agus me im aonar. Do bhíos ag
teachd a leith an seanbhóthar atá ós cionn na
cuaillighe, nuair do tháinig an-dhúil agam i
ngal tobac. Do tharraigeas mo phíopa
amach as mo phóca; agus annsan do tháinig
se im chuimhne ná raibh aon fhagháil ar smól
teineadh agam — ní gábhadh dham cur i n-iúl
dhíbh ná raibh na “cipínidhe lasrach” so comh
saor ná comh roibhiseamhail san am-san agus
táid siad anois. “Mhaise banachán ar an
saoghal,” air-se mise liom féin, “Is minic
bhíonn teine go leór agam nuair ná
teastuigheann sí uaim, agus ná feudfainn


L. 58


spréig fhagháil anois do dheargóch' mo phíopa
dham!” Bu ar éigin do bhí an focal as mo
bheul agam, nuair cad a chífinn acht smeuróid
teineadh anuas ar chorp an bhóthair, ar
mh'aghaidh amach. “Mhaise, Dia do bheathadh,”
airse mise, cé go raibh eagla agus uaignios mo
dhóthain orm, acht do bhí breis de'n dúil
agam san ngal. Do shaoileas annsan go
mb'fhéidir gur bh'amhlaidh do bhí teine éigin
ann, feadh an lae, agus gur fágadh an adhaint
ann. Pé 'n-Éirinn é, do thógas suas
sméaróid, gus do dheargas mo phíopa, agus ní
mór go raibh sí deargtha agam, nuair cé
chífinn orm aniar acht fear agus sudar
saoghalta faoi, agus é ag cur bóthair de go
mear tapaidh. Do bheannuighios do, agus do
fhreagair sé me, agus annsan do chonnarc gur
coigcrícheach do bhí agam agus culaith dhuin' uasail
air, casóg go raibh earball siar síos léi, agus
brísde ná raibh ag dul thar a ghlún síos, agus
cnaipidhe mar bhíodh san tsean-aimsir. Bhí
stocaidhe fada air, agus búclaidhe bána 'n-a
bhrógaibh. Ní raibh fios agam annsan,
toisg é bheith 'n-a dhuine uasal, a mbeidheadh
sé ceart agam an píopa tharrac do, acht mar
sin féin, níor mhaith liom gan a dhéanamh
mar ghnáth-bhéas, agus gnáth-bhéas maith 'leis, ab
eadh é, ameasg na ndaoineadh riamh. Bhíomair
ag siubhal linn annsan, cois air chois, agus gan
gíog as aonneach aguinn nó go raibh mo ghal
críochnuighthe agam-sa, agus annsan do bhris ar
an bhfoighne agam agus do labhras leis. “A
dhuine uasail,” airse mise, “ó's coigcrícheach
tu, do réir mo bharamhla-sa, agus ní maith liom
dánuigheachd do dhéanamh ort, achd a mb'é do
thoil gal do'n phíopa-so d'ól?” “O! go raibh
maith agat,” air se', “is é mo chara an té
thabharfadh dham é.” Do thóg é, agus do bhí 'n-a
thochd arís. Do thosnuigheas annsan ar
smaoineamh im' mheón féin, ó'n uair gur
coigcrícheadh é, agus ná labharfadh sé focal gan
agó, gur fear ó'n saoghal eile bhí ann, agus do
tháinig uaignios mo dhóithin orm, cé nár
leigios éinnídh orm, acht “do phriucas me
fhéin agus níor ghortuigheas.



Do choinnigheamar an cheischéim-sin, cois
air chois, agus siubhlóide thar bárr ab eadh é.
Níor bhuail a leithéid riamh liom i n-aon áit
'n-ar ghabhas. Ní raibh, b'fhéidir, fear i
n-Iarthar Chorcaighe d'fheudfadh coinneáilt
suas leis achd me féin, agus geallaim duit go
raibh an t-allus go fuigheach liom an tan
shroicheamar na hÉiridhe. Do bhí sgíbín
annsan sa tseana-shaoghal, má's cuimhin le
cuid agaibh é, i n-aice an droichid, agus do
chonnarc solus a bhfuinneoig do bhí a
bpiniuir an tighe. Do chuir sé sin coráisde
mór orm, agus d'fhiarfuighios de a dtiocfadh sé
isteach liom agus gloine thógaint uaim. Do
dhiúltaigh sé, agus dá mhéid tathant do dheineas
air, ní raibh cabhair dam bheith leis, ní raghadh
sé isteach liom. D'imthigheas isteach, agus
dubhart le Nóra ní Thaidhg (an bhean do bhíodh
ag díolachán ann, san am-sa) dhá ghloine
de'n bhraon a b'fheárr a bhí faoi dhéin tighe
aici do líonadh dham. Má'seadh ba mhaith an
sás gloine dúthrachtach do thabhairt uaithi í, agus
do líon iad go baic. Do bhí an fear eile
amuigh ag feithiom, agus a mhaide faoi n-a
choragub aige, agus é ag luighe air ag tógaint
a shuaimhnis. Do thugas amach gloine de'n
bhiotáile chuige, achd ní thógfad sé uaim é.
“Ól féin é,” air seision, “Is duit is mó
oireann agus ní dhamhsa.” D'imthigheas isteach
air n-ais, agus do dhiúgas an dá ghloine ar an
láthair-sin agus do dhíolas asta, agus amach liom agus
seo air siubhal sinn araon arís. Do
choinnigheamar an cheiscéim chéadna arís, cois
ar chois, gan staonadh gan stad, gan focal
a labhairt acht comh ciuin le beul na huaighe nó
gur shroicheamar cros bhéil a' Chorraig bháin
agus nuair bhíomar chun sgaradh le n-a chéile
annsan, do labhair sé chugham: “Seadh,” air
seision, “tá sé air againn dealughadh ó n-a
chéile annso mar caithfead-sa bheith a
bPortlairge roimh glaodh 'n choiligh agus beidhir-
se ag dul abhaile go Cíll Chaitiarain. Achd
cogar i leith chugham,” air sé, “ó's fear
gallánta thu agus bile do phréamhuigh ó'n
bhfairsinge, mar atá an ghairm-sin riamh le


L. 59


muintir Shéarthaigh, agus beidh coidhche, nár shín a
ngaol le gallántachd agus ná sínfidh — tiúbhrad
comhairle dhuit anois ó thárluigheamar le
n-a chéile gan bheith amuigh comh déidhionach-so
aon oidhche Shathairn as so amach. Beir leat
anois cómh mear agus atá ad shálaibh nó ad
gheugaibh, mar beidh mathshluagh de dhaoinibh
maithe ag gabháil na slighe-seo gan moill, agus
ma bheirthear amuigh ort, díolfair as.” Do
chroith sé lámh liom annsan, agus nuair fheuchas
isteach 'n-a chionnaighthe agus ann féin,
d'áithnigheas cé bhí agam, achd níor leigios
aon-nídh orm: fear ó'n mbaile seo b'eadh é,
agus bhí sé t'réis bás d'fhagháil tuairim agus sé no
a seacht de bhliadhantaibh roimhe-sin. D'imthigh
sé leis agus ní fheaca ó shoin é.

Seadh do ghluaisigheas orm, agus ba ghairid
dhiabhail liom bóthar a bhualadh sa' tslighe
abhaile. Ní rabhas díreach achd ceathramha
míle de'n mbóthar isteach nuair chuala — go
saoraidh Muire Mháthair sinn! — an tóir is
mo chualaidh duine riamh anuas im' dhiaidh.
Níor dheineas achd me féin a chaitheamh isteach
go sgairt drisleacha bhí ann ar thaobh an
chloidhe, agus m'fhocal duit ná'r mhothuigheas
a'raibh dealg ionnta nó ná raibh. Ní rabhas
annsan i gceart, nuair seo anuas an sluagh
agus ba dhóigh leat ná raibh capall faoi ríoghachd
Shasana ná raibh ann, agus siot, fuaim agus fothram
aca, agus iad ag baint teine-chreasaidh
craorag as an mbóthar. Do bhí daoine
uaisle agus mná uaisle ann agus na heachraidhe
bu bhreághtha ar ar luigh súil pheacthaigh riamh.
D'aithnigheás mórán aca nuair bhíodar ag
gabháil tharm. Faoi dheireadh, d'imthigheadar
leó, agus d'éirigheas amach as mo fholach agus seo
a-bhaile me, agus díreach mar as gur iompuigheas
isteach an bóithrín atá ag teachd chun an tighe,
do ghlaoidh an coileach. Do thánag isteach agus
níor leigheas aonnídh orm le Máire. “Arú,
a Laoigh, ar sise, “cad do thug ó'n Mianach
thu an tráth-so d'oidhche? Ar imthigh aonnídh
ort, nó ar airighis aonnídh, nó ar cuireadh
aon uaignios ort? mar atá an coileach ag
glaodhach feadh na hoidhche.” “Cad imtheóch'
orm?” airse mise, dé ghnó, mar nár mhaith
liom aon sgeinm a bhaint aisti. “Tá san
go maith,” airse mise liom feín, cé nár
innseas piuc di-se, agus níor dheineas an
sgeul-so d'aithris d'éinneach go dtí anochd.
Sin crích mo sgéil díbh, i gcás nach aon
iongnadh “Gach aonnídh mar atá agus Gleannáth
mar a bhfuil.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services