Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadhna. (ar leanamhaint.) Síle. Ní fheadar cad do dhin sí leis na cúig licínibh? Gob. Ní fheadar, a Shíle. Acht 'sé mo
thuairim go bhfuaradar an taobh amuich de dhorus chomh luath leis an mbeirt. Síle. Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh do chur orra. Cáit. D'airigheas-sa gur dhin sé gabhar de Thadhg na n-Ubh. Gob. Níor dhin, acht is amhlaidh do chuir e an sguab ag gabháil air. Chuir sé 'fhiachaibh ar an sguaib Tadhg do chur amach as an dtigh. Nóra. Airiú c'onnus, a Ghobnuit? Gob. Is amhlaidh do bhíodar go léir, lán an bhaill aco, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg na nUbh, agus iad ag imirt chártaidhe, agus d'éirigh achrann éigin eatorra, i dtro go ndubhairt Micheál le Tadhg, “Muna n-éisdir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhar díot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D'fhéadfainn,” arsa Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiciom anois cad fhéadfair do dheunamh.” Tharraing Micheál leabhairín beag dubh amach as a phóca, agus bhí faobharaidhe dearga ar na billeogaibh aige, agus chrom ar é léi- fheadh. i gceann tamaill, do stad sé agus d'fhéach sé ar Thadhg. “Ní'l acht aon chontabhairt amháin sa' sgéal, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n-ais- direochadh an ghaoth agus tu id'ghabhar, ní fhéad- fainn thu chasadh thar n-ais.” “A-dhe agus, a bhitheamhnaigh na croiche duibhe, cad 'n-a thaobh nár innisís é sin ar dtúis dom?” “Táim dhá innsint anois duit, agus ní'l agat acht a rádh liom stad i n-am.” “Stad, má 'sead!” arsa Tadhg. “Ní chreidfinn ó'n saoghal go bhfeudfá é dheunamh, acht mar sin féin ní misde liom leigint duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuir- fidh an sguab an dorus amach tu, má deirim- se léi é dheunamh.” “D'fhéach Tadhg ar an sguaib. Bhí sí 'n-a seasamh i n-aice an dorus. Sguab bhreagh nua throm dob' eadh í. Gháireadar an chuid- eachta 'nuair airigheadar an focal. “Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg, “agus is deacair a rádh go gcuirfeá 'fhiachaibh ar an sguaib rud do dhéanamh ná féadfá féin do dhéanamh.” “Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa Micheál. “Agus dá mbeidheadh bata maith agat, ní'l aon cheathrar annso do chuirfeadh amach tu.” (Bhí ainm Thaidhg i n-áirde le méid a neirt ó'n lá úd do ghabh sé ar an móirsheisear lean ó Shráid an Mhuilinn é chum a mharbhtha). “Acht chuirfeadh-sa geall leat anois go gcuirfidh an sguab san thíos amach tu.” D'aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair Micheál leis an sguaib. Sheasaimh Tadhg i lár an tighe. D'éirigh an sguab agus thug sí iarracht ar é bhualadh 'dir an dá shúil. Bhí an bata go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha, acht do bhuail sí ins na cosaibh é, agus bhuail sí ins na loirgnibh é, agus bhuail sí ins na glú- naibh é, agus bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus ins a'drom, agus ins na heasnaigheachaibh, i dtreo ná feadair sé ar ball cad do bhí ag imtheacht air. Fé dheire do liuigh sé an dorus d'osgailt do, agus geallaim dhuit gurab é b'fhada leis go raibh sé amuich. Síle. Bhí an lámh a bhí sa' sguaib ro- láidir do! Cáit. Is mór an iongnadh sain go deimhin! B'fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an té go raibh a lámh innti, ná raghadh an sgéal chomh saor leis agus chuaidh. Agus féach i leith orm, a Ghobnuit, — c'onnus fhéadfadh licínidhe slinne dhéanamh d'airgiod Sheadhna, agus nach de licínidhibh slinne do rinneadh é? Gob. Ca 'bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhein fear na n-adharc é? Dar ndóich tá a fhios ag an saoghal nach go macánta ná go dleaghthach do fuair sé é. Peg. Pé cuma i n-a bhfuair sé é, níor dhein aon licínidhe slinne dhe, nó má dhein,
níor fhanadar i bpócaidhibh Seadhna. Bhíodar san folamh go leor aige 'nuair bhí sé ag fagháil an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus thug sé aghaigh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an mhórdháil bainte dhe go glan. 'Nuair tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáithte trom-chroidheach, agus 'nuair chonnaic sé am chathaoir agus an mhealbhóg agus an crann abhall, agus chuimhnigh sé ar na trí ghuidheannaibh breaghdha do loiteadh, tháinig seirbhthin agus canncar agus buaidhreamh aignidh air, i dtreo nár fhéad sé greim mine ná abhall do bhlaiseadh. Chaith se é féin sa' chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr gur thuit a chodladh air. Thug an fear bocht an oidhche ar an áit sin. 'Nuair d'osgail sé a shúile, bhí an lá díreach ag éirghe. Bhí an fuacht d'éis dul nach mór tré n-a chroidhe. Bhí sé tamall beag 'n-a dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar an sparán, agus ar an bhfear ndubh agus ar iom- láine eachtra an lae roimhe. Ní túisge chorruigh sé é féin 'ná mhothuigh sé an t-ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé a lámh isteach. Cad bheidheadh ann acht an sparán! “Mhaise an bhfeacaidh aon Chríosdaidhe riamh a leithéid sin d'obair?” ar seisean, agus tharraing sé amach é. Chuir sé lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud punt ann go lom slán! “Seadh!” ar seisean, “muna bhfuil buaidhte ag an méid sin gnótha ar a bhfeaca- sa riamh de neithibh iongantacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam gan 'fhios dom! “Cuardach? Níor' chuardach go dtí é! Aon nídh acht mo mheuranna do chur amach tré chúinnidhibh na bpócaidhe! Cuardach? Is mé chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaidhe riamh! Folamh? — bhíodar chomh folamh — chomh folamh agus bhíodar riamh — agus níor bheag dhóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith níos folmha. Má's seadh, cá raibh an t-airgead an fhaid bhíos ag cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé an aga bhí sé imthighthe? Cia thug thar n-ais é? Cad é an bhrígh atá leis an obair? Sin í an cheisd. Sin í an adhab. Cad é an tairbhe dhomh-sa, sparán trom teann do bheith agam im' phóca agus dá cheud punt airgid, agus annsain mé dhul ar an aonach, agus neart do bheith do gach spreallairín fir mhéaracán mé cháineadh os comhair na gcomharsan, agus 'gréasuidhe beag buidhe' do thabhairt orm, agus 'taoibhínidhe ruadha' agus 'meanuithighe reamhra' agus 'bréan-bhróga' dho chasadh liom, agus é fhógairt os comhair an aonaigh ná raibh pinginn im' phóca? Má's ar a mhargadh mhaireann gach aonne', ní hé margadh na leanbh is gnáth leo do dhéánamh. Agus má 'sé sin margadh gur cuireadh brígh na mionn orm-sa mar gheall air, is suarach le rádh é. 'Beidh sé chomh teann an lá déidheanach agus tá sé anois' — andaigh, ní hiongnadh dhó sain!” (leanfar de seo).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services