Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seadhna.



(ar leanamhaint.)



Síle. Ní fheadar cad do dhin sí leis na
cúig licínibh?



Gob. Ní fheadar, a Shíle. Acht 'sé mo


L. 53


thuairim go bhfuaradar an taobh amuich de
dhorus chomh luath leis an mbeirt.



Síle. Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh do
chur orra.



Cáit. D'airigheas-sa gur dhin sé gabhar
de Thadhg na n-Ubh.



Gob. Níor dhin, acht is amhlaidh do chuir e
an sguab ag gabháil air. Chuir sé 'fhiachaibh
ar an sguaib Tadhg do chur amach as an
dtigh.



Nóra. Airiú c'onnus, a Ghobnuit?



Gob. Is amhlaidh do bhíodar go léir, lán
an bhaill aco, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg
na nUbh, agus iad ag imirt chártaidhe, agus d'éirigh
achrann éigin eatorra, i dtro go ndubhairt
Micheál le Tadhg, “Muna n-éisdir do bhéal,”
ar seisean, “déanfad gabhar díot.”



“Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg.



“D'fhéadfainn,” arsa Micheál.



“Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiciom
anois cad fhéadfair do dheunamh.”



Tharraing Micheál leabhairín beag dubh
amach as a phóca, agus bhí faobharaidhe dearga
ar na billeogaibh aige, agus chrom ar é léi-
fheadh. i gceann tamaill, do stad sé agus
d'fhéach sé ar Thadhg.



“Ní'l acht aon chontabhairt amháin sa'
sgéal, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n-ais-
direochadh an ghaoth agus tu id'ghabhar, ní fhéad-
fainn thu chasadh thar n-ais.”



“A-dhe agus, a bhitheamhnaigh na croiche
duibhe, cad 'n-a thaobh nár innisís é sin ar
dtúis dom?”



“Táim dhá innsint anois duit, agus ní'l agat
acht a rádh liom stad i n-am.”



“Stad, má 'sead!” arsa Tadhg. “Ní
chreidfinn ó'n saoghal go bhfeudfá é dheunamh,
acht mar sin féin ní misde liom leigint
duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine
éigin eile.”



“Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuir-
fidh an sguab an dorus amach tu, má deirim-
se léi é dheunamh.”



“D'fhéach Tadhg ar an sguaib. Bhí sí 'n-a
seasamh i n-aice an dorus. Sguab bhreagh
nua throm dob' eadh í. Gháireadar an chuid-
eachta 'nuair airigheadar an focal.



“Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg,
“agus is deacair a rádh go gcuirfeá 'fhiachaibh ar
an sguaib rud do dhéanamh ná féadfá féin
do dhéanamh.”



“Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa
Micheál. “Agus dá mbeidheadh bata maith
agat, ní'l aon cheathrar annso do chuirfeadh
amach tu.” (Bhí ainm Thaidhg i n-áirde le
méid a neirt ó'n lá úd do ghabh sé ar an
móirsheisear lean ó Shráid an Mhuilinn é
chum a mharbhtha). “Acht chuirfeadh-sa geall
leat anois go gcuirfidh an sguab san thíos
amach tu.”



D'aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair
Micheál leis an sguaib. Sheasaimh Tadhg i
lár an tighe. D'éirigh an sguab agus thug sí
iarracht ar é bhualadh 'dir an dá shúil. Bhí
an bata go maith agus an chuisle láidir, agus
ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha,
acht do bhuail sí ins na cosaibh é, agus bhuail sí
ins na loirgnibh é, agus bhuail sí ins na glú-
naibh é, agus bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus
ins a'drom, agus ins na heasnaigheachaibh, i
dtreo ná feadair sé ar ball cad do bhí ag
imtheacht air. Fé dheire do liuigh sé an
dorus d'osgailt do, agus geallaim dhuit gurab
é b'fhada leis go raibh sé amuich.



Síle. Bhí an lámh a bhí sa' sguaib ro-
láidir do!



Cáit. Is mór an iongnadh sain go deimhin!
B'fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an
té go raibh a lámh innti, ná raghadh an
sgéal chomh saor leis agus chuaidh. Agus féach
i leith orm, a Ghobnuit, — c'onnus fhéadfadh
licínidhe slinne dhéanamh d'airgiod Sheadhna,
agus nach de licínidhibh slinne do rinneadh é?



Gob. Ca 'bhfios duit, a Cháit, cad de gur
dhein fear na n-adharc é? Dar ndóich tá
a fhios ag an saoghal nach go macánta ná go
dleaghthach do fuair sé é.



Peg. Pé cuma i n-a bhfuair sé é, níor
dhein aon licínidhe slinne dhe, nó má dhein,


L. 54


níor fhanadar i bpócaidhibh Seadhna. Bhíodar
san folamh go leor aige 'nuair bhí sé ag
fagháil an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair
sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus thug
sé aghaigh ar an mbaile, agus geallaim dhuit
go raibh an mhórdháil bainte dhe go glan.



'Nuair tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach
tnáithte trom-chroidheach, agus 'nuair chonnaic sé
am chathaoir agus an mhealbhóg agus an crann
abhall, agus chuimhnigh sé ar na trí ghuidheannaibh
breaghdha do loiteadh, tháinig seirbhthin agus
canncar agus buaidhreamh aignidh air, i dtreo
nár fhéad sé greim mine ná abhall do
bhlaiseadh. Chaith se é féin sa' chathaoir,
mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr gur thuit
a chodladh air.



Thug an fear bocht an oidhche ar an áit
sin. 'Nuair d'osgail sé a shúile, bhí an lá
díreach ag éirghe. Bhí an fuacht d'éis dul
nach mór tré n-a chroidhe. Bhí sé tamall
beag 'n-a dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar
an sparán, agus ar an bhfear ndubh agus ar iom-
láine eachtra an lae roimhe.



Ní túisge chorruigh sé é féin 'ná mhothuigh
sé an t-ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé
a lámh isteach. Cad bheidheadh ann acht an
sparán! “Mhaise an bhfeacaidh aon
Chríosdaidhe riamh a leithéid sin d'obair?”
ar seisean, agus tharraing sé amach é. Chuir
sé lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud
punt ann go lom slán!



“Seadh!” ar seisean, “muna bhfuil
buaidhte ag an méid sin gnótha ar a bhfeaca-
sa riamh de neithibh iongantacha! Ní fhéadfadh
sé bheith agam gan 'fhios dom!



“Cuardach? Níor' chuardach go dtí é!
Aon nídh acht mo mheuranna do chur amach tré
chúinnidhibh na bpócaidhe! Cuardach? Is mé
chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaidhe
riamh! Folamh? — bhíodar chomh folamh — chomh
folamh agus bhíodar riamh — agus níor bheag dhóibh sin.
Ní fhéadfaidís bheith níos folmha. Má's seadh,
cá raibh an t-airgead an fhaid bhíos ag
cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé
an aga bhí sé imthighthe? Cia thug thar n-ais
é? Cad é an bhrígh atá leis an obair? Sin
í an cheisd. Sin í an adhab. Cad é an
tairbhe dhomh-sa, sparán trom teann do bheith
agam im' phóca agus dá cheud punt airgid, agus
annsain mé dhul ar an aonach, agus neart do
bheith do gach spreallairín fir mhéaracán
mé cháineadh os comhair na gcomharsan, agus
'gréasuidhe beag buidhe' do thabhairt orm, agus
'taoibhínidhe ruadha' agus 'meanuithighe reamhra'
agus 'bréan-bhróga' dho chasadh liom, agus é
fhógairt os comhair an aonaigh ná raibh
pinginn im' phóca? Má's ar a mhargadh
mhaireann gach aonne', ní hé margadh na
leanbh is gnáth leo do dhéánamh. Agus má
'sé sin margadh gur cuireadh brígh na mionn
orm-sa mar gheall air, is suarach le rádh é.
'Beidh sé chomh teann an lá déidheanach agus
tá sé anois' — andaigh, ní hiongnadh dhó
sain!”



(leanfar de seo).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services