Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Imtheachta na gCumann nGae- dhealach. Connradh na Gaedhilge i n-Ath Cliath. Do bhí imirce dhá deunamh ag an Árdchraoibh an mhí se ghabh thorainn. Sul a mbeidheadh árus leo féin aca, b' éigean dóibh seomra mór d'fhagháil ar thuarasdal 'san tigh a hocht deug i Sráid Uí Chonaill íochtair, áit i raibh ceithre comhdhála aca agus gach comhdháil díobh ní ba mhó 'ná a chéile. Do bhí Roibeard Mac Gabhráin i n-a uachdarán ar an gceud choimhthionól agus b'é Tomas Ua hAodha uachdarán na dtrí gcoimhthionól eile. Do chaitheadar an aimsear trian le foghluim, trian le comhrádh, agus trian le gnóthaibh móra agus comhairle. Do bhí trí díospóireacht ann, dhá dhíospóireacht díobh i dtaobh gur ceart do lucht foghlamtha Gaedhilge agus do mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge go ro-áirithe a laethe saoire do chaitheamh ins na háitibh mar a bhfuil an Ghaedhealg dhá labhairt ag na daoinibh, gus ní amháin go ndlighfidís bheith ag foghluim agus ag cleachtadh Gaedhilge ar an gcuma sain ar mhaithe dhóibh féin, acht fós go mbeidheadh de ghnó orra buan-ghrádh do'n Ghaedhilg do fhreumhughadh i gcroidhthibh na ndaoine. Do gheabhaidís aoibhneas agus sláinte dhoibh féin 'san am gceudna, óir táid na críocha i n-a maireann an Ghaedhealg ar na háitibh is aoibhne gné is folláine dá bhfuil i nEirinn nó i n-aon tír eile. Is é áit i mbeid na comhdhála ag an Árd-chraoibh ó so amach, 'san tigh a seacht caogad i Sráid Mhuire, (57 Dame Street) áit i bhfuil dá sheomra breághdha aca i gceart-lár na cathrach. Anois ó táid socruighthe tar éis trioblóide na himirce, is dócha go rachaid a ngnótha chum cinn go rathamhail. Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh. Bhí ocht gcruinnighthe d'á mbailiughadh againn i gCorcaigh idir an seachtmhadh lá deug de'n Aibreán agus an seachtmhadh lá deug de mhí na Bealtaine. I ngach oidhche Luaín do bhí ar gcumanntóiridhe i bhfochair a chéile faoi chúram a n-oide. I ngach oidche Aoine do bhí sgoruidheacht againn, acht is t-oidhche an naomhadh lae deug de'n Aibreán amháin. Do chaith- eamar tréimhse ag cinneadh ar Ghaedhilg iomchubhaidh chum focal áirithe Beurla, do bhí fá chlódh againn ar dhuilleogaibh do bhí ar n-a chur chugainn ó lucht na hArd-craoibhe. Bhí sgéal dá léigheadh ag duine againn fuair sé ó Chiarraigheach darab ainm Muiris Mac Conraoi. “Toirt agus Taist” is ainm do'n sgeul. Chífear fá chlódh é, b'fhéidir, uair éigin. Bhí abhráin dá ngabháil ag daoinibh againn, agus ní rabhamar gan cheol. Fuaramar cabhair ó n-ár gcumanntóiribh féin chum gach neith do ghlacamar i láimh do chur chum cinn. Do chinneamar ar shaoire do bheith againn ar feadh an tsamhraidh, acht amháin go mbeidh sgoruidheacht againn gach seachtmhain gan aon sgol-mhúnadh ar bun. Do dearmadadh ainm na mná uaisle aoibhne, Aine Patterson, ban-ollamh ceoil, san gcuntas déidheanach. Bhí ainm eile ar uireasbaidh air leis, eadhón, duine de mhuintir Uallacháin, do bhí i n-a labharthóir ag an bhfeis nGaedhealaigh. Do labhair an bhan-ollamh ag an bhfeis, agus dubhairt go raibh sí cinnte nach raibh aon bhrígh i dtaithighe an cheoil Ghaedhealaigh gan an teanga Ghaedhealach do bheith dá cleachtadh leis, agus do éimh gach aon-neach amach ag coimhtheanntughadh an neith a dubhairt sí. Dubhairt sí leis go raibh sí ag foghluim Gaedhilge, agus go raibh a súil aici go bhfeudfadh sí labhairt as Gaedhilg linn uair éigin. Dubhramar go mbeidheadh fáilte againn roimpi fa'n uair sin, agus ní'l aon amhras ann nach mbeidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services