Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheachta na gCumann nGaedhealach.

Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Imtheachta na gCumann nGae-
dhealach.



Connradh na Gaedhilge i n-Ath Cliath.



Do bhí imirce dhá deunamh ag an Árdchraoibh an mhí se
ghabh thorainn. Sul a mbeidheadh árus leo féin aca, b'
éigean dóibh seomra mór d'fhagháil ar thuarasdal 'san
tigh a hocht deug i Sráid Uí Chonaill íochtair, áit i
raibh ceithre comhdhála aca agus gach comhdháil díobh ní ba
mhó 'ná a chéile. Do bhí Roibeard Mac Gabhráin i n-a
uachdarán ar an gceud choimhthionól agus b'é Tomas Ua
hAodha uachdarán na dtrí gcoimhthionól eile. Do
chaitheadar an aimsear trian le foghluim, trian le
comhrádh, agus trian le gnóthaibh móra agus comhairle. Do
bhí trí díospóireacht ann, dhá dhíospóireacht díobh i
dtaobh gur ceart do lucht foghlamtha Gaedhilge agus do
mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge go ro-áirithe a
laethe saoire do chaitheamh ins na háitibh mar a bhfuil an
Ghaedhealg dhá labhairt ag na daoinibh, gus ní amháin go
ndlighfidís bheith ag foghluim agus ag cleachtadh Gaedhilge
ar an gcuma sain ar mhaithe dhóibh féin, acht fós go
mbeidheadh de ghnó orra buan-ghrádh do'n Ghaedhilg do
fhreumhughadh i gcroidhthibh na ndaoine. Do gheabhaidís
aoibhneas agus sláinte dhoibh féin 'san am gceudna, óir
táid na críocha i n-a maireann an Ghaedhealg ar na
háitibh is aoibhne gné is folláine dá bhfuil i nEirinn
nó i n-aon tír eile.



Is é áit i mbeid na comhdhála ag an Árd-chraoibh ó so
amach, 'san tigh a seacht caogad i Sráid Mhuire, (57
Dame Street) áit i bhfuil dá sheomra breághdha aca i
gceart-lár na cathrach. Anois ó táid socruighthe tar
éis trioblóide na himirce, is dócha go rachaid a
ngnótha chum cinn go rathamhail.



Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.



Bhí ocht gcruinnighthe d'á mbailiughadh againn i
gCorcaigh idir an seachtmhadh lá deug de'n Aibreán agus
an seachtmhadh lá deug de mhí na Bealtaine. I ngach
oidhche Luaín do bhí ar gcumanntóiridhe i bhfochair a
chéile faoi chúram a n-oide. I ngach oidche Aoine
do bhí sgoruidheacht againn, acht is t-oidhche an
naomhadh lae deug de'n Aibreán amháin. Do chaith-
eamar tréimhse ag cinneadh ar Ghaedhilg iomchubhaidh
chum focal áirithe Beurla, do bhí fá chlódh againn ar
dhuilleogaibh do bhí ar n-a chur chugainn ó lucht na
hArd-craoibhe. Bhí sgéal dá léigheadh ag duine againn
fuair sé ó Chiarraigheach darab ainm Muiris Mac
Conraoi. “Toirt agus Taist” is ainm do'n sgeul.
Chífear fá chlódh é, b'fhéidir, uair éigin. Bhí abhráin
dá ngabháil ag daoinibh againn, agus ní rabhamar gan
cheol. Fuaramar cabhair ó n-ár gcumanntóiribh féin
chum gach neith do ghlacamar i láimh do chur chum cinn.
Do chinneamar ar shaoire do bheith againn ar feadh an
tsamhraidh, acht amháin go mbeidh sgoruidheacht againn
gach seachtmhain gan aon sgol-mhúnadh ar bun.



Do dearmadadh ainm na mná uaisle aoibhne, Aine
Patterson, ban-ollamh ceoil, san gcuntas déidheanach.
Bhí ainm eile ar uireasbaidh air leis, eadhón, duine
de mhuintir Uallacháin, do bhí i n-a labharthóir ag an
bhfeis nGaedhealaigh. Do labhair an bhan-ollamh ag an
bhfeis, agus dubhairt go raibh sí cinnte nach raibh aon bhrígh
i dtaithighe an cheoil Ghaedhealaigh gan an teanga
Ghaedhealach do bheith dá cleachtadh leis, agus do éimh gach
aon-neach amach ag coimhtheanntughadh an neith a dubhairt
sí. Dubhairt sí leis go raibh sí ag foghluim Gaedhilge,
agus go raibh a súil aici go bhfeudfadh sí labhairt as
Gaedhilg linn uair éigin. Dubhramar go mbeidheadh
fáilte againn roimpi fa'n uair sin, agus ní'l aon amhras
ann nach mbeidh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services