Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadhna. (ar leanamhaint) Ar maidin lá ar n-a bháireach, do ghluais sé go moch ag dul ar an aonach go gceannóchadh sé capall agus bó bhainne. Ba gheárr gur bhuaileadar na comhursain uime. “Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh um thráth- nóna indé ort?” arsa duine aca. “Cheap- amair go léir gur b'amhlaidh thuit caor ar do thigh agus go rabhais loisgthe id'bheathaidh. Níor airigheas riamh a leithéid de thóirnigh.” “Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile. “Níor thóirneach é acht búirfheach mar ghéimreach thairbh.” “Éist do bheul,” arsa an tríomhadh duine. “Cá bhfuil an tarbh d' fheudfadh an bhúir úd do chur as?” “Do bhíos- sa,” ars an ceathramhadh duine, “im shuidhe i mullach Carraige an Éidhneáin agus bhí radharc agam ar an dtigh agus 'nuair airigheas an fothrom go léir d'fheuchas anonn agus chonnarc mar bheidheadh fiolar agus grathain chíordubh phréachán ag éirighe i n-áirde sa' spéir agus bhí iongnadh orm a rádh go bhfeudfaidís a leithéid d'fhothrom do dhéanamh. Thiomáineadar leo ar an gcuma-sain, ag caint agus ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus níor labhair Séadhna focal. Choimheádadar an chaint chúca féin agus níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le heagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do osglóchadh (= oisgeoladh) a aigneadh. Dá éagmhuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh aige a choimeád ar siubhal é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an gcapall agus ar an mbuin agus ar cad dhéarfaidís na comarsain uile nuair chífidís ar marcuigheacht é. D'fhiarfhóchaidís cá bhfuair sé an t-airgiod. Cá é an leath- sgeul a bheidheadh aige le tabhairt uaidh? 'Nuair do roicheadar páirc an aonaigh agus chonnairc Séadhna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air, agus ní fheadair sé cad badh mhaith do dheunamh. Bhí capaill mhóra ann agus capaill bheaga, sean chapaill agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh- chroicinn groidhe cumusach agus braimínidhe gránda gioballacha. Eatorra uile go léir, bhí sé ag teip air go glan a aigneadh do shocrughadh ar an gceann do thaitneóchadh leis. Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall deas chíor-dhubh a bhí go fuinte fáisgthe ag falarachd ar fauid na páirce agus marcach éadrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid Séadhna suas, agus do bhagair ar an marcach. Sul a raibh uain ag an marcach é thabhairt fé ndeara, do ghluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léim-lúth. Bhí claidhe dúbalta idir iad agus an phairc amuich, agus d'imthigheadar a gceathrar go héasguidh éadrom seólta de dhruim an chlaidhe sin, gan bárr coise tosaigh ná deiridh do chur ann. Siúd ar aghaidh iad go lom díreach agus gan
órdlach sa mbreis ag aoinne' aca ar a chéile. Siúd ar aghaidh iad, ucht agus com seang gach capaill ag cuimilt nach mór do'n bhféar nglas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill sínte go hionlán, ceann gach marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaisiocht mar ghluaiseóchadh sighe gaoithe. Ní raibh duine óg ná aosda ar an aonach nach raibh 'n-a choilg-seasamh ag faire ortha acht amháin fear na meurachán. Nuair bhíodar ag deunamh ar an dara claidhe, thug gach aonne' fé ndeara go raibh an capall dubh buille beag ar tosach. Nuair bhíodar ag glanadh an chlaidhe, do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó dhá dhruím, mar ghluaiseóchadh an preuchán, gan baint leis. Do chuir an dá cheann eile na cosa ann. D'imthigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach agus thuig sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile 'chlaidhe. “O!! … tá sé marbh.” … do liúghadar na daoine go léir. Nír aibh an liú as a mbeul nuair bhí sé thuas arís, acht má 'seadh bhí a chapall bacach agus b'éigion do filleadh. Siúd ar aghaidh an triúr agus an t-aonach ag faire orra, na daoine comh ciuin sin gur airigh Séadna go soiléir na buillidhe fuinte ceolmhara tomhaiste cruadha a bhuaileadh cosa na gcapall sain ar fhód na páirce, díreach mar bheidheadh rainceoir ag rainceadh ar chlár. Tug Séadhna fé ndeara uim an dtaca so go raibh an capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bata a bhí 'n-a sheasamh 'sa pháirc agus éádach éigin dearg 'n-a bhárr. Siúd timcheall an bhata sain é. Siúd 'n-a dhiaidh an dara chapall. Siúd n-a dhiaidh sin an tríomhadh capall. Siúd ar aghaidh i ndiaidh a chéile iad, i leith na láimhe clé, soir ó thuaidh an capall dubh ar tosach agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh an capall dearg, agus bhí sé ag breith suas ar an dara capall. Do ghéaruigh-san agus bhíodar araon ag breith suas ar an gcapall ndubh. Annsain do chonnairc Séadhna agus an t-aonach an radharc. Do shearg an capall dubh sain é féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus iúd amach é mar ghluaiseóchadh cú agus gur dhóigh leat nach raibh cos leis ag baint le talamh acht é ag imtheacht i n-aice an talaimh mar bheidheadh seabhac. Le n-a linn-sin, d'éirigh liú fiaidh ó'n áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an liú mór-thimcheall an aonaigh. B'éigion do Shéadna a mheuranna do chur n-a chluasaibh nó go sgoiltfidhe a cheann. Bhí gach aonne' ag rith, agus gach aonne' ag liúirigh. Do rith Séadhna agus do liuigh se leó agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon. 'Nuair do stad an rith agus an liuirigh, do chonnairc Seadhna ar a aghaidh amach seisear nó móir-sheisear daoine uaisle agus ceann feola agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail ar gach aonne' aca, agus iad ag caint le n-a chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh. “An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine aca leis an marcach. “Ar mhíle púnt,” ars an marcach. Nuair airigh Séadhna an focal sain, d'iompuigh sé ar a sháil, ag rádh 'n-a aigneadh féin, “Ní bheidheadh aon ghnó agam de. Do mharbhóchadh sé me.” Cia bheidheadh ar an dtaobh thiar de acht fear na meuracán? “Mharbhóchadh sé thu an ead?” arsa fear na meuracán. “Adhé mhaise, greadadh chughat! a ghréasuidhe bhig bhuidhe na mealbhóige, de shíol taoibhínidh ruadh agus meannuithidh ramhar agus bréan-bhróg, munab ort atá an t-éirghe i n-áirde, ag teacht annso chum capall do cheannach agus gan phinginn id' phóca!” (le bheith ar leanamhaint.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services