Séadhna.
(ar leanamhaint)
Ar maidin lá ar n-a bháireach, do ghluais
sé go moch ag dul ar an aonach go
gceannóchadh sé capall agus bó bhainne. Ba
gheárr gur bhuaileadar na comhursain uime.
“Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh um thráth-
nóna indé ort?” arsa duine aca. “Cheap-
amair go léir gur b'amhlaidh thuit caor ar
do thigh agus go rabhais loisgthe id'bheathaidh.
Níor airigheas riamh a leithéid de thóirnigh.”
“Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile.
“Níor thóirneach é acht búirfheach mar
ghéimreach thairbh.” “Éist do bheul,” arsa
an tríomhadh duine. “Cá bhfuil an tarbh d'
fheudfadh an bhúir úd do chur as?” “Do bhíos-
sa,” ars an ceathramhadh duine, “im shuidhe i
mullach Carraige an Éidhneáin agus bhí radharc
agam ar an dtigh agus 'nuair airigheas an
fothrom go léir d'fheuchas anonn agus chonnarc
mar bheidheadh fiolar agus grathain chíordubh
phréachán ag éirighe i n-áirde sa' spéir agus bhí
iongnadh orm a rádh go bhfeudfaidís a leithéid
d'fhothrom do dhéanamh.
Thiomáineadar leo ar an gcuma-sain, ag
caint agus ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus
níor labhair Séadhna focal. Choimheádadar
an chaint chúca féin agus níor mhór leis dóibh
é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le
heagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do
osglóchadh (= oisgeoladh) a aigneadh. Dá
éagmhuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh aige
a choimeád ar siubhal é. Bhí sé ag cuimhneamh
ar an gcapall agus ar an mbuin agus ar cad
dhéarfaidís na comarsain uile nuair chífidís
ar marcuigheacht é. D'fhiarfhóchaidís cá
bhfuair sé an t-airgiod. Cá é an leath-
sgeul a bheidheadh aige le tabhairt uaidh?
'Nuair do roicheadar páirc an aonaigh agus
chonnairc Séadhna na capaill go léir, do
tháinig mearbhall air, agus ní fheadair sé cad
badh mhaith do dheunamh. Bhí capaill mhóra
ann agus capaill bheaga, sean chapaill agus capaill
óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill
ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh
agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh-
chroicinn groidhe cumusach agus braimínidhe
gránda gioballacha. Eatorra uile go léir,
bhí sé ag teip air go glan a aigneadh do
shocrughadh ar an gceann do thaitneóchadh leis.
Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall deas
chíor-dhubh a bhí go fuinte fáisgthe ag
falarachd ar fauid na páirce agus marcach
éadrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid Séadhna
suas, agus do bhagair ar an marcach. Sul a
raibh uain ag an marcach é thabhairt fé
ndeara, do ghluaiseadar triúr marcach eile
thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar
an pháirc siar ar a léim-lúth. Bhí claidhe
dúbalta idir iad agus an phairc amuich, agus
d'imthigheadar a gceathrar go héasguidh
éadrom seólta de dhruim an chlaidhe sin,
gan bárr coise tosaigh ná deiridh do chur ann.
Siúd ar aghaidh iad go lom díreach agus gan
órdlach sa mbreis ag aoinne' aca ar a
chéile. Siúd ar aghaidh iad, ucht agus com seang
gach capaill ag cuimilt nach mór do'n bhféar
nglas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill
sínte go hionlán, ceann gach marcaigh cromtha
anuas agus iad ag gluaisiocht mar ghluaiseóchadh
sighe gaoithe.
Ní raibh duine óg ná aosda ar an aonach
nach raibh 'n-a choilg-seasamh ag faire ortha
acht amháin fear na meurachán. Nuair
bhíodar ag deunamh ar an dara claidhe,
thug gach aonne' fé ndeara go raibh an
capall dubh buille beag ar tosach. Nuair
bhíodar ag glanadh an chlaidhe, do ghluais an
capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó dhá
dhruím, mar ghluaiseóchadh an preuchán, gan
baint leis. Do chuir an dá cheann eile na
cosa ann. D'imthigh an fód ó chosaibh an
chapaill ba shia amach agus thuig sé féin agus a
mharcach ar an dtaobh eile 'chlaidhe. “O!!
… tá sé marbh.” … do
liúghadar na daoine go léir. Nír aibh an
liú as a mbeul nuair bhí sé thuas arís, acht
má 'seadh bhí a chapall bacach agus b'éigion do
filleadh.
Siúd ar aghaidh an triúr agus an t-aonach ag
faire orra, na daoine comh ciuin sin gur
airigh Séadna go soiléir na buillidhe fuinte
ceolmhara tomhaiste cruadha a bhuaileadh cosa
na gcapall sain ar fhód na páirce, díreach
mar bheidheadh rainceoir ag rainceadh ar
chlár.
Tug Séadhna fé ndeara uim an dtaca so
go raibh an capall dubh go maith ar tosach,
agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bata a
bhí 'n-a sheasamh 'sa pháirc agus éádach éigin
dearg 'n-a bhárr. Siúd timcheall an bhata
sain é. Siúd 'n-a dhiaidh an dara chapall.
Siúd n-a dhiaidh sin an tríomhadh capall.
Siúd ar aghaidh i ndiaidh a chéile iad, i leith
na láimhe clé, soir ó thuaidh an capall dubh
ar tosach agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh
an capall dearg, agus bhí sé ag breith suas ar
an dara capall. Do ghéaruigh-san agus bhíodar
araon ag breith suas ar an gcapall ndubh.
Annsain do chonnairc Séadhna agus an t-aonach
an radharc. Do shearg an capall dubh
sain é féin, do bhog an marcach an tsrian
chuige, agus iúd amach é mar ghluaiseóchadh cú
agus gur dhóigh leat nach raibh cos leis ag baint
le talamh acht é ag imtheacht i n-aice an
talaimh mar bheidheadh seabhac.
Le n-a linn-sin, d'éirigh liú fiaidh ó'n
áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh
air. Do tógadh an liú mór-thimcheall an
aonaigh. B'éigion do Shéadna a mheuranna
do chur n-a chluasaibh nó go sgoiltfidhe a
cheann. Bhí gach aonne' ag rith, agus gach aonne'
ag liúirigh. Do rith Séadhna agus do liuigh se
leó agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon.
'Nuair do stad an rith agus an liuirigh, do
chonnairc Seadhna ar a aghaidh amach seisear
nó móir-sheisear daoine uaisle agus ceann
feola agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail
ar gach aonne' aca, agus iad ag caint le n-a
chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh.
“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine
aca leis an marcach. “Ar mhíle púnt,” ars
an marcach. Nuair airigh Séadhna an focal
sain, d'iompuigh sé ar a sháil, ag rádh 'n-a
aigneadh féin, “Ní bheidheadh aon ghnó agam
de. Do mharbhóchadh sé me.”
Cia bheidheadh ar an dtaobh thiar de acht
fear na meuracán? “Mharbhóchadh sé thu an
ead?” arsa fear na meuracán. “Adhé
mhaise, greadadh chughat! a ghréasuidhe bhig
bhuidhe na mealbhóige, de shíol taoibhínidh
ruadh agus meannuithidh ramhar agus bréan-bhróg,
munab ort atá an t-éirghe i n-áirde, ag
teacht annso chum capall do cheannach agus gan
phinginn id' phóca!”
(le bheith ar leanamhaint.)