Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Imtheachta na gCumann nGae- dhealach. Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. Do bhí tionól gach seachtmhain i bhFaithche an Choláisde, agus díospóireacht nó léightheoireacht éigin gach oidhche. Fuair na cisdeoiridhe tabhartais airgid ó na daoinibh se leanas .i. an tUachdarán Dubhghlas de híde, 10/- Diarmuid MacMurchudha i gCorcaigh, £1, an Saoi Fíor- urramach Eudhmonn Maguidhir, D.D., i nArdsgoil Mhuighe Nuadhad, £1; An Saoi Urramach Hanraoi O Buighill i mBeul Fearsaide, 10/-; An Saoi Urramach Seumus Mac MacFionnlaoigh i Muigh Nuadhad. D'íoc mórán daoine eile an cíos cumainn. Do rinneadh a lán eile 'n-a gcumanntóiribh. Fuair lucht na Comhairle mórán litir ó mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge agus ó lucht léighte an Iris- leabhair fá'n tuaith i bhfreagra ar na litreachaibh do chuireadar chuca, agus ag geallamhain chabhra dhóibh ag cur gnótha na Gaedhilge ar aghaidh 'san tuaith. Cuirfear teachtaireacht uatha go Corcaigh, seachtmhain na Cásga, an tráth bheidheas an fheis ag Cumann na nOididhe Sgoile 'san gcathair sin. Tá súil ag an lucht Comhairle go mbeidh coimhthionól mór ag buidhin chosanta na Gaedhilge i gCorcaigh fá'n am sin. Connradh na Gaedhilge i nGaillimh. 21-1-95 Bhí an t-uachdarán ag riaghlughadh. Léigheadh an tuarasgbháil ar an dtionól roimhe, agus chuir sé a ainm leis. Leigh Seosaph Mac Conastair “Oscar na Súiste” — sgeul do thug cur-síos ar bhaiste Oisín le Naomh Pádraig. Dubhairt an t-Uachdarán gur thaithnigh an sgeul sin go maith leo, agus go mbudh mhór an truaigh nach raibh go leor de'n tsórt sin le fághail. Shaoil sé féin go raibh a leithéididhe ameasg na ndaoine go coitcheanta, agus sgeulta, adeir sé, níos feárr ná cuid de'n chinéal do chuala sé g'á léigheadh as
leabhraibh, acht go mbudh deacair cur faoi'n aire do'n mhuintir a raibh siad aca, scaradh leo. Bhí cádhas agus náire orra an Ghaedhilge do labhairt, agus chomh fada a's bhíodar mar sin, budh suarach an ghnothadh bheith ag iarraidh maitheasa orra. 28-2-'95. Tosuigheadh an ranganna cómhráidhte ag an hocht de'n chlog, agus bhíodar ar siubhal go dtí an naoi, faoi stiúradh M. Ó'Hisín, agus A. Mhac Gloinn. 'Sí an leabhar d'á ndearnadar úsáid ceann do bhí foillteach do Spáineach le haghaidh Beurla fhóghluim, agus bhí sí seo foileamhnach go maith dhóibh-san mar bhí na modhtha cainte innte do thasduigh go díreach. Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh. 17-2-'95 Bhí an dá bhuidhin ag léigheadh a gceacht i rith dhá uair an chluig. Bhíodar faoi chúram an Stúndúnaigh agus faoi an saoi Seártain. Bhí an chuid eile ag mac Uí Mhanacháin agus chaitheadar tréimhse ag léigheadh as Irisleabhar na Gaedhilge agus seal eile ag cinneadh ar dhaoinibh chum gnotha Dia hAoine. 22-2-'95 Bhí sgoruidheacht ar bun, ar an oidhche tugtha chum ceoil, sgéal, agus abhrán os cómhair comhdhála ár ndaoine féin, agus cead teachta ag gach n-aon eile. Bhí “Seandún” sa' chathaoir. Tugadh abhráin, léightheoireacht, óráid agus ceóltóireacht. 1-3-'95 Cruinniughadh an-mhór agus “Seandún” 'n-a uachdarán orra. Ní raibh an oiread againn bailighthe i bhfochair a chéile aon oidhche roimhe seo. Tugadh óráide, ceól agus “lán an bhaile bháin” d'abhránaibh, agus Gaedhlach béadh gach nídh. Bhí na ceithre buidhne atá 'san gcraoibh fa láthair, lucht na Comhairle i n-áit ar leith leó féin agus na trí buidhne eile ag obair mar is gnáthach leó. Cinneadh ar Dhonnchadh Pléimionn chum bheith 'n-a chomhfhreagarthóir Gaedhlach idir Chraoibh Chorcaighe agus an Árd-craoibh. 8-3-'95. Sgoruidheacht ar bun. Sheinn ógán dar ab ainm Seosamh a Sgannláin “An Chúilfhionn;” Mac Uí Cheallaigh “tá an lá ag teacht;” Mac Uí Loingsigh “Caitheamh an Ghlais” agus “Mo Mháire.” Tugadh “Bean an Fhir Ruaidh” ar an bheidhlinn leis an Saoi Osborn a hAimhirgin. 11-3-95 Diarmuid a Murchadha 'sa' chathaoir. Bhí naoi gcéad míle fáilte d'á gcur roimhe ag lucht na Comhairle. Comhdháil na Comhairle maraon leis an gcruinniugadh ngnáthach. Do cinneadh ar dhaoinibh chum bheith 'n-a maoraibh ar an gcoimhsheinnm; bí sgoruidheacht ag an gcuid eile d'ár gcumanntóiribh. 15-3-95 An choimhsheinnm phuibhlidhe an oidhche-seo. Bhí cruinniughadh an-mhór; b'éigion do mhórán bheith 'n-a seasamh 'óir ní raibh slighe suidhte le faghbháil go luath iar n-osgailt na ndóirse. Bhí an chláirseach d'á spreagadh go binn ag Eoghan Laoide, agus bu gheall le bliadhain i dTír na n-ag bheith ag éisteacht le fuaim na dteud. Bhíodh árd-bhualadh bos agus toirn-chleas glórach ar fúd na háite thar éis gach puirt. Fuair Mac Uí Cheallaigh fiorchaoin fáilte o'n gCoimhthionól agus do ghabh go háluinn “Ta'n lá ag Teacht.” Tugadh encore fíoch- mhar do, agus b'éigion do teacht thar ais agus rann do'n abhrán do ghabháil athuair. Do bhabh Seósamh a Sgann- láin “An Chúilfhionn” go fír-bhinn agus 'nuair fuair sé encore, do ghabh sé rann de arís. Do sheinn Pádruig Mac Muiris puirt ar an obóe (nó ar an diucán) go haoibhinn. Annsain tháinig an tríomhadh abhránaidhe Gaedhlach os comhair an choimthionóla. 'Nuair ghabh sé “Caitheamh an Ghlais,” do phreab an sluagh i n-a gcirt-sheasamh, agus a leithéid do bhualadh bas agus do ghárthaibh ní cualadh fós ins an áit sin. Chaith sé freagra thabhairt ar an encore, agus do ghabh dhóibh “Mo Mháire.” Chuir sin faoi dhraoidheacht ar fad iad. Do gabhadh abhráin Shacsbhéarla a leis. Righne na habhránaidhthe idir fearaibh agus mnáibh a ngnó go ríogh-mhaith. Connradh na Gaedhilge ins na h-Aodharaidhibh (i mBéara). Cuireadh an Chraobh-so ar bun 'san Ocht-mhí, do ghabh thorrainn. Ar dtús ní raibh mórán againn, mar shaoil daoine go rabhamair ag magadh agus ná raibh aon fhonn orainn aon nidh maith ná maitheasach do dhéanamh. Go deimhin rith sé le n-a lán nach raibh ann go léir acht cúinse chum airgiod do thuilliomh. 'Nuair fuaradh fios nach mar sin do bhí, thángadar ar a atharrach aignidh agus líon an scoil isteach — ní amháin do bhioránachaibh agus do thoicidhibh acht d'ógánachaibh agus do chailínidhibh óga. Tugann an tAthair Seaghán a Lorcáin seanmóir as Gaedhilg gach Domhnach 'san mbliadhain agus bíonn an tAthair Séamus a Sgannláin ag múineadh Gaedhilge sa scoil. Lucht Foghlumtha Gaedhilge. Ag 12, Sráid Dawson i n-Áth Cliath. I n-onóir d'Fheil Phadraic, bhí cruinniughadh sonasach lúthgháireach ag lucht foghlumtha na Gaedhilge ans an áit so, tráthnóna Dia Máirt, 19 Márta. Tháinic os cionn dá fhichid sgoláire ann, agus bhí ceol dhá sheinnm ar phíobaibh agus ar fhidil, agus puirt dhá rinceadh, agus abhráin dhá ngabháil acu. Bhí na mic léighinn uile go han-mhuinn- treach le chéile agus ag tabhairt iarracht ar chomhrádh do chongbháil suas i nGaedhilg. Ar an bhfidil bhí fuinn bhinne Gaedhealacha dhá seinnm ins an nós sean-Ghae- dhealach, agus 'nuair cualadh na píobaidhe a'séideadh port dúblálta suas go haedhearach, d'éirigh beirt bhuachall óg ar an urlár, agus dhaimhsigheadar an rinceadh sin go spór- tamhail, agus mar sin caitheadh an oidhche go fíor- Ghaedhealach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services