Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath.
Do bhí tionól gach seachtmhain i bhFaithche an Choláisde,
agus díospóireacht nó léightheoireacht éigin gach oidhche.
Fuair na cisdeoiridhe tabhartais airgid ó na daoinibh
se leanas .i. an tUachdarán Dubhghlas de híde, 10/-
Diarmuid MacMurchudha i gCorcaigh, £1, an Saoi Fíor-
urramach Eudhmonn Maguidhir, D.D., i nArdsgoil
Mhuighe Nuadhad, £1; An Saoi Urramach Hanraoi O
Buighill i mBeul Fearsaide, 10/-; An Saoi Urramach
Seumus Mac MacFionnlaoigh i Muigh Nuadhad. D'íoc
mórán daoine eile an cíos cumainn. Do rinneadh a
lán eile 'n-a gcumanntóiribh.
Fuair lucht na Comhairle mórán litir ó mhuinntir
Chonnartha na Gaedhilge agus ó lucht léighte an Iris-
leabhair fá'n tuaith i bhfreagra ar na litreachaibh do
chuireadar chuca, agus ag geallamhain chabhra dhóibh ag cur
gnótha na Gaedhilge ar aghaidh 'san tuaith. Cuirfear
teachtaireacht uatha go Corcaigh, seachtmhain na Cásga,
an tráth bheidheas an fheis ag Cumann na nOididhe Sgoile
'san gcathair sin. Tá súil ag an lucht Comhairle go
mbeidh coimhthionól mór ag buidhin chosanta na
Gaedhilge i gCorcaigh fá'n am sin.
Connradh na Gaedhilge i nGaillimh.
21-1-95 Bhí an t-uachdarán ag riaghlughadh.
Léigheadh an tuarasgbháil ar an dtionól roimhe, agus chuir
sé a ainm leis. Leigh Seosaph Mac Conastair “Oscar
na Súiste” — sgeul do thug cur-síos ar bhaiste Oisín
le Naomh Pádraig. Dubhairt an t-Uachdarán gur
thaithnigh an sgeul sin go maith leo, agus go mbudh mhór an
truaigh nach raibh go leor de'n tsórt sin le fághail.
Shaoil sé féin go raibh a leithéididhe ameasg na
ndaoine go coitcheanta, agus sgeulta, adeir sé, níos
feárr ná cuid de'n chinéal do chuala sé g'á léigheadh as
leabhraibh, acht go mbudh deacair cur faoi'n aire do'n
mhuintir a raibh siad aca, scaradh leo. Bhí cádhas agus
náire orra an Ghaedhilge do labhairt, agus chomh fada a's
bhíodar mar sin, budh suarach an ghnothadh bheith ag
iarraidh maitheasa orra.
28-2-'95. Tosuigheadh an ranganna cómhráidhte ag
an hocht de'n chlog, agus bhíodar ar siubhal go dtí an naoi,
faoi stiúradh M. Ó'Hisín, agus A. Mhac Gloinn. 'Sí an
leabhar d'á ndearnadar úsáid ceann do bhí foillteach
do Spáineach le haghaidh Beurla fhóghluim, agus bhí sí seo
foileamhnach go maith dhóibh-san mar bhí na modhtha cainte
innte do thasduigh go díreach.
Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.
17-2-'95 Bhí an dá bhuidhin ag léigheadh a gceacht
i rith dhá uair an chluig. Bhíodar faoi chúram an
Stúndúnaigh agus faoi an saoi Seártain. Bhí an chuid
eile ag mac Uí Mhanacháin agus chaitheadar tréimhse ag
léigheadh as Irisleabhar na Gaedhilge agus seal eile ag
cinneadh ar dhaoinibh chum gnotha Dia hAoine.
22-2-'95 Bhí sgoruidheacht ar bun, ar an oidhche
tugtha chum ceoil, sgéal, agus abhrán os cómhair comhdhála
ár ndaoine féin, agus cead teachta ag gach n-aon eile.
Bhí “Seandún” sa' chathaoir. Tugadh abhráin,
léightheoireacht, óráid agus ceóltóireacht.
1-3-'95 Cruinniughadh an-mhór agus “Seandún” 'n-a
uachdarán orra. Ní raibh an oiread againn bailighthe
i bhfochair a chéile aon oidhche roimhe seo. Tugadh óráide,
ceól agus “lán an bhaile bháin” d'abhránaibh, agus Gaedhlach
béadh gach nídh.
Bhí na ceithre buidhne atá 'san gcraoibh
fa láthair, lucht na Comhairle i n-áit ar leith leó féin
agus na trí buidhne eile ag obair mar is gnáthach leó.
Cinneadh ar Dhonnchadh Pléimionn chum bheith 'n-a
chomhfhreagarthóir Gaedhlach idir Chraoibh Chorcaighe agus
an Árd-craoibh.
8-3-'95. Sgoruidheacht ar bun. Sheinn ógán dar
ab ainm Seosamh a Sgannláin “An Chúilfhionn;” Mac
Uí Cheallaigh “tá an lá ag teacht;” Mac Uí Loingsigh
“Caitheamh an Ghlais” agus “Mo Mháire.” Tugadh
“Bean an Fhir Ruaidh” ar an bheidhlinn leis an Saoi
Osborn a hAimhirgin.
11-3-95 Diarmuid a Murchadha 'sa' chathaoir.
Bhí naoi gcéad míle fáilte d'á gcur roimhe ag lucht
na Comhairle. Comhdháil na Comhairle maraon leis an
gcruinniugadh ngnáthach. Do cinneadh ar dhaoinibh chum
bheith 'n-a maoraibh ar an gcoimhsheinnm; bí sgoruidheacht
ag an gcuid eile d'ár gcumanntóiribh.
15-3-95 An choimhsheinnm phuibhlidhe an oidhche-seo.
Bhí cruinniughadh an-mhór; b'éigion do mhórán bheith 'n-a
seasamh 'óir ní raibh slighe suidhte le faghbháil go luath
iar n-osgailt na ndóirse. Bhí an chláirseach d'á
spreagadh go binn ag Eoghan Laoide, agus bu gheall le
bliadhain i dTír na n-ag bheith ag éisteacht le fuaim na
dteud. Bhíodh árd-bhualadh bos agus toirn-chleas glórach
ar fúd na háite thar éis gach puirt. Fuair Mac Uí
Cheallaigh fiorchaoin fáilte o'n gCoimhthionól agus do ghabh
go háluinn “Ta'n lá ag Teacht.” Tugadh encore fíoch-
mhar do, agus b'éigion do teacht thar ais agus rann do'n
abhrán do ghabháil athuair. Do bhabh Seósamh a Sgann-
láin “An Chúilfhionn” go fír-bhinn agus 'nuair fuair sé
encore, do ghabh sé rann de arís. Do sheinn Pádruig
Mac Muiris puirt ar an obóe (nó ar an diucán) go
haoibhinn. Annsain tháinig an tríomhadh abhránaidhe
Gaedhlach os comhair an choimthionóla. 'Nuair ghabh sé
“Caitheamh an Ghlais,” do phreab an sluagh i n-a
gcirt-sheasamh, agus a leithéid do bhualadh bas agus do ghárthaibh
ní cualadh fós ins an áit sin. Chaith sé freagra
thabhairt ar an encore, agus do ghabh dhóibh “Mo Mháire.”
Chuir sin faoi dhraoidheacht ar fad iad. Do gabhadh
abhráin Shacsbhéarla a leis. Righne na habhránaidhthe
idir fearaibh agus mnáibh a ngnó go ríogh-mhaith.
Connradh na Gaedhilge ins na h-Aodharaidhibh
(i mBéara).
Cuireadh an Chraobh-so ar bun 'san Ocht-mhí, do ghabh
thorrainn. Ar dtús ní raibh mórán againn, mar shaoil
daoine go rabhamair ag magadh agus ná raibh aon fhonn
orainn aon nidh maith ná maitheasach do dhéanamh. Go
deimhin rith sé le n-a lán nach raibh ann go léir acht
cúinse chum airgiod do thuilliomh. 'Nuair fuaradh fios
nach mar sin do bhí, thángadar ar a atharrach aignidh agus
líon an scoil isteach — ní amháin do bhioránachaibh agus do
thoicidhibh acht d'ógánachaibh agus do chailínidhibh óga.
Tugann an tAthair Seaghán a Lorcáin seanmóir as
Gaedhilg gach Domhnach 'san mbliadhain agus bíonn an
tAthair Séamus a Sgannláin ag múineadh Gaedhilge sa
scoil.
Lucht Foghlumtha Gaedhilge.
Ag 12, Sráid Dawson i n-Áth Cliath.
I n-onóir d'Fheil Phadraic, bhí cruinniughadh sonasach
lúthgháireach ag lucht foghlumtha na Gaedhilge ans an áit
so, tráthnóna Dia Máirt, 19 Márta. Tháinic os
cionn dá fhichid sgoláire ann, agus bhí ceol dhá sheinnm ar
phíobaibh agus ar fhidil, agus puirt dhá rinceadh, agus abhráin dhá
ngabháil acu. Bhí na mic léighinn uile go han-mhuinn-
treach le chéile agus ag tabhairt iarracht ar chomhrádh do
chongbháil suas i nGaedhilg. Ar an bhfidil bhí fuinn
bhinne Gaedhealacha dhá seinnm ins an nós sean-Ghae-
dhealach, agus 'nuair cualadh na píobaidhe a'séideadh port
dúblálta suas go haedhearach, d'éirigh beirt bhuachall óg
ar an urlár, agus dhaimhsigheadar an rinceadh sin go spór-
tamhail, agus mar sin caitheadh an oidhche go fíor-
Ghaedhealach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11