Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
De Scriptoribus Hibernicis
Title
De Scriptoribus Hibernicis
Author(s)
Mac Fir Bhisigh, An Dubhaltach,
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1657
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
UGHDAIR ÉIREANN GO N-ÁIREAMH A N-UGHDARDHAS, A N-AIMSEAR, 'S A N-ATHARDHA EAGARTHAR ANN SO LESAN DUBHÁLTACH MAC GIOLLA ÍOSA MHÓIR MEC FHIR BHISIGH LEACÁIN I tTÍR FHIACHRACH MUAIDHE 1656. DON LÉAGHTHÓIR. As eadh as áil ann so, le toil nDé, tionól agus eagar ughdar Ghaoidheal agus Éreann archeana. Uime aderim "Gaoidheal agus Éreann" uair do sgríobhsad ughdair Ghaoidhelta i n-égmhuis Éreann, agus ughdair i nÉrinn nach Gaoidhil, mur bhus lér isin leabhar-sa ag labhairt ar na hughdaruibh; óir, ria ttiachtuin i nÉrinn do Ghaoidh- ealuibh, bádar iomad eólach aca in gach aimsir ag coimhéd agus ag sgríobhadh a seanchuis fén in gach áit i rabhadar, a Sgithia, i nÉgipt, i nGaothlaighibh Mara Toirrén, i nEaspáin, etc., go ránghadar Érinn, agus iaromh i nÉrinn fén ní as foirlethne, mur as lér ar anmannuibh iomuid dóibh; gin go bhfaighmid a n-iomláine go se, as fairsing a bhfuil againn díobh do ríoghdhrongaibh roifheasacha ríogh agus ríghégeas, clére, fileadh agus naoimh- chlére canónta iar ccredeamh gus na cineadhaibh do choimhéd an ccédna gus a-niú. Na hughdair nach Gaoidhil bádar i nÉrinn ria nGaoidhealuibh i n-aim- sioruibh Phartholáin, Nemheadh, Fhear mBolg, agus Thuath Dé Dhanann, ag so dronga dhíobh: Baoi cédus Fiontain i ngabháil Cheasra táinig i nÉrinn an tan ba haois don domhan 2242 bliadhain. Bacorbladhra, ollamh Pharthalóin táinig i nÉrinn anno mundi 2520.
Fiogma ag Clannuibh Neamheadh táinig i nÉrinn i n-aoís dhomhuin 2850 bliadhuin. Fáthach, file Fhear mBolg do ghabh Érinn isin bhliadhain 3266 do aois dhomhuin. Cairbre, Aoí agus Eadan ag Tuathaibh Dé Dhanann do ghabh Ére isin 3303 bliadhain do aoís dhomhuin. Ní híad amháin, acht bádar uaisle Thuath Dé Dhanann do urmhór lán do eólas, gurob aire sin goirthear Dée dá n-áos eóluis agus Aindée dá n-áos treabhtha, gurob do na fáthaibh fár goireadh Tuatha Dé dhíobh sin. Do phríomhughdaraibh Éreann ría nGaoidhealuibh iad-sin, úair bádar maille riú súd iomad ughdar eile ag iom- choimhéad eóluis aca diaigh i ndiaigh. Príomhughdair Ghaoidhelge, .i. Sgoitice, agus Gaoidheal .i. na Sgot, eadh ón, Fénius Farsaidh darob ainm ele Reva Sgot, nó Rifa Sgot, príomhughdar Sgoitice esén cona sgoil fós maille les; aon di, Gaoidheal mac Etheóir ó ráitear Gaoidhealg; agus fós fear i n-aighidh gach litre don aibghidir Scoitice, mur as lér i nUraiceacht na nÉgeas ag labhairt ar bhéarluibh an domhuin do dháil Dia do chách iar tTor Neamhruaidh, mur a raibhe Fénius do phríomhthaoisiochaibh an Tuir chédna. Nél mac Féniusa Farsaidhe, ughdar Scoitice i nÉgipt. Caichéar, draoí a Sgithia. Sédhgha, Sobhairghe agus Suirghe ag Mílidh Easpáine. Aimhirghin Glúingheal, mhac Mílidh Espáine; Cachain agus Cir mac Cis et cetera ag Macaibh Mílidh do ghabh Érinn anno mundi 3500. Luighne mac Éreamhóin, rígh Éreann. Ollamh Fódla (do ghabh ríghe nÉreann isin 3883 bliadhain do aois dhomhuin) dár hainmnigheadh "Ollamh" ar aidhbhle a eólais, óir do chóraigh eólus Éreann, agus do orduigh agus d'fhágaibh amhluidh íaramh, mur as lér ar Fhes Teamhra gusna haimsioruibh dégheancha rígh Gaoidhel ar Érinn. Eochaidh cédainm
an airdrígh-sin .i. Ollamhan Fhódla .i. ollamh Éreann é. Firchirtne file, Adhna mac Uithir, Nédhe a mhac, Aithirne, et cetera. Bádar 'na n-aimsir-sin 1200 file i nÉrinn i n-aoin-ionadh timcheall aimsire ghine Chríosd. Morann mac Maoín i n-aimsir Fhearadhaigh Fhinn-fheachtnaigh, rígh Éreann. Bodhain mac Tulbainn co n-iomad ele i n-aimsir Chuinn Chéadchathaigh. Cormac úa Cuinn, rí Éreann, anno Christi 227. Fítheal, agus Flaithrí a mhac, ollamhuin iadsén. Cairbre Lifechair, rí Éreann. Fionn mac Cumhuill, rífhénnidh Fhían Éreann do mhair i n-aimsioruibh na ríogh reamhráite; ní headh amháin: ní gabhthaoí neach isin Fhén nó go bhfogh- lamadh sé dá leabhar dhég na filidheachta, as eadh sin an Fhían do bheth eólach uile. Torna Écceas do mhair i n-aimsioruibh na ríogh-sa Éreann .i. Eochaidh Muighmheadhón, Criomhthann, Niall Naoíghíallach, Dath-í, rl. Laoghaire, rí Éreann, Corc, rí Mumhan, Dáire, rí Uladh, naomh Pádraig, easpog agus apstol Éreann, Benén agus Cairneach, dhá easbog bhéos, Ros, Dubhthach agus Fearghus (ollamhuin agus fileadha íadsén a ttriúr) naoí sailghe Seanchais Mhóir agus seanchais Éreann uile ina n-áonaimsir fén (úair as seanchus do rér shaothair na druingi-sin an uile eólus fírinneach, muar as lér róinn) go ndubhairt:
Laoghaire, Corc, Dáire dúr, Pádraig, Benén, Cairneach cóir, Ros, Dubhthach, Fearghus go bhfebh, naoí sailghe sin Seanchais Mhóir.
I n-aimsir an Laoghaire reamhráite do bheth i ríghe nÉreann (noch do thosaigh nó do ghabh ríghe isin bhliadhoin 429 do aoís Críosd) do glanadh agus do sgríobhadh
sgreaptra Éreann lesin nónbhar reamhráite anno Christi 438. Seanchán Tóirpést cona chéadaibh écceas i n-aimsir Ghúaire an Enigh, rígh Connacht. Dallán Forghaill, Eochaidh Ríghégeas, ceann na cclíar agus na n-écceas ccéudna. Colam Cille naomh, agus na naoimh archeana in gach aimsir ó theacht chredmhe Críosd, do choimhéadsad leabhair eólusa Éreann ina cceallaibh ba liosda a luadh sunna. Deacair leam Saltair Caisil Chormaic gan a rádh, Leabhar na hUidhre Ciaráin Chlúana Mhuc Nóis, Leabhar Arda Macha; mar sin do chealluibh agus do eaglaisibh Éreann uile do urmhór badh comhraire coimhéda seanchais Éreann agus eachtann ma-le. Na hollamhuin isin uile aimsir ag so sloinnte aroile díobh .i. Ua Floinn, Clann Fir Bhisigh, Ua Duinn, Clann Uí Mhaoil Chonaire, Uí Dhuibhgeannáin, Uí Dhubhagáin, Uí Chuill, Uí Chuirnín, Uí Chanann, Uí Sginnín, Uí Chlérigh, Uí, Luinín, Uí Chlérchén nó Uí Chlérighén, Mec Giolla Chealluigh, Uí Dhuinnín, Clann Bhrúaideadha, Clann Chruitín, Uí Ríoghbhardáin, Mec an Ghabhann, rl. (Ollamhuin seanchais ráitear riú-sin; cóir sin ós isin seanchus atá eólus fírinneach an talmhan agus gach fios as eól do dhaoínibh an domhuin mhóir uile, bíoth gur doiligh duine d'fhagháil agá mbeth a fhios i n-iomláine). Goirthear ollamhuin do mhaithibh na ccineadh úd do bhrígh a mbeth eólach isin seanchus agus gurob eadh as dual dóibh uile lorgaireacht seanchusa Éreann, go háiridhe ina ffuil eólus agus dlighthe na dúidhche diaigh i ndíaigh, gingur leansad-saidhe le hathaidh do fhoghluim iomláine dlighidh Gaoidheal, óir do ghabhsad isna saoghluibh dédheancha cineadha ar leth le heólusuibh Éreann. Bretheamhuin Éreann .i. Clann Aodhagáin, Síol Fhlannchadha, Clann an Bhretheamhuin, Uí Bhreslén, Uí Dheóráin, Clann Bhiorthagra, srl.
Áos Dána Éreann .i. Uí Dhálaigh, Uí Dhomhnalláin, Uí Uiginn, Clann an Bhaird, Uí an Cháinte, Clann Chon Midhe, Uí Eódhusa, Uí Ruanadha, Uí Chobhthaigh, Uí Ghéaráin, Uí Chlúmháin, Uí Chionga, Clann Chraith, Uí Chillín, Uí Mhoirrí, Mec Casurlaigh, Mec Con-fhileadh, Uí Fhíaláin, Uí Ifearnáin, Mec Eochadha, Uí Eachadháin, Uí Ghnímh, Uí Lorcáin, Mec Mhuiridhe, agus iomad ele, mur tuigthear as an rann-so:
Atáid cúigear ceann fine le coimhéad ar ccerdi-ne, Ó Duineachair, Ó Dearcáin, Ó Cinnín, Ó Coirrdhearcáin, Ó Diarmadán na nduan nglan ar shliabhLagán fhuar Uladh.
Aderid áos leam fén gurob íad na cinn fhine-sin do thosaigh an dán leantur le háos dána gus anois, gidh neamhordharca aniú, féch. leth. Leagha Éreann .i. Uí Shiaghail, Ultaigh, Még Bheath- adh, Uí Fhearghusa, Uí Cheanndubháin, Clann Mhaoil Tuile, Clann an Leagha, Uí Chaiside, Uí Rónáin, Uí Fhinghealaigh, Uí Fhithcheallaigh, Uí Challannáin, Uí Bholgaighe, Uí Chuiliúin, Uí Mhaoil Édigh, Uí Chonuill, Uí Leghin, Uí Ícidhe, Uí Bhig-léghind, Clann an Désigh, Mec Gille Mhartuin, Uí Thuinne, agus dronga eile re gach ealadhain nach áirbheam ann so, do sgríobh iomad ar a n-ealadhnuibh fén fá seach. Atáid maille riú-sin a sdairibh Éreann iomad égeas n-ughdardha dá n-áirmhithear iomad minsgríbheann mórlúaigh edir comhairlibh, teasgosgaibh agus senbhríathraibh sgríobhtha inar sgrebtraibh (Cóir go mbeth sin amhluidh, óir as íad égsi Éreann badh comhuirleacha ar chríochuibh Ghaoidheal re linn gach rígh Éreann do urmhór, agus as aca do bhí dligheadh Éreann uile gan amharus ó ré
Aimhirghin Glúinghil meic Mhílidh Espáine go haimsir Conchabhair meic Neasa, rígh Uladh; agus as iad as mó do choimhéd é ó sin gus aniú, mur aithnim gan focal Féneachais i cceann duine ar domhun acht a ffuil ag aointríar nó ceathrar do chlannuibh ollamhan críche Connacht. Mo chreach chráite laghad luadh Éreann ar eólas ná ar uaisle do choimhéud!). Do bhrígh thrá nach bhfaghaim saothair mhóra nó sgartha as oibrigh ughdar ele ag na hughdaruibh úd legeam íad gan ainmniughadh anos. Tairis sin as maith as iontuigthe gurob iad-sidhén do chuimhnigh i ccartaibh agus a laoidhibh na céda sdair atáid againn, dá nach bhfagham fós ughdair áiridhe, do legeadh tré amaoíle luchta a n-aithsgríobhtha; dob édir fós tré aigeantaibh na n-ughdar fén do legsiod dronga dhíobh a n-ainmniughadh do sheachna adhbchlois na glóire díomhaoíne. Drong ele do leg dhíobh a n-ainm- niughadh dob édir do omhan na ríogh n-úaibhreach 'sa n-aimsiora a sgríobhthaoí na sdaire úd, óir bí an fhírinne searbh ar úairibh. Acht cib ionnus ar sgarsad a sloinneadh óna n-ughdaraibh fén, ní hédir nach ughdair eólcha do dheachtaigh íad. Conadh esdibh-sin uile (ní híad amháin) as soichrete iliomad eólach Éreann in gach am deóigh i ndeóigh, gin go n-áirbheam acht uathadh díobh síos mur so síar; gidh eadh, áirbheam an mhéd dá n-oibribh ris nach bhfagham ughdair i n-ainm ananma .i. Anomymus. DONA HUGHDORAIBH UDHEASDA Bíodh go bhfuighmís iomad re rádh re Fiontuin agus cáil égin re Parthalón légeam seacha íad in uair-se, ag tosughadh re hoibribh Gaoidheal ós íad (beagnach) as sine 's as lía againn, agus do bhrígh nach lór le gach áon ughdardhas Fhionntuin (gémadh lór linne agus go ccoiseón-
maois re ccách é) agus nach álainn linn tosach na hoibri-si do bheth aimhirsioch ná imreasnach, ná áonchuid di cheana, gin gurob rún aonughdar ionáirmhe, go háiridhe do na harsataibh darob édir d'fhagháil don dula-sa do dhearmad innte. Fiontain mac Bóchna. Féch a oibre isin leathanach. Parthalón mac Seara, ceann cédghabhála Éreann iar ndílinn. Féch leath. Fénius Farsaidh (ó ffuilid ríoghraidh Sgithia agus Ghaoidhel uile) darbho hainm ele Reva nó Rífa Sgot (ar a bheth 'na ardtaoisioch ar an Sgithia dhó, ó nach raibhe ainm rígh ar domhan in uair-sin, acht taoísioch ainm dob uaisle aca), mac-sidhén Bhaaith mec Magoig mec Iafeth mec Naoí táinig ón dílinn. As é an Fénius - sin (seanathair Ghaoidhil Ghlais ó ffuilid Gaoidhil uile) cédughdar na Sgot .i. na nGaoidheal i ccoitchinne a leth na Gaoidhelge darob ainm Sgoitic; úair trá, in úair do rineadh Tor Neamhruaidh dob aon Fénius don dá thaoisioch seachtmhoghad bádar gá ghénamh; agus ann sin, mur do measgadh orra an t-aoinbhérla baoí aca, tré uabhar a ngníomh, do thionnsgain Fénius mur chách béarla úaidh fén maille rena sgoil, .i. an Sgoitic, dár goireadh Gaoidhealg go gar iar sin, ar a togha d'Fhénius, darbho ainm ele Rifa Sgot, mur do ráidheas cheana, ba flaith Sgithia in ionbhuidh-sin. As aire goirthear Gaoidh- ealg dí, ar mbeth do Ghaoidheal mac Etheóir ('na sgoláire ughdordha ar sgoil Féniusa) do neoch mur ba ferleasach na Gaoidhelge é, fós óna beth 'na teangaidh dhútchchuis ag Gaoidhealuibh iar sin gus aniú. Fénius reamhráite as é cédughdar do sgríobh uaidhe fén an leabhar darob ainm Uraiceacht na nÉcceas;
leabhar sin as seantobar bunadhach don Bhethe Luis Nin an Oghaim .i. aibgidir, gramadach Gaoidhelge, agus iomad eóluis ele isin Ghaoidhealg cheana. Aderid leabhair gurob ag an Tor do sgríobhadh nó do háirgheadh Uraiceacht. Cosmhuil gomadh aige a haireag agus a foirbhthiughadh; baile i n-abair Uraiceacht fén mur so a-der: "Fénius Farsaidh, Íar mac Néma agus Gaoidhel mac Etheóir in aimsir tánghadar Clann Israel a hÉgipt arríocht Uraiceacht i nDacia, cidh aderid aroile gomadh i Muigh Senaair arríocht Uraiceacht, bhaile a bhfríth an Ghaedhelg cheana." Oraoíd góm léughthóir darob lér go bhfuilid daoíne nach ccred ní nach bí i Sgreabtruibh Dé (agus dob usaide sin do legean leó dá ccredís go cóir a ffuil isin sgriobtuir fén) agus mur sin nach ccredid sgríbhne do bheth ar bioth ria sgríbhnibh Maoisi, agus dá rér-sin nach áil leó sgríobhadh na mbérla iar ccumasg Thuir Neamhruaidh; ní dob iongnadh an t-iomad bérladh do hairgeadh ann is gan sgríbhne do aireag dá ccuimhniughadh mur an ccédna, agus go bhfaighmíd a leabhraibh gur chuimhnigheador cách ria ndílinn a ndála fén tré caireacteribh i ccartach- aibh nó in nethibh éxamhla do omhan a mbeth amugha gan marthain ag daoinibh iar ndílinn. Créd mur sin no, ní as soilére, nach sgríbheóbhdaoís taoisigh an Tuir a tteangtha tug Dia dhóibh dá mbeth ar bun go bráth? Doichrete nach dearnsad. Ader Eóin i Sgriobtuir nDé in Núaifhiadhnuisi, dá sgríobhthaoí dála Críosd uile gur theannobair do leanbhruibh
an bheatha a ccongbháil; dar le neach, 's a laghad do dháluibh Críosd ar Slánuightheóra do sgríobhadh i leabhraibh isin Nuaifhiadhnuisi, ba lía dar le cách do sgríbhneóiribh, gur roibheag do sgríobhadh a bPeadarlaig, go háiridhe do dháluibh na ngente, mur as follus gurob íad a ghnóaighe fén as fearr do-ní gach neach; trésar mheasda gur mó do dháil an domhuin d'fhágaibh an sgriobtuir imuigh iná tug lé. Cáit arbh áil le cách cíalla glice na ngente do dhul as nach ccuimhneóchdaois a ccaireachtairibh a ccúisi fén, agus méd míana na sean, séadchomhartha d'fhágbháil dá n-és, agus go n-abarthar gur dona fáthaibh fá ndearnadh Tor Neamhruaidh, ionnus go mbeth i ccuimhne cháigh an drong do-ríne é? Agus caidhe cuimhne ar bioth as búaine ináid sgríbhne, noch do fhágaibhsiod in uair-sin, go ccead don tí dhiúltus sin? Tuilleadh ele, dá n-abradh neach gur óige iná Tor Neamhrúaidh againne i nGaoidhelg focail (atáid i nUraiceacht 'sa sinsireacht sgríobhtha chosnuimid ann so) mur tá "aibgidir," "carachtaire," "litir," "gutha," "consoin," nó a lethéd ele do chanamhnuibh, mo fhreagra air nach seanfhocuil Gaoidhelge iad, acht as iad so a seanfhocail Gaoidhelge súd, mur tá: Beth-Luis .i. aibgidir; fuath .i. caireachtaire; fiodh .i. liter; fiodh aireaghdha .i. gutha; foirfiodh .i. dipthongus (tripthongus), .i. defhoghrach, trefhoghrach; taobhomna .i. consoin et cetera. An mhéd atá don mhonadh-sin againn as ag teacht le Laidin ar ndul i tterce don Ghaoidhelg tarla dúinn íad, agus ní do anaosdocht ar ar tteangaidh; agus dá dhearbhadh sin as Beth ó ráitear Beth-Luis ar ccédlitir, agus í "A" ó ráitear aibgidir, mur bhus lér láimh linn. Uime sin ní háil leam ó áon gan ar mBeth-Luis agus ar
mbérla Sgoitice nó Gaoidhelge do bheth comhaosda agus admhuid ar n-ughdair fén mur tá ann so. Ní ele fós, atád dá ghné carachtaire againn i nGaoidhelg agus ní hédir le haoinneach ar domhun a mhaoidhemh oruinn, agus as édir dúinne a dhearbhadh gur uainn do ghabh Albanaigh agus seanShaxonaigh litre, mur as lér i leabhraibh Saxon fén go hiomdha aniú an admháil-sin, agus aroile dá ffocluibh sgríobhtha i ccaireachtairibh Gaoidhelge, noch seachnaid anos ar litribh tíre ele. Sgol Fhéniusa Farsaidh trá, atá cuid do ughdardhas na Gaoidhelge 'na leth, óir bádar cúigear ar fhichid isin sgoil-sin ó bhfríth aibgidir na Sgoitice ag tabhairt litre thosaigh anma gach fhir dhíobh do ghénamh an Bhethe- Luis .i. na haibgidre, conadh do rér onóra gach fhir don sgoil-sin tar a chéle do suidhigheadh litir thosaigh a anma ar tús, mur so: Beth ó Bhoibhél, Luis ó Ló, Fern ó Fhorann etc. Óir as mur so dlighthear aibhgidir na Gaoidhelge do shuidhiughadh, eadh ón: b, l, f, s, n, h, d, t, c, q, m, g, ng, z, r, a, o, u, e, i, ea, oi, y, io, x, ae. Ag sin an cairechtaire ghnáithighmíd aniú, agus do bhí a Saxoin agus i nAlbain uainn. An carachtaire ele, iomorra, goirthear ogham-chraobh dhe; agus atád trí caoga craobh- ogham aguinn, as eadh sin cairechtaire Gaoidhelge, agus an chuid as lia dhíbh sgríobhtha 'na bhfleasga ar chraobhaibh mur so agus ar mhodhuibh saine ele. As é so as gnáithche dhíobh: - Gaoidheal mac Etheóir (darob ainm Gaoidhel mac Áinghin, uair Etheór agus Áinghean dá ainm bádar ar athair an Ghaoídhil-si) ó ráitear Gaoidhelg, do bhrígh gur chuir-sén cumaoin fhocal innte, agus go mbaoi sé ag dénamh an Uraiceachta maille re Fénius, mur do ráidhsiom cheana.
Iar mac Néma, dalta d'Fhénius Fársaidh, as é do chuir isin nGaoidhelg na focail choimhcheanguil agus reamhshuidhighthe darob anmanna iairmbérladha .i. bérladha Íair mec Néma. Buí an fear-sa i ffarradh Fhéniusa ag dénamh Uraicheacht. Nél mac Féniusa Farsaidh, ba príomhshaoí sidhén isna hilbhérluibh, ní áirbhim an Sgoitic, conadh i ngioll ar a fhoghluim fuair-sén Sgota, inghean Forainn, rígh Égipte, maille risin fearonn darob ainm Capa Ciorunt ar bhrú Mhara Robhuir. As é an Nél-so athair Gaoidhel Ghlais ó ttáid Gaoidhil. Do shíol an Ghaoidhil-si do thairngir Maoisi gabháil Éreann iar ccén in uair do leghis Maoísi ó nimh na nathrach é. Caoi Caoinbhreacthach, príomhughdar esidhén. Féch leathanach. Caichear Draoí, bá do phrímheólchaibh Gaoidheal ar tteacht dóibh a hÉgipt; agus a Sgithia do thairrngir an draoi-sin Ére do Ghaoidheluibh dia mbádor ar muir. As eadh adubhairt: "Í, aill, ara." "Í" .i. "inis," "aill," .i. "uasal," "ara" .i. "iomramh," eadh ón, "biam ag iomramh go riocheam inis uasal" .i. Ére; "agus ní sinn fén," ar Caichear, "rachus go hÉrinn, acht ar cclanna iar ccéadaibh bliadhan. As ann do mhair an Caichear-sa re linn . . . Caichear ele iomorra, Mantan, Fulman, draoíthe íad. Séghdha, Sobhairghe agus Suirghe bádor eóluigh ag Mílidh Easpáine. Goisdean agus Donn bádar bretheamhain. Do eólchaibh Gaoidhel ria tteacht i nÉrinn ann sin. Tuig nach gan eóluigh baoí Ére rompa, mur bhus lér ag labhairt ar prímhleabhruibh Gaoidhel dúinn; agus as uime nach ccuirmid síos ann so fó leth iad, mur atáid fén agus ughdair iomdha ele i ccuibhreannuibh im leabhraibh iomdha do cuireadh i cceann i ccéle le hughdoruibh as
dégheancha táinig iná iad-san, agus gur mhór an t-ualach dhúinn a ndealughadh isin aimsir-si. Gidh eadh, ag so bérladha na ngabhál táinig i nÉrinn ría nGaoidhealuibh; Ceasair, inghean Beatha mec Naoi mec Laimiach, Goirthigearn lé .i. bérla fhear ndomhuin ria tTor Neamhrúaidh; Partholón Grécc les; Nemhidh Grécc agus Laidin les; Fir Bholg Grécc, Laidin, Breathnuis agus Bealgoth leó; Tuatha Dé Danann Gearmáin, Laidin, Grécc, Gaoidhelg agus Bealgoth leó; Fomhóraigh Cioclaides leó; Gaoidhil Scoitic nó Gaoidhelg leó et cetera. As iad Gaoidhil as oireaghdha táinig i nÉrinn .i. mec Mhílidh Easpáine, noch as lér a leabhraibh Gaoidheal; agus as é, gé do bhádar ughdair ele aca, duine ba dearsgnuidhe díobh uile, agus ba bretheamh agus ollamh aca .i. Aimhirghin Glúingheal, an file do ríne rosgadha i n-aighidh dhruadh Thuath Dé Dhanann ag teacht i nÉrinn do Chloinn Mhílidh. As do na rosgadhoibh-sin "Áiliu iath nÉreann," etc., .i. "guidhmid fearonn Éreann do rochtain dúinn." Aimhirghin Glúingheal ag teacht i ttír i nInbhear Colpa do ráidh an rosgadh dan tosach "Am gaoth i muir," etc. Aimhirghin fós do ráidh an rosgadh thosaigheas mur so "Iasgach muir," etc. An tAimhirghin-si trá, mac Mílidh Easpáine, rígh Easbáine, ar ngabháil Éreann dó fén agus dá bhráithribh do sgríobh sé leabhar don Uraiceacht, do neoch leanus do leabhar Fhéniusa Farsaidh, mur do reamhráidhsiom. Gramadach Gaoidhelge an leabhar-san fós. Atáid rosgadha agus breatha ar sloicht Aimhirghin i nGabháltus agus bhFéneachus, mur as lér ar aile dhíobh agus Leabhar Gabhála Éreann dá rug Aimhirghin breth edir Macaibh Mílidh agus Tuath De
Dhanann im Érinn, mur adubhairt, "Fir thórachta tuinidhe." As íad sliocht Aimhirghin Ghlúinghil i nÉrinn .i. Orbraighe Thrágha Tuirbhe agus Uí Eneachghlais Chualann agus Uí Laoghaire i nDaimhinis. Agus torchair Aimhirghin i ccath Bile Teneadh:
Aimhirghin, file na bhfear, marbh i ccath Bhile Teneadh.
Genealach Aimhirghin Ghlúinghil .i. Aimhirghin mac Mílidh rígh Espaíne, mec Bile rígh Espáine, mec Breoghain rígh Espáine, mec Brátha, mec Deaátha fhlaithe Gaothluidhe, mec Earchadha fhlatha Gaothluidhe, mec Allóid flatha Gaothlaidhe, mec Nuadhad flatha Gaothlaidhe, mec Neanúail flatha Gaothlaidhe, mec Febrigh Ghlais flatha Gaothlaidhe, mec Agnóin Fhinn fhlatha Gaothlaidhe, mec Ébhir Ghlúinfhinn flatha Gaothlaidhe, mec Láimhinn, mec Adhnomuin, mec Tait rígh Sgithía, mec Aghamuin rígh Sgithia, mec Beomuin rígh Sgithía, mec Ébhir cédrígh Sgithía d'fhine Ghaoidhil, agus fá rí é ón Sgithia thuaisgeartaigh go trácht Mara Caisp, mec Stú fhlatha Capa Ciorunt i nÉgipt, mec Easrú fhlatha Chapa Ciorunt, mec Gaoidhil Ghlais (ó ttád Gaoidhil) fhlatha Capa Ciorunt, mec Niúil cédfhlatha Capa Ciorunt, mec Féniusa Farsaidh flatha Sgithía. Atá an chuid ele don ghenealach-sin isin leathanach 6 agus isin leathanach 7. Ba feasach foghlomtha calma cathach an t-úasalollamh- sin Aimhirghin Glúingheal. Lughaidh (mac Íthe mec Breóghain reamhráite, rígh Easpáine) do-róine laoidh ttrúaigh dá mhnaoí fén fúair bás do náire tré fhaicsin fhir nochta. Fíal ainm na mná-sin. Uaithe ráitear Inbhear Féle i Mumhuin. Mur so thosaigheas a marbhnath: "Suidheam sonn ar an trácht." Ón Lughaidh-sin tánghadur uathadh ríogh nÉreann agus flaithe móra a Mumhuin; dá n-iarsmuibh Ó hEdirsgeóil, Ó Cuirín, Ó Cobhthaigh, Mág Flannchuidh agus aroile.
Luighne mac Éreamhóin, rígh Éreann 15 bliadhna, mec Mílidh rígh Espáine, féch leathanach 13. Aoís domhuin 3051 bliadhain ag gabháil nÉreann d'Ereamhón. Luighne reamhráite (baoí sé seal i ccoimhríghe nÉreann maille le a dhearbhráithribh Muimhne, agus Laighne) atáid aroile do dhlighthibh Gaoídheal dá légean 'na leth. mur ader (an lebhar Féneachais darob ainm Édghedh) atá isin Aibgidir Luighne mec Éreamhóin ag tráchtadh ar na slighthibh a cciontaighthear i n-aighidh dlighidh mur atá comhraite, anbhfót, torbha, agus easbha. Ollamh Fódla, rí Éreann, do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 3883 bliadhuin. Eochaidh céadainm an aird- ríogh-sa, agus as uime goirthear Ollamh Fódla dhe ar a bheth 'na ollamh Éreann ar eólus dó, do bhrígh go bhfuráileadh sé seanchus Éreann do sgríobhadh gacha treas bliadhna i bhFes Teamhrach, noch do ordaigh an ré cédna do fhoirbhthiughadh an nósa-sin fén; agus do fhágaibh sé an dligheadh-sin ar bun gur bearnadh ríghe nÉreann ar Gaoidhealuibh. Ar an Fhes-sin Teamhrach adubhairt Dinnsheanchus:
Fes Teamhra gach treas bliadhna do chomhall reachta is riaghla do-ghníthe an tráth-sin go teann ag ríoghaibh áilne Éreann.
As é an tOllamh-sin do-ríne Múr nOllamhan i tTeamhraigh agus as uaidh ainmnigh
ear Ulaidh, agus tánghadar Clanna Rudhraighe agus seanUltaigh Éreann cheana. Ba rí maith é. Roighne Rosgadhach mac Úghoine Mhóir, rígh Éreann, as ughdar oirherc é i ndligheadh Gaoidheal gomadh ar iomad na rosgadh fileata dlighidh do-ríne sé goirthear Roighne Rosgadhach dhe. Aoís dhomhuin 4567 bliadhuin an uair do ghabh Úghoine Mór, athair an Roighne-si, ríghe nÉreann. Úghoine iomorra, rí Éreann 40 bliadhain,
mac Eathach Buadhaigh mec Duach Ladhgraigh, do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4453 bliadhna, agus baoi 10 mbliadhna ina ríghe, mec Fiacha Tolgraidh, rígh Éreann 10 mbliadhna, do ghabh Érinn i n-aois domhuin 4395, mec Muireadhoigh Bholgraigh, rígh Éreann bliadhain agus mí, do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 4307, mec Síomóin Bhric rígh Éreann 6 bliadhna do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4291, mec Aodháin Ghlais, mec Nuadhad Finn Fáil rígh Éreann 40 bliadhuin do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4199, mec Giallchadha rígh Éreann 9 mbliadhna do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 4178, mec Oilealha Ólchaoín, mec Síorna Shaoghlaigh rígh Éreann 150 bliadhuin do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4020, mec Dén, mec Démain, mec Roitheachtaigh rígh Éreann 25 bliadhuin do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3818, mec Maoín, mec Aonghusa Olmucadha rígh Éreann 18 bliadhain do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 3775, mec Fiacha Labhrainne rígh Éreann 24 bliadhna do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 3728, mec Smiorghuill, mec Enbotha, mec Tighearnmhuis rígh Éreann 77 bliadhain do ghabh Érinn i n-aois dhomhuin 3580, mec Fodhlaigh, mec Ethreóil rígh Éreann 20 bliadhain do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3530, mec Írél rígh Éreann 10 mbliadhna do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3520, mec Éreamhóin rígh Éreann 15 bliadhna do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3502, agus rígh Easbáine cédus, mhec Mílidh rígh Espáine, etc., féch leathanach 13 ag genealach Aimhirghin. Roighne file, mac Úghoine Mhóir reamhráite do ráidh an rosgadh rofhada dan tosach: "A mhec áin Úghoine, co soich do rus, Éreann i ngabháil," et cetera, labhrus ar imtheachtaibh Gaoidheal ó d'fhágaibhsiod Sgithia gur ghabhsad Éirinn, agus do roinn Éreann eatorra cona ttaoisiochaibh. As aire do-ríne Roighne an rosgadh-sin díar fhiarfaigh a dhearbhráthair fén Mál mhac Úghoine sgéla gabhál Ghaoídheal agus Éreann de.
Ciombaoth rí Éireann mac Fiontain. Do leasaigh- eadh eólus re a linn. Naoinde Naoimbreathach mac inghene Dháire mec Deadhaigh (do ríoghraidh Síl Éreamhóin Clanna Deadhoigh o ttánghador ríogha iomdha cóigeadh agus Éreann agus Alban ní as roilía). Ní feas athair Naoinde acht aroile fear tarla ara mháthair isin tráigh a ccomhfhochraibh Chathrach Shlébhe Mis, áit ar hoileadh í lé a hathair; óir nír áil les a legean a measg fhear, óir do thairrngirsiod fáidhe (an oidhche do geneadh an inghean-sin) in úair do-bhéuradh sí mac go bhfuigheadh a hathair bás. Gidh eadh, tar choimhéd a hathar uirre, do toirrcheadh í ón fhear anaithnidh reamhráite, agus do bhí sí naoí mís agus naoí mbliadhna torrach tré dhraoidheacht nár édir dí clann do bhreth, agus ann sin rug sí an mac reamhráite; agus an úair rugadh é rug sé na naoí mbreatha-sa síos, noch atád ar coimhéd ó sin a-lle a lebhraibh Éreann .i. ní bhearaid rae ratha. gach teangaidh a dearosg. gach bí a bhiath- adh. gach dícceann go rígh. gach maic a mháthair. gacha mná a crioslach. gach bó a boinín. gach degil a derbhine. gach ciontaigh a chion.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services