Historical Irish Corpus
1600 - 1926

De Scriptoribus Hibernicis

Title
De Scriptoribus Hibernicis
Author(s)
Mac Fir Bhisigh, An Dubhaltach,
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1657
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



UGHDAIR ÉIREANN GO N-ÁIREAMH



A N-UGHDARDHAS, A N-AIMSEAR, 'S A N-ATHARDHA
EAGARTHAR ANN SO LESAN DUBHÁLTACH
MAC GIOLLA ÍOSA MHÓIR MEC FHIR BHISIGH
LEACÁIN I tTÍR FHIACHRACH MUAIDHE
1656.



DON LÉAGHTHÓIR.



As eadh as áil ann so, le toil nDé, tionól agus eagar
ughdar Ghaoidheal agus Éreann archeana. Uime aderim
"Gaoidheal agus Éreann" uair do sgríobhsad ughdair
Ghaoidhelta i n-égmhuis Éreann, agus ughdair i nÉrinn nach
Gaoidhil, mur bhus lér isin leabhar-sa ag labhairt ar na
hughdaruibh; óir, ria ttiachtuin i nÉrinn do Ghaoidh-
ealuibh, bádar iomad eólach aca in gach aimsir ag
coimhéd agus ag sgríobhadh a seanchuis fén in gach áit i
rabhadar, a Sgithia, i nÉgipt, i nGaothlaighibh Mara
Toirrén, i nEaspáin, etc., go ránghadar Érinn, agus iaromh i
nÉrinn fén ní as foirlethne, mur as lér ar anmannuibh
iomuid dóibh; gin go bhfaighmid a n-iomláine go se, as
fairsing a bhfuil againn díobh do ríoghdhrongaibh
roifheasacha ríogh agus ríghégeas, clére, fileadh agus naoimh-
chlére canónta iar ccredeamh gus na cineadhaibh do
choimhéd an ccédna gus a-niú. Na hughdair nach
Gaoidhil bádar i nÉrinn ria nGaoidhealuibh i n-aim-
sioruibh Phartholáin, Nemheadh, Fhear mBolg, agus Thuath
Dé Dhanann, ag so dronga dhíobh:



Baoi cédus Fiontain i ngabháil Cheasra táinig i
nÉrinn an tan ba haois don domhan 2242 bliadhain.



Bacorbladhra, ollamh Pharthalóin táinig i nÉrinn
anno mundi 2520.


L. 89


Fiogma ag Clannuibh Neamheadh táinig i nÉrinn i
n-aoís dhomhuin 2850 bliadhuin.



Fáthach, file Fhear mBolg do ghabh Érinn isin
bhliadhain 3266 do aois dhomhuin.



Cairbre, Aoí agus Eadan ag Tuathaibh Dé Dhanann do
ghabh Ére isin 3303 bliadhain do aoís dhomhuin. Ní
híad amháin, acht bádar uaisle Thuath Dé Dhanann do
urmhór lán do eólas, gurob aire sin goirthear Dée dá
n-áos eóluis agus Aindée dá n-áos treabhtha, gurob do na
fáthaibh fár goireadh Tuatha Dé dhíobh sin. Do
phríomhughdaraibh Éreann ría nGaoidhealuibh iad-sin,
úair bádar maille riú súd iomad ughdar eile ag iom-
choimhéad eóluis aca diaigh i ndiaigh.



Príomhughdair Ghaoidhelge, .i. Sgoitice, agus Gaoidheal
.i. na Sgot, eadh ón, Fénius Farsaidh darob ainm ele
Reva Sgot, nó Rifa Sgot, príomhughdar Sgoitice esén
cona sgoil fós maille les; aon di, Gaoidheal mac Etheóir
ó ráitear Gaoidhealg; agus fós fear i n-aighidh gach litre don
aibghidir Scoitice, mur as lér i nUraiceacht na nÉgeas
ag labhairt ar bhéarluibh an domhuin do dháil Dia do
chách iar tTor Neamhruaidh, mur a raibhe Fénius do
phríomhthaoisiochaibh an Tuir chédna.



Nél mac Féniusa Farsaidhe, ughdar Scoitice i nÉgipt.



Caichéar, draoí a Sgithia.



Sédhgha, Sobhairghe agus Suirghe ag Mílidh Easpáine.



Aimhirghin Glúingheal, mhac Mílidh Espáine;
Cachain agus Cir mac Cis et cetera ag Macaibh Mílidh do
ghabh Érinn anno mundi 3500.



Luighne mac Éreamhóin, rígh Éreann.



Ollamh Fódla (do ghabh ríghe nÉreann isin 3883
bliadhain do aois dhomhuin) dár hainmnigheadh
"Ollamh" ar aidhbhle a eólais, óir do chóraigh eólus
Éreann, agus do orduigh agus d'fhágaibh amhluidh íaramh,
mur as lér ar Fhes Teamhra gusna haimsioruibh
dégheancha rígh Gaoidhel ar Érinn. Eochaidh cédainm


L. 90


an airdrígh-sin .i. Ollamhan Fhódla .i. ollamh Éreann é.



Firchirtne file, Adhna mac Uithir, Nédhe a mhac,
Aithirne, et cetera. Bádar 'na n-aimsir-sin 1200 file i
nÉrinn i n-aoin-ionadh timcheall aimsire ghine Chríosd.



Morann mac Maoín i n-aimsir Fhearadhaigh Fhinn-fheachtnaigh,
rígh Éreann.



Bodhain mac Tulbainn co n-iomad ele i n-aimsir
Chuinn Chéadchathaigh.



Cormac úa Cuinn, rí Éreann, anno Christi 227.



Fítheal, agus Flaithrí a mhac, ollamhuin iadsén.



Cairbre Lifechair, rí Éreann.



Fionn mac Cumhuill, rífhénnidh Fhían Éreann do
mhair i n-aimsioruibh na ríogh reamhráite; ní headh
amháin: ní gabhthaoí neach isin Fhén nó go bhfogh-
lamadh sé dá leabhar dhég na filidheachta, as eadh sin
an Fhían do bheth eólach uile.



Torna Écceas do mhair i n-aimsioruibh na ríogh-sa
Éreann .i. Eochaidh Muighmheadhón, Criomhthann, Niall
Naoíghíallach, Dath-í, rl.



Laoghaire, rí Éreann, Corc, rí Mumhan, Dáire, rí
Uladh, naomh Pádraig, easpog agus apstol Éreann, Benén
agus Cairneach, dhá easbog bhéos, Ros, Dubhthach agus Fearghus
(ollamhuin agus fileadha íadsén a ttriúr) naoí sailghe
Seanchais Mhóir agus seanchais Éreann uile ina n-áonaimsir
fén (úair as seanchus do rér shaothair na druingi-sin an
uile eólus fírinneach, muar as lér róinn) go ndubhairt:




Laoghaire, Corc, Dáire dúr,
Pádraig, Benén, Cairneach cóir,
Ros, Dubhthach, Fearghus go bhfebh,
naoí sailghe sin Seanchais Mhóir.




I n-aimsir an Laoghaire reamhráite do bheth i ríghe
nÉreann (noch do thosaigh nó do ghabh ríghe isin
bhliadhoin 429 do aoís Críosd) do glanadh agus do sgríobhadh


L. 91


sgreaptra Éreann lesin nónbhar reamhráite anno Christi
438.



Seanchán Tóirpést cona chéadaibh écceas i n-aimsir
Ghúaire an Enigh, rígh Connacht.



Dallán Forghaill, Eochaidh Ríghégeas, ceann na
cclíar agus na n-écceas ccéudna.



Colam Cille naomh, agus na naoimh archeana in gach
aimsir ó theacht chredmhe Críosd, do choimhéadsad
leabhair eólusa Éreann ina cceallaibh ba liosda a luadh
sunna. Deacair leam Saltair Caisil Chormaic gan a rádh,
Leabhar na hUidhre Ciaráin Chlúana Mhuc Nóis, Leabhar
Arda Macha; mar sin do chealluibh agus do eaglaisibh
Éreann uile do urmhór badh comhraire coimhéda
seanchais Éreann agus eachtann ma-le.



Na hollamhuin isin uile aimsir ag so sloinnte aroile
díobh .i. Ua Floinn, Clann Fir Bhisigh, Ua Duinn, Clann
Uí Mhaoil Chonaire, Uí Dhuibhgeannáin, Uí Dhubhagáin,
Uí Chuill, Uí Chuirnín, Uí Chanann, Uí Sginnín, Uí
Chlérigh, Uí, Luinín, Uí Chlérchén nó Uí Chlérighén,
Mec Giolla Chealluigh, Uí Dhuinnín, Clann Bhrúaideadha,
Clann Chruitín, Uí Ríoghbhardáin, Mec an Ghabhann,
rl. (Ollamhuin seanchais ráitear riú-sin; cóir sin ós isin
seanchus atá eólus fírinneach an talmhan agus gach fios as
eól do dhaoínibh an domhuin mhóir uile, bíoth gur
doiligh duine d'fhagháil agá mbeth a fhios i n-iomláine).
Goirthear ollamhuin do mhaithibh na ccineadh úd do
bhrígh a mbeth eólach isin seanchus agus gurob eadh as
dual dóibh uile lorgaireacht seanchusa Éreann, go
háiridhe ina ffuil eólus agus dlighthe na dúidhche diaigh i
ndíaigh, gingur leansad-saidhe le hathaidh do fhoghluim
iomláine dlighidh Gaoidheal, óir do ghabhsad isna
saoghluibh dédheancha cineadha ar leth le heólusuibh
Éreann.



Bretheamhuin Éreann .i. Clann Aodhagáin, Síol
Fhlannchadha, Clann an Bhretheamhuin, Uí Bhreslén,
Uí Dheóráin, Clann Bhiorthagra, srl.


L. 92


Áos Dána Éreann .i. Uí Dhálaigh, Uí Dhomhnalláin,
Uí Uiginn, Clann an Bhaird, Uí an Cháinte, Clann Chon
Midhe, Uí Eódhusa, Uí Ruanadha, Uí Chobhthaigh, Uí
Ghéaráin, Uí Chlúmháin, Uí Chionga, Clann Chraith,
Uí Chillín, Uí Mhoirrí, Mec Casurlaigh, Mec Con-fhileadh,
Uí Fhíaláin, Uí Ifearnáin, Mec Eochadha, Uí Eachadháin,
Uí Ghnímh, Uí Lorcáin, Mec Mhuiridhe, agus iomad ele,
mur tuigthear as an rann-so:




Atáid cúigear ceann fine
le coimhéad ar ccerdi-ne,
Ó Duineachair, Ó Dearcáin,
Ó Cinnín, Ó Coirrdhearcáin,
Ó Diarmadán na nduan nglan
ar shliabhLagán fhuar Uladh.




Aderid áos leam fén gurob íad na cinn fhine-sin do
thosaigh an dán leantur le háos dána gus anois, gidh
neamhordharca aniú, féch. leth.



Leagha Éreann .i. Uí Shiaghail, Ultaigh, Még Bheath-
adh, Uí Fhearghusa, Uí Cheanndubháin, Clann Mhaoil
Tuile, Clann an Leagha, Uí Chaiside, Uí Rónáin, Uí
Fhinghealaigh, Uí Fhithcheallaigh, Uí Challannáin, Uí
Bholgaighe, Uí Chuiliúin, Uí Mhaoil Édigh, Uí Chonuill,
Uí Leghin, Uí Ícidhe, Uí Bhig-léghind, Clann an Désigh,
Mec Gille Mhartuin, Uí Thuinne, agus dronga eile re gach
ealadhain nach áirbheam ann so, do sgríobh iomad ar a
n-ealadhnuibh fén fá seach.



Atáid maille riú-sin a sdairibh Éreann iomad égeas
n-ughdardha dá n-áirmhithear iomad minsgríbheann
mórlúaigh edir comhairlibh, teasgosgaibh agus senbhríathraibh
sgríobhtha inar sgrebtraibh (Cóir go mbeth sin amhluidh,
óir as íad égsi Éreann badh comhuirleacha ar chríochuibh
Ghaoidheal re linn gach rígh Éreann do urmhór, agus as
aca do bhí dligheadh Éreann uile gan amharus ó ré


L. 93


Aimhirghin Glúinghil meic Mhílidh Espáine go haimsir
Conchabhair meic Neasa, rígh Uladh; agus as iad as mó
do choimhéd é ó sin gus aniú, mur aithnim gan focal
Féneachais i cceann duine ar domhun acht a ffuil ag
aointríar nó ceathrar do chlannuibh ollamhan críche
Connacht. Mo chreach chráite laghad luadh Éreann ar
eólas ná ar uaisle do choimhéud!). Do bhrígh thrá nach
bhfaghaim saothair mhóra nó sgartha as oibrigh ughdar
ele ag na hughdaruibh úd legeam íad gan ainmniughadh
anos. Tairis sin as maith as iontuigthe gurob iad-sidhén
do chuimhnigh i ccartaibh agus a laoidhibh na céda sdair
atáid againn, dá nach bhfagham fós ughdair áiridhe, do
legeadh tré amaoíle luchta a n-aithsgríobhtha; dob édir
fós tré aigeantaibh na n-ughdar fén do legsiod dronga
dhíobh a n-ainmniughadh do sheachna adhbchlois na
glóire díomhaoíne. Drong ele do leg dhíobh a n-ainm-
niughadh dob édir do omhan na ríogh n-úaibhreach 'sa
n-aimsiora a sgríobhthaoí na sdaire úd, óir bí an fhírinne
searbh ar úairibh. Acht cib ionnus ar sgarsad a
sloinneadh óna n-ughdaraibh fén, ní hédir nach ughdair
eólcha do dheachtaigh íad. Conadh esdibh-sin uile (ní
híad amháin) as soichrete iliomad eólach Éreann in gach
am deóigh i ndeóigh, gin go n-áirbheam acht uathadh
díobh síos mur so síar; gidh eadh, áirbheam an mhéd
dá n-oibribh ris nach bhfagham ughdair i n-ainm ananma
.i. Anomymus.



DONA HUGHDORAIBH UDHEASDA



Bíodh go bhfuighmís iomad re rádh re Fiontuin agus
cáil égin re Parthalón légeam seacha íad in uair-se, ag
tosughadh re hoibribh Gaoidheal ós íad (beagnach) as
sine 's as lía againn, agus do bhrígh nach lór le gach áon
ughdardhas Fhionntuin (gémadh lór linne agus go ccoiseón-


L. 94


maois re ccách é) agus nach álainn linn tosach na hoibri-si
do bheth aimhirsioch ná imreasnach, ná áonchuid di
cheana, gin gurob rún aonughdar ionáirmhe, go háiridhe
do na harsataibh darob édir d'fhagháil don dula-sa do
dhearmad innte.



Fiontain mac Bóchna. Féch a oibre isin leathanach.



Parthalón mac Seara, ceann cédghabhála Éreann iar
ndílinn. Féch leath.



Fénius Farsaidh (ó ffuilid ríoghraidh Sgithia agus
Ghaoidhel uile) darbho hainm ele Reva nó Rífa Sgot
(ar a bheth 'na ardtaoisioch ar an Sgithia dhó, ó nach
raibhe ainm rígh ar domhan in uair-sin, acht taoísioch
ainm dob uaisle aca), mac-sidhén Bhaaith mec Magoig
mec Iafeth mec Naoí táinig ón dílinn. As é an Fénius -
sin (seanathair Ghaoidhil Ghlais ó ffuilid Gaoidhil uile)
cédughdar na Sgot .i. na nGaoidheal i ccoitchinne a leth
na Gaoidhelge darob ainm Sgoitic; úair trá, in úair do rineadh
Tor Neamhruaidh dob aon Fénius don dá
thaoisioch seachtmhoghad bádar gá ghénamh; agus ann sin,
mur do measgadh orra an t-aoinbhérla baoí aca, tré
uabhar a ngníomh, do thionnsgain Fénius mur chách
béarla úaidh fén maille rena sgoil, .i. an Sgoitic, dár
goireadh Gaoidhealg go gar iar sin, ar a togha d'Fhénius,
darbho ainm ele Rifa Sgot, mur do ráidheas cheana, ba
flaith Sgithia in ionbhuidh-sin. As aire goirthear Gaoidh-
ealg dí, ar mbeth do Ghaoidheal mac Etheóir ('na sgoláire
ughdordha ar sgoil Féniusa) do neoch mur ba ferleasach
na Gaoidhelge é, fós óna beth 'na teangaidh dhútchchuis
ag Gaoidhealuibh iar sin gus aniú.



Fénius reamhráite as é cédughdar do sgríobh uaidhe
fén an leabhar darob ainm Uraiceacht na nÉcceas;


L. 95


leabhar sin as seantobar bunadhach don Bhethe Luis
Nin an Oghaim .i. aibgidir, gramadach Gaoidhelge, agus
iomad eóluis ele isin Ghaoidhealg cheana. Aderid leabhair
gurob ag an Tor do sgríobhadh nó do háirgheadh
Uraiceacht. Cosmhuil gomadh aige a haireag agus a
foirbhthiughadh; baile i n-abair Uraiceacht fén mur so
a-der: "Fénius Farsaidh, Íar mac Néma agus Gaoidhel mac
Etheóir in aimsir tánghadar Clann Israel a hÉgipt
arríocht Uraiceacht i nDacia, cidh aderid aroile gomadh
i Muigh Senaair arríocht Uraiceacht, bhaile a bhfríth
an Ghaedhelg cheana."



Oraoíd góm léughthóir darob lér go bhfuilid daoíne
nach ccred ní nach bí i Sgreabtruibh Dé (agus dob
usaide sin do legean leó dá ccredís go cóir a ffuil isin
sgriobtuir fén) agus mur sin nach ccredid sgríbhne do bheth
ar bioth ria sgríbhnibh Maoisi, agus dá rér-sin nach áil leó
sgríobhadh na mbérla iar ccumasg Thuir Neamhruaidh;
ní dob iongnadh an t-iomad bérladh do hairgeadh ann
is gan sgríbhne do aireag dá ccuimhniughadh mur an
ccédna, agus go bhfaighmíd a leabhraibh gur chuimhnigheador
cách ria ndílinn a ndála fén tré caireacteribh i ccartach-
aibh nó in nethibh éxamhla do omhan a mbeth amugha
gan marthain ag daoinibh iar ndílinn. Créd mur sin
no, ní as soilére, nach sgríbheóbhdaoís taoisigh an Tuir
a tteangtha tug Dia dhóibh dá mbeth ar bun go bráth?
Doichrete nach dearnsad.



Ader Eóin i Sgriobtuir nDé in Núaifhiadhnuisi, dá
sgríobhthaoí dála Críosd uile gur theannobair do leanbhruibh


L. 96


an bheatha a ccongbháil; dar le neach, 's a laghad do
dháluibh Críosd ar Slánuightheóra do sgríobhadh i
leabhraibh isin Nuaifhiadhnuisi, ba lía dar le cách do
sgríbhneóiribh, gur roibheag do sgríobhadh a bPeadarlaig,
go háiridhe do dháluibh na ngente, mur as follus gurob
íad a ghnóaighe fén as fearr do-ní gach neach; trésar
mheasda gur mó do dháil an domhuin d'fhágaibh an
sgriobtuir imuigh iná tug lé. Cáit arbh áil le cách cíalla
glice na ngente do dhul as nach ccuimhneóchdaois a
ccaireachtairibh a ccúisi fén, agus méd míana na sean,
séadchomhartha d'fhágbháil dá n-és, agus go n-abarthar
gur dona fáthaibh fá ndearnadh Tor Neamhruaidh,
ionnus go mbeth i ccuimhne cháigh an drong do-ríne é?
Agus caidhe cuimhne ar bioth as búaine ináid sgríbhne,
noch do fhágaibhsiod in uair-sin, go ccead don tí dhiúltus
sin?



Tuilleadh ele, dá n-abradh neach gur óige iná Tor
Neamhrúaidh againne i nGaoidhelg focail (atáid i
nUraiceacht 'sa sinsireacht sgríobhtha chosnuimid ann
so) mur tá "aibgidir," "carachtaire," "litir," "gutha,"
"consoin," nó a lethéd ele do chanamhnuibh, mo fhreagra
air nach seanfhocuil Gaoidhelge iad, acht as iad so a
seanfhocail Gaoidhelge súd, mur tá: Beth-Luis .i. aibgidir;
fuath .i. caireachtaire; fiodh .i. liter; fiodh aireaghdha
.i. gutha; foirfiodh .i. dipthongus (tripthongus), .i.
defhoghrach, trefhoghrach; taobhomna .i. consoin et cetera.
An mhéd atá don mhonadh-sin againn as ag
teacht le Laidin ar ndul i tterce don Ghaoidhelg tarla
dúinn íad, agus ní do anaosdocht ar ar tteangaidh; agus dá
dhearbhadh sin as Beth ó ráitear Beth-Luis ar ccédlitir,
agus í "A" ó ráitear aibgidir, mur bhus lér láimh linn.
Uime sin ní háil leam ó áon gan ar mBeth-Luis agus ar


L. 97


mbérla Sgoitice nó Gaoidhelge do bheth comhaosda agus
admhuid ar n-ughdair fén mur tá ann so. Ní ele fós,
atád dá ghné carachtaire againn i nGaoidhelg agus ní hédir
le haoinneach ar domhun a mhaoidhemh oruinn, agus as
édir dúinne a dhearbhadh gur uainn do ghabh Albanaigh
agus seanShaxonaigh litre, mur as lér i leabhraibh Saxon
fén go hiomdha aniú an admháil-sin, agus aroile dá ffocluibh
sgríobhtha i ccaireachtairibh Gaoidhelge, noch seachnaid
anos ar litribh tíre ele.



Sgol Fhéniusa Farsaidh trá, atá cuid do ughdardhas
na Gaoidhelge 'na leth, óir bádar cúigear ar fhichid isin
sgoil-sin ó bhfríth aibgidir na Sgoitice ag tabhairt litre
thosaigh anma gach fhir dhíobh do ghénamh an Bhethe-
Luis .i. na haibgidre, conadh do rér onóra gach fhir don
sgoil-sin tar a chéle do suidhigheadh litir thosaigh a
anma ar tús, mur so: Beth ó Bhoibhél, Luis ó Ló, Fern
ó Fhorann etc. Óir as mur so dlighthear aibhgidir na
Gaoidhelge do shuidhiughadh, eadh ón: b, l, f, s, n, h,
d, t, c, q, m, g, ng, z, r, a, o, u, e, i, ea, oi, y, io, x, ae.
Ag sin an cairechtaire ghnáithighmíd aniú, agus do bhí a
Saxoin agus i nAlbain uainn. An carachtaire ele, iomorra,
goirthear ogham-chraobh dhe; agus atád trí caoga craobh-
ogham aguinn, as eadh sin cairechtaire Gaoidhelge, agus
an chuid as lia dhíbh sgríobhtha 'na bhfleasga ar
chraobhaibh mur so agus ar mhodhuibh saine ele. As é so
as gnáithche dhíobh: -



Gaoidheal mac Etheóir (darob ainm Gaoidhel mac
Áinghin, uair Etheór agus Áinghean dá ainm bádar ar
athair an Ghaoídhil-si) ó ráitear Gaoidhelg, do bhrígh
gur chuir-sén cumaoin fhocal innte, agus go mbaoi sé ag
dénamh an Uraiceachta maille re Fénius, mur do
ráidhsiom cheana.


L. 98


Iar mac Néma, dalta d'Fhénius Fársaidh, as é do
chuir isin nGaoidhelg na focail choimhcheanguil agus
reamhshuidhighthe darob anmanna iairmbérladha .i.
bérladha Íair mec Néma. Buí an fear-sa i ffarradh
Fhéniusa ag dénamh Uraicheacht.



Nél mac Féniusa Farsaidh, ba príomhshaoí sidhén
isna hilbhérluibh, ní áirbhim an Sgoitic, conadh i ngioll
ar a fhoghluim fuair-sén Sgota, inghean Forainn, rígh
Égipte, maille risin fearonn darob ainm Capa Ciorunt
ar bhrú Mhara Robhuir. As é an Nél-so athair Gaoidhel
Ghlais ó ttáid Gaoidhil. Do shíol an Ghaoidhil-si do
thairngir Maoisi gabháil Éreann iar ccén in uair do leghis
Maoísi ó nimh na nathrach é.



Caoi Caoinbhreacthach, príomhughdar esidhén. Féch
leathanach.



Caichear Draoí, bá do phrímheólchaibh Gaoidheal ar
tteacht dóibh a hÉgipt; agus a Sgithia do thairrngir an
draoi-sin Ére do Ghaoidheluibh dia mbádor ar muir.
As eadh adubhairt: "Í, aill, ara." "Í" .i. "inis," "aill,"
.i. "uasal," "ara" .i. "iomramh," eadh ón, "biam ag
iomramh go riocheam inis uasal" .i. Ére; "agus ní sinn
fén," ar Caichear, "rachus go hÉrinn, acht ar cclanna
iar ccéadaibh bliadhan. As ann do mhair an Caichear-sa
re linn . . .



Caichear ele iomorra, Mantan, Fulman, draoíthe íad.



Séghdha, Sobhairghe agus Suirghe bádor eóluigh ag
Mílidh Easpáine.



Goisdean agus Donn bádar bretheamhain.



Do eólchaibh Gaoidhel ria tteacht i nÉrinn ann sin.



Tuig nach gan eóluigh baoí Ére rompa, mur bhus lér
ag labhairt ar prímhleabhruibh Gaoidhel dúinn; agus as
uime nach ccuirmid síos ann so fó leth iad, mur atáid
fén agus ughdair iomdha ele i ccuibhreannuibh im leabhraibh
iomdha do cuireadh i cceann i ccéle le hughdoruibh as


L. 99


dégheancha táinig iná iad-san, agus gur mhór an t-ualach
dhúinn a ndealughadh isin aimsir-si. Gidh eadh, ag so
bérladha na ngabhál táinig i nÉrinn ría nGaoidhealuibh;
Ceasair, inghean Beatha mec Naoi mec Laimiach, Goirthigearn
lé .i. bérla fhear ndomhuin ria tTor Neamhrúaidh;
Partholón Grécc les; Nemhidh Grécc agus Laidin
les; Fir Bholg Grécc, Laidin, Breathnuis agus Bealgoth leó;
Tuatha Dé Danann Gearmáin, Laidin, Grécc, Gaoidhelg
agus Bealgoth leó; Fomhóraigh Cioclaides leó; Gaoidhil
Scoitic nó Gaoidhelg leó et cetera.



As iad Gaoidhil as oireaghdha táinig i nÉrinn .i. mec
Mhílidh Easpáine, noch as lér a leabhraibh Gaoidheal;
agus as é, gé do bhádar ughdair ele aca, duine ba dearsgnuidhe
díobh uile, agus ba bretheamh agus ollamh aca .i. Aimhirghin
Glúingheal, an file do ríne rosgadha i n-aighidh dhruadh
Thuath Dé Dhanann ag teacht i nÉrinn do Chloinn
Mhílidh. As do na rosgadhoibh-sin "Áiliu iath nÉreann,"
etc., .i. "guidhmid fearonn Éreann do rochtain dúinn."
Aimhirghin Glúingheal ag teacht i ttír i nInbhear Colpa
do ráidh an rosgadh dan tosach "Am gaoth i muir,"
etc. Aimhirghin fós do ráidh an rosgadh thosaigheas
mur so "Iasgach muir," etc. An tAimhirghin-si trá,
mac Mílidh Easpáine, rígh Easbáine, ar ngabháil Éreann
dó fén agus dá bhráithribh do sgríobh sé leabhar don
Uraiceacht, do neoch leanus do leabhar Fhéniusa Farsaidh,
mur do reamhráidhsiom. Gramadach Gaoidhelge an
leabhar-san fós. Atáid rosgadha agus breatha ar sloicht
Aimhirghin i nGabháltus agus bhFéneachus, mur as lér
ar aile dhíobh agus Leabhar Gabhála Éreann dá rug
Aimhirghin breth edir Macaibh Mílidh agus Tuath De


L. 100


Dhanann im Érinn, mur adubhairt, "Fir thórachta
tuinidhe."



As íad sliocht Aimhirghin Ghlúinghil i nÉrinn .i.
Orbraighe Thrágha Tuirbhe agus Uí Eneachghlais Chualann
agus Uí Laoghaire i nDaimhinis. Agus torchair Aimhirghin
i ccath Bile Teneadh:




Aimhirghin, file na bhfear,
marbh i ccath Bhile Teneadh.




Genealach Aimhirghin Ghlúinghil .i. Aimhirghin mac
Mílidh rígh Espaíne, mec Bile rígh Espáine, mec Breoghain
rígh Espáine, mec Brátha, mec Deaátha fhlaithe Gaothluidhe,
mec Earchadha fhlatha Gaothluidhe, mec Allóid
flatha Gaothlaidhe, mec Nuadhad flatha Gaothlaidhe,
mec Neanúail flatha Gaothlaidhe, mec Febrigh Ghlais
flatha Gaothlaidhe, mec Agnóin Fhinn fhlatha
Gaothlaidhe, mec Ébhir Ghlúinfhinn flatha Gaothlaidhe, mec
Láimhinn, mec Adhnomuin, mec Tait rígh Sgithía, mec
Aghamuin rígh Sgithia, mec Beomuin rígh Sgithía, mec
Ébhir cédrígh Sgithía d'fhine Ghaoidhil, agus fá rí é ón
Sgithia thuaisgeartaigh go trácht Mara Caisp, mec Stú
fhlatha Capa Ciorunt i nÉgipt, mec Easrú fhlatha Chapa
Ciorunt, mec Gaoidhil Ghlais (ó ttád Gaoidhil) fhlatha
Capa Ciorunt, mec Niúil cédfhlatha Capa Ciorunt, mec
Féniusa Farsaidh flatha Sgithía. Atá an chuid ele don
ghenealach-sin isin leathanach 6 agus isin leathanach 7.
Ba feasach foghlomtha calma cathach an t-úasalollamh-
sin Aimhirghin Glúingheal.



Lughaidh (mac Íthe mec Breóghain reamhráite, rígh
Easpáine) do-róine laoidh ttrúaigh dá mhnaoí fén fúair
bás do náire tré fhaicsin fhir nochta. Fíal ainm na
mná-sin. Uaithe ráitear Inbhear Féle i Mumhuin. Mur
so thosaigheas a marbhnath: "Suidheam sonn ar an
trácht." Ón Lughaidh-sin tánghadur uathadh ríogh
nÉreann agus flaithe móra a Mumhuin; dá n-iarsmuibh
Ó hEdirsgeóil, Ó Cuirín, Ó Cobhthaigh, Mág Flannchuidh
agus aroile.


L. 101


Luighne mac Éreamhóin, rígh Éreann 15 bliadhna,
mec Mílidh rígh Espáine, féch leathanach 13. Aoís
domhuin 3051 bliadhain ag gabháil nÉreann d'Ereamhón.
Luighne reamhráite (baoí sé seal i ccoimhríghe nÉreann
maille le a dhearbhráithribh Muimhne, agus Laighne) atáid
aroile do dhlighthibh Gaoídheal dá légean 'na leth. mur
ader (an lebhar Féneachais darob ainm Édghedh) atá
isin Aibgidir Luighne mec Éreamhóin ag tráchtadh ar na
slighthibh a cciontaighthear i n-aighidh dlighidh mur
atá comhraite, anbhfót, torbha, agus easbha.



Ollamh Fódla, rí Éreann, do ghabh Érinn i n-aoís
domhuin 3883 bliadhuin. Eochaidh céadainm an aird-
ríogh-sa, agus as uime goirthear Ollamh Fódla dhe ar a
bheth 'na ollamh Éreann ar eólus dó, do bhrígh go
bhfuráileadh sé seanchus Éreann do sgríobhadh gacha
treas bliadhna i bhFes Teamhrach, noch do ordaigh an
ré cédna do fhoirbhthiughadh an nósa-sin fén; agus do
fhágaibh sé an dligheadh-sin ar bun gur bearnadh ríghe
nÉreann ar Gaoidhealuibh. Ar an Fhes-sin Teamhrach
adubhairt Dinnsheanchus:




Fes Teamhra gach treas bliadhna
do chomhall reachta is riaghla
do-ghníthe an tráth-sin go teann
ag ríoghaibh áilne Éreann.




As é an tOllamh-sin do-ríne Múr nOllamhan i
tTeamhraigh agus as uaidh ainmnigh<th>ear Ulaidh, agus
tánghadar Clanna Rudhraighe agus seanUltaigh Éreann
cheana. Ba rí maith é.



Roighne Rosgadhach mac Úghoine Mhóir, rígh Éreann,
as ughdar oirherc é i ndligheadh Gaoidheal gomadh ar
iomad na rosgadh fileata dlighidh do-ríne sé goirthear
Roighne Rosgadhach dhe. Aoís dhomhuin 4567 bliadhuin
an uair do ghabh Úghoine Mór, athair an Roighne-si,
ríghe nÉreann. Úghoine iomorra, rí Éreann 40 bliadhain,


L. 102


mac Eathach Buadhaigh mec Duach Ladhgraigh, do
ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4453 bliadhna, agus baoi
10 mbliadhna ina ríghe, mec Fiacha Tolgraidh, rígh
Éreann 10 mbliadhna, do ghabh Érinn i n-aois domhuin
4395, mec Muireadhoigh Bholgraigh, rígh Éreann bliadhain
agus mí, do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 4307, mec
Síomóin Bhric rígh Éreann 6 bliadhna do ghabh Érinn i
n-aoís dhomhuin 4291, mec Aodháin Ghlais, mec Nuadhad
Finn Fáil rígh Éreann 40 bliadhuin do ghabh Érinn i
n-aoís dhomhuin 4199, mec Giallchadha rígh Éreann 9
mbliadhna do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 4178, mec
Oilealha Ólchaoín, mec Síorna Shaoghlaigh rígh Éreann
150 bliadhuin do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 4020,
mec Dén, mec Démain, mec Roitheachtaigh rígh Éreann
25 bliadhuin do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3818,
mec Maoín, mec Aonghusa Olmucadha rígh Éreann 18
bliadhain do ghabh Érinn i n-aoís domhuin 3775, mec
Fiacha Labhrainne rígh Éreann 24 bliadhna do ghabh
Érinn i n-aoís domhuin 3728, mec Smiorghuill, mec
Enbotha, mec Tighearnmhuis rígh Éreann 77 bliadhain
do ghabh Érinn i n-aois dhomhuin 3580, mec Fodhlaigh,
mec Ethreóil rígh Éreann 20 bliadhain do ghabh Érinn
i n-aoís dhomhuin 3530, mec Írél rígh Éreann 10
mbliadhna do ghabh Érinn i n-aoís dhomhuin 3520, mec
Éreamhóin rígh Éreann 15 bliadhna do ghabh Érinn i
n-aoís dhomhuin 3502, agus rígh Easbáine cédus, mhec
Mílidh rígh Espáine, etc., féch leathanach 13 ag genealach
Aimhirghin.



Roighne file, mac Úghoine Mhóir reamhráite do ráidh
an rosgadh rofhada dan tosach: "A mhec áin Úghoine,
co soich do rus, Éreann i ngabháil," et cetera, labhrus ar
imtheachtaibh Gaoidheal ó d'fhágaibhsiod Sgithia gur
ghabhsad Éirinn, agus do roinn Éreann eatorra cona
ttaoisiochaibh. As aire do-ríne Roighne an rosgadh-sin
díar fhiarfaigh a dhearbhráthair fén Mál mhac Úghoine
sgéla gabhál Ghaoídheal agus Éreann de.


L. 103


Ciombaoth rí Éireann mac Fiontain. Do leasaigh-
eadh eólus re a linn.



Naoinde Naoimbreathach mac inghene Dháire mec
Deadhaigh (do ríoghraidh Síl Éreamhóin Clanna Deadhoigh
o ttánghador ríogha iomdha cóigeadh agus Éreann agus
Alban ní as roilía). Ní feas athair Naoinde acht aroile
fear tarla ara mháthair isin tráigh a ccomhfhochraibh
Chathrach Shlébhe Mis, áit ar hoileadh í lé a hathair;
óir nír áil les a legean a measg fhear, óir do thairrngirsiod
fáidhe (an oidhche do geneadh an inghean-sin) in úair
do-bhéuradh sí mac go bhfuigheadh a hathair bás. Gidh
eadh, tar choimhéd a hathar uirre, do toirrcheadh í ón
fhear anaithnidh reamhráite, agus do bhí sí naoí mís agus naoí
mbliadhna torrach tré dhraoidheacht nár édir dí clann
do bhreth, agus ann sin rug sí an mac reamhráite; agus an
úair rugadh é rug sé na naoí mbreatha-sa síos, noch atád
ar coimhéd ó sin a-lle a lebhraibh Éreann .i. ní bhearaid
rae ratha. gach teangaidh a dearosg. gach bí a bhiath-
adh. gach dícceann go rígh. gach maic a mháthair.
gacha mná a crioslach. gach bó a boinín. gach degil
a derbhine. gach ciontaigh a chion.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services