Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaoth ag Fear Lóin gan luing.
Title
Gaoth ag Fear Lóin gan luing.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GAOTH AG FEAR LÓIN GAN LUING. Tá mórán de gach cineál Gaedhilge le cur i gcló againn. Rogha Ghaedhilge ar fad is eadh é. Is truagh linn gan tuilleadh slighe againn le n-a chur i gcló gan ró- mhoill. Dá mbíodh dhá oiread Irisleabhar dhá gceannach, is dócha go bhfeadfaidhe dhá oiread léigheanntachta do chlódhbhualadh ann gach mí. Ní beag dá leigheas sin a bhfuil ar chumas lucht léighte an Irisleabhar, agus ar chumas na gcumann nGaeidhilge i nÉirinn agus tar lear. 'Nuair ba mhian leis an Athair Eoghan Ó Gramhna an tIrisleabhar do chur amach gach mí, thug lucht cosanta na Gaedhilge iarracht ag cabhrughadh leis, agus dá bharr sin atá breis agus deich n-oiread Irisleabhar dhá gceannach ó shoin. Dá dtugaidís iarracht eile feasda, nó b'fhearr linn a rádh, dá gcuiridís rómpa bheith ag sír-fheuchain, ar uain agus ar antráth, le heolus do chraobh-sgaoileadh ar an Iris- leabhar agus ar gach nídh eile do rachadh i dtairbhe do'n Ghaedhilg, ní bheidheadh an gearán beag bídeach so féin le deunamh againn. Ag so síos urmhór dá bhfuil ar láimh againn cheana, agus heagal linn go mbudh lughaide bheidheas dúil agaibh san mbiadh so, boladh bheag d'fhágháil air roimh-ré: Sgeulaidheacht. Seadhna: leis an Athair Peadar Ua Lao- ghaire. Ní'l a leath i gcló fós. An Chaoi ar cuireadh ar gcúl Custom ar Fhataidhibh i nGaillimh: le Seaghán Ó Flaith- bheartaigh. Cath na Trágha Báine: leis an bhfear gceudna. Is ar fheabhas Gaedhilge Connacht an dá sgeul sin. Seaghán na Nodlag: M. O Broin, i nAimeiriocá. An Dreoilín agus an Fiolar: Seaghán Ó Corcraigh. An Mac Ríogh nach ndeunfadh Comhairle: Peadar Mac Fionnlaoigh. Seaghán Mac Séarthaigh: Séamus O Séaghdha. Agus beagán de mhin-sgeulaidh- eacht eile.
Filidheacht Dán ag Moladh na Gaedhilge: Séamus Ó Séaghdha. Dán ag Moladh Sagairt éigin: ní'l fios cia is ughdar dó. An tAthair Labhrás Ormond, C.C., do chuir chugainn é. An Fhalartha Ghorm: Diarmuid mac Sheáin Bhuidhe agus filidh eile do chan, ag caoineadh eich an Diarmada sin. An tAthair Peadar Ua Laoghaire do sgríobh. Coillte Glasa an Triúcha, agus a cheol: ó Sheosamh Laoide. Aicíd an Ghrádha: Peadar Mac Fionn- laoigh do chuir i sgríbhinn é. Maslughadh an Phíopa: Seoirse Osborn dho chan. “Mac N.” i nGaillimh do chuir chugainn é. Agus tuilleadh nach sloinntear annso de'n turus so. Sean-Ráidhte. Fuaramar sean-ráidhte ó na daoinibh so .i. Donnchadh Ua Súilliobháin, Finghin Ua Loingsigh, “P.C.,” D.J. Galvin, Osborn Ua hAimhirgin, etc. Agus ta tuilleadh geallta dhúinn. Ceachta Eugsamhla: Trácht ar Easguine: leis an Athair S. Ó Raghallaigh i nAustralia (ní seanmóir é). “Is” agus “Tá”: leis an Athair Peadar Ua Laoghaire. “Gabhaim”: le Seaghán Pléimionn. Agus tuilleadh. Nótaidhe Eugsamhla: Ó na daoinibh so leanas agus ó dhaoinibh eile: Finghin Ó Loingsigh, Seosamh Laoide, “P.C.,” C.P. Bushe, “Seandún,” Padruig Mac Cárthaigh, Micheál de Neagh, An tAthair Peadar Ua Laoghaire, J. Rogers, Barrow- in-Furness, “J.L.” (Macroom). “Mac N.” (i nGaillimh), Tadhg Ó Donnchudha, “Oide Sgoile” i nDeasmhumhain, an tAthair Seaghán Mac Conmara, “Eoghan Ruadh” i dTír Chonaill. Paidreacha agus Dánta Crábhaidh. Dán an Tuir: “Fionnghuala” d'aith- sgríobh. Adeste Fideles i nGaedhilg: “Seandún” d'aithsgríobh. Aithrighe Sheáin de Hórtha: “Cláiríneach” do chuir i sgríbhinn é, ar n-a cloistin só ag sean-fhear i dTuadhmhumhain. Seacht nAthchuingidhe a Seachtmhuine: “MacN.” do sgríobh. Agus paidreacha eile ó'n Athair Micheál Ó hIceadha, ó “Mhac N.,” ó Thadhg Ó Donnchudha, agus ó dhaoinibh eile. Is fada linn féin gan sin go léir fá chló; acht tá leigheas air, mar adubhramar cheana. Ní hí an ghaoth atá againne gaoth ag fear luinge gan lón, acht gaoth ag fear lóin gan a dhíol de luing aige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services