GAOTH AG FEAR LÓIN GAN LUING.
Tá mórán de gach cineál Gaedhilge le
cur i gcló againn. Rogha Ghaedhilge ar fad
is eadh é. Is truagh linn gan tuilleadh
slighe againn le n-a chur i gcló gan ró-
mhoill. Dá mbíodh dhá oiread Irisleabhar dhá
gceannach, is dócha go bhfeadfaidhe dhá oiread
léigheanntachta do chlódhbhualadh ann gach mí.
Ní beag dá leigheas sin a bhfuil ar chumas
lucht léighte an Irisleabhar, agus ar chumas na
gcumann nGaeidhilge i nÉirinn agus tar lear.
'Nuair ba mhian leis an Athair Eoghan Ó
Gramhna an tIrisleabhar do chur amach gach
mí, thug lucht cosanta na Gaedhilge iarracht
ag cabhrughadh leis, agus dá bharr sin atá breis
agus deich n-oiread Irisleabhar dhá gceannach ó
shoin. Dá dtugaidís iarracht eile feasda,
nó b'fhearr linn a rádh, dá gcuiridís rómpa
bheith ag sír-fheuchain, ar uain agus ar antráth,
le heolus do chraobh-sgaoileadh ar an Iris-
leabhar agus ar gach nídh eile do rachadh i dtairbhe
do'n Ghaedhilg, ní bheidheadh an gearán beag
bídeach so féin le deunamh againn.
Ag so síos urmhór dá bhfuil ar láimh
againn cheana, agus heagal linn go mbudh
lughaide bheidheas dúil agaibh san mbiadh so,
boladh bheag d'fhágháil air roimh-ré:
Sgeulaidheacht.
Seadhna: leis an Athair Peadar Ua Lao-
ghaire. Ní'l a leath i gcló fós.
An Chaoi ar cuireadh ar gcúl Custom ar
Fhataidhibh i nGaillimh: le Seaghán Ó Flaith-
bheartaigh.
Cath na Trágha Báine: leis an bhfear
gceudna. Is ar fheabhas Gaedhilge Connacht
an dá sgeul sin.
Seaghán na Nodlag: M. O Broin, i
nAimeiriocá.
An Dreoilín agus an Fiolar: Seaghán Ó
Corcraigh.
An Mac Ríogh nach ndeunfadh Comhairle:
Peadar Mac Fionnlaoigh.
Seaghán Mac Séarthaigh: Séamus O
Séaghdha. Agus beagán de mhin-sgeulaidh-
eacht eile.
Filidheacht
Dán ag Moladh na Gaedhilge: Séamus Ó
Séaghdha.
Dán ag Moladh Sagairt éigin: ní'l fios
cia is ughdar dó. An tAthair Labhrás
Ormond, C.C., do chuir chugainn é.
An Fhalartha Ghorm: Diarmuid mac Sheáin
Bhuidhe agus filidh eile do chan, ag caoineadh eich
an Diarmada sin. An tAthair Peadar
Ua Laoghaire do sgríobh.
Coillte Glasa an Triúcha, agus a cheol: ó
Sheosamh Laoide.
Aicíd an Ghrádha: Peadar Mac Fionn-
laoigh do chuir i sgríbhinn é.
Maslughadh an Phíopa: Seoirse Osborn
dho chan. “Mac N.” i nGaillimh do chuir
chugainn é. Agus tuilleadh nach sloinntear
annso de'n turus so.
Sean-Ráidhte.
Fuaramar sean-ráidhte ó na daoinibh so
.i. Donnchadh Ua Súilliobháin, Finghin Ua
Loingsigh, “P.C.,” D.J. Galvin, Osborn Ua
hAimhirgin, etc. Agus ta tuilleadh geallta
dhúinn.
Ceachta Eugsamhla:
Trácht ar Easguine: leis an Athair S.
Ó Raghallaigh i nAustralia (ní seanmóir é).
“Is” agus “Tá”: leis an Athair Peadar
Ua Laoghaire.
“Gabhaim”: le Seaghán Pléimionn. Agus
tuilleadh.
Nótaidhe Eugsamhla:
Ó na daoinibh so leanas agus ó dhaoinibh eile:
Finghin Ó Loingsigh, Seosamh Laoide, “P.C.,”
C.P. Bushe, “Seandún,” Padruig Mac
Cárthaigh, Micheál de Neagh, An tAthair
Peadar Ua Laoghaire, J. Rogers, Barrow-
in-Furness, “J.L.” (Macroom). “Mac N.”
(i nGaillimh), Tadhg Ó Donnchudha, “Oide
Sgoile” i nDeasmhumhain, an tAthair
Seaghán Mac Conmara, “Eoghan Ruadh” i
dTír Chonaill.
Paidreacha agus Dánta Crábhaidh.
Dán an Tuir: “Fionnghuala” d'aith-
sgríobh.
Adeste Fideles i nGaedhilg: “Seandún”
d'aithsgríobh.
Aithrighe Sheáin de Hórtha: “Cláiríneach”
do chuir i sgríbhinn é, ar n-a cloistin só ag
sean-fhear i dTuadhmhumhain.
Seacht nAthchuingidhe a Seachtmhuine:
“MacN.” do sgríobh.
Agus paidreacha eile ó'n Athair Micheál
Ó hIceadha, ó “Mhac N.,” ó Thadhg Ó
Donnchudha, agus ó dhaoinibh eile.
Is fada linn féin gan sin go léir fá chló;
acht tá leigheas air, mar adubhramar cheana.
Ní hí an ghaoth atá againne gaoth ag fear
luinge gan lón, acht gaoth ag fear lóin gan
a dhíol de luing aige.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11