Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na trí chomhairlidhe. (Donegal Irish)
Title
Na trí chomhairlidhe. (Donegal Irish)
Author(s)
Mac Fionnlaoigh, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Trí Comhairlidhe. Bhí seanduine ag fagháil bhais agus scairt sé ar a mhac go taobh a leaptha agus thug sé na trí comhairlidhe so dhó: gan a bheathach a thabhairt abhaile ó'n aonach dá dtiucfadh leis luach maith d'fhagháil air; gan fios a bhochta- nacht' thabhairt d' á cháirde; gan mná a phósadh gan aitheantas. Fuair an seanduine bás agus smuain a mhac go gcuirfeadh sé feuchail ar na trí comhairlidhe. Thug sé capall maith a bhí aige go dtí an t-aonach; thairg fear uasal luach mór ar an mbeathach acht ní dhíolfadh an t-ógánach é agus thug abhaile arís é. Lár ar n-a mhárach léim an capall thar cloidhe agus bhris a luirg. Ní raibh gacha mhaith ann ní bu mhó agus mharbh an buachaill é agus bhain sé a chos de agus chroch sé an chos i n-áirde i n-a theach le cur i gcuimhne dhó an deagh-chomhairle thug a athair dhó. Tamall 'n-a dhiaidh sin chuaidh sé ar chuairt chuig a dheirbhshiúra a bhí pósta agus a bhí 'n-a comhnuidhe fa thuairim fiche míle ó a bhaile. Chuir sé droch-éadaigh air féin, mac-a-shamhail bacaigh bhoicht. Bhí compánacht de dhaoine galánta i dteach a dheirbhshiúra an oidhche sin ag cathadh feusta agus bhí náire ar a dheirbhshiúr é a thabhairt 'n-a measg. Is é rinn sí é do chur isteach san sgioból agus leabaidh a chóiriughadh dhó annsin an oidhche sin. Chuir sí amach bainneóg aráin choirce chuige le n-ithe; níor fhan sé i bhfad annsin acht d'imthigh leis abhaile arís. Acht rug sé leis an bhainneóg aráin choirce agus chroch i n-áirde í i neas do luirg an chapaill le cur i gcuimhne dhó an dara comhairle thug a athair dhó.
Seal n-a dhiaidh-sin d'imthigh sé ag cuair- teadh mná dhó féin agus chuaidh sé as a pharaisde féin i n-áit nach raibh mórán eolais aige ar na daoine. Chuaidh sé chum tighe ins an áit sin agus d'iarr sé bean. Bhí óg-bhean ann agus dubhairt sí go bpósfadh é agus rinne siad cleamhnas mar sin de. D'fhan sé an oidhhche sin agus cuireadh 'n-a luighe é i seomra i n-a raibh dhá leabuidh. Bhí abhac cruideanach fa'n teach agus bhí sé 'n-a luighe 'san leabuidh eile. I lár na hoidhche mhothuigh sé an cruiteanach gránna ag éirghe agus ag dul amach as an tseomra. Bhreathnuigh sé nach rud maith a bhí ar chois aige agus lean sé é. Chuaidh an bitheamhnach beag salach isteach san tseomra i n-a raibh an cailín óg 'n-a luighe agus d'fhan sé annsin. Shaoil an fear óg go raibh sé féin fada go leór annsin agus d'éirigh as an teach agus d'imthigh leis acht fuair sé croisín a bhí ag an chruiteanach agus rug leis í agus chroch anáirde í i n-éinfheacht le luirg an chapaill agus le'n bhainneóg aráin choirce, ar mhodh nach ndeanfadh sé dearmad ar an tríomhadh comhairle a thug a athair dhó. Annsin rinne sé féasta mór agus thug cuireadh d'á chomhursanaibh agus d'á dhaoinibh muintire alig agus i measg na coda eile do'n fhear a bhí ag ceannacht a bheathaigh, d'á dheirbhshiúr, agus do'n chailín a raibh sé lé n-a pósadh. 'Nuair a bhí an suipéar thart agus an biotaille ar an bhórd, thoisigh siad ag ól sláintidhe agus ag innsint sgéalta, agus bu é an sgéal a d'innis an t-ógánach fa na trí comhairlidhe a thug a athair dhó. “Agus,” ar seision, “chruthuigh mé go raibh siad go maith, óir,” ar sé leis an fhear a bhí ag ceannacht an chapaill, “thuit an capall sin a bhí tusa ag ceannacht thar cloidhe, agus bhris a luirg, agus súd í crochta i n-áirde; agus,” ar sé le n-a dheirbhshiúir, “chuaidh mé do d'theach-sa i gcosamlacht fhir dhéirce agus chuir tú amuigh san sgiobol mé agus thug bainneóg aráin choirce le mo bhiadh dhom, agus do chomhursana istigh 'san teach ag ithe feola agus ag ól fíona, agus súd thuas do chuid aráin choirce go fóill. Agus,” ar sé, ag tiontughadh do'n óigbhean, “chuaidh mé dod' iarraidh-se le do phósadh, gan aithne air bith agam ort, agus an oidhche sin chuaidh an abhac bradach cruiteanach isteach in do sheomra agus súd thuas an chroisín a d'fhág sé ag dorus an tseomra ag dul isteach dó. Bhéarfaidh mé m'fhocal daoibh nach ndéanfad a choidhche arís dearmad ar na trí comhairlidhe críonda so a thug máthair dhom ag fagháíl bháis dó.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services