Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na trí chomhairlidhe. (Donegal Irish)

Title
Na trí chomhairlidhe. (Donegal Irish)
Author(s)
Mac Fionnlaoigh, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Na Trí Comhairlidhe.



Bhí seanduine ag fagháil bhais agus scairt sé
ar a mhac go taobh a leaptha agus thug sé na
trí comhairlidhe so dhó: gan a bheathach a
thabhairt abhaile ó'n aonach dá dtiucfadh leis
luach maith d'fhagháil air; gan fios a bhochta-
nacht' thabhairt d' á cháirde; gan mná a
phósadh gan aitheantas.



Fuair an seanduine bás agus smuain a mhac
go gcuirfeadh sé feuchail ar na trí comhairlidhe.
Thug sé capall maith a bhí aige go
dtí an t-aonach; thairg fear uasal luach
mór ar an mbeathach acht ní dhíolfadh an
t-ógánach é agus thug abhaile arís é. Lár ar
n-a mhárach léim an capall thar cloidhe agus
bhris a luirg. Ní raibh gacha mhaith ann ní
bu mhó agus mharbh an buachaill é agus bhain sé a
chos de agus chroch sé an chos i n-áirde i n-a
theach le cur i gcuimhne dhó an deagh-chomhairle
thug a athair dhó.



Tamall 'n-a dhiaidh sin chuaidh sé ar chuairt
chuig a dheirbhshiúra a bhí pósta agus a bhí 'n-a
comhnuidhe fa thuairim fiche míle ó a bhaile.
Chuir sé droch-éadaigh air féin, mac-a-shamhail
bacaigh bhoicht. Bhí compánacht de dhaoine
galánta i dteach a dheirbhshiúra an oidhche sin
ag cathadh feusta agus bhí náire ar a dheirbhshiúr
é a thabhairt 'n-a measg. Is é rinn sí é do
chur isteach san sgioból agus leabaidh a chóiriughadh
dhó annsin an oidhche sin. Chuir sí amach
bainneóg aráin choirce chuige le n-ithe;
níor fhan sé i bhfad annsin acht d'imthigh leis
abhaile arís. Acht rug sé leis an bhainneóg
aráin choirce agus chroch i n-áirde í i neas do
luirg an chapaill le cur i gcuimhne dhó an
dara comhairle thug a athair dhó.


L. 9


Seal n-a dhiaidh-sin d'imthigh sé ag cuair-
teadh mná dhó féin agus chuaidh sé as a pharaisde
féin i n-áit nach raibh mórán eolais aige ar
na daoine. Chuaidh sé chum tighe ins an áit
sin agus d'iarr sé bean. Bhí óg-bhean ann agus
dubhairt sí go bpósfadh é agus rinne siad
cleamhnas mar sin de. D'fhan sé an oidhhche
sin agus cuireadh 'n-a luighe é i seomra i n-a
raibh dhá leabuidh. Bhí abhac cruideanach
fa'n teach agus bhí sé 'n-a luighe 'san leabuidh
eile. I lár na hoidhche mhothuigh sé an
cruiteanach gránna ag éirghe agus ag dul amach
as an tseomra. Bhreathnuigh sé nach rud
maith a bhí ar chois aige agus lean sé é. Chuaidh
an bitheamhnach beag salach isteach san
tseomra i n-a raibh an cailín óg 'n-a luighe
agus d'fhan sé annsin. Shaoil an fear óg go
raibh sé féin fada go leór annsin agus d'éirigh
as an teach agus d'imthigh leis acht fuair sé
croisín a bhí ag an chruiteanach agus rug leis í
agus chroch anáirde í i n-éinfheacht le luirg an
chapaill agus le'n bhainneóg aráin choirce, ar
mhodh nach ndeanfadh sé dearmad ar an
tríomhadh comhairle a thug a athair dhó.



Annsin rinne sé féasta mór agus thug
cuireadh d'á chomhursanaibh agus d'á dhaoinibh
muintire alig agus i measg na coda eile do'n
fhear a bhí ag ceannacht a bheathaigh, d'á
dheirbhshiúr, agus do'n chailín a raibh sé lé n-a
pósadh. 'Nuair a bhí an suipéar thart agus an
biotaille ar an bhórd, thoisigh siad ag ól
sláintidhe agus ag innsint sgéalta, agus bu é an
sgéal a d'innis an t-ógánach fa na trí
comhairlidhe a thug a athair dhó. “Agus,” ar
seision, “chruthuigh mé go raibh siad go maith,
óir,” ar sé leis an fhear a bhí ag ceannacht
an chapaill, “thuit an capall sin a bhí tusa
ag ceannacht thar cloidhe, agus bhris a luirg, agus
súd í crochta i n-áirde; agus,” ar sé le n-a
dheirbhshiúir, “chuaidh mé do d'theach-sa i
gcosamlacht fhir dhéirce agus chuir tú amuigh san
sgiobol mé agus thug bainneóg aráin choirce le
mo bhiadh dhom, agus do chomhursana istigh 'san
teach ag ithe feola agus ag ól fíona, agus súd thuas
do chuid aráin choirce go fóill. Agus,” ar
sé, ag tiontughadh do'n óigbhean, “chuaidh mé
dod' iarraidh-se le do phósadh, gan aithne
air bith agam ort, agus an oidhche sin chuaidh an
abhac bradach cruiteanach isteach in do
sheomra agus súd thuas an chroisín a d'fhág
sé ag dorus an tseomra ag dul isteach dó.
Bhéarfaidh mé m'fhocal daoibh nach ndéanfad
a choidhche arís dearmad ar na trí comhairlidhe
críonda so a thug máthair dhom ag fagháíl
bháis dó.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services