Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nach mairg ná bíonn gan ciall. (from Beara.)
Title
Nach mairg ná bíonn gan ciall. (from Beara.)
Author(s)
Ua h-Uallacháin, Domhnall,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Nách mairg ná bíonn gan ciall.” (From Beara.) Bhí sean lánamha ann fad ó agus is fad ó shoin do bhí, agus beidh arís leis, agus tá anois. Mar deuntar i g-cómhnuide do dheiniodar san an uair sin, agus má dheiniodar, méidir ná raibh puínn áthais air chuid acu 'na thaobh, mar a cloisfear air ball. Do mharbhadar bó i g-cómh air an Nodlag agus b'í bó an mhí- áidh í. Nuair bhí sí socair suas, salann airre, agus gach chóir agus ceart eile fághbhaltha aici, dubhairt an sean-fhear le n-a mhnaoi í chur ans an dtobán agus í leagaint ann go ngeobhadh Scríob Liath an Earraig thársa. Do chuir, acht níor leag, mar ní raibh dhá lá caithte nuair a thóg sí suas arís í, mar do ghaibh fear mór siubhail isteach chúiche (thárluigh go raibh an sean fhear amuigh). Do fhiafhraig sí dhe ar bh'é Scríob Liath an Earraig é. Is mé go díreach, ar seision, glaodthar orm é. Má's tú, 'umpaigh do mhála chugam, agus tóg uaim é seo, ag cur na feola isteach ann chuige. D'imthig an fear siubhail uaithe ann sin go háthasach, acht má imthigh tháinig a féar féin chúici go mhí-áthasach. An chéad ghnó do dhein sé: an tobán do chuardach agus má dhein ní raibh ann roimhe acht cubhar agus picil. Nuair a chualaidh sé cad do imthigh air, bhí gach mallacht is measa 'ná a chéile aige airri, acht bhí sé fánach; thug sí cluas bhodhar dho. Seal geárr na dhiaidh do mharbhadar bó eile. Nuair bhí sí socair suas mar an ceann déidheanach, thug sé (an sean-fhear) órdughadh dá mhnaoi, gan aon droch-chaitheamh do thabhairt airri, ní mar an chéadh cheann, air seision, feuch a mbogfhach sí cabáiste bhí air pháirc le hais a thighe, a' cur ainm' air. Bhí go maith agus méidir go olc air ball, mar fuair an bhó seo caitheamh cómh olc leis an mbuin ó chianaibh.
Tiompall seachtmhaine nú dó i n-a dhiaidh sin, thug gnó éinig as an mbaile an sean-fhear, acht má thug bhí gnó gnath- amhail ag an sean-bhean dá dheunamh sa bhaile. Thóg sí an fheoil amach air an bpáirc agus chuir píosa dhi air gach aon tor cabáiste bhí ann. Nuair tháinig sé féin a-bhaile bhí a bholg ag tuitim as leis an ocras. Bhí sé chum blaise feola chur síos do féin, acht má bhí ní raibh sgreatal de roime. Far- aoir geur! Cad d'imthigh ar mo chuid feola? Cár ghaibh sí? ar seision. Cá ngeobhadh sí, air sisi, acht air an gcabáiste mar a dubh- rais liom? Níor bh'aon nídh dhi mallachtaidhe an chéid chinn go dtí í seo, acht ba bhreagh an rud do a bheul bocht do dhúnadh. Bhí sé cómh cráidhte uaithe fa dheire, agus iad féin ó n-a chéile gur fhágadar an tigh air fad. Do im- thig sé féin air dtúis agus dubhairt sé léi-si nuair a bheidheadh sí feín ag imtheacht an doras do tharrac amach 'na diaidh, acht níor bh'fhada do bhí imthighthe nuair tháinig sí suas leis. Seadh! ní h-é seo acht é siúd é, bhí an doras aici leis ceangailthe le téid aniar airri. Ní dubhairt sé pioc. Do imthígheadar ortha agus ní go mall é mar bhí eagla ortha go bhfeicfeadh aon neach iad féin agus an doras acht níor chonnaic. Bhíodar ag imtheacht leo annsin riamh agus choidhche gur thuit an oidhche ortha istigh i gcoill bhreagh. Seadh, arsa iad féin le chéile, tá sé cómh maith againn leaba a dheunamh air tor 'íobh so; agus dheiniodar. leis an doras do shocrúghadh fútha. Ní ró- fhada dhóibh ann mar seo nuair tháinig gaduidhe fé an gcrann. Chuir sé síos teine dho féin, acht má chuir níor chuir riamh ó shoin ans an áit sin, mar do leag an sean bhean an doras do thuitim síos, agus seo an gaduidhe leis. Shaoil sé gur smut do'n spéir do thuit air. Leag sé airgiod agus uile 'na dhiaidh; tháinig an sean lánamha anuas as an tor annsan agus go hádhmharach bhí airgiod an ghaduidhe acu. “Nach mairg ná bíonn gan ciall.” (deireadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services