“Nách mairg ná bíonn gan ciall.”
(From Beara.)
Bhí sean lánamha ann fad ó agus is fad ó
shoin do bhí, agus beidh arís leis, agus tá anois.
Mar deuntar i g-cómhnuide do dheiniodar
san an uair sin, agus má dheiniodar, méidir
ná raibh puínn áthais air chuid acu 'na thaobh,
mar a cloisfear air ball. Do mharbhadar
bó i g-cómh air an Nodlag agus b'í bó an mhí-
áidh í. Nuair bhí sí socair suas, salann
airre, agus gach chóir agus ceart eile fághbhaltha
aici, dubhairt an sean-fhear le n-a mhnaoi í
chur ans an dtobán agus í leagaint ann go
ngeobhadh Scríob Liath an Earraig thársa.
Do chuir, acht níor leag, mar ní raibh dhá lá
caithte nuair a thóg sí suas arís í, mar do
ghaibh fear mór siubhail isteach chúiche (thárluigh
go raibh an sean fhear amuigh). Do fhiafhraig
sí dhe ar bh'é Scríob Liath an Earraig é. Is mé
go díreach, ar seision, glaodthar orm é. Má's
tú, 'umpaigh do mhála chugam, agus tóg uaim é
seo, ag cur na feola isteach ann chuige.
D'imthig an fear siubhail uaithe ann sin go
háthasach, acht má imthigh tháinig a féar féin
chúici go mhí-áthasach. An chéad ghnó do dhein
sé: an tobán do chuardach agus má dhein ní raibh
ann roimhe acht cubhar agus picil. Nuair a
chualaidh sé cad do imthigh air, bhí gach mallacht
is measa 'ná a chéile aige airri, acht bhí sé
fánach; thug sí cluas bhodhar dho.
Seal geárr na dhiaidh do mharbhadar bó
eile. Nuair bhí sí socair suas mar an ceann
déidheanach, thug sé (an sean-fhear) órdughadh
dá mhnaoi, gan aon droch-chaitheamh do thabhairt
airri, ní mar an chéadh cheann, air seision,
feuch a mbogfhach sí cabáiste bhí air pháirc le
hais a thighe, a' cur ainm' air. Bhí go maith
agus méidir go olc air ball, mar fuair an bhó
seo caitheamh cómh olc leis an mbuin ó
chianaibh.
Tiompall seachtmhaine nú dó i n-a dhiaidh
sin, thug gnó éinig as an mbaile an
sean-fhear, acht má thug bhí gnó gnath-
amhail ag an sean-bhean dá dheunamh sa
bhaile. Thóg sí an fheoil amach air an
bpáirc agus chuir píosa dhi air gach aon tor
cabáiste bhí ann. Nuair tháinig sé féin
a-bhaile bhí a bholg ag tuitim as leis an ocras.
Bhí sé chum blaise feola chur síos do féin,
acht má bhí ní raibh sgreatal de roime. Far-
aoir geur! Cad d'imthigh ar mo chuid feola?
Cár ghaibh sí? ar seision. Cá ngeobhadh
sí, air sisi, acht air an gcabáiste mar a dubh-
rais liom? Níor bh'aon nídh dhi mallachtaidhe
an chéid chinn go dtí í seo, acht ba bhreagh an
rud do a bheul bocht do dhúnadh. Bhí sé
cómh cráidhte uaithe fa dheire, agus iad féin ó n-a
chéile gur fhágadar an tigh air fad. Do im-
thig sé féin air dtúis agus dubhairt sé léi-si
nuair a bheidheadh sí feín ag imtheacht an
doras do tharrac amach 'na diaidh, acht níor
bh'fhada do bhí imthighthe nuair tháinig sí suas
leis. Seadh! ní h-é seo acht é siúd é, bhí an
doras aici leis ceangailthe le téid aniar
airri. Ní dubhairt sé pioc. Do imthígheadar
ortha agus ní go mall é mar bhí eagla ortha go
bhfeicfeadh aon neach iad féin agus an doras
acht níor chonnaic. Bhíodar ag imtheacht
leo annsin riamh agus choidhche gur thuit an oidhche
ortha istigh i gcoill bhreagh. Seadh, arsa iad
féin le chéile, tá sé cómh maith againn leaba
a dheunamh air tor 'íobh so; agus dheiniodar.
leis an doras do shocrúghadh fútha. Ní ró-
fhada dhóibh ann mar seo nuair tháinig gaduidhe
fé an gcrann. Chuir sé síos teine dho féin,
acht má chuir níor chuir riamh ó shoin ans an
áit sin, mar do leag an sean bhean an doras
do thuitim síos, agus seo an gaduidhe leis. Shaoil
sé gur smut do'n spéir do thuit air. Leag
sé airgiod agus uile 'na dhiaidh; tháinig an sean
lánamha anuas as an tor annsan agus go
hádhmharach bhí airgiod an ghaduidhe acu.
“Nach mairg ná bíonn gan ciall.”
(deireadh).