Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhain.)
Title
Seadhna. (ar leanamhain.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadhna (ar leanamhain) Gob. Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peg? Síle. Chuaidh sí anonn go tigh 'Liaim Uí Bhuachalla. Ní shásóchadh an saoghal Cáit gan í dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamonn óg. Támaoid bodhar aici féin agus ag Éamonn óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal do labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici. D'áiteóchadh sí ort go dtugann sé fé ndeara í féin seach_as aonne' eile, cheana féin, agus gan é acht seachtmhuin. An oidhche fé dheireadh, sul ar thánaís, dubhairt sí le Peg gur bh'í féin a mháthair, agus annsan gur bh'í féin do bhaist é agus fé dheireadh dubhairt sí go raibh eagla airri go n-íosfadh sí é! Gob. Ambasa a Shíle, is cuimhin liom an focal go dian-mhaith. Bhíos díreach ag teacht isteach an dorus 'nuair airigheas é, agus bhí iongnadh mo chroidhe orm, cia air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat — an mbeidh Peg i bhfad? Síle. Ní dóil. Tá tamall mór ó imthigheadar. Dubhairt sí liom-sa aire mhaith do thabhairt do'n teinidh, i dtreo go mbeidheadh sí ar lasadh go breágh romhat-sa agus roimh Nóra Bhán. Agus dubhairt sí liom a rádh libh ná déanfadh sí aon righneas acht comh beag agus d'fheudfadh sí é. Gob. Seadh! Sidí Nóra. Ta tosach agam ort, a Nóra. Nóra. Mhaise is cuma liom, a Ghobnuit, nuair nách bhfuil an sgéal ar siubhal. Airiú cá bhfuil Peg? Gob. Ní bheidh aon chuid do'n sgéal anocht againn is baoghalach. Caithfead féin sgéal d'ínnsint dóibh. Nóra. Níor chás duit. Cá bhfui Peg, a Shíle? Peg. Tá sí annso, a Nóra, a ghrádh dhil. Nóra (le Gobnuit). Dhé mhaise sgimhle ort, a thoici! Cionnus tá Éamonn óg, a Cháit?
Gob. 'S dócha go bhfuil sé ithte um an dtaca-so aici. Cáit. Ochón! oidhé, is geárr nách bhfeud- faidh aonne' dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil amach cómh deis-bhéalach. Gob. O is fíor duit, a Cháit. Níor chuimhnigheas riamh orm féin. A ndaoi ar neoin, ní hiongna go mbeidheadh cion agat air, agus gur tú féin a mháthair (Sgeartaid uile ar gháiridhibh). Cáit. Mhaise 'leith anmann do mharbh, a Pheg, sgaoil chugainn do sgéal, feuchaint an gcuirfeadh sé stop leo-san. Gob. Déin, a Pheg, agus bain an chluas díom má bhíonn gíocs ná míocs as aonne againn. Peg. Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí annsan anois beag. Cáit. Sidí annso ar an dtaobh thiar díomsa í, a ceann fém fhallaing, mar bheidheadh eun beag ag dul fé chirc. Peg. Airiú, a Shíle a chuid, cad tá ort anois? Síle. Ach! ní'l giob a Pheg, acht ní fuláir dom mo cheann do chlúdach go fóil lé heagla go gcuirfeadh fear na n-adharc búir eile as, a's go bhfeicfinn arís é. Peg. Ní baoghal duit. Nuair tháinig Seadhna chuige féin agus d'fheuch sé 'n-a thímcheall bhí fear na n-adharc imthighthe. Síle. Imtheacht gan teacht air, an cladhaire! Peg. Is dócha nár' chuid ba lugha 'ná a fhonn a bhí air Sheadhna an rud céadna do rádh leis, nuair tháinig sé chuige féin agus fuair sé é féin i n-a aonar. Bhí alluis an bháis air agus sgáird 'n-a dhá shúil, acht 'n-a thaobh san, pé rud adubhairt sé, sé céad rud a dhein sé a lámh do chur 'n-a phóca feuchaint a raibh an sparán aige, agus ambasa bhí. Bhí sé annsúd 'sa phóca chéadna 'n-ar chuir sé é, agus is é bhí go breágh teann agus go breagh trom. Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhein, fuair an dá cheud púnt a tugadh dho thar cheann an dá sgillinn. “Dá mb'áil liom sgaoileadh leis an uair úd!” ar seision leis féin, “bheidheadh trí cheud agam; acht ní dhéanann sain deifiridheacht ar bith, mar d'airigheas dá rádh é go leanfadh an sparán teann, d'aimhdheoin a mbainfidhe as.” Chuir sé an t-airgiod 'n-a phóca arís, agus chuir sé chuige an sparán go cruínn agus go haireach 'sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh dhá bhest. D'éirigh sé 'n-a sheasamh annsain agus chroth sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró-ghearr do lean cuimhne an sgannraidh dhe. “Seadh!” ar seiseion, “ní mór dom capall do cheannach agus gan bheith am'mharbhadh féin ag dul go dtí an t-Aifrionn am chois (= dhom chois) gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní mór dhom bó do cheannach agus gan bheith ag brath ar cheann do na hubhlaibh beaga san chum an tarta do bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar cionnus fheudfainn féin an bhó do chrúth? Acht pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d'ithe láithreach. Ní raibh a leithéid d'ocras orm le bliadhain!” D'fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir, agus ambasa bhí sórt sgáth' air dul 'n-a ngoire. Do (dh')iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mór-thímcheall na cathaoireach, agus má dhein, do chonnairc sé annsúd go gléineach rian na hórdóige. Cheap sé go raibh baluith dóidhte fós féin uadh. Chuir sé bárr a mhéire ar an gca- thaoir. Ní túisge chuir ná bhog sí leis go heusguidh. Chuir sain misneach air agus shuidh sé innti. Bhog sé anonn 's anall í; bhog sí leis go breágh. Bhí a aigne sásta. Chuir sé lámh 'sa mhealbhóig, agus chrom sé ar a ghreim beag mine do choguint mar ba ghnáth. Chomh luath agus bhí tart air, do chuaidh sé amach agus thug leis isteach cúpla ceann do na hubh- laibh, agus d'ith sé iad. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services