Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhain.)

Title
Seadhna. (ar leanamhain.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seadhna



(ar leanamhain)



Gob. Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peg?



Síle. Chuaidh sí anonn go tigh 'Liaim Uí
Bhuachalla. Ní shásóchadh an saoghal Cáit
gan í dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamonn
óg. Támaoid bodhar aici féin agus ag Éamonn
óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh
sí dhá fhocal do labhairt gan Éamonn óg
thoir thiar thall aici. D'áiteóchadh sí ort go
dtugann sé fé ndeara í féin seach_as
aonne' eile, cheana féin, agus gan é acht
seachtmhuin. An oidhche fé dheireadh, sul ar
thánaís, dubhairt sí le Peg gur bh'í féin a
mháthair, agus annsan gur bh'í féin do bhaist é
agus fé dheireadh dubhairt sí go raibh eagla
airri go n-íosfadh sí é!



Gob. Ambasa a Shíle, is cuimhin liom an
focal go dian-mhaith. Bhíos díreach ag teacht
isteach an dorus 'nuair airigheas é, agus bhí
iongnadh mo chroidhe orm, cia air go raibh an
cion go léir aici. An dóigh leat — an mbeidh
Peg i bhfad?



Síle. Ní dóil. Tá tamall mór ó
imthigheadar. Dubhairt sí liom-sa aire mhaith
do thabhairt do'n teinidh, i dtreo go mbeidheadh
sí ar lasadh go breágh romhat-sa agus roimh
Nóra Bhán. Agus dubhairt sí liom a rádh
libh ná déanfadh sí aon righneas acht comh
beag agus d'fheudfadh sí é.



Gob. Seadh! Sidí Nóra. Ta tosach agam
ort, a Nóra.



Nóra. Mhaise is cuma liom, a Ghobnuit,
nuair nách bhfuil an sgéal ar siubhal.
Airiú cá bhfuil Peg?



Gob. Ní bheidh aon chuid do'n sgéal anocht
againn is baoghalach. Caithfead féin sgéal
d'ínnsint dóibh.



Nóra. Níor chás duit. Cá bhfui Peg, a
Shíle?



Peg. Tá sí annso, a Nóra, a ghrádh dhil.



Nóra (le Gobnuit). Dhé mhaise sgimhle
ort, a thoici! Cionnus tá Éamonn óg, a
Cháit?


L. 5


Gob. 'S dócha go bhfuil sé ithte um an
dtaca-so aici.



Cáit. Ochón! oidhé, is geárr nách bhfeud-
faidh aonne' dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil
amach cómh deis-bhéalach.



Gob. O is fíor duit, a Cháit. Níor
chuimhnigheas riamh orm féin. A ndaoi ar
neoin, ní hiongna go mbeidheadh cion agat
air, agus gur tú féin a mháthair (Sgeartaid
uile ar gháiridhibh).



Cáit. Mhaise 'leith anmann do mharbh, a
Pheg, sgaoil chugainn do sgéal, feuchaint an
gcuirfeadh sé stop leo-san.



Gob. Déin, a Pheg, agus bain an chluas díom
má bhíonn gíocs ná míocs as aonne againn.



Peg. Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh
sí annsan anois beag.



Cáit. Sidí annso ar an dtaobh thiar
díomsa í, a ceann fém fhallaing, mar
bheidheadh eun beag ag dul fé chirc.



Peg. Airiú, a Shíle a chuid, cad tá ort
anois?



Síle. Ach! ní'l giob a Pheg, acht ní fuláir
dom mo cheann do chlúdach go fóil lé heagla
go gcuirfeadh fear na n-adharc búir eile as,
a's go bhfeicfinn arís é.



Peg. Ní baoghal duit. Nuair tháinig
Seadhna chuige féin agus d'fheuch sé 'n-a thímcheall
bhí fear na n-adharc imthighthe.



Síle. Imtheacht gan teacht air, an cladhaire!



Peg. Is dócha nár' chuid ba lugha 'ná a
fhonn a bhí air Sheadhna an rud céadna do
rádh leis, nuair tháinig sé chuige féin agus
fuair sé é féin i n-a aonar. Bhí alluis an
bháis air agus sgáird 'n-a dhá shúil, acht 'n-a
thaobh san, pé rud adubhairt sé, sé céad
rud a dhein sé a lámh do chur 'n-a phóca
feuchaint a raibh an sparán aige, agus
ambasa bhí. Bhí sé annsúd 'sa phóca
chéadna 'n-ar chuir sé é, agus is é bhí go breágh
teann agus go breagh trom.



Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má
dhein, fuair an dá cheud púnt a tugadh dho
thar cheann an dá sgillinn. “Dá mb'áil liom
sgaoileadh leis an uair úd!” ar seision leis
féin, “bheidheadh trí cheud agam; acht ní
dhéanann sain deifiridheacht ar bith, mar
d'airigheas dá rádh é go leanfadh an sparán
teann, d'aimhdheoin a mbainfidhe as.” Chuir
sé an t-airgiod 'n-a phóca arís, agus chuir sé
chuige an sparán go cruínn agus go haireach
'sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh dhá bhest.
D'éirigh sé 'n-a sheasamh annsain agus chroth sé
é féin, agus geallaim dhuit gur ró-ghearr do
lean cuimhne an sgannraidh dhe.



“Seadh!” ar seiseion, “ní mór dom capall
do cheannach agus gan bheith am'mharbhadh féin ag
dul go dtí an t-Aifrionn am chois (= dhom
chois) gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní
mór dhom bó do cheannach agus gan bheith ag
brath ar cheann do na hubhlaibh beaga san
chum an tarta do bhaint díom. Agus go
deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar
cionnus fheudfainn féin an bhó do chrúth?
Acht pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud
éigin d'ithe láithreach. Ní raibh a leithéid
d'ocras orm le bliadhain!”



D'fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an
gcathaoir, agus ambasa bhí sórt sgáth' air dul
'n-a ngoire. Do (dh')iniúch sé ar an
dtalamh go cruinn mór-thímcheall na
cathaoireach, agus má dhein, do chonnairc sé
annsúd go gléineach rian na hórdóige.
Cheap sé go raibh baluith dóidhte fós féin
uadh. Chuir sé bárr a mhéire ar an gca-
thaoir. Ní túisge chuir ná bhog sí leis go
heusguidh. Chuir sain misneach air agus shuidh
sé innti. Bhog sé anonn 's anall í; bhog
sí leis go breágh. Bhí a aigne sásta.
Chuir sé lámh 'sa mhealbhóig, agus chrom sé ar a
ghreim beag mine do choguint mar ba ghnáth.
Chomh luath agus bhí tart air, do chuaidh sé amach
agus thug leis isteach cúpla ceann do na hubh-
laibh, agus d'ith sé iad.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services