Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IMTHEACHTA NA GCUMANN NGAE- DHEALACH. Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. 25-1-'95 Do bhí an dá bhuidhin léighinn fá chúram Dhomhnaill Uí Chonchobhair agus Eoin Mhic Néill. I n-a dhiaidh sin, do bhí tionól ag an lucht gnótha, agus do léigh an rúin-chléireach ós a gcomhair cuid de litir fuair sé ó 'n Athair E. O'Gramhna as Americá, ag innsin deagh- sgeul i dtaobh na Gaedhilge 'san áird i n-a bhfuil sé. Do cuireadh fuirionn ar bun chum go gcuirfidís ria- ghalta i gcóir do theasbeánfadh do lucht cosanta na Gaedhilge fá'n tuaith cionnus thiocfadh leo cuidiughadh le gnóthaibh an chumainn. Do cuireadh riaghail i bhfeidhm go mbudh é cíos ceangail gach craoibhe 'san tuaith leis an Ard-Chraoibh, sgilling 'san mbliadhain. Aon chraobh
ó a bhfuil cártaidhe ag teastáil, cuiridís fios orra chum na rúin-chléireachi mBaile-Átha-Cliath. 1-2-'95 Uachdarán, Padruig O Laoghaire. Do léigh Uilliam Mac Colbáird caibidil de sgeul “Sheadhna” as Irisleabhar na Gaedhilge. Do léigh Tomás Ruiséal an dán ar “Inghin Araibí” do hais- dirigheadh ó Bheurla leis an Athair Mac Cathaigh. 8-2-'95 Uachdarán Padruig Ua Briain. Do rin- neadh díospóireacht ar an gceist seo, “Cionnus is fearr deuntar filidheacht Ghaedhilge?” Deuntar fili- dheacht ar dhá nós fá láthair, .i. ar nós comhfhuama agus ar nós “rhyme.” Do réir an cheud nóis díobh so, bain- tear an fuaim ceudna as na gothaidhibh atá i ndeireadh gach fearsa, agus ní foláir fós go mbeidh comhfhuaim le chéile ar chuid de na gothaidhibh i lár na bhfearsa. Is ar an nós sin atá urmhór na filidheachta deunta lé trí cheud bliadhan. An nós eile, is mar a chéile go díreach é agus an nós atá i bhfilidheacht an Bheurla. Dob' í comhairle an tionóil seo gurab é an ceud nós díobh an nós is binne fuaim agus is mó dual do'n Ghaedhilig. Do labhair Tomás Ruiseul, Risteard Ua Maoilbhreannáin, M.A., Padruig O Laoghaire, Seumus O Séaghdha, Seosamh Laoide, Eoin MacNéill, agus daoine eile, ag trácht ar an gceist adubhramar. 15-2-'95 Uachdarán Uilliam MacColbáird. Do léigh Seumus Ua Séaghdha an dán “Cliodhna agus an Gheilt” as sgríbhinn do bhí aige féin. Do ghabh Con- chobhar O'Rioghbhardáin an t-abhrán “Jimmy mo mhíle stór.” D'innis Steaphán Baireud fá 'n gcongnamh do gealladh ó na páipeuraibh nuaidheachta san tuaith. Connradh na Gaedhilge i nGaillimh. 24-1-'95 Léigheadh tuarasghbháil air an dtionól roimhe sin, agus 'nuair chuir an t-Uachdarán a ainm leis, d'innis Mícheál Ua Briain an sgeul — “Uilliam Ua Ruainigh” atá i “gCois na Teineadh.” D'aithris Ain- dreas Mac Gloinn “Smuainte Bhriain Bhoroimhe roimh a chath dheireannach.” Léigh Antoine Ua Dómhnaill an dara cuid de “Leaduidhe na Luaithe” as “Siamsa an Gheimhridh.” 31-1-'95 An úair léigheadh an tuarasgbháil, agus chuir an riaghaluightheoir — an tAthair Ua hAodháin — a ainm leis, léigh an rúin-cléireach cuntas as páipeur Corcaighe air an gcaoi bhfuil an Ghaedhilge a'dul air aghaidh i gCumann na n-Oig-Fhear anns an gcathair sin; agus labhair sé beagán ag brosdughadh suas muintire na Gaillimhe le h-aithris dheunadh air mhuintir Chorcaighe ins an deagh-obair seo. Léigh an t-Athair Ua h-Aodháin S.I. an “Alp Luachra” as “Cois na Teineadh.” Léigh Seaghán Ua Flaithbhearthaigh cuntas do bhí sgríobhtha aige as a ughdarthás féin ar an nós ar cuireadh ar gcúl “Custom do bheith gh'á íoc ar Fhataidhe i nGaillimh.” Léigh A. Mac Gloinn caibidil de Bheatha Sheághain Mhic Héil. 7-2-'95 Léigh Seághan Ua Flaithbheartaigh páipeur nuaidh eile ar “Chath an Traigh Bhain,” a tugadh idir Mhurchadh na d-Tuath agus clanna Gaodhal Chonnacht, agus na Gaill, air bhruach na mara tuairim dhá mhíle taobh shiar de Ghaillimh. 14-2-'95 Léigheadh an tuarasgbháil, agus labhair Maitiú Ua Oisín air “Fhóghluimh na Gaedhilge,” ag gríosúghadh Eireannaigh chum í labhairt, agus ag moladh a h-áilleachta. D'aithris Mícheál Ua Conghala dán leis “An gCraoibhin Aoibhinn,” a thosuigheas mar seo:— “Mo bheannacht leat, a thír mo ghrádh.” Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh. Do chaitheadar lucht Connarta na Gaedhilge Corcaighe trát suilbhir tráthnóna Dia hAoine, an cúigeadh ceann deug de'n mhí seo ghabh thorainn. Do bhí “Seandún” 'sa chathaoir agus thug óráid uaidh as Gaedhilg. Do labhair an Saoi O Muirighthe as Gaedhilg, agus tug Conchubhar O Cheallaigh mórán abhrán Gaedhealach uaidh. Do sheinn Osborn O h-Aimhirgín na puirt seo ar an bheidhlinn - “Ceo draoidheachta, Eudhmonn an Chnuic,” agus cinn eile. Do labhair D. Pléimionn as Gaedhilg, agus tug D. O Briain léightheoireacht dúinn as an “Duanaire”. Tug an Saoi Shairtean léightheoireacht as an leabhar ceudna (fuair an t-ógánach so meadáil óir anuraidh ar a chuid Gaedhilge). Tug an Saoi O Foghlugha eachtra, agus do sheinn an Saoi Cinnsealach. Do léigh an Rúin- chléireach litir ó Eoin Mac Néill timcheall na feise ceoil atá le bheith againn. Bhí an Saoi Ua Buachalla, oide sgoile, fá láthair ann sain, agus do labhair sé ar obair na n-oide sgoile ar son na Gaedhilge. Do chríochnuigh an Saoi Manacháin an oidhche le hóráid Ghaedhilge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services