Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheachta na gCumann nGaedhealach.

Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IMTHEACHTA NA GCUMANN NGAE-
DHEALACH.



Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath.



25-1-'95 Do bhí an dá bhuidhin léighinn fá chúram
Dhomhnaill Uí Chonchobhair agus Eoin Mhic Néill. I n-a
dhiaidh sin, do bhí tionól ag an lucht gnótha, agus do léigh
an rúin-chléireach ós a gcomhair cuid de litir fuair sé ó
'n Athair E. O'Gramhna as Americá, ag innsin deagh-
sgeul i dtaobh na Gaedhilge 'san áird i n-a bhfuil sé.
Do cuireadh fuirionn ar bun chum go gcuirfidís ria-
ghalta i gcóir do theasbeánfadh do lucht cosanta na
Gaedhilge fá'n tuaith cionnus thiocfadh leo cuidiughadh
le gnóthaibh an chumainn. Do cuireadh riaghail i bhfeidhm
go mbudh é cíos ceangail gach craoibhe 'san tuaith leis
an Ard-Chraoibh, sgilling 'san mbliadhain. Aon chraobh


L. 192


ó a bhfuil cártaidhe ag teastáil, cuiridís fios orra
chum na rúin-chléireachi mBaile-Átha-Cliath.



1-2-'95 Uachdarán, Padruig O Laoghaire. Do
léigh Uilliam Mac Colbáird caibidil de sgeul
“Sheadhna” as Irisleabhar na Gaedhilge. Do léigh
Tomás Ruiséal an dán ar “Inghin Araibí” do hais-
dirigheadh ó Bheurla leis an Athair Mac Cathaigh.



8-2-'95 Uachdarán Padruig Ua Briain. Do rin-
neadh díospóireacht ar an gceist seo, “Cionnus is
fearr deuntar filidheacht Ghaedhilge?” Deuntar fili-
dheacht ar dhá nós fá láthair, .i. ar nós comhfhuama agus ar
nós “rhyme.” Do réir an cheud nóis díobh so, bain-
tear an fuaim ceudna as na gothaidhibh atá i ndeireadh
gach fearsa, agus ní foláir fós go mbeidh comhfhuaim le
chéile ar chuid de na gothaidhibh i lár na bhfearsa. Is ar
an nós sin atá urmhór na filidheachta deunta lé trí
cheud bliadhan. An nós eile, is mar a chéile go díreach
é agus an nós atá i bhfilidheacht an Bheurla. Dob' í
comhairle an tionóil seo gurab é an ceud nós díobh an
nós is binne fuaim agus is mó dual do'n Ghaedhilig. Do
labhair Tomás Ruiseul, Risteard Ua Maoilbhreannáin,
M.A., Padruig O Laoghaire, Seumus O Séaghdha, Seosamh
Laoide, Eoin MacNéill, agus daoine eile, ag trácht ar an
gceist adubhramar.



15-2-'95 Uachdarán Uilliam MacColbáird. Do
léigh Seumus Ua Séaghdha an dán “Cliodhna agus an
Gheilt” as sgríbhinn do bhí aige féin. Do ghabh Con-
chobhar O'Rioghbhardáin an t-abhrán “Jimmy mo mhíle
stór.” D'innis Steaphán Baireud fá 'n gcongnamh do
gealladh ó na páipeuraibh nuaidheachta san tuaith.



Connradh na Gaedhilge i nGaillimh.



24-1-'95 Léigheadh tuarasghbháil air an dtionól
roimhe sin, agus 'nuair chuir an t-Uachdarán a ainm leis,
d'innis Mícheál Ua Briain an sgeul — “Uilliam Ua
Ruainigh” atá i “gCois na Teineadh.” D'aithris Ain-
dreas Mac Gloinn “Smuainte Bhriain Bhoroimhe
roimh a chath dheireannach.” Léigh Antoine Ua Dómhnaill
an dara cuid de “Leaduidhe na Luaithe” as “Siamsa
an Gheimhridh.”



31-1-'95 An úair léigheadh an tuarasgbháil, agus
chuir an riaghaluightheoir — an tAthair Ua hAodháin — a
ainm leis, léigh an rúin-cléireach cuntas as páipeur
Corcaighe air an gcaoi bhfuil an Ghaedhilge a'dul air
aghaidh i gCumann na n-Oig-Fhear anns an gcathair sin;
agus labhair sé beagán ag brosdughadh suas muintire na
Gaillimhe le h-aithris dheunadh air mhuintir Chorcaighe
ins an deagh-obair seo. Léigh an t-Athair Ua h-Aodháin
S.I. an “Alp Luachra” as “Cois na Teineadh.” Léigh
Seaghán Ua Flaithbhearthaigh cuntas do bhí sgríobhtha aige
as a ughdarthás féin ar an nós ar cuireadh ar gcúl
“Custom do bheith gh'á íoc ar Fhataidhe i nGaillimh.”
Léigh A. Mac Gloinn caibidil de Bheatha Sheághain
Mhic Héil.



7-2-'95 Léigh Seághan Ua Flaithbheartaigh páipeur
nuaidh eile ar “Chath an Traigh Bhain,” a tugadh idir
Mhurchadh na d-Tuath agus clanna Gaodhal Chonnacht, agus
na Gaill, air bhruach na mara tuairim dhá mhíle taobh
shiar de Ghaillimh.



14-2-'95 Léigheadh an tuarasgbháil, agus labhair
Maitiú Ua Oisín air “Fhóghluimh na Gaedhilge,” ag
gríosúghadh Eireannaigh chum í labhairt, agus ag moladh a
h-áilleachta. D'aithris Mícheál Ua Conghala dán leis
“An gCraoibhin Aoibhinn,” a thosuigheas mar seo:—
“Mo bheannacht leat, a thír mo ghrádh.”



Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.



Do chaitheadar lucht Connarta na Gaedhilge Corcaighe
trát suilbhir tráthnóna Dia hAoine, an cúigeadh ceann
deug de'n mhí seo ghabh thorainn. Do bhí “Seandún”
'sa chathaoir agus thug óráid uaidh as Gaedhilg. Do labhair
an Saoi O Muirighthe as Gaedhilg, agus tug Conchubhar O
Cheallaigh mórán abhrán Gaedhealach uaidh. Do sheinn
Osborn O h-Aimhirgín na puirt seo ar an bheidhlinn -
“Ceo draoidheachta, Eudhmonn an Chnuic,” agus cinn eile.
Do labhair D. Pléimionn as Gaedhilg, agus tug D.
O Briain léightheoireacht dúinn as an “Duanaire”.
Tug an Saoi Shairtean léightheoireacht as an leabhar
ceudna (fuair an t-ógánach so meadáil óir anuraidh ar
a chuid Gaedhilge). Tug an Saoi O Foghlugha eachtra,
agus do sheinn an Saoi Cinnsealach. Do léigh an Rúin-
chléireach litir ó Eoin Mac Néill timcheall na feise
ceoil atá le bheith againn. Bhí an Saoi Ua Buachalla,
oide sgoile, fá láthair ann sain, agus do labhair sé ar
obair na n-oide sgoile ar son na Gaedhilge. Do
chríochnuigh an Saoi Manacháin an oidhche le hóráid
Ghaedhilge.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services