Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Correspondence.
Title
Correspondence.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TO THE EDITOR. KILMAKERIN N. SCHOOL, CAHIRCIVEEN, 21st January, 1895. Dear Sir, I send herewith, for publication in Gaelic Journal, copies in Irish and in English of a Resolution passed unanimously at a meeting of th Cahirciveen National Teacher's Association, held on 19th inst., there being upwards of twenty members present. Yours truly, F. LYNCH, Chairman of th Cahirciveen T.T. Association. [Cóib.] Bidheadh sé curtha i bh-feidhm — “Gur chualamar-ne, maighistiridhe scoile chumainn Chathrach Saidhbhín le brón mór sgeula báis an duine uasail chaoimh, thír-ghrádhaigh, oirbhidinigh, Euseb D. Mac Cliabhair, do bhí air feadh na coda is mó da shaoghal, le na ghuth, le na pheann agus go mór-mhór le n-a bhronnta- nasaibh flaitheamhla, 'n-a chloidheamh cosanta ag gach cumann do cuireadh air bun chum teangan na nGaodhal do chaomhnughadh agus d'fhóirleathnughadh; "Go bhfuil na mílte cóib de na leabhraibh greanta Gaedhilge do cuireadh i gclódh le beagán bliadhan tré n-a thír-ghrádh agus a mhór-chroidheacht-san go spesialta, 'na dtaca ro-luachmhar chum ár d-teangan arsa d'aith bheodhughadh; "Go n-athchuingimíd air an mnaoi uasail Iulian Ní Chliabhair agus air a muirighin ár dtruaighe chroidhe do ghlacadh 'na staid dubhrónaigh; agus "Go gcuirfear cóib de'n rún so i nGaidhilge agus i mbeurla chum na mná uaisle Iulian Ní Chliabhair, agus cóibe eile le cur i gclódh i "Irisleabhar na Gaedhilge" agus annson "Ghaodhal.". AN ENGLISH-IRISH DICTIONARY. Do'n Fhear Eagair. A shaoi dhílis, — Gabh mo leithsgeul má sgríobhaim beagán i mBeurla i dtaoibh an fhoclóra Beurla-agus- Gaedhilge atá ar bún, nó atá le bheith ar bun againn, má's féidir linn an nídh atá romhainn do chur i ngníomh. Agus i dtosach leig dam a rádh go gcluinim go mbeidh airgead le fagháil leis an bhfoclóir sin do chur i gclódh, má 's féidir linne é do chur le chéile. Beidh congnamh mór teastáil uainn le sin do dheunamh, agus mar atá amhras ag daoinibh cia an chaoi dob' fhearr le tosughadh air, leig dam, le do thoil, cúpla smaointe do chur síos annso ar an gcúis. Agus deunfaidh mé sin, le do thoil, i mBeurla (cidh nach maith liom sin) i riocht go dtuigfidh gach léightheoir é; óir, mar dubhairt mé beidh congnamh ag teastáil uainn ó mhórán daoine.
P. S. - Gabh mo leithsgeul fá go sgríobhaim 'san mBeurla gránna. Ni'l aon neart agam air an t-am so! BÁS AN CHLIAR-SHAOI E. D. MHIC CLIABHAIR. Do'n Fhear Eagair. A Shaoi Ionmhuin — D'iarr an bhean uasal Iulian Helen Ní Chliabhair orm innsin do na cáirdibh iomadamhla do bhí ins an dúthaigh so ag a fear, an duine uasal Eusebh D. Mac Cliabhair do fuair bás fá dheigheanaighe, go bhfuil sí ag faghbháil 1,000 de chártaibh caointe clodhbhuailte, agus go gcuirfidh sí ceann díobh chum gach duine muinteardha bhí aige; agus mar an gceudna iad so tá 'n-a gcomh- nuidhe ins na Stáidibh Aontuighthe ag á raibh aon chaid- reamh aige leo. Budh mhaith léi rádh leis na daoinibh do sgníobhadh chuici le truaigh dhí mar gheall air bhás a fir, go mbeidh sí buidheach díobh air son a leithsgeul do ghabháil i dtaoibh nár chuir sí freagra chuca. Tá aon mhac amháin aici dárab' ainm Pádruig Brian Mac Cliabhair, agus sin a raibh de chloinn riamh aici; deir sí gur buachaill an- óg é, agus bhí árd-chion aige ar a athair. Do ghoill a bhás chomh mór sin air gur tháinic breoiteacht trom air d'á dheasgaibh. Bhí sé chomh dona sin nach raibh aon súil ag a mháthair go dtiocfadh leis biseach do fhaghbháil ná maireachtain thar tréimhse gheárr. Gan amhrus cuirfidh sé áthas ar do léightheoiribh a chlos go bhfuil sé anois mórán níos feárr 'n-a shláinte, agus is é muinighin a mháthar as, go mairfidh sé chum a Dhia do ghrádhughadh, agus a mháthair agus tír a dhúthchais do ghrádhugadh mar an gceudna, óir dob'í sin an chomhairle thug a athair do ar leabaidh a bháis tar éis a bheannacht do thabhairt do. Le mór-mheas, is misi do chara i gcúis na Gaedhilge. Padruig Ó'Briain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services