TO THE EDITOR.
KILMAKERIN N. SCHOOL, CAHIRCIVEEN,
21st January, 1895.
Dear Sir,
I send herewith, for publication in Gaelic Journal,
copies in Irish and in English of a Resolution passed
unanimously at a meeting of th Cahirciveen National
Teacher's Association, held on 19th inst., there being
upwards of twenty members present.
Yours truly,
F. LYNCH,
Chairman of th Cahirciveen
T.T. Association.
[Cóib.]
Bidheadh sé curtha i bh-feidhm —
“Gur chualamar-ne, maighistiridhe scoile chumainn
Chathrach Saidhbhín le brón mór sgeula báis an duine
uasail chaoimh, thír-ghrádhaigh, oirbhidinigh, Euseb D. Mac
Cliabhair, do bhí air feadh na coda is mó da shaoghal, le
na ghuth, le na pheann agus go mór-mhór le n-a bhronnta-
nasaibh flaitheamhla, 'n-a chloidheamh cosanta ag gach
cumann do cuireadh air bun chum teangan na nGaodhal
do chaomhnughadh agus d'fhóirleathnughadh;
"Go bhfuil na mílte cóib de na leabhraibh greanta
Gaedhilge do cuireadh i gclódh le beagán bliadhan tré
n-a thír-ghrádh agus a mhór-chroidheacht-san go spesialta,
'na dtaca ro-luachmhar chum ár d-teangan arsa d'aith
bheodhughadh;
"Go n-athchuingimíd air an mnaoi uasail Iulian Ní
Chliabhair agus air a muirighin ár dtruaighe chroidhe do
ghlacadh 'na staid dubhrónaigh; agus
"Go gcuirfear cóib de'n rún so i nGaidhilge agus i
mbeurla chum na mná uaisle Iulian Ní Chliabhair,
agus cóibe eile le cur i gclódh i "Irisleabhar na
Gaedhilge" agus annson "Ghaodhal.".
AN ENGLISH-IRISH DICTIONARY.
Do'n Fhear Eagair.
A shaoi dhílis, — Gabh mo leithsgeul má sgríobhaim
beagán i mBeurla i dtaoibh an fhoclóra Beurla-agus-
Gaedhilge atá ar bún, nó atá le bheith ar bun againn,
má's féidir linn an nídh atá romhainn do chur i ngníomh.
Agus i dtosach leig dam a rádh go gcluinim go mbeidh
airgead le fagháil leis an bhfoclóir sin do chur i gclódh,
má 's féidir linne é do chur le chéile. Beidh congnamh
mór teastáil uainn le sin do dheunamh, agus mar atá
amhras ag daoinibh cia an chaoi dob' fhearr le tosughadh
air, leig dam, le do thoil, cúpla smaointe do chur síos
annso ar an gcúis. Agus deunfaidh mé sin, le do thoil,
i mBeurla (cidh nach maith liom sin) i riocht go dtuigfidh
gach léightheoir é; óir, mar dubhairt mé beidh congnamh
ag teastáil uainn ó mhórán daoine.
P. S. - Gabh mo leithsgeul fá go sgríobhaim 'san
mBeurla gránna. Ni'l aon neart agam air an t-am so!
BÁS AN CHLIAR-SHAOI E. D. MHIC CLIABHAIR.
Do'n Fhear Eagair.
A Shaoi Ionmhuin —
D'iarr an bhean uasal Iulian Helen Ní Chliabhair
orm innsin do na cáirdibh iomadamhla do bhí ins an
dúthaigh so ag a fear, an duine uasal Eusebh D. Mac
Cliabhair do fuair bás fá dheigheanaighe, go bhfuil sí ag
faghbháil 1,000 de chártaibh caointe clodhbhuailte, agus
go gcuirfidh sí ceann díobh chum gach duine muinteardha
bhí aige; agus mar an gceudna iad so tá 'n-a gcomh-
nuidhe ins na Stáidibh Aontuighthe ag á raibh aon chaid-
reamh aige leo. Budh mhaith léi rádh leis na daoinibh do
sgníobhadh chuici le truaigh dhí mar gheall air bhás a fir, go
mbeidh sí buidheach díobh air son a leithsgeul do ghabháil
i dtaoibh nár chuir sí freagra chuca. Tá aon mhac amháin
aici dárab' ainm Pádruig Brian Mac Cliabhair, agus
sin a raibh de chloinn riamh aici; deir sí gur buachaill an-
óg é, agus bhí árd-chion aige ar a athair. Do ghoill a
bhás chomh mór sin air gur tháinic breoiteacht trom air
d'á dheasgaibh. Bhí sé chomh dona sin nach raibh aon súil
ag a mháthair go dtiocfadh leis biseach do fhaghbháil ná
maireachtain thar tréimhse gheárr.
Gan amhrus cuirfidh sé áthas ar do léightheoiribh a chlos
go bhfuil sé anois mórán níos feárr 'n-a shláinte, agus
is é muinighin a mháthar as, go mairfidh sé chum a Dhia
do ghrádhughadh, agus a mháthair agus tír a dhúthchais do
ghrádhugadh mar an gceudna, óir dob'í sin an chomhairle
thug a athair do ar leabaidh a bháis tar éis a bheannacht
do thabhairt do.
Le mór-mheas, is misi do chara i gcúis na Gaedhilge.
Padruig Ó'Briain.