Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Tract on the O'Rourkes
Title
A Tract on the O'Rourkes
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1714
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A leichóir ionmhuin, is trúagh leam méd ainbhis urmhór dhuíne úaisle ar ttíre, gan eólas bheth ocu ar na neithe do bheanas dá ngairm fein, mar ta, fios a ttíre agus a n-athargha do bheth accu ar gnathchoimhne. Da bhrí sin chunnarcas dhamh gach aistriugh agas gach tiompódh dha ttarlla do thiagharnas Ui Ruairc o aimseir na banrioghna Eisibel anúas gus an bhliaghain-se d'aois an tiagharna cethre bliaghna deg ar sheacht ced ar mhile a chur a ccoimhne, go hairghe an chuid da ngairmthar Connttae Líatruim an tan-sa. Óir ní raibh a shamhail sin d'ainm no do roinn fearainn i nEirinn roimh aimseir na banrioghna reimhraite; acht chum daighniugh et chriochnugha do chur ar an cconquest go hiomlán do réir mar do bhi a Sacsuibh do roinneadh agus do gearradh an righacht-sa na hErionn a n-aonchonttae dheg ar fhichit; agas do chuir aoghaire no fear coimheda uaithe féin os gach connttae dhiobh da ngairmther searriam .i. cústos comitatus. Tuig, a leichoir, garbh e Brían na Múrtha mac Briain Bhallaigh Mhóir do bhi a ccomhaimseir leis an mBanrighain Eisibe duine déigheanach do bhi i n-ainm no i ttiottiol Righ Breiffne do reir an dana do-rinigh ardollamh Eirionn .i. Sean O Maoil Chonare dhó darb tosach ut dixit: -
Fuair Breffne a diol do shaoghlann tar gach n-aonfhonn d'Iath Ealga, fear 'ga dtád gníomha féinidh la taobh éimhfhis na Seaghsa, agus rl-a. A nÉirinn gibe is feile le Righ Breiffne ni measta, ni sain or is ionól, ní sain miodhól is deasgadh, agus r-a.
Iomthúsa Briain na Murtha. Do bhi do mhed a mheanman agas a aigeanta nár mhía na maise lais iachtaranacht no subttítacht do ghabháil ón mBanrioghain ar ní budh lugh do chéim na mar do bhí aga shionseiribh o gairmeadh sloinnte i nEirinn, mar do bhi, prionsoidhacht Conacht no Breiffne. Acht gidh eadh, do bhi an stiughrughadh da ngairmthar Gouerment róleasg róchoimhedach ar a shamhail sin do chéim do thabhairt d'aoineach do Ghaoilaibh, go hairighe d'fhior ceannais agas ardinntine mar Bhrian. Acht fa dheoidh, mar do-chunairc uaisle Muibhneach agas Laighanach, acht madh bheg, íar nglacadh iachtaranacht agus íar ngabhail iolumad ceimionna onóra ón ccoróin, mar ta, ridereadha, tigharnadha et iarrladha do ghairm dhibh, agus bheos O Néill, .i., Conn Bacach mac Cuinn meic Enri meic Eoghain, do ghabhail tiottiol nó céim Iarladhacht Thíre Eoghain on mbanrighain, da bhri sin do-chuaidh fein a ndáil arteagal et réitigh reisan Iúistís ar a mhionca. Acht dob e críoch a ndala fa dheoidh a modh coimhrétigh leath ar leith go raibh do Bhrian ón mBanrighain agus ón ccoróin an mhéid da ngairmther Connttae Liatruim anos, agas na túatha tíre et na flatha fearainn so sios mar an cceanna do réir mar atá i nOificc na Gnathcoimhne i mBaile Atha Cliach aniugh; gibe lena mian firinne an neithe so do bheth aige feachadh gnathchoimhne na hErionn i nAth Clia réimhraite frisa n-abair an Béarla recórda et do-gheabhaidh go forleathadach ann é .i. teallach Eách, an Learga, an Dubhbaile, Tuath Chnuic Ninne, Tuath Mhuintere Feodhachan, Tuath Chlainn Amhluighe, Tuath Ratha, Tuath Chlainn Remuinn, Tuath Mhachaire Bhuighe, Baile chatrelag, Baile an Tóchair, cuius multisquae. Ag so an comhtharadh úmhla do bhi d'fhiachaibh ar Ó Ruairc do thabhairt don ccoróin fa Chaisg gacha bliaghna .i. cuig phúnta dheg is fiche airgid, each toighthe agas píosa óir maile risna briathra so sgribha i gcompás an phiosa: serviendo gubernando. Do bhi iar sin ar feadh re se mbliaghan go sithach sichánta go n-iumad sásuigh agas solais dho féin agus da
uaislibh comhfhialasa. Gidh eadh, do-chuaidh teist agus túarasgbhail a mhoirmheanma a ccluasuibh agas a n-eisteacht a easccarad, .i. Gaill Eirionn, 'ga raibh an stiughrughadh ina láimh, oir do líonsad lán mar áon d'úamhan, d'fhuath, agus do mhiosgais, fana bheth samhlaidh do, ionnas fa dheóidh gar tionsgnadh leo sligh sgriosta agus dicheannaidh do chur air maile le iolumad do chúisibh agus do bhillíbh fuathmhara graineamhla tréusa do dhealbhadh agas do chumadh iona adhghaidh ós íosal. Ag so cuid dona corrthaibh is prionsapalta do cumadh agus do dealbhadh iona adhuigh .i. go raibh comhthuigse agus comhfhreagra ideir e féin agas Sixtus Quinctus an Papa et Righ na Spainne chum athchogaidh do thogbhail i nÉirinn ionnas go sgriostaidh an credeamh Protestant agus go ccurtidh Catlicacht ara hadhuigh; bheos, gar chuir d'fhiachuibh ímháigh no pictuir na Banríoghna do tharruing a maide agus a sraoíghladh as folt eich ar faiche Dhruim Athiar, agus gar dhearbh damadh e corp fíre na banrioghna do bheth ann go dtiúradh an diach cenna fair. Acht ní raibh da dhiamhra da raibh an chealg sin da hullmhadha nach bhfuair Brian a fhoilsiudha dho; agas is se chunnarcas dho dul go hAlbain do laithair Righ Semuis ionnas go bhfuighadh caghus bhuaighe agus go ndénamh a shíth risan mbanrioghain Eisibeil agus go ttiughradh chum deadhthuigse í fa gach urchóid chealgach do cumadh fa chomhair a dhithcheannaidh. Gidh eadh, 'se sin uair agas aimseir fa ndearna an Bhanrioghan Eisebél socrúgha choróna na Saxan le acht Parlement ar righ Semus tar éis a mháthar do chur chum báis i Sacsuibh .i. an Bhanrioghan Maire fech an leabhar da ngairmther Hólicúrt agus do-ghebhadh an stair go forlethadach ann. Acht tuig, a leichoir, a measg gach coimhcheanghail eile da raibh eidir an dá choróin leath ar leath go raibh d'fhiachaibh ar righ Sémus iona thaoibh féin gach iachtaran da raibh faoi sdiurugha Banrioghan Eisibeile do dhenamh tré asumhlacht seachtantóir de fein agas do bheth da chaomhnadh a n-aonáit faoi stiurughadh righ Semus a
chur da soighe fein ionnas go bhfuileangadh censúracht an dlighe agas mar an ccenna urtuise an taobh eile. Acht ní raibh fios an choimhcheangail sin aig Brian ar ndol go hAlbain dó; gidh eadh, tanic Mac Domhnaill ana aircis agas do ghlac go onórach é go rug lais da thigh fein e. Agas do bhi do mhed feile agas orbhertuis Ui Ruairc an feadh do bhí ann go ndeachaidh a theist os áird an gach aird i nAlbain. Acht fa dheoidh fuair Mac Dhomhnaill agus dream eile dá chardibh i nGhaeltacht Alban amach go raibh a ccás e fein do chaomhnadh go maith ar feadh aimseire a ndóith go bhfuighadh slighe no úain ar dhul don Eadáill, don bhFrainc nó don Spáin; agus do mheas iona mheanmain nach raibh ionadh ba mo cunntabhairt agus is mó i dtiúrthaidh baramhail do bheth ann na a ttiomchioll Meic Dhomhnaill. Agas da bhri sin do ghlac a chead ris agus ba domheanmach Mac Dhomhnaill agas a theaghlach agus maithe a mhuintere uile fana sgaradh riuth. Agas do theisbéan e fein ro-oirbheartach bronntach da gach aicme don teaghlach fa leath. Is fan am sin do-rini Ma Dhomhnaill an rann molta dho ion Albais Gaelaidh, ut sequitur:
Muna bí oram eagla Dia coimios Bríain le Coluim ceall huist! huist! na cluinter úaid Mac Ui Ruairc rug an geall.
Acht níor chian dho, iar sgaradh re Mac Dhomhnaill do, go ndearnadh brath agas seóladh air gar gabhadh a laimh e agus do réir arteagla an choimhcheangail reimhráite gar cuireadh go Londuin é agus go ttugadh ar cheist a anma é do lathair an dárbho th-ainm Sisil. Is ann sin ró leichadh agus ro foilsigheadh do gach ? artegal fa leith don chúis agus don choir buigh iona leith. Ann sin d'iarfaigh an breathamh dhe créd buígh aige le radha ar a shon féin; do fhreagair sé agas 's eadh ro ráidh go raibh glan neamhchorach ann gach bille dhibh sin ?. D'iarfaigh an brethamh an mbeth umhal ar chuiste dha fhear dheg do mhuintir
London do chur air; agus dubhairt nach beth agus nar mheas ó dhlioghadh gomadh cuiste orchios dho iad, acht do reir an dligh garbh iad tigharnadha a thire féin, agas munna fagha sin go raibh umhal ar brethamhnas na Banrioghna d'fhulang. Agas 's eadh ro raidh an breathamh fris garbh uaibhreach do a mheas go suighfeadh an Bhanrioghan a n-áit breathamhnuis air; agus o do bhí comh uaibhreach sin go ccaithfeadh fulang do reir na n-arteaghal agus na ccortha do bhi ina leith. "Ni dlighadh sin acht neart agus comheigneamh," ar se. Agas do cuireadh Ardeasbag Chaisil chuige da chomhairliugh agus furalach mór dia n-aontaigheadh tiompo ona chredeamh. Agas do theasbein e fein neamhspeisamhail ann do bhri gar thiompo ó bheth 'na bhrathair bhocht go ndearnadh asgop Protestant dhe. Acht gidh eadh, 'se tug absolóid os íosal dhó. Agas cuireadh chum baiss e an bhliaghain d'aoís an tigherna 1590. Agas nír fhágbhaidh oighre ina dhéidh acht áon mhac lena mhnaoi phósta, an Bhantighernna Maire Burgo, inghean Riocaird Shacsanuigh .i. Iarla clanna Riocaird .i. Tadhg an Fhíona, do bhi 'na mhacaomh og da theagasg agus da thabhairt súas a tteaghlach no i ccúirt a sheanathar .i. an tIarla reimhraite. Acht cheana, buí mac eile maith aige .i. Brian Óg mac Bríain na Múrtha. Agas do-chuaidh a theist ós áird tre fheabheas a láimhe agus croghacht i soighdiuracht. Agas do ghabh ceannas na tíre chuige d'éis bháis a athar gar thógaibh arm et sluagh dichoimsi i n-aghuigh na Banrioghna a ndioghail báis a athar réimhráite ionas nár leig fosadh na aitriugh d'aoneach do Ghalluibh a n-áonchlúid dia thír. Arna chloistin sin don Iustís do chruinigh arm abhalmhór ionas go ttiuradh chum umhla no faoi iachtaránacht e no lersgrios agus dicheannadh do dheanamh fair. Agas do chuir an t-arm céna faoí stiurughadh agas faoí threorughadh deise taoiseach no general, mar bhi, Sir Cognós Clifard agus Sir Alexanndar Ratclif. Do gluasadh leó go rangadar i ccoigeadh Conacht. Ar áirdiugh meanma agas aigeannta do gabhadh sin ag Brian, óir do ghluais rena shluagh i
n-athghoirid gacha conaire da soighe gar chuir a n-eagar et i n-ionall troda agus trentachair íad. Ci thracht, tarla an da shluagh sin ara cheile ar Corrshliabh don taoibh shiar do Shruth na Buille a cConnachtuibh gar fearadh cath crogha etorra. Acht dob é crioch a n-iomsgaraidh gar sraonadh fur Ghalluibh agas gar marbhadh a ndis general agas uibheir diairmhe da n-oiffici agus da nduine, gar bhean a n-airm agas a n-edala dibh uile, ionas nach raibh dhoibh o shoin amach teacht re neart na re foregin d'entaoibh da thir go a bhás, 'se sin an bhliaghain d'aois ar Tighearna 16. Acht cheana, fuair an t-oighre, .i. Tadhg an Fhíona, pateannta ar an mhéid do thuathaibh tire agas fearoinn bhi ainmnithe 'san ccoimhreiteach no 'san ccompósision do-rini a athair. Agas tug bean a dhiongbhala chuige, .i. Maire, inghean Ui Dhomhnaill Thire Conaill. Agas do rug dias mac dho, .i. Brían agus Áodh. Acht ní raibh an pateannt acht ag labhairt do féin agus da oighribh corporrdha dlistenacha. Acht cheana, tarla 'mun am sin duine drochuimchair rómhíríaghalta i tTir Chonaill, .i. an t-Ab Mac an Bhaird; agas a measg gach drochgniomh eile da ndearnna an t-ab mibhesach miriaghalta sin do mheall leis bean duine mhaith do mhuinteir Ui Ruairc, .i. Tadhg an Fhiona reimhraite, agus do chuir go cruaidh air do reir dhlighi na heagailse go ttug chum sgannlach agus pionúisigh puiblidhe e do reir mar do thuill a ghniomhartha neamh-riaghalta neamhghlana dho. Acht arna thabhairt fa deara do Thadhg go ndearnna a sheanathair .i. Iarlla clainne Riocaird agas Ó Beirnn, do bhí a ttrust agas a ccúram uaighe, neamhchoimhed agus maineachtuigh tre a neamhfhorleathadach do bhi an patennt, da bhri sin do chuir roimhe dul go sacsuibh d'athnughadh a phatennt, ionnas da tteagbhadh do gan oighre bheth air fein go mbeth an patennt ag labhairt da bhrathribh comhfhialasa da chineadh, fa bheith do reir chomhneasacht gaoil dhó. Acht nír dheóin Dia sin do faráor, acht do ghlac galar an leis e go bfhuair bas a sacsuin an bhliaghain d'aoís an Tiagharna 1618.
Acht ta ni cheana, ni bfhuair an t-ab malloithe uain nó aimseirr air oirrchóid air bhith do dheanamh re linn beo Thaidhg, acht re oibriughadh an diabhail do ghrisuigh duine mírúnach eile d'úaslibh na tíre féin do bhi 'na aige do chuir a ccluasaibh an Iustís, .i. Cisester, do bhí a n-a ardghovernóir a nEirinn an tan sin, go raibh síneadh láimhe agus gealladh posda ina lathair féin aig Ó cCathán air inghein Ui Dhomhnaill sul do phós O Ruairc í; agus ar son go ndearna an Eaglais Catloic dispionnsáid insna sponsalia sin, gidh eadh, nach raibh do reir dhlighe Eagailse na Saxsan, da bhri sin nach raibh Clann Uí Ruairc dlisteanach agus go raibh a bpatennt briste. Chum na cuise do thabhairt chum críche do thánic an Iuistis maille rena theaghlach agus re maithe a mhuinteire go leirthionoilte go Caraic Aluinn a cConntae Liatruim, gar chuir gairm agas tionól air maithe na tíre, gar toghadh cuiste aire thogha féin díbh d'eachain na cúise, garbh e a ccrioch gar foillsigheadh leo clann Ui Rúairc bheth mídhlisteanach. Da bhithinn sin do chuir an Iuistis ceist chum Bríain, an t-oighre, an mbeth umhal ar plantasion núadh do dheanamh ar an tír agus go bhfuighadh féin a rogha barúntacht don tír dho agus cead suit fán ccuid eile. Agas 's eadh ro raigh gomadh ionan dho sin agas admhail e fein bheth 'na bhastard, agas nach diognamh sin ar phrionnsoighacht Conacht bhi ag ioliumad da shionseribh. Da dhruim sin do-rónadh laimhsiugh fair agus do cuireadh go Tor London e le liúntas no pinsion ceithre cced punta 'san mbliaghain feadh a bhroideanais. Agas chuaidh Aodh, a dhearbhrathair, 'san Spáin go bhfuair bás a seirbhís Righ na Spáinne, go ndearnadh mironna bega don tír eidir Ghalluibh agus Ghaeluibh ionas go bfhuair Diúc Bucuingtham mainér Dhruim Athiar, Sir Fredric Hamilton maner Bhaile Hamilton, Grandison maner Dhruim-er-Snamh, na Pearsúnaigh Achadh Tamhnuigh, Bel 'n Atha Muair agas
an Garbhros tri maineir iadsein, Enrí Casto Maothla, Blundeil maner Liatruma, Sir Seoirse St. Seoirse do thaoibh cleamhnuis Libeirt na Caradh, Robeard Pairc manér an Bhaile Nuibh, Seon Mór Mag Ranuill Loch an Sguir, Leacaoín, agas an Ghrainnseach tri mainéir íadsen maile re iolumad do mhionronnaibh eile eidir Ghalluibh agus Ghaeluibh nach airbhther sonn. anos, ar n-iomthacht don líne dhíreach sin Briain na Múrtha d'easbhaidh oíribh feardha, ata i cceist ag ioliumad do dhuine coitchin, cia an líne no an duine airighe don chineadh da ttig no dár cheart an tiodal nó an ghairm úd Ui Ruairc. Acht tuig, a leighthoir, garbh é Brían Ballach Mór mac Eoghain meic Tighearnain meic Taidhg meic Tighernáin Mhóir a ceap o ttig gach líne agus gach duine do mheasas do réir a ccéadfadh féin garb dóibh féin no do féin is dleacht an ghairm úd Ui Ruairc. Acht biogh a fhios agad, a leighthóir, nach raibh do mhnaibh pósta aig Brian Ballach acht días, .i. inghean Ui Dhomhnaill, a chédbhean, agus inghean Meg Uidheir an darna bean, agus uaighthe-sin ata lorg Tighernain meic Briain Bhallaigh réimhraite. Gidh eadh, ata trí line eile ar lorg Briain Bhallaigh, .i. lorg Taidhg meic Briain Bhallaigh, lorg Aodha Gallda meic Briain Bhallaigh et lorg Aodha Buighe meic Briain Bhallaigh. Agas is dearbh follas go raibh agus go bhfuil iolumad ar gach sliocht dibh-séin do dhuine uaislle ró-oirdheirce a ccogadh agus i síth, le maith i bhfeile, i n-oirbherrtas, i ccródhacht agus an gach subhailce eile, ionnas gomadh fiú an iumad dibh ceim no gairm are fheabhas, acht go mbeth do reir dlighe De agus duine. Acht cheana, ni gheabha rém ais an punc sin do chur a ccrich, acht leigim mheanma agus a chedfadh fein da gach áon do reir a thola. Acht an mheid da fhios ata agam féin absente invidia foilseabhad go firinneach é; óir gar cuibhneach leam an tarna bliaghain d'eis Righ Serlus do thoighacht ón Spáin chum corona na Sacsan go ttug
duine uasal do Bhreathnuibh, dármh ainm Captín Eoghan Lóid, ughdaras agas comísion leis go Baile Semuis a cConnttae Líaitruim chum cuiste in do mhaithibh na tire do ghairm 'san mbaile chenna air duthaith Cuinn mic Bhriain Óig Uí Ruairc d'fhios 'nar thuit do bhri an chogaidh da ngairmther rebeillion nÓ má do thuit, an raibh oighre corpardha fair; acht tar eis gach tagradh da ndearnadh air gach taoibh go ndearna an cuiste foilsiugh faoina laimh da ngairmther verdict a mBerrla ar na briathroibh-se: wee find that Con mac Bryan in the years of and dureing the Rebellion was somtimes frantick somtimes sober, and that he has no issue of his body but som of his cosens of the o Rourkes claime his inheritance wee finde his estate Kings his. Nír chian 'na dhiaidh sin go ndeachuidh Eoghan reimhraite go Áth Cliath agus go rug cóip fhire an vérdict sin leis go ttug da chomhairleach dlighi e, .i. Anntoine Mártín. Agas 's eadh ro raidh fris garbbhe a mheas nach raibh leighas 'san mbith i n-adhuidh an verdict chénna ni budh neasa dho na a dhul go lathair an Righ; agus fós gar bharamhail dho gar raibh sin mall do bhri gomadh dearbh leis go ttug an Righ an dúthaigh chénna do neach éigin do bhi i ccadhghas no i bfhávor na cúrte. Agas ba fíor do sin, oir tugadh don Aitheir Páttric Mhaginn í do bhi 'na sheplíneach ag an mbanríoghain. Et íar ttuigse don Aither Páttric go raibh cuid do bhrathribh Chuinn meic Briain Óig ag agra a oíreacht, do spreag onóir no coinsías e gar sgríobh go hEirinn d'fhios cia do shíol Ruairc an tan sin 'san líne dhíreach go dlisteanach budh neasa do theach Ui Rúairc. Agas do freagradh é faoí laimh urmhor ollamhain coigeadh Conacht, mar do bhí, dream do chlainn Uí Mhaoil Chonaire, muinteir Duibhgenan agus muinteir Cuirnín, garbh é Eoghan Og mac Eoghain Mhóir meic Tighernain meic Briain Bhallaigh Mhoir an duine gan cheist gan chunntabhairt. Dha bhri sin meabhair liom go ttug faoína laimh don Eoghain reimhraite suim inmheasta airccid do thogbhail ar Aodh mac Briain meic Aodha Oig
Ui Ruairc do chios na dúthigh do bhri garbh é bhi iona fheilmeir urra an tan sin. Ag sin da gach leighthoir a bhfuil do theasbénadh agam cia dá ttig an ghairm úd Ui Rúairc, acht faráor is troid um asair fhailuibh iomreasan an phuinc sin is gan acadh re rádha acht fuimus Troes, .i. do bhamar ar tTraoiánuibh. Gioniollach Shiol Ruairc sonn. Ag Úalgharg mhac Domhnaill mhac Amhlaighe condreguid sliocht Thaidhg na cCaor mhac Ualghairg an sionnserr et sliocht Tighernain Mhoir an sosar; agus gan géilleadh don ordhercas tarrla do shliocht Tighernain fri ré cuig no a se do ghluinibh bheram tosach seanchas do lorg Thaidhg na cCáor ar a shinnserracht. Agas cibe leana mían fios an leasanma bheth aige go firinneach, .i. Tadhg na cCáor, biodh fios aige garbh e abhar agus siocair an fhoranma: la n-aon dia ndeachaidh inghean Uí Bhriain Tuadhmhumhan, bean Úailghairc, righ Breifne, do ghlacadh aéir et aigeanntais re cois srotha na Búannaide óna longphurt nó ona baile puirt fein soir gach ndíreach maille re uathadh do mharcshluag et do bhanntracht ina fochair, agus ar ttiompó ara th-ais dhi, et í taobhthrom torrach, do-chonairc tor coilleadh darbh ainm Molán na cCáor agus croinn caoirthain na coilleadh ag claonadh leis an mbárr dearg do chaoraibh aille apchiche buidh furro, agus do ghabh an ríoghan mian agas ailghios dona cáoraibh, et do chuir d'fhiachuibh ar mharcach da muinnteir tairbhling agus méid éigin dona caoraibh do thabhairt chuici chum an bhaile; agus do-ronadh samhlaidh agus do chaith a lórdhaochain go cosg a mían dhibh. Agas an oidhche cheanna tanig am tuismeadha don ríoghain et do rug mac; agas tugadh Thadg na cCáor d'ainm fair do bhri na ccaor réimhráite. Triur mac iomorra buidh ag Tadhg na cCaor, .i. Lochlainn, Art agus Conchubhar. Ni bhfuil sliocht ar Chonchubhar.
SLIOCHT SEAFRAIDH OIG MEIC SEAFFRAIDH MEIC FEIDHLIM SONN. Toirdhealbhach, Seafraidh, agus Michéal. Eilinór, inghean Philip meic Seáin Ui Raghallaigh, maitheir Mhicheal, an darna bean phosta buidh ag Feilidhmi. Agas fuair a clann mhac uile bás acht an triar sin nama. Sin a mareann do chlainnmhaicne.
Bíodh 'fhios ag gach leichóir ar shon go ttugamar tosach 'san seanachus do shliocht Taidhg na gcáor ar a shinsearacht, gidh eadh, is réil agas is follas garb iad sliocht tighearnain Mhoir ta a cceannas agus a bhforlamhas a ttighernas Ui Ruairc tre bheth nios ordhearca dhóibh nó tre chláon na ttaoiseach le lorg Tighernain Mhoir seach luirg Thaidg na cCáor, acht ta ar congbhail ó aimsir Ualghairg meic Domhnaill meic Amhluighe anuas. Sliocht Tighernan Mhoir meic Ualghairg meic Domhnaill meic Amhluighe sonn. Brian Ballach Mór mac Eoghain meic Taidhg meic Tighernain Mhoir an ceap asa ttiubhram gach líne dar chin uaidhe. Cuig meic Briain Bhallaigh Mhóir, mar ata, Brian na Múradh, Tighernan, Tadhg, Aodh Gallda, agus Aodh Buidhe. Ni bfhuil sliocht fearrgha ar Brian faráor.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services