Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Tract on the O'Rourkes

Title
A Tract on the O'Rourkes
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1714
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A leichóir ionmhuin, is trúagh leam méd ainbhis urmhór
dhuíne úaisle ar ttíre, gan eólas bheth ocu ar na neithe do
bheanas dá ngairm fein, mar ta, fios a ttíre agus a n-athargha
do bheth accu ar gnathchoimhne. Da bhrí sin chunnarcas
dhamh gach aistriugh agas gach tiompódh dha ttarlla do
thiagharnas Ui Ruairc o aimseir na banrioghna Eisibel
anúas gus an bhliaghain-se d'aois an tiagharna cethre
bliaghna deg ar sheacht ced ar mhile a chur a ccoimhne,
go hairghe an chuid da ngairmthar Connttae Líatruim an
tan-sa. Óir ní raibh a shamhail sin d'ainm no do roinn
fearainn i nEirinn roimh aimseir na banrioghna reimhraite;
acht chum daighniugh et chriochnugha do chur ar an
cconquest go hiomlán do réir mar do bhi a Sacsuibh do
roinneadh agus do gearradh an righacht-sa na hErionn a
n-aonchonttae dheg ar fhichit; agas do chuir aoghaire
no fear coimheda uaithe féin os gach connttae dhiobh da
ngairmther searriam .i. cústos comitatus.



Tuig, a leichoir, garbh e Brían na Múrtha mac Briain
Bhallaigh Mhóir do bhi a ccomhaimseir leis an mBanrighain
Eisibe duine déigheanach do bhi i n-ainm no i
ttiottiol Righ Breiffne do reir an dana do-rinigh ardollamh
Eirionn .i. Sean O Maoil Chonare dhó darb tosach ut dixit: -




Fuair Breffne a diol do shaoghlann
tar gach n-aonfhonn d'Iath Ealga,
fear 'ga dtád gníomha féinidh
la taobh éimhfhis na Seaghsa, agus rl-a.



A nÉirinn gibe is feile
le Righ Breiffne ni measta,
ni sain or is ionól,
ní sain miodhól is deasgadh, agus r-a.


L. 242



Iomthúsa Briain na Murtha. Do bhi do mhed a mheanman
agas a aigeanta nár mhía na maise lais iachtaranacht no
subttítacht do ghabháil ón mBanrioghain ar ní budh lugh
do chéim na mar do bhí aga shionseiribh o gairmeadh
sloinnte i nEirinn, mar do bhi, prionsoidhacht Conacht no
Breiffne. Acht gidh eadh, do bhi an stiughrughadh da
ngairmthar Gouerment róleasg róchoimhedach ar a shamhail
sin do chéim do thabhairt d'aoineach do Ghaoilaibh, go
hairighe d'fhior ceannais agas ardinntine mar Bhrian. Acht
fa dheoidh, mar do-chunairc uaisle Muibhneach agas
Laighanach, acht madh bheg, íar nglacadh iachtaranacht
agus íar ngabhail iolumad ceimionna onóra ón ccoróin, mar ta,
ridereadha, tigharnadha et iarrladha do ghairm dhibh, agus
bheos O Néill, .i., Conn Bacach mac Cuinn meic Enri
meic Eoghain, do ghabhail tiottiol nó céim Iarladhacht
Thíre Eoghain on mbanrighain, da bhri sin do-chuaidh fein
a ndáil arteagal et réitigh reisan Iúistís ar a mhionca.



Acht dob e críoch a ndala fa dheoidh a modh coimhrétigh
leath ar leith go raibh do Bhrian ón mBanrighain agus ón
ccoróin an mhéid da ngairmther Connttae Liatruim anos,
agas na túatha tíre et na flatha fearainn so sios mar an
cceanna do réir mar atá i nOificc na Gnathcoimhne i mBaile
Atha Cliach aniugh; gibe lena mian firinne an neithe so
do bheth aige feachadh gnathchoimhne na hErionn i nAth
Clia réimhraite frisa n-abair an Béarla recórda et do-gheabhaidh
go forleathadach ann é .i. teallach Eách, an
Learga, an Dubhbaile, Tuath Chnuic Ninne, Tuath Mhuintere
Feodhachan, Tuath Chlainn Amhluighe, Tuath Ratha,
Tuath Chlainn Remuinn, Tuath Mhachaire Bhuighe, Baile
chatrelag, Baile an Tóchair, cuius multisquae. Ag so an
comhtharadh úmhla do bhi d'fhiachaibh ar Ó Ruairc
do thabhairt don ccoróin fa Chaisg gacha bliaghna .i. cuig
phúnta dheg is fiche airgid, each toighthe agas píosa óir
maile risna briathra so sgribha i gcompás an phiosa:
serviendo gubernando.



Do bhi iar sin ar feadh re se mbliaghan go sithach
sichánta go n-iumad sásuigh agas solais dho féin agus da


L. 243


uaislibh comhfhialasa. Gidh eadh, do-chuaidh teist agus
túarasgbhail a mhoirmheanma a ccluasuibh agas a n-eisteacht
a easccarad, .i. Gaill Eirionn, 'ga raibh an stiughrughadh
ina láimh, oir do líonsad lán mar áon d'úamhan, d'fhuath,
agus do mhiosgais, fana bheth samhlaidh do, ionnas fa
dheóidh gar tionsgnadh leo sligh sgriosta agus dicheannaidh
do chur air maile le iolumad do chúisibh agus do bhillíbh
fuathmhara graineamhla tréusa do dhealbhadh agas
do chumadh iona adhghaidh ós íosal. Ag so cuid dona
corrthaibh is prionsapalta do cumadh agus do dealbhadh
iona adhuigh .i. go raibh comhthuigse agus comhfhreagra
ideir e féin agas Sixtus Quinctus an Papa et Righ na Spainne
chum athchogaidh do thogbhail i nÉirinn ionnas go
sgriostaidh an credeamh Protestant agus go ccurtidh Catlicacht
ara hadhuigh; bheos, gar chuir d'fhiachuibh ímháigh no
pictuir na Banríoghna do tharruing a maide agus a sraoíghladh
as folt eich ar faiche Dhruim Athiar, agus gar dhearbh damadh
e corp fíre na banrioghna do bheth ann go dtiúradh an
diach cenna fair. Acht ní raibh da dhiamhra da raibh an
chealg sin da hullmhadha nach bhfuair Brian a fhoilsiudha
dho; agas is se chunnarcas dho dul go hAlbain do laithair
Righ Semuis ionnas go bhfuighadh caghus bhuaighe agus
go ndénamh a shíth risan mbanrioghain Eisibeil agus go
ttiughradh chum deadhthuigse í fa gach urchóid chealgach
do cumadh fa chomhair a dhithcheannaidh.



Gidh eadh, 'se sin uair agas aimseir fa ndearna an
Bhanrioghan Eisebél socrúgha choróna na Saxan le acht
Parlement ar righ Semus tar éis a mháthar do chur chum
báis i Sacsuibh .i. an Bhanrioghan Maire fech an leabhar
da ngairmther Hólicúrt agus do-ghebhadh an stair go forlethadach
ann. Acht tuig, a leichoir, a measg gach coimhcheanghail
eile da raibh eidir an dá choróin leath ar leath go raibh
d'fhiachaibh ar righ Sémus iona thaoibh féin gach iachtaran
da raibh faoi sdiurugha Banrioghan Eisibeile do dhenamh
tré asumhlacht seachtantóir de fein agas do bheth da
chaomhnadh a n-aonáit faoi stiurughadh righ Semus a


L. 244


chur da soighe fein ionnas go bhfuileangadh censúracht an
dlighe agas mar an ccenna urtuise an taobh eile. Acht ní
raibh fios an choimhcheangail sin aig Brian ar ndol go
hAlbain dó; gidh eadh, tanic Mac Domhnaill ana aircis
agas do ghlac go onórach é go rug lais da thigh fein e.
Agas do bhi do mhed feile agas orbhertuis Ui Ruairc an
feadh do bhí ann go ndeachaidh a theist os áird an gach
aird i nAlbain. Acht fa dheoidh fuair Mac Dhomhnaill agus
dream eile dá chardibh i nGhaeltacht Alban amach go
raibh a ccás e fein do chaomhnadh go maith ar feadh
aimseire a ndóith go bhfuighadh slighe no úain ar dhul
don Eadáill, don bhFrainc nó don Spáin; agus do mheas
iona mheanmain nach raibh ionadh ba mo cunntabhairt
agus is mó i dtiúrthaidh baramhail do bheth ann na a
ttiomchioll Meic Dhomhnaill. Agas da bhri sin do ghlac a
chead ris agus ba domheanmach Mac Dhomhnaill agas a
theaghlach agus maithe a mhuintere uile fana sgaradh riuth.
Agas do theisbéan e fein ro-oirbheartach bronntach da
gach aicme don teaghlach fa leath. Is fan am sin do-rini
Ma Dhomhnaill an rann molta dho ion Albais Gaelaidh,
ut sequitur:




Muna bí oram eagla Dia
coimios Bríain le Coluim ceall
huist! huist! na cluinter úaid
Mac Ui Ruairc rug an geall.




Acht níor chian dho, iar sgaradh re Mac Dhomhnaill do,
go ndearnadh brath agas seóladh air gar gabhadh a laimh
e agus do réir arteagla an choimhcheangail reimhráite gar
cuireadh go Londuin é agus go ttugadh ar cheist a anma é
do lathair an dárbho th-ainm Sisil. Is ann sin ró
leichadh agus ro foilsigheadh do gach ? artegal fa leith don
chúis agus don choir buigh iona leith. Ann sin d'iarfaigh
an breathamh dhe créd buígh aige le radha ar a shon féin;
do fhreagair sé agas 's eadh ro ráidh go raibh glan neamhchorach
ann gach bille dhibh sin ?. D'iarfaigh an brethamh
an mbeth umhal ar chuiste dha fhear dheg do mhuintir


L. 245


London do chur air; agus dubhairt nach beth agus nar mheas
ó dhlioghadh gomadh cuiste orchios dho iad, acht do reir
an dligh garbh iad tigharnadha a thire féin, agas
munna fagha sin go raibh umhal ar brethamhnas na
Banrioghna d'fhulang. Agas 's eadh ro raidh an breathamh
fris garbh uaibhreach do a mheas go suighfeadh an Bhanrioghan
a n-áit breathamhnuis air; agus o do bhí comh
uaibhreach sin go ccaithfeadh fulang do reir na n-arteaghal
agus na ccortha do bhi ina leith.



"Ni dlighadh sin acht neart agus comheigneamh," ar se.



Agas do cuireadh Ardeasbag Chaisil chuige da chomhairliugh
agus furalach mór dia n-aontaigheadh tiompo ona
chredeamh. Agas do theasbein e fein neamhspeisamhail ann
do bhri gar thiompo ó bheth 'na bhrathair bhocht go
ndearnadh asgop Protestant dhe. Acht gidh eadh, 'se tug
absolóid os íosal dhó. Agas cuireadh chum baiss e an
bhliaghain d'aoís an tigherna 1590.



Agas nír fhágbhaidh oighre ina dhéidh acht áon mhac
lena mhnaoi phósta, an Bhantighernna Maire Burgo,
inghean Riocaird Shacsanuigh .i. Iarla clanna Riocaird
.i. Tadhg an Fhíona, do bhi 'na mhacaomh og da theagasg
agus da thabhairt súas a tteaghlach no i ccúirt a sheanathar
.i. an tIarla reimhraite. Acht cheana, buí mac eile maith
aige .i. Brian Óg mac Bríain na Múrtha. Agas do-chuaidh
a theist ós áird tre fheabheas a láimhe agus croghacht i
soighdiuracht. Agas do ghabh ceannas na tíre chuige
d'éis bháis a athar gar thógaibh arm et sluagh dichoimsi
i n-aghuigh na Banrioghna a ndioghail báis a athar
réimhráite ionas nár leig fosadh na aitriugh d'aoneach do
Ghalluibh a n-áonchlúid dia thír.



Arna chloistin sin don Iustís do chruinigh arm abhalmhór
ionas go ttiuradh chum umhla no faoi iachtaránacht e no
lersgrios agus dicheannadh do dheanamh fair. Agas do chuir
an t-arm céna faoí stiurughadh agas faoí threorughadh
deise taoiseach no general, mar bhi, Sir Cognós Clifard agus
Sir Alexanndar Ratclif. Do gluasadh leó go rangadar i
ccoigeadh Conacht. Ar áirdiugh meanma agas aigeannta
do gabhadh sin ag Brian, óir do ghluais rena shluagh i


L. 246


n-athghoirid gacha conaire da soighe gar chuir a n-eagar
et i n-ionall troda agus trentachair íad. Ci thracht, tarla an da
shluagh sin ara cheile ar Corrshliabh don taoibh shiar do
Shruth na Buille a cConnachtuibh gar fearadh cath crogha
etorra. Acht dob é crioch a n-iomsgaraidh gar sraonadh fur
Ghalluibh agas gar marbhadh a ndis general agas uibheir
diairmhe da n-oiffici agus da nduine, gar bhean a n-airm agas
a n-edala dibh uile, ionas nach raibh dhoibh o shoin amach
teacht re neart na re foregin d'entaoibh da thir go a
bhás, 'se sin an bhliaghain d'aois ar Tighearna 16.



Acht cheana, fuair an t-oighre, .i. Tadhg an Fhíona,
pateannta ar an mhéid do thuathaibh tire agas fearoinn
bhi ainmnithe 'san ccoimhreiteach no 'san ccompósision
do-rini a athair. Agas tug bean a dhiongbhala chuige, .i.
Maire, inghean Ui Dhomhnaill Thire Conaill. Agas do
rug dias mac dho, .i. Brían agus Áodh. Acht ní raibh an
pateannt acht ag labhairt do féin agus da oighribh corporrdha
dlistenacha. Acht cheana, tarla 'mun am sin duine drochuimchair
rómhíríaghalta i tTir Chonaill, .i. an t-Ab Mac
an Bhaird; agas a measg gach drochgniomh eile da
ndearnna an t-ab mibhesach miriaghalta sin do
mheall leis bean duine mhaith do mhuinteir Ui Ruairc,
.i. Tadhg an Fhiona reimhraite, agus do chuir go cruaidh air
do reir dhlighi na heagailse go ttug chum sgannlach
agus pionúisigh puiblidhe e do reir mar do thuill a ghniomhartha
neamh-riaghalta neamhghlana dho.



Acht arna thabhairt fa deara do Thadhg go ndearnna
a sheanathair .i. Iarlla clainne Riocaird agas Ó Beirnn,
do bhí a ttrust agas a ccúram uaighe, neamhchoimhed
agus maineachtuigh tre a neamhfhorleathadach do bhi an
patennt, da bhri sin do chuir roimhe dul go sacsuibh
d'athnughadh a phatennt, ionnas da tteagbhadh do gan
oighre bheth air fein go mbeth an patennt ag labhairt da
bhrathribh comhfhialasa da chineadh, fa bheith do reir
chomhneasacht gaoil dhó. Acht nír dheóin Dia sin do
faráor, acht do ghlac galar an leis e go bfhuair bas a sacsuin
an bhliaghain d'aoís an Tiagharna 1618.


L. 247


Acht ta ni cheana, ni bfhuair an t-ab malloithe uain
nó aimseirr air oirrchóid air bhith do dheanamh re linn beo
Thaidhg, acht re oibriughadh an diabhail do ghrisuigh
duine mírúnach eile d'úaslibh na tíre féin do bhi 'na
aige do chuir a ccluasaibh an Iustís, .i.
Cisester, do bhí a n-a ardghovernóir a nEirinn an tan sin,
go raibh síneadh láimhe agus gealladh posda ina lathair féin
aig Ó cCathán air inghein Ui Dhomhnaill sul do phós
O Ruairc í; agus ar son go ndearna an Eaglais Catloic
dispionnsáid insna sponsalia sin, gidh eadh, nach raibh do
reir dhlighe Eagailse na Saxsan, da bhri sin nach raibh
Clann Uí Ruairc dlisteanach agus go raibh a bpatennt
briste. Chum na cuise do thabhairt chum críche do thánic
an Iuistis maille rena theaghlach agus re maithe a mhuinteire
go leirthionoilte go Caraic Aluinn a cConntae Liatruim,
gar chuir gairm agas tionól air maithe na tíre, gar toghadh
cuiste aire thogha féin díbh d'eachain na cúise, garbh e
a ccrioch gar foillsigheadh leo clann Ui Rúairc bheth
mídhlisteanach.



Da bhithinn sin do chuir an Iuistis ceist chum Bríain, an
t-oighre, an mbeth umhal ar plantasion núadh do dheanamh
ar an tír agus go bhfuighadh féin a rogha barúntacht don
tír dho agus cead suit fán ccuid eile. Agas 's eadh ro raigh
gomadh ionan dho sin agas admhail e fein bheth 'na
bhastard, agas nach diognamh sin ar phrionnsoighacht
Conacht bhi ag ioliumad da shionseribh. Da dhruim sin
do-rónadh laimhsiugh fair agus do cuireadh go Tor London
e le liúntas no pinsion ceithre cced punta 'san mbliaghain
feadh a bhroideanais. Agas chuaidh Aodh, a dhearbhrathair,
'san Spáin go bhfuair bás a seirbhís Righ na
Spáinne, go ndearnadh mironna bega don tír eidir Ghalluibh
agus Ghaeluibh ionas go bfhuair Diúc Bucuingtham mainér
Dhruim Athiar, Sir Fredric Hamilton maner Bhaile
Hamilton, Grandison maner Dhruim-er-Snamh, na
Pearsúnaigh Achadh Tamhnuigh, Bel 'n Atha Muair agas


L. 248


an Garbhros tri maineir iadsein, Enrí Casto Maothla,
Blundeil maner Liatruma, Sir Seoirse St. Seoirse do
thaoibh cleamhnuis Libeirt na Caradh, Robeard Pairc
manér an Bhaile Nuibh, Seon Mór Mag Ranuill Loch an
Sguir, Leacaoín, agas an Ghrainnseach tri mainéir íadsen
maile re iolumad do mhionronnaibh eile eidir Ghalluibh agus
Ghaeluibh nach airbhther sonn.



anos, ar n-iomthacht don líne dhíreach sin Briain na
Múrtha d'easbhaidh oíribh feardha, ata i cceist ag ioliumad
do dhuine coitchin, cia an líne no an duine airighe don
chineadh da ttig no dár cheart an tiodal nó an ghairm úd
Ui Ruairc. Acht tuig, a leighthoir, garbh é Brían Ballach
Mór mac Eoghain meic Tighearnain meic Taidhg meic
Tighernáin Mhóir a ceap o ttig gach líne agus gach duine do
mheasas do réir a ccéadfadh féin garb dóibh féin no do
féin is dleacht an ghairm úd Ui Ruairc. Acht biogh a
fhios agad, a leighthóir, nach raibh do mhnaibh pósta
aig Brian Ballach acht días, .i. inghean Ui Dhomhnaill,
a chédbhean, agus inghean Meg Uidheir an darna bean, agus
uaighthe-sin ata lorg Tighernain meic Briain Bhallaigh
réimhraite. Gidh eadh, ata trí line eile ar lorg Briain
Bhallaigh, .i. lorg Taidhg meic Briain Bhallaigh, lorg
Aodha Gallda meic Briain Bhallaigh et lorg Aodha Buighe
meic Briain Bhallaigh. Agas is dearbh follas go raibh agus
go bhfuil iolumad ar gach sliocht dibh-séin do dhuine
uaislle ró-oirdheirce a ccogadh agus i síth, le maith i bhfeile,
i n-oirbherrtas, i ccródhacht agus an gach subhailce eile,
ionnas gomadh fiú an iumad dibh ceim no gairm are
fheabhas, acht go mbeth do reir dlighe De agus duine. Acht
cheana, ni gheabha rém ais an punc sin do chur a ccrich,
acht leigim mheanma agus a chedfadh fein da gach áon
do reir a thola. Acht an mheid da fhios ata agam féin
absente invidia foilseabhad go firinneach é; óir gar
cuibhneach leam an tarna bliaghain d'eis Righ Serlus do
thoighacht ón Spáin chum corona na Sacsan go ttug


L. 249


duine uasal do Bhreathnuibh, dármh ainm Captín Eoghan
Lóid, ughdaras agas comísion leis go Baile Semuis a
cConnttae Líaitruim chum cuiste in do mhaithibh na
tire do ghairm 'san mbaile chenna air duthaith Cuinn mic
Bhriain Óig Uí Ruairc d'fhios 'nar thuit do bhri an
chogaidh da ngairmther rebeillion nÓ má do thuit, an
raibh oighre corpardha fair; acht tar eis gach tagradh da
ndearnadh air gach taoibh go ndearna an cuiste foilsiugh
faoina laimh da ngairmther verdict a mBerrla ar na
briathroibh-se: wee find that Con mac Bryan in the
years of and dureing the Rebellion was somtimes frantick
somtimes sober, and that he has no issue of his body but som
of his cosens of the o Rourkes claime his inheritance
wee finde his estate Kings his.



Nír chian 'na dhiaidh sin go ndeachuidh Eoghan
reimhraite go Áth Cliath agus go rug cóip fhire an vérdict
sin leis go ttug da chomhairleach dlighi e, .i. Anntoine
Mártín. Agas 's eadh ro raidh fris garbbhe a mheas nach
raibh leighas 'san mbith i n-adhuidh an verdict chénna
ni budh neasa dho na a dhul go lathair an Righ; agus fós
gar bharamhail dho gar raibh sin mall do bhri gomadh
dearbh leis go ttug an Righ an dúthaigh chénna do neach
éigin do bhi i ccadhghas no i bfhávor na cúrte. Agas
ba fíor do sin, oir tugadh don Aitheir Páttric Mhaginn í
do bhi 'na sheplíneach ag an mbanríoghain. Et íar ttuigse
don Aither Páttric go raibh cuid do bhrathribh Chuinn
meic Briain Óig ag agra a oíreacht, do spreag onóir no
coinsías e gar sgríobh go hEirinn d'fhios cia do shíol Ruairc
an tan sin 'san líne dhíreach go dlisteanach budh neasa do
theach Ui Rúairc. Agas do freagradh é faoí laimh urmhor
ollamhain coigeadh Conacht, mar do bhí, dream do chlainn
Uí Mhaoil Chonaire, muinteir Duibhgenan agus muinteir
Cuirnín, garbh é Eoghan Og mac Eoghain Mhóir meic
Tighernain meic Briain Bhallaigh Mhoir an duine gan
cheist gan chunntabhairt. Dha bhri sin meabhair liom
go ttug faoína laimh don Eoghain reimhraite suim inmheasta
airccid do thogbhail ar Aodh mac Briain meic Aodha Oig


L. 250


Ui Ruairc do chios na dúthigh do bhri garbh é bhi iona
fheilmeir urra an tan sin.



Ag sin da gach leighthoir a bhfuil do theasbénadh agam
cia dá ttig an ghairm úd Ui Rúairc, acht faráor is troid
um asair fhailuibh iomreasan an phuinc sin is gan acadh
re rádha acht fuimus Troes, .i. do bhamar ar tTraoiánuibh.



Gioniollach Shiol Ruairc sonn.



Ag Úalgharg mhac Domhnaill mhac Amhlaighe
condreguid sliocht Thaidhg na cCaor mhac Ualghairg an
sionnserr et sliocht Tighernain Mhoir an sosar; agus gan
géilleadh don ordhercas tarrla do shliocht Tighernain fri
ré cuig no a se do ghluinibh bheram tosach seanchas do
lorg Thaidhg na cCáor ar a shinnserracht. Agas cibe leana
mían fios an leasanma bheth aige go firinneach, .i. Tadhg
na cCáor, biodh fios aige garbh e abhar agus siocair an fhoranma:
la n-aon dia ndeachaidh inghean Uí Bhriain Tuadhmhumhan,
bean Úailghairc, righ Breifne, do ghlacadh aéir et
aigeanntais re cois srotha na Búannaide óna longphurt
nó ona baile puirt fein soir gach ndíreach maille re uathadh
do mharcshluag et do bhanntracht ina fochair, agus ar ttiompó
ara th-ais dhi, et í taobhthrom torrach, do-chonairc tor
coilleadh darbh ainm Molán na cCáor agus croinn caoirthain
na coilleadh ag claonadh leis an mbárr dearg do chaoraibh
aille apchiche buidh furro, agus do ghabh an ríoghan mian agas
ailghios dona cáoraibh, et do chuir d'fhiachuibh ar mharcach
da muinnteir tairbhling agus méid éigin dona caoraibh do
thabhairt chuici chum an bhaile; agus do-ronadh samhlaidh
agus do chaith a lórdhaochain go cosg a mían dhibh. Agas an
oidhche cheanna tanig am tuismeadha don ríoghain et
do rug mac; agas tugadh Thadg na cCáor d'ainm fair do
bhri na ccaor réimhráite. Triur mac iomorra buidh ag
Tadhg na cCaor, .i. Lochlainn, Art agus Conchubhar. Ni
bhfuil sliocht ar Chonchubhar.


L. 254


SLIOCHT SEAFRAIDH OIG MEIC SEAFFRAIDH MEIC
FEIDHLIM SONN.



Toirdhealbhach, Seafraidh, agus Michéal. Eilinór, inghean Philip
meic Seáin Ui Raghallaigh, maitheir Mhicheal, an darna bean
phosta buidh ag Feilidhmi. Agas fuair a clann mhac uile
bás acht an triar sin nama. Sin a mareann do chlainnmhaicne.


L. 257


Bíodh 'fhios ag gach leichóir ar shon go ttugamar
tosach 'san seanachus do shliocht Taidhg na gcáor ar a
shinsearacht, gidh eadh, is réil agas is follas garb iad sliocht
tighearnain Mhoir ta a cceannas agus a bhforlamhas a
ttighernas Ui Ruairc tre bheth nios ordhearca dhóibh nó
tre chláon na ttaoiseach le lorg Tighernain Mhoir seach
luirg Thaidg na cCáor, acht ta ar congbhail ó aimsir
Ualghairg meic Domhnaill meic Amhluighe anuas.



Sliocht Tighernan Mhoir meic Ualghairg meic Domhnaill
meic Amhluighe sonn.



Brian Ballach Mór mac Eoghain meic Taidhg meic
Tighernain Mhoir an ceap asa ttiubhram gach líne dar chin
uaidhe. Cuig meic Briain Bhallaigh Mhóir, mar ata, Brian
na Múradh, Tighernan, Tadhg, Aodh Gallda, agus Aodh Buidhe.
Ni bfhuil sliocht fearrgha ar Brian faráor.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services