Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dileagra.
Title
Dileagra.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DILEAGRA CUMAINN NA GAEDHILGE I NUAIDH-EABHRAC DO'N ATHAIR URRAMACH EOGHAN O GRAMHNA. A Shaoi Urramaigh Dhílis: Ar son ball cumainn na Gaedhilge de Nuadh-Eabhrac, cuirimíd fáilte agus míle fáilte rómhat. Tá lúthgháir mhór orainn go dtugadh an ocáid seo dhúinn le n-ár n-áird-mheas ort d'fhoillsiughadh dhuit, agus le n-ár mbuidheachas do rádh leath i dtaoibh na hoibre duthrach- taighe tíorthamhla atáir ag deunamh ar son sean-tean- gad na hÉireann. Beagán bliadhan ó shoin, go deimhin, bhí stáid na teangadh sin íseal agus dona go leor; acht má sgiobadh í beag nach ó 'n mbás, agus má tógadh í chum áite níos áirde agus níos uaisle i measg ár ndaoineadh féin, is leat-sa amháin an chuid is mó d'onóir an atharraigh luachmhair sin. Gidh go bhfuilmid-ne 'n-ár ndíbirtidhibh trí míle míle ar siubhal ó oileán ár ndúthchais, fós támuid chomh cúramach agus chomh coiméadach ar gach nídh a bhaineas le cúis na tíre sin a's tá a clann nár fhág a trágha riamh. Sgaptha mar támuid i measg cineadh eile na hEorpa
a labhras a dteangtha féin ar fud na móir-thíre seo, mothuighmid go geur easbuidh dhlúth-bhanna na Gaedhilge mar theangaidh choitchinn i mbeulaibh ar muintire. Mar sin de, 'nuair a chualamar gur cuireadh cathaoir na Gaedhilge ar bun i n-Árd-Choláisde Mhuighe Nuadhad, bhí áthas orainn; acht an uair a chualamar gur tú féin dob' oide 'san gCathaoir sin, bhí níos mó 'ná áthas orainn, óir bhí a fhios againn go raibh “an fear ceart 'san áit cheirt;” bhíomar cinnte go dtiubharfá dár dteangaidh an cúram agus an stuideur budh chóir di fhagháil; agus tré do shompla agus do theagasg, go dtógfaidhe suas deisciobail i measg mac léighinn an Choláisde d'iomcharfadh Eolus na Gaedhilge in aoinfheacht le sólás a gCreidimh ar fud cúig cúigeadh na hÉireann — óir is i lámhaibh sagart óg na tíre luigheas bás nó beatha na Gaedhilge 'san am atá le teacht. In do mhór-shaothar mar oide, fear eagair, agus úghdar, choimh- líonais gac dóchas a bhí againn asat. Ar an adhbhar sin tá bród orainn fáilte do chur romhat 'san gcanamhain seo atá díleas dúinn go huilidhe, agus geal- lamuid gach congnamh 'n-ár gcumas do thabhairt duit-se agus dod' cháirdibh 'san mbaile atá ag saothrughadh i gcúis teangadh agus litreachta ár dtíre. Ag súil go ndéanfaidh do chuairt ar an dtír seo slán arís thú, agus ag guidhe go dtabhraidh Dia fad-shaoghal agus neart duit leis an obair mhóir atá ar láimh agat do chur aghaidh, is sinne, a Shaoi oirbhidnigh, ar son Cumainn na Gaedhilge, do cháirde fíora, Eamonn T. MacCríostamhail, Uachdarán. Piaras de Cent, Rúinchléireach. Uilliam O Meachair, Cisdeoir. Enrí Mac Aoidh. Tomás P. De Búrc. Cuideachta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services