Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dileagra.

Title
Dileagra.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 159


DILEAGRA CUMAINN NA GAEDHILGE I NUAIDH-EABHRAC
DO'N ATHAIR URRAMACH EOGHAN
O GRAMHNA.



A Shaoi Urramaigh Dhílis:



Ar son ball cumainn na Gaedhilge de Nuadh-Eabhrac,
cuirimíd fáilte agus míle fáilte rómhat. Tá lúthgháir
mhór orainn go dtugadh an ocáid seo dhúinn le n-ár
n-áird-mheas ort d'fhoillsiughadh dhuit, agus le n-ár
mbuidheachas do rádh leath i dtaoibh na hoibre duthrach-
taighe tíorthamhla atáir ag deunamh ar son sean-tean-
gad na hÉireann. Beagán bliadhan ó shoin, go deimhin,
bhí stáid na teangadh sin íseal agus dona go leor; acht
má sgiobadh í beag nach ó 'n mbás, agus má tógadh í chum
áite níos áirde agus níos uaisle i measg ár ndaoineadh
féin, is leat-sa amháin an chuid is mó d'onóir an
atharraigh luachmhair sin.



Gidh go bhfuilmid-ne 'n-ár ndíbirtidhibh trí míle míle
ar siubhal ó oileán ár ndúthchais, fós támuid chomh
cúramach agus chomh coiméadach ar gach nídh a bhaineas le
cúis na tíre sin a's tá a clann nár fhág a trágha riamh.
Sgaptha mar támuid i measg cineadh eile na hEorpa


L. 160


a labhras a dteangtha féin ar fud na móir-thíre seo,
mothuighmid go geur easbuidh dhlúth-bhanna na Gaedhilge
mar theangaidh choitchinn i mbeulaibh ar muintire. Mar
sin de, 'nuair a chualamar gur cuireadh cathaoir na
Gaedhilge ar bun i n-Árd-Choláisde Mhuighe Nuadhad,
bhí áthas orainn; acht an uair a chualamar gur tú féin
dob' oide 'san gCathaoir sin, bhí níos mó 'ná
áthas orainn, óir bhí a fhios againn go raibh “an
fear ceart 'san áit cheirt;” bhíomar cinnte go
dtiubharfá dár dteangaidh an cúram agus an stuideur
budh chóir di fhagháil; agus tré do shompla agus do theagasg,
go dtógfaidhe suas deisciobail i measg mac léighinn
an Choláisde d'iomcharfadh Eolus na Gaedhilge in
aoinfheacht le sólás a gCreidimh ar fud cúig cúigeadh na
hÉireann — óir is i lámhaibh sagart óg na tíre luigheas
bás nó beatha na Gaedhilge 'san am atá le teacht. In
do mhór-shaothar mar oide, fear eagair, agus úghdar, choimh-
líonais gac dóchas a bhí againn asat. Ar an adhbhar
sin tá bród orainn fáilte do chur romhat 'san
gcanamhain seo atá díleas dúinn go huilidhe, agus geal-
lamuid gach congnamh 'n-ár gcumas do thabhairt duit-se
agus dod' cháirdibh 'san mbaile atá ag saothrughadh i
gcúis teangadh agus litreachta ár dtíre.



Ag súil go ndéanfaidh do chuairt ar an dtír seo
slán arís thú, agus ag guidhe go dtabhraidh Dia fad-shaoghal
agus neart duit leis an obair mhóir atá ar láimh agat
do chur aghaidh, is sinne, a Shaoi oirbhidnigh, ar son
Cumainn na Gaedhilge, do cháirde fíora,



Eamonn T. MacCríostamhail, Uachdarán.
Piaras de Cent, Rúinchléireach.
Uilliam O Meachair, Cisdeoir.
Enrí Mac Aoidh.
Tomás P. De Búrc.



Cuideachta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services