Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearna Dhiarmada. Concluded.
Title
Bearna Dhiarmada. Concluded.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARNA DHIARMADA. Concluded. Le mionnaibh móra do lean na marcaigh eile é, ar buile le feirg agus tnúth. Ba shaobh é a dtóruigheacht. D'fhág sé i bhfad 'n-a dhiaidh iad, mar bhí an t-each caol dubh go cuithig tréan. Níor tharraing sé srian go dtáinig go Cúmlumina agus sgaoil an t-each faoi an bhfásach. “'Sé mo bharamhail,” ar seisean leis féin, “go mbeidhid ar mo thóir anocht, agus is córa dham mo leabaidh do dheunamh i measg na bhfiallacha.” Do bhuail sé leis i n-aghaidh an chnuic. Bhí an pilibín miodhg ag feadaighil agus an gabhairín reoigh ag meigilligh i measg na seasga, srutháin na gcnoc ag crónán a seotha binn agus an cúm dubh glórach faoi uaigneas na hoidhche. Bhi an ghealach ag éirghe agus ag caitheamh leusa solais eidir gach faill chum gur dhóigh leat ó sgáile gach splince go raibh sochraide sídhe ag triall thríd an mbealach. Cad atá ag an mbuidhin ghéirleanamhna dhá dheunamh? Do chruinnigheadar a g- ceann a chéile ag Áth an Chaoil Duibh, — abhann do ritheann thrí Ghleann Locha Brin, — agus do mhacthnaigheadar. “Leanfad-sa é,” ars an Maor Buidhe, “agus má fhaghaim faill air, deunfad corp de. Teidhidh-si ar bhur n- aghaidh agus gabhaidh an leanbh; geallaim daoibh 'nuair do chloisfidh Diarmaid go bhfuil an leanbh gabhálta go ndeunfaidh se iarracht ar í shaoradh agus cuirfimíd buarach 'n-a chomhair.” “Tá an Maor glic,” ar fear eile, “tógaidh a chomhairle, beir ar choileán an leomhain agus tiocfaidh an leomhan le preab agus le búirfeadh i measg na sealgaireadh.” Bhí Nóra óg 'n-a seasamh i ndoras botháin ag feitheamh le n-a h-athair, agus na srutháin ag seinnm cheoil di. Bhí tobar fíor-uisge ar aghaidh an dorais gus reultán ag feuchaint anuas ann. D'fheuch an inghean go háthasach ar an dtobar mar ba ghnáthach, dar léi, leis an reultán gceudna so teacht anuas ó'n speur gach tráthnóna agus é féin do thomadh ins an tobar agus rinnceadh le haiteal. Tháinig sgáil anois ós cionn an tobair agus do mhúch sé an reultán. D'fheuch sí suas le truagh do'n reultán, mar do rinneadh sé cuil- eachta dhi gach tráthnóna. Bhí ceathrar fear ag druidim léi go grod. “Beir uirri,” ar fear aca, acht do, sceinn an leanbh uaidh agus do rith faoi thor cuilinn, as sin faoi fhaill liath bhí ar an machaire. Do rith fear annso agus duine eile ann súd. Do thug fear aca mionn gur shleamhnaigh sí ó n-a láimh mar shiabhra agus dubhairt duine eile go raibh sí annso anois agus ann súd ó chianaibh; acht ar feadh na cons- póide so, cé go raibh croidhe an leinbh 'n-a beul agus a baill ar crith, do shnáimh sí ó sgáth faille go dtí ceann eile, agus i gcionn leath-
uaire an chluig bhí sí i bhfad ar a haghaidh faoi dhéin a hathar, mar bhí 'fhios aici go dtiocfadh sé ins an mbeárnain am éigin de'n oidhche. Bhí Diarmaid ins an am ceudna so ar ghualainn an Aitinn, ag feuchaint síos ar an ngleann mar a raibh a dhalta, agus ag smuaineadh uirri. Bhí an gleann beag nach míle uaidh agus murabhán na hoidhche ós a chionn, acht dar leis do chonnairc sé deilbh a leinbh agus do chuala sé a guth ag glaodhach air. Do phreab sé 'n-a shuidhe le huathbhás ag machtnamh gur imthigh tubaiste éigin ar a inghin, agus leis sin do shaoil sé gur chorruigh an feur 'dtaoibh shiar dé. Sul a raibh aim- sir aige ar iompódh, do léim an Maor Buidhe as an bhfeur agus do chuir sé sgian dubh go dorn a gcliabh Dhiarmada. “A bhitheamh- naigh, do rinnis anois é,” ar Diarmaid bocht go fann, agus do fhreagair an Maor é le goic agus gáire. Níor thuit an gaisgidheach fós. Le méid an neirt do bhí aige do thug sé ruathar ar an Maor agus do chuir glaic 'na scornuigh. Do rug an bheirt fhear barróg ar a chéile, agus do chomhraic an Maor go fear- gach fíochmhar. Do bhíodar araon ar bhárr na faille, agus le móir-neart do steall Diarmaid uaidh é mar chaithfeadh duine pisgin cait, síos i measg na gcairrge dubh, síos le fánaidh, mar a ndeunann an fiolar 'sa seabhac a neid, agus do thuit sé féin ar phleasg a dhroma. I n-anacha an bháis dó, do chuala sé liúghadh an leinbh arís. Le feidhm d'éirigh sé 'n-a shuide agus do leig glaodh as do bhean mac-alla as na gleanntaibh — “Táim a' teacht, a Nóra Óg, táim a' teacht.” Deir sean-daoine, 'nuair a shéideann an ghairbh-shíon thrí Bheárna Dhiarmada go gclois- tear ós cionn fothroma na gaoithe móire, liúghadh an leinbh agus freagra an Bhuachalla Bháin, — “Táim a' teacht, a Nóra Óg, táim a' teacht.” Mathghamhain Chinn Mhara.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services