Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearna Dhiarmada. Concluded.

Title
Bearna Dhiarmada. Concluded.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARNA DHIARMADA.



Concluded.



Le mionnaibh móra do lean na marcaigh
eile é, ar buile le feirg agus tnúth. Ba shaobh
é a dtóruigheacht. D'fhág sé i bhfad 'n-a
dhiaidh iad, mar bhí an t-each caol dubh go
cuithig tréan.



Níor tharraing sé srian go dtáinig go
Cúmlumina agus sgaoil an t-each faoi an
bhfásach.



“'Sé mo bharamhail,” ar seisean leis féin,
“go mbeidhid ar mo thóir anocht, agus is córa
dham mo leabaidh do dheunamh i measg na
bhfiallacha.”



Do bhuail sé leis i n-aghaidh an chnuic. Bhí
an pilibín miodhg ag feadaighil agus an
gabhairín reoigh ag meigilligh i measg na
seasga, srutháin na gcnoc ag crónán a
seotha binn agus an cúm dubh glórach faoi
uaigneas na hoidhche. Bhi an ghealach ag
éirghe agus ag caitheamh leusa solais eidir gach
faill chum gur dhóigh leat ó sgáile gach
splince go raibh sochraide sídhe ag triall
thríd an mbealach.



Cad atá ag an mbuidhin ghéirleanamhna
dhá dheunamh? Do chruinnigheadar a g-
ceann a chéile ag Áth an Chaoil Duibh, — abhann
do ritheann thrí Ghleann Locha Brin, — agus do
mhacthnaigheadar. “Leanfad-sa é,” ars an
Maor Buidhe, “agus má fhaghaim faill air,
deunfad corp de. Teidhidh-si ar bhur n-
aghaidh agus gabhaidh an leanbh; geallaim daoibh
'nuair do chloisfidh Diarmaid go bhfuil an
leanbh gabhálta go ndeunfaidh se iarracht
ar í shaoradh agus cuirfimíd buarach 'n-a
chomhair.”



“Tá an Maor glic,” ar fear eile,
“tógaidh a chomhairle, beir ar choileán an
leomhain agus tiocfaidh an leomhan le preab
agus le búirfeadh i measg na sealgaireadh.”



Bhí Nóra óg 'n-a seasamh i ndoras botháin
ag feitheamh le n-a h-athair, agus na srutháin ag
seinnm cheoil di.



Bhí tobar fíor-uisge ar aghaidh an dorais
gus reultán ag feuchaint anuas ann.
D'fheuch an inghean go háthasach ar an
dtobar mar ba ghnáthach, dar léi, leis an
reultán gceudna so teacht anuas ó'n speur
gach tráthnóna agus é féin do thomadh ins an
tobar agus rinnceadh le haiteal. Tháinig
sgáil anois ós cionn an tobair agus do mhúch
sé an reultán. D'fheuch sí suas le truagh
do'n reultán, mar do rinneadh sé cuil-
eachta dhi gach tráthnóna. Bhí ceathrar fear
ag druidim léi go grod.



“Beir uirri,” ar fear aca, acht do,
sceinn an leanbh uaidh agus do rith faoi thor
cuilinn, as sin faoi fhaill liath bhí ar an
machaire. Do rith fear annso agus duine eile
ann súd. Do thug fear aca mionn gur
shleamhnaigh sí ó n-a láimh mar shiabhra agus
dubhairt duine eile go raibh sí annso anois
agus ann súd ó chianaibh; acht ar feadh na cons-
póide so, cé go raibh croidhe an leinbh 'n-a
beul agus a baill ar crith, do shnáimh sí ó sgáth
faille go dtí ceann eile, agus i gcionn leath-


L. 102


uaire an chluig bhí sí i bhfad ar a haghaidh
faoi dhéin a hathar, mar bhí 'fhios aici go
dtiocfadh sé ins an mbeárnain am éigin
de'n oidhche.



Bhí Diarmaid ins an am ceudna so
ar ghualainn an Aitinn, ag feuchaint síos
ar an ngleann mar a raibh a dhalta, agus ag
smuaineadh uirri. Bhí an gleann beag nach
míle uaidh agus murabhán na hoidhche ós a
chionn, acht dar leis do chonnairc sé deilbh a
leinbh agus do chuala sé a guth ag glaodhach air.
Do phreab sé 'n-a shuidhe le huathbhás ag
machtnamh gur imthigh tubaiste éigin ar a
inghin, agus leis sin do shaoil sé gur chorruigh
an feur 'dtaoibh shiar dé. Sul a raibh aim-
sir aige ar iompódh, do léim an Maor
Buidhe as an bhfeur agus do chuir sé sgian dubh
go dorn a gcliabh Dhiarmada. “A bhitheamh-
naigh, do rinnis anois é,” ar Diarmaid
bocht go fann, agus do fhreagair an Maor é le
goic agus gáire. Níor thuit an gaisgidheach
fós. Le méid an neirt do bhí aige do thug
sé ruathar ar an Maor agus do chuir glaic 'na
scornuigh. Do rug an bheirt fhear barróg
ar a chéile, agus do chomhraic an Maor go fear-
gach fíochmhar. Do bhíodar araon ar bhárr
na faille, agus le móir-neart do steall
Diarmaid uaidh é mar chaithfeadh duine pisgin
cait, síos i measg na gcairrge dubh, síos
le fánaidh, mar a ndeunann an fiolar 'sa
seabhac a neid, agus do thuit sé féin ar phleasg
a dhroma. I n-anacha an bháis dó, do
chuala sé liúghadh an leinbh arís. Le feidhm
d'éirigh sé 'n-a shuide agus do leig glaodh as do
bhean mac-alla as na gleanntaibh — “Táim
a' teacht, a Nóra Óg, táim a' teacht.”



Deir sean-daoine, 'nuair a shéideann an
ghairbh-shíon thrí Bheárna Dhiarmada go gclois-
tear ós cionn fothroma na gaoithe móire,
liúghadh an leinbh agus freagra an Bhuachalla
Bháin, — “Táim a' teacht, a Nóra Óg, táim
a' teacht.”



Mathghamhain Chinn Mhara.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services