Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The First Battle of Magh Tuireadh
Title
The First Battle of Magh Tuireadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
. . . . eólas agus cobhuir dóibh go hÉirinn, agus gur ghairid go bhfuighdís í. Nír chian dóiph amhlaidh sin an tan do éirigh in ghaoth aniar ndeas chucu gach ndíreach, agus do freagradh go curata feidhmláidir ag in loingeas adhbhalmhór sin, .i. tugadar éirghe athlamh aonfhir orru, agus do thógbhadar na seólta fada fairsinge breacdhathacha a mbarruibh na ccrann gcomhreamhur gcolgdhíreach, agus do thríallsat amach ó chiomhuis chuain agus caladhphuirt ar uachtur gacha domhuinaigéin; agus do éirigh in fhairrge dhóibh 'na tonnuibh tromaibhle taobhshleamhna, agus ina tulchuibh dorchu gruamdha gráineamhla, agus ina harduibh measga meadhartha míchéillidhi, agus ina h-anfadha meara mór choigeadlacha cainnteacha roshiubhlacha, gur líonasdar in mhuir mhórádhbhal sin longa agus laoieanga na loingsi sin dá tonnuibh árda meara bárrghlana, agus dá gaineamh míngheal, agus dá turrsgur roghránna, ionnas gur fliuchadh agus gur salchadh fuilt agus fionnfadh, earradh agus édach na bhfear bhfraochdha bhfeimláidir neamhthláith sin, gur cumhsgaigheadh ciall agus cédfadh agá laochuibh, agus gur haithearraigheadh dealbh agá gcuradhaibh, agus gur hísligheadh aigneadh agá mílidhibh, gur dealaigheadh ré chéile an aicme oirbheartach urrumhanta ionnsaichtheach neamhthláith sin gona trí loingsibh líonmhura lánmhóra sin, .i. Gailidheóin agus Fir Bholg agus Fir Dhomhnann, gurab é áit ar ghabh Geanann gruáidhchorcra mac Deala gona chobhlach leathan lánmhór cuan agus caladhphort a nInbhear griansholas Geanainn a Laighnibh, agus gur ghabh a sinnsear fírghlic fíreólach, .i. Sláinghe, cúan agus caladhphort a nInbhear Sláinghe a gCúigeadh ghasda Gháilidheóin. Ro ghabh in rí foirneartmhur Rudhraighe cuan agus caladhphort a tTráigh Rúdhraighe a gCúigeadh Uladh. Ro ghabh dno Gann agus Seanghann cúan
agus caladhphort a nInbhear áluinn Domhnann gur ghluais gaoth agus gur iomluaith anfa iad síar dheas gach ndíreach go hInbhior Dubhghlaisi a gcomhrac Corca Mo Ruaidh agus Corca Bhaisginn, agus do chuirseat a gceathra agus a gcaoirigh fó thír ann, gona é sin cédionad a ndeachaidh caoirigh fó thír ann, gona é sin cédionad a ndeachaidh caoirigh ar tús a nÉirinn ariamh, .i. Iniss Caorach a h-ainm ó shin a leith, agus gurab ón chloinn sin Deala mhic Lóich hainmnighthear na cuanta sin a ttángadar ó shin a leith. Dia Sathairnn iomorra in céd d'Fhoghmhur ro ghabh Sláinghe cúan i nÉirinn ar tús. Dia Máirt ro ghabh Gann agus Seanghann cúan. Dia hÁoine iomorra ro ghabh Geanann agus Rudhraighe cúan agus caladhphort, mur adeir in file é: -
Dia Sathairnn, ba réim go rath, do ghabh Sláinghi Érinn aird, ag Inbhear Sláinghi ba fíor, do bá tosach gníomha gairg. Ag Inbhear Dubhghlaisi dubh gabhsat in churaidh nár cham, Dia Máirt, nír bho brég a mbladh, Seanghann do ghabh agus Gann. Rudhraighe is Geanann go rath, Dia hÁoine gabhsat in tír, ag sin na laethe gan ghrúig a ttáinic na cúig rígh.
Ro ba olc ag ro ba iomshnímhach leis na maithibh fá seach nach roibhe sgéla ag gach aon acu in ttánic in chuid eile dhíoph go hÉirinn, mur do dhealaigh anfadh agus
garbhthean íad ré chéile ar muir, agus do chuir gach áon díobh teachta agus taighleóire ar fud Éireann d'fhéchain in bhfaicfidís in chuid eile dhíoph, agus adubhradar riu ionadh oiris do dhéanamh ré gach duine dá bfhaicfidís do chlannaibh Neimhidh ag Ráith na Ríoghraidhe, risa ráitear Teamhair aníodh, agus lá áridhe do ghabháil ann; agus do rónadh amhlaidh sin aca uile. Is ann sin do chruinnidar na maithe sin uile go Teamhraigh, agus ba luathgháireach iad féin roimhe a chéile ann sin, agus do bhídar féin ag fochtain agus ag fíarfaighe sgél dá chéile in roibhe díth nó easbhaidh ar neachtar acu ar muir nó ar mórfhairrge; agus fuaradar iad féin uile gan díth gan easbhaidh, agus tugadar buídheachas dona déibh dá gcreidís, iad féin do theacht slán uile mur sin. Rob íad so anmanna bhan na gcúig ríogh sin, .i. Fuath bean Shláinghe, Ealathain bean Ghainn, Anust bean Sheanghainn, Cnucha bean Gheanainn, Lígean bean Rúdhraighe, amhail mur adubhairt in fili na rainn so síos: - Fúath ban Shláing .... . . . . na curaidh ré comhluaighill a gcloidhimh ag créachtnughadh corp sin gur cuireadh na laoich dá láithreachuibh, agus na curaidh ó chomhnaidhe, agus na hóig, agus na hairsigh dá n-ionaduibh, agus na tréinfhir óa ttaca, agus na mílidh óna tt seasuimh, gur srianadh air na slúaghuibh ar gach leath ionnas gur fágbhadh róid ríoghleathna agus bóthuir bhéalfhairsionga fola eideir na sluaghuibh. Ar na fhaigsin sin dá libh árdmheanmacha agus dá gcuradhuibh crúaidhchalma, do fhilleadur arís dá n-ionuduibh, go ttugadar frasa do bhéimeanuibh teanna
tinneasnacha dá chéile ag tuargain corp agus cheannmhullach, gur chriothnaigh an talamh tromfhóideach fóna gcosuibh, gur bho fóide boga bráonacha na fóide aggharbha ainmhíne ara ttugdís troighthe ré taca ag comhmbúaladh a chéile, gonach urasa a áireamh a ttugsad do chréachtuibh agus d'áladhibh báis ara chéile. Is ann sin do éirigh Sreang séaghmhur seasbhach sárbhuailteach mac Seanghainn, agus tug buille bríoghmhur neimhneach náimhdighe dá chloidheamh claisleathan coilgdhíreach, agus do amuis airdrí T.D.D., .i. Nuadha neartchalma, gur ghearr bile comhromhach na sgéithe órrdha agus in lámh ghasda dhoinningneach ó mhaoil na gualann d'aonbhéim dhe, gur thuit in lámh agus in sgíath go lár agus go lántalmhuin. Is ann sin tug an t-airdrí osnamh égcomhlainn ós aird. Do chuala Énghobha na hIoruaidhe in t-osnadh sin, agus tánic 'na réim roreatha d'fhurtacht an airdríogh, agus do rinne féin agus Sreanng comhrac náimhdidhe neamhcharthanach borbbhríoghmhur dásachtach tenntalchuir teineasnach, agus dob é críoch a gcomhraic gur beanadh osnadh agus athosnadh as Énghobha na hIorúaighe. Ar gclos an osnaidh sin don Dagha Mór mac Ealathuin tánic féin 'na leómhan lántréan agus 'na bhuinnne dían dígháir díleann go hionadh na himreasna agus go láthair na láochraidhe, agus tug aghaidh ar Sreang dá bhualadh go neamhchoigioltach. Mur do chonairc Sreang leatrom na deise deghlaoch air seachnas íad, agus tug cúl dóibh mur do bhí féin cneadhach créachtach roimhe sin ó a ndearna do chomhrac; agus gion gur thuit Énghobha na hIorúaighe air in láthair sin, is do neimh in chomhraic sin agus dá ghaoithibh cró fúair bás fá dheóigh. Ar n-imcheacht do Shreang amhlaidh sin, tánic in Dágha ós ceann Núadha agus caoga láoch do leaghaibh T.D.D. leis, agus do thógbhadar Nuadha leó go foluightheach as in gcath amach, agus a lámh air iomchar réna chois, agus do cuireadh curaidh chalma do chothugha in chatha ag Tuathaibh D.D. ar ndul dá ttighearna ar gcúl uatha.
Is annsin tánic Breas mac Ealathain mhic Dhealbhaoi do T.D.D. fó chath bfhear mBolg do dhíoghailt an airdríogh forro, go ráinic gus in gcrómhainnir chatha a roibhe an rí sin Fear mBolg ag cothughadh in chatha agus ag neartúghadh a dheaghdháoineadh, agus ag greannugha na ngaisgeadhach, agus ag teannadh na ttréinfhear, agus ag cinneadh in chomhlainn; agus air bhfaicsin a chéile dhóibh tugsad dá sháthadh shanntacha sárneimhneacha dá sleaghaibh crannramhra crófhairsionga catha, gur mhúchadar cinn a gcraoiseach a gcorpuibh agus a gcneasuibh a chéile gur bhriseadar a gcraoiseacha lé hiomad na sáitheadh agus le teinne na troda, gur ghabhsad a gcloidheimh chlaisleathna chumhduighe ag tuairguin sgiath agus chathbharr, corp agus chneas a chéile, agus do díthláireadh Breas ré bráthbhéimionnuibh Eochach mhic Eirce. Ód chonnairc in Dágha Mór a bhráthair féin ar ttuitim la hEochaidh, tug féin agus Oghma Griánoineach agus Allán Áluinn agus Dealbhaoi ionnsaighe neartmhur rochródha do dhíoghailt a mbráthar for Fearuibh Bolgo agus for Eochaidh. Do bhí Eochaidh fón am sin ag córugha in chatha a n-adhuigh T.D.D., agus ag tiomsúghadh na ttríath agus na ttréinfhear a gceann a chéile, agus ag nge agus ag dlúthughadh na deabhtha idir na deaghláochuibh, ag greannughadh agus ag brosdugha na bfhéinneadh chum na bhfeadhmann. Ro bá . . . .
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services