Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The First Battle of Magh Tuireadh

Title
The First Battle of Magh Tuireadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



. . . . eólas agus cobhuir dóibh go hÉirinn, agus gur ghairid go
bhfuighdís í. Nír chian dóiph amhlaidh sin an tan do éirigh in ghaoth aniar
ndeas chucu gach ndíreach, agus do freagradh go curata feidhmláidir ag in
loingeas adhbhalmhór sin, .i. tugadar éirghe athlamh aonfhir orru, agus do
thógbhadar na seólta fada fairsinge breacdhathacha a mbarruibh na ccrann
gcomhreamhur gcolgdhíreach, agus do thríallsat amach ó chiomhuis chuain agus
caladhphuirt ar uachtur gacha domhuinaigéin; agus do éirigh in fhairrge
dhóibh 'na tonnuibh tromaibhle taobhshleamhna, agus ina tulchuibh dorchu
gruamdha gráineamhla, agus ina harduibh measga meadhartha míchéillidhi, agus
ina h-anfadha meara mór choigeadlacha cainnteacha roshiubhlacha, gur
líonasdar in mhuir mhórádhbhal sin longa agus laoieanga na loingsi sin dá
tonnuibh árda meara bárrghlana, agus dá gaineamh míngheal, agus dá turrsgur
roghránna, ionnas gur fliuchadh agus gur salchadh fuilt agus fionnfadh,
earradh agus édach na bhfear bhfraochdha bhfeimláidir neamhthláith sin, gur
cumhsgaigheadh ciall agus cédfadh agá laochuibh, agus gur haithearraigheadh
dealbh agá gcuradhaibh, agus gur hísligheadh aigneadh agá mílidhibh, gur
dealaigheadh ré chéile an aicme oirbheartach urrumhanta ionnsaichtheach
neamhthláith sin gona trí loingsibh líonmhura lánmhóra sin, .i. Gailidheóin
agus Fir Bholg agus Fir Dhomhnann, gurab é áit ar ghabh Geanann
gruáidhchorcra mac Deala gona chobhlach leathan lánmhór cuan agus
caladhphort a nInbhear griansholas Geanainn a Laighnibh, agus gur ghabh a
sinnsear fírghlic fíreólach, .i. Sláinghe, cúan agus caladhphort a nInbhear
Sláinghe a gCúigeadh ghasda Gháilidheóin. Ro ghabh in rí foirneartmhur
Rudhraighe cuan agus caladhphort a tTráigh Rúdhraighe a gCúigeadh
Uladh. Ro ghabh dno Gann agus Seanghann cúan


L. 114


agus caladhphort a nInbhear áluinn Domhnann gur
ghluais gaoth agus gur iomluaith anfa iad síar dheas gach ndíreach go
hInbhior Dubhghlaisi a gcomhrac Corca Mo Ruaidh agus Corca Bhaisginn, agus
do chuirseat a gceathra agus a gcaoirigh fó thír ann, gona é sin cédionad a
ndeachaidh caoirigh fó thír ann, gona é sin cédionad a ndeachaidh caoirigh
ar tús a nÉirinn ariamh, .i. Iniss Caorach a h-ainm ó shin a leith, agus
gurab ón chloinn sin Deala mhic Lóich hainmnighthear na cuanta sin a
ttángadar ó shin a leith.



Dia Sathairnn iomorra in céd d'Fhoghmhur ro ghabh Sláinghe cúan i nÉirinn
ar tús. Dia Máirt ro ghabh Gann agus Seanghann cúan. Dia hÁoine iomorra ro
ghabh Geanann agus Rudhraighe cúan agus caladhphort, mur adeir in file
é: -




Dia Sathairnn, ba réim go rath,
do ghabh Sláinghi Érinn aird,
ag Inbhear Sláinghi ba fíor,
do bá tosach gníomha gairg.



Ag Inbhear Dubhghlaisi dubh
gabhsat in churaidh nár cham,
Dia Máirt, nír bho brég a mbladh,
Seanghann do ghabh agus Gann.



Rudhraighe is Geanann go rath,
Dia hÁoine gabhsat in tír,
ag sin na laethe gan ghrúig
a ttáinic na cúig rígh.




Ro ba olc ag ro ba iomshnímhach leis na maithibh fá seach nach roibhe sgéla
ag gach aon acu in ttánic in chuid eile dhíoph go hÉirinn, mur do dhealaigh
anfadh agus


L. 115


garbhthean íad ré chéile ar muir, agus do chuir gach áon díobh
teachta agus taighleóire ar fud Éireann d'fhéchain in bhfaicfidís in chuid
eile dhíoph, agus adubhradar riu ionadh oiris do dhéanamh ré gach duine dá
bfhaicfidís do chlannaibh Neimhidh ag Ráith na Ríoghraidhe, risa ráitear
Teamhair aníodh, agus lá áridhe do ghabháil ann; agus do rónadh amhlaidh sin
aca uile.



Is ann sin do chruinnidar na maithe sin uile go Teamhraigh, agus ba
luathgháireach iad féin roimhe a chéile ann sin, agus do bhídar féin ag
fochtain agus ag fíarfaighe sgél dá chéile in roibhe díth nó easbhaidh ar
neachtar acu ar muir nó ar mórfhairrge; agus fuaradar iad féin uile gan
díth gan easbhaidh, agus tugadar buídheachas dona déibh dá gcreidís, iad
féin do theacht slán uile mur sin.



Rob íad so anmanna bhan na gcúig ríogh sin, .i. Fuath bean Shláinghe,
Ealathain bean Ghainn, Anust bean Sheanghainn, Cnucha bean
Gheanainn, Lígean bean Rúdhraighe, amhail mur adubhairt in fili
na rainn so síos: -



Fúath ban Shláing ....



. . . . na curaidh ré comhluaighill a gcloidhimh ag créachtnughadh corp
sin gur cuireadh na laoich dá láithreachuibh, agus na curaidh ó
chomhnaidhe, agus na hóig, agus na hairsigh dá n-ionaduibh, agus na
tréinfhir óa ttaca, agus na mílidh óna tt seasuimh, gur srianadh air na
slúaghuibh ar gach leath ionnas gur fágbhadh róid ríoghleathna agus bóthuir
bhéalfhairsionga fola eideir na sluaghuibh. Ar na fhaigsin sin dá
libh árdmheanmacha agus dá gcuradhuibh crúaidhchalma, do fhilleadur arís dá
n-ionuduibh, go ttugadar frasa do bhéimeanuibh teanna


L. 116


tinneasnacha dá chéile ag tuargain corp agus cheannmhullach, gur
chriothnaigh an talamh tromfhóideach fóna gcosuibh, gur bho fóide boga
bráonacha na fóide aggharbha ainmhíne ara ttugdís troighthe ré taca ag
comhmbúaladh a chéile, gonach urasa a áireamh a ttugsad do chréachtuibh agus
d'áladhibh báis ara chéile.



Is ann sin do éirigh Sreang séaghmhur seasbhach sárbhuailteach mac
Seanghainn, agus tug buille bríoghmhur neimhneach náimhdighe dá chloidheamh
claisleathan coilgdhíreach, agus do amuis airdrí T.D.D., .i. Nuadha
neartchalma, gur ghearr bile comhromhach na sgéithe órrdha agus in lámh
ghasda dhoinningneach ó mhaoil na gualann d'aonbhéim
dhe, gur thuit in lámh agus in sgíath go lár agus go lántalmhuin.



Is ann sin tug an t-airdrí osnamh égcomhlainn ós aird.
Do chuala Énghobha na hIoruaidhe in t-osnadh sin, agus
tánic 'na réim roreatha d'fhurtacht an airdríogh, agus do rinne
féin agus Sreanng comhrac náimhdidhe neamhcharthanach
borbbhríoghmhur dásachtach tenntalchuir teineasnach, agus
dob é críoch a gcomhraic gur beanadh osnadh agus athosnadh
as Énghobha na hIorúaighe. Ar gclos an osnaidh sin don
Dagha Mór mac Ealathuin tánic féin 'na leómhan lántréan
agus 'na bhuinnne dían dígháir díleann go hionadh na himreasna
agus go láthair na láochraidhe, agus tug aghaidh ar Sreang dá
bhualadh go neamhchoigioltach. Mur do chonairc Sreang
leatrom na deise deghlaoch air seachnas
íad, agus tug cúl dóibh mur do bhí féin cneadhach créachtach
roimhe sin ó a ndearna do chomhrac; agus gion gur thuit
Énghobha na hIorúaighe air in láthair sin, is do neimh
in chomhraic sin agus dá ghaoithibh cró fúair bás fá dheóigh.



Ar n-imcheacht do Shreang amhlaidh sin, tánic in Dágha
ós ceann Núadha agus caoga láoch do leaghaibh T.D.D. leis,
agus do thógbhadar Nuadha leó go foluightheach as in gcath
amach, agus a lámh air iomchar réna chois, agus do cuireadh
curaidh chalma do chothugha in chatha ag Tuathaibh
D.D. ar ndul dá ttighearna ar gcúl uatha.


L. 117


Is annsin tánic Breas mac Ealathain mhic Dhealbhaoi
do T.D.D. fó chath bfhear mBolg do dhíoghailt an airdríogh
forro, go ráinic gus in gcrómhainnir chatha
a roibhe an rí sin Fear mBolg ag cothughadh in chatha agus ag neartúghadh
a dheaghdháoineadh, agus ag greannugha na ngaisgeadhach, agus ag teannadh na
ttréinfhear, agus ag cinneadh in chomhlainn; agus air bhfaicsin a chéile
dhóibh tugsad dá sháthadh shanntacha sárneimhneacha dá sleaghaibh
crannramhra crófhairsionga catha, gur mhúchadar cinn a gcraoiseach a
gcorpuibh agus a gcneasuibh a chéile gur bhriseadar a gcraoiseacha lé
hiomad na sáitheadh agus le teinne na troda, gur ghabhsad a gcloidheimh
chlaisleathna chumhduighe ag tuairguin sgiath agus chathbharr, corp agus
chneas a chéile, agus do díthláireadh Breas ré bráthbhéimionnuibh
Eochach mhic Eirce.



Ód chonnairc in Dágha Mór a bhráthair féin ar ttuitim la hEochaidh, tug féin
agus Oghma Griánoineach agus Allán Áluinn agus Dealbhaoi ionnsaighe
neartmhur rochródha do dhíoghailt a mbráthar for Fearuibh Bolgo agus for
Eochaidh. Do bhí Eochaidh fón am sin ag córugha in chatha a n-adhuigh
T.D.D., agus ag tiomsúghadh na ttríath agus na ttréinfhear a gceann a
chéile, agus ag nge agus ag dlúthughadh na deabhtha idir na
deaghláochuibh, ag greannughadh agus ag brosdugha na bfhéinneadh chum na
bhfeadhmann. Ro bá . . . .



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services