Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Rí nach robh le fagháil bháis. (Donegal Folk-Tale.)
Title
An Rí nach robh le fagháil bháis. (Donegal Folk-Tale.)
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
MacFionnlaoigh, Peadar
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN RÍ NACH ROBH LE FAGHÁIL BHÁIS. Donegal Folk-Tale Bhí rí ann i bhfad ó shoin agus bhí sé le bheith beó ariam go n-innseóchadh a mhac féin sean-sgéal do. Bhí sé pósta ar sheisear ban i ndiaidh a chéile, acht do mharbhuigh sé alig an tsaoghal iad, ar eagla go mbeidheadh páistídhe ar bith aca. Lá amháin bhí sé ag dul thart leis an bhealach mór, agus a thiománach leis. Chonnaic sé cailín ag nigheachán i sruthán le cois an bhealaigh mhóir agus chuir sé an tiománach síos ag fiafraighe di a' bpósfadh sí é. 'Sé dubhairt sí leis an tiománach — “Stad do chuid déanamh grinn agus magaidh ormsa.” Chuaidh an rí é féin síos annsin agus d'fhiafraigh dhi a' bpósfadh sí é. Dubhairt sí go bpósfadh; agus pósadh iad agus thug an rí 'na bhaile í. Bliadhain 'na dhiaidh sin, thug an rí fá deara an tromas a bhí ag éirghe innti, acht leig sise uirri gur bh'é an biadh maith a bhí sí ag fagháil a bhí ag cur an bhisigh sin uirri. Tamall 'na dhiaidh sin d'iarr sí cead ar an rígh, cuairt a thabhairt ar a máthair, agus thug sé an cead sin di. Chuaidh sí abhaile annsin agus ní robh sí i bhfad 'na dhiaidh sin, 'nuair a bhí mac óg aici, agus cheil sí é ar an rígh, ar eagla go marbhóchadh sé é. Chuir sí an páiste ar oileamhain agus chuaidh sí ar ais chum an ríogh. Nuair d'fhás an gasúr suas, chuir a mháthair ar scoil é, agus bhíodh sí ag tabhairt airgid dó, gan fhios do'n rígh, le leabhairidhe agus neithe cheannach dó. Ní raibh fios ar bith aige cia a athair agus lá amháin bhí sé gan airgiod, agus chualaidh sé iomrádh ar an rígh so go robh sé maith le tabhairt uadh airgid. Chuaidh sé ionns' ar an righ agus fuair sé é ar shuidheachán san gharrdha, agus d'iarr sé airgiod air. “An bhfuil sean- sgéal ar bith agat le hinnsint damh?” ar san rí. “Ní'l,” ars an buachaill. “Maiseadh ni thiubhra mise airgiod ar bith dhuit,” ars an rí. D'imthigh an t-ógánach leis mar tháinic sé. Níor shiubhal se i bhfad go bhfacaidh sé páirc mhór agus mórán eallaigh innti, agus thug sé fa deara go robh na heallaigh lom, bocht, gan feoil, gidh go robh an féar suas go dtí na hadharca orra. Nuair a chuaidh se giobhta eile, chonnaic sé cuibhreann talmhan agus scota mór caorach ann, agus bhí siad ramhar, feolmhar, beathaiste, gidh nach robh an féar acht go han- lom. Shiubhal se leis arís gur casadh air tobair uisge. Bhí sé bric ag dul thart san uisge, agus ceann amháin i lár báire nach robh corrughadh. Shiubhal sé leis arís, gur casadh air poll mór uisge i lár a chasáin. Bhí plainc trasna ar an pholl agus bhí mada mór milteach dubh, ar a robh slabhra iarainn cean- gailte, leath-bhealaigh ar an phlainc. Nuair do chuir an buachaill a chos ar an phlainc, le dul tar an pholl, lúb sí síos anns an uisge, ar mhodh go robh an t-ógánach ar tí bheith báithte, gur rinne sé é féin do choisreagadh, agus ar an móimid d' éirigh an phlainc cómh daingean le Gaigeán, agus léim an mada dubh síos 'san pholl as a bhealach. D' imthigh sé leis arís, agus casadh air teach-phobuil, agus chuaidh sé isteach ann. Bhí sagart ar an altóir agus d' fhiafruigh sé an robh an duine annsin a dhéanfadh aifrionn a fhritheóladh. Dubhairt an t-ógánach go ndéanfadh seision é fhritheóladh agus rinne sé sin. Táinic sé colmáin gheala isteach ar an dorus, agus shuidh siad ar philéir go robh an tAifrionn thart, agus annsin chuaidh siad amach ar ais. D'imthigh an buachaill amach as an tigh phobuil arís, agus fuair sé é féin i ngarrdha áluinn breágh
plúr, agus bhain sé ceann do na plúra' agus thug leis é. 'Ar leis féin annsin “dá mbeidhinn ar ais ag an rígh anois, thiucfadh liom sgéalta iongantacha innsint dó, agus gheobhainn airgiod uadh;” agus mar sin de d'fill sé ar ais ionns' ar an rígh, agus fuair sé 'na shuidhe ins an gharrdha é. “Cá bhfuil tú dul anois?” ars an rí, “nach goirid ó bhí tú annseo a roimhe.” “Tig liom sgéalta innsint duit anois,” ars an gasúr. “Maiseadh innis leat,” labhair an rí. D' innis an gasúr dó fá'n pháirc eallaigh a chonnaic sé a bhí cómh bocht sin agus an méad féir a bhí aca. “Innseóchaidh mise dhuit cad é budh ciall dó sin,” ars an rí; “sé sin daoine a bhí ag troid ar an tsaoghal seo, agus droch-theacht-le- chéile aca, agus beidh siad ins an chruadh- chás sin go dtí lá an bhreitheamhnais.” D'innis an t-ógánach dó fá na caoraibh reamhra ins an pháirc lom. “Sé sin deagh- dhaoine a bhí maith, carthanach le chéile ar an tsaoghal so, agus beidh an gléas maith sin orra go lá an bhreitheamnais.” D'innis an gasúr dó fá'n tobar uisge i n-a robh sé bric ag dul thart agus ceann amháin a lár báire nach robh corrughadh. “Sin é lá na seachtmaine a bhí ag dul thart, agus an Domhnach ar socar.” D'innis dó fá'n pholl mór uisge agus an casán caol thairis, agus an mada dubh ag a choimead. “Sin Ifrionn,” ars an rí, “ agus 'sé an Diabhal a bhí 'san chasán, agus mur gcoisrigfeá thu féin 'san mhóimid sin, bheitheá caillte.” D'innis an buachaill dó fá'n tigh-phobuil agus fá'n Aifrionn agus na sé colmáin a tháinic ag éisteacht leis. “Sé sin sé mná a bhí agamsa, agus mharbh mé alig go léir iad, ar eagla go mbeidheadh páistidhe ar bith aca.” D'innis an gasúr dó fá'n gharrdha plúr do chonnaic sé, “agus,” ar seision, “ar eagla nach gcreidfidhe mé, bhain mé ceann de na plúir, agus thug liom é agus sin chugat é.” “T'eagla orm,” dubhairt an rí, “go bhfuil mé caillte, óir budh chóir gur mac damh atá 'san phlúr seo.” Scairt sé ar a bhean, agus d'fhiafruigh di an robh ariamh mac aici dhó-san. “Bhí,” ar sí, “agus sin é os do choinne ann- sin.” Nuair a chualaidh an rí seo, ghlac se támh agus thuit sé marbh ar an talamh. Thug an bhainrioghan an t-ógánach isteach 'san phálás, agus bhí righeacht agus saidhbhreas an tsean-ríogh alig aige; agus bhí sé féin agus a mháthair go sona, seunmhar ó sin amach; agus mar robh siad-san go mbeidh sinne. Peadar MacFionnlaoigh.
NOTES. Robh = raibh, was. Alig an tsaoghal = uile de'n tsaoghal? = all in the world. An rí é féin, better an rí féin. Ionns' ar an rígh = d'ionnsuidhe ar an rígh, (he went) to approach the king i.e., to the king. Giobhta, in the South giota, a piece. Gaigean, a mountain in Co. Donegal. 'Ar leis féin = dar leis féin, it seemed to him. Mur = muna. Alig = uile. Note that the Ulster usage after proposition and article singular is aspiration generally, not eclipsis : ar an pholl, not bpoll; fá 'n pháirc, not bpáirc. In Connaught only do an de, in Munster do, de, and i (ins) aspirate when singular article follows, but do'n, den' n are often followed by eclipsis in Munster.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services