Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Rí nach robh le fagháil bháis. (Donegal Folk-Tale.)

Title
An Rí nach robh le fagháil bháis. (Donegal Folk-Tale.)
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
MacFionnlaoigh, Peadar
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN RÍ NACH ROBH LE FAGHÁIL BHÁIS.



Donegal Folk-Tale



Bhí rí ann i bhfad ó shoin agus bhí sé le bheith
beó ariam go n-innseóchadh a mhac féin
sean-sgéal do. Bhí sé pósta ar sheisear
ban i ndiaidh a chéile, acht do mharbhuigh sé
alig an tsaoghal iad, ar eagla go mbeidheadh
páistídhe ar bith aca. Lá amháin bhí sé ag
dul thart leis an bhealach mór, agus a
thiománach leis. Chonnaic sé cailín ag
nigheachán i sruthán le cois an bhealaigh mhóir
agus chuir sé an tiománach síos ag fiafraighe
di a' bpósfadh sí é. 'Sé dubhairt sí leis an
tiománach — “Stad do chuid déanamh grinn agus
magaidh ormsa.” Chuaidh an rí é féin síos
annsin agus d'fhiafraigh dhi a' bpósfadh sí é.
Dubhairt sí go bpósfadh; agus pósadh iad agus
thug an rí 'na bhaile í. Bliadhain 'na dhiaidh
sin, thug an rí fá deara an tromas a bhí ag
éirghe innti, acht leig sise uirri gur bh'é an
biadh maith a bhí sí ag fagháil a bhí ag cur an
bhisigh sin uirri. Tamall 'na dhiaidh sin
d'iarr sí cead ar an rígh, cuairt a thabhairt
ar a máthair, agus thug sé an cead sin di.



Chuaidh sí abhaile annsin agus ní robh sí i bhfad
'na dhiaidh sin, 'nuair a bhí mac óg aici, agus
cheil sí é ar an rígh, ar eagla go marbhóchadh
sé é. Chuir sí an páiste ar oileamhain agus
chuaidh sí ar ais chum an ríogh. Nuair d'fhás
an gasúr suas, chuir a mháthair ar scoil é, agus
bhíodh sí ag tabhairt airgid dó, gan fhios do'n
rígh, le leabhairidhe agus neithe cheannach dó.
Ní raibh fios ar bith aige cia a athair agus lá
amháin bhí sé gan airgiod, agus chualaidh sé
iomrádh ar an rígh so go robh sé maith le
tabhairt uadh airgid. Chuaidh sé ionns' ar an
righ agus fuair sé é ar shuidheachán san gharrdha,
agus d'iarr sé airgiod air. “An bhfuil sean-
sgéal ar bith agat le hinnsint damh?” ar
san rí. “Ní'l,” ars an buachaill. “Maiseadh
ni thiubhra mise airgiod ar bith dhuit,” ars an
rí.



D'imthigh an t-ógánach leis mar tháinic sé.
Níor shiubhal se i bhfad go bhfacaidh sé páirc
mhór agus mórán eallaigh innti, agus thug sé fa
deara go robh na heallaigh lom, bocht, gan
feoil, gidh go robh an féar suas go dtí na
hadharca orra. Nuair a chuaidh se giobhta
eile, chonnaic sé cuibhreann talmhan agus scota
mór caorach ann, agus bhí siad ramhar, feolmhar,
beathaiste, gidh nach robh an féar acht go han-
lom. Shiubhal se leis arís gur casadh air
tobair uisge. Bhí sé bric ag dul thart san
uisge, agus ceann amháin i lár báire nach robh
corrughadh. Shiubhal sé leis arís, gur casadh
air poll mór uisge i lár a chasáin. Bhí
plainc trasna ar an pholl agus bhí mada mór
milteach dubh, ar a robh slabhra iarainn cean-
gailte, leath-bhealaigh ar an phlainc. Nuair
do chuir an buachaill a chos ar an phlainc, le
dul tar an pholl, lúb sí síos anns an uisge,
ar mhodh go robh an t-ógánach ar tí bheith
báithte, gur rinne sé é féin do choisreagadh,
agus ar an móimid d' éirigh an phlainc cómh
daingean le Gaigeán, agus léim an mada
dubh síos 'san pholl as a bhealach. D' imthigh
sé leis arís, agus casadh air teach-phobuil, agus
chuaidh sé isteach ann. Bhí sagart ar an
altóir agus d' fhiafruigh sé an robh an duine
annsin a dhéanfadh aifrionn a fhritheóladh.
Dubhairt an t-ógánach go ndéanfadh seision
é fhritheóladh agus rinne sé sin. Táinic sé
colmáin gheala isteach ar an dorus, agus shuidh
siad ar philéir go robh an tAifrionn thart, agus
annsin chuaidh siad amach ar ais. D'imthigh
an buachaill amach as an tigh phobuil arís, agus
fuair sé é féin i ngarrdha áluinn breágh


L. 186


plúr, agus bhain sé ceann do na plúra' agus thug
leis é. 'Ar leis féin annsin “dá mbeidhinn
ar ais ag an rígh anois, thiucfadh liom sgéalta
iongantacha innsint dó, agus gheobhainn airgiod
uadh;” agus mar sin de d'fill sé ar ais ionns'
ar an rígh, agus fuair sé 'na shuidhe ins an
gharrdha é. “Cá bhfuil tú dul anois?” ars
an rí, “nach goirid ó bhí tú annseo a roimhe.”



“Tig liom sgéalta innsint duit anois,”
ars an gasúr.



“Maiseadh innis leat,” labhair an rí. D'
innis an gasúr dó fá'n pháirc eallaigh a
chonnaic sé a bhí cómh bocht sin agus an méad
féir a bhí aca.



“Innseóchaidh mise dhuit cad é budh ciall
dó sin,” ars an rí; “sé sin daoine a bhí ag
troid ar an tsaoghal seo, agus droch-theacht-le-
chéile aca, agus beidh siad ins an chruadh-
chás sin go dtí lá an bhreitheamhnais.”



D'innis an t-ógánach dó fá na caoraibh
reamhra ins an pháirc lom. “Sé sin deagh-
dhaoine a bhí maith, carthanach le chéile ar an
tsaoghal so, agus beidh an gléas maith sin orra
go lá an bhreitheamnais.”



D'innis an gasúr dó fá'n tobar uisge i
n-a robh sé bric ag dul thart agus ceann
amháin a lár báire nach robh corrughadh.



“Sin é lá na seachtmaine a bhí ag dul
thart, agus an Domhnach ar socar.”



D'innis dó fá'n pholl mór uisge agus an
casán caol thairis, agus an mada dubh ag a
choimead.



“Sin Ifrionn,” ars an rí, “ agus 'sé an
Diabhal a bhí 'san chasán, agus mur gcoisrigfeá
thu féin 'san mhóimid sin, bheitheá caillte.”



D'innis an buachaill dó fá'n tigh-phobuil agus
fá'n Aifrionn agus na sé colmáin a tháinic ag
éisteacht leis.



“Sé sin sé mná a bhí agamsa, agus mharbh mé
alig go léir iad, ar eagla go mbeidheadh
páistidhe ar bith aca.”



D'innis an gasúr dó fá'n gharrdha plúr
do chonnaic sé, “agus,” ar seision, “ar
eagla nach gcreidfidhe mé, bhain mé ceann de
na plúir, agus thug liom é agus sin chugat é.”



“T'eagla orm,” dubhairt an rí, “go
bhfuil mé caillte, óir budh chóir gur mac
damh atá 'san phlúr seo.”



Scairt sé ar a bhean, agus d'fhiafruigh di an
robh ariamh mac aici dhó-san.



“Bhí,” ar sí, “agus sin é os do choinne ann-
sin.” Nuair a chualaidh an rí seo, ghlac se
támh agus thuit sé marbh ar an talamh.



Thug an bhainrioghan an t-ógánach isteach
'san phálás, agus bhí righeacht agus saidhbhreas an
tsean-ríogh alig aige; agus bhí sé féin agus a
mháthair go sona, seunmhar ó sin amach; agus
mar robh siad-san go mbeidh sinne.



Peadar MacFionnlaoigh.


L. 187


NOTES.



Robh = raibh, was. Alig an tsaoghal = uile de'n
tsaoghal? = all in the world. An rí é féin, better an rí
féin. Ionns' ar an rígh = d'ionnsuidhe ar an rígh, (he
went) to approach the king i.e., to the king. Giobhta, in
the South giota, a piece. Gaigean, a mountain in Co.
Donegal. 'Ar leis féin = dar leis féin, it seemed to
him. Mur = muna. Alig = uile. Note that the Ulster
usage after proposition and article singular is aspiration
generally, not eclipsis : ar an pholl, not bpoll; fá 'n
pháirc, not bpáirc. In Connaught only do an de, in
Munster do, de, and i (ins) aspirate when singular article
follows, but do'n, den' n are often followed by eclipsis in
Munster.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services