Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadhna (Ar leanamhaint) “B'fhéidir go bhfeadfainn an easgaine bhaint díobh, d'éis é féin dá cur orra le lán-chroidhe,' arsa an fear dubh go searbh. “Nach aige bheidheadh an spórt orra! — Cá bhfuil an spórt anois?” “Tá an sport go haindeis anois admhui- ghin,” arsa Seadhna, “acht má tá féin ní duit-se is cóir é chásamh' liom. Is dócha ná'r dheinis féin botún riamh. Cia hí an bhean uasal úd a mhill tú?” “Stad! stad! A Sheadhna, caithimís uainn é mar bhotún. Bainfeadsa an easgaine dhíobh so dhuit ar choingioll ná tráchtfair choidhche le haoinne beo 'ná marbh ar an margadh so atá déanta agat féin agus agam- sa le chéile.” “Bíodh do choinghíoll agat agus fáilte,” arsa Seadhna. “Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn orm-sa trácht air le haoinne. Is amhlaidh bhí eagla orm go mbeithfeá (= mbeidhtheá) ag caidiráil le duine eigin mar gheall air. Acht má tá dúil agat sinn araon do choimeád rúin air, táim-se lán tsásda“. D'imthigh an fear dubh suas agus chrom sé síos i n-aice na cathaoireach, agus le hórdóig a láimhe deise dhein sé fáinne ar an dtalamh 'na thimcheall, agus thug Seadhna fé n-deara gur eirigh, as an áit 'nar chuimil an órdóg do'n talamh, gal mar gal teineadh, agus gur dhein an órdóg rian ar an dtalamh mar dhéanfadh bior dearg iarainn. d'eirigh sé annsan agus dhein sé suas ar an mealbhóig agus dhein sé fáinne 'na thímchioll ar an bhfalla, agus tháinig an gal céadna as an bhfalla, agus d'fhan an rian ceadna 'na dhiaidh air. An fhaid do bhí sé ar a chromadh, thug Seadhna feuchaint ghéar ar an earball, mar bhí comhthrom aige. Chonnaic sé amuich 'na bhárr ionga mhór, fhada cham, téagartha, agus bior nimhe airri, agus í dá síor-chasadh féin anonn 'sanall, anonn 'sanall, mar bheidheadh bárr earbaill cait agus é ag faire ar luich. “Dar fiadh! a bhreanaigh,” arsa Seadhna i n-a aigne féin, “má bhíonn tochas ort, ní beidh dith ingne ort.” Chomh maith agus dá labharfadh (= laibheoradh) Seadhna, thóg an fear dubh a cheann agus d'fheuch sé air. “Seachain an ionga san,” ar seision, le heagla go mbainfeadh sí an tochas díot- sa agus go gcuirfeadh sí teinneas i n-ionad an tochais ort. Imthigh suas anois agus aistrigh an chathaoir. D'imthigh Seadhna suas agus is é a bhi go creathánach. Chuir sé lámh go haicillidhe airri, agus má chuir, siúd leis í cómh éasgaidh agus bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh ar an mealbóig, agus túisge a chuir 'ná chorruigh sí anonn 'sanall fá'n fhalla. D'fheuch sé ar an bhfear ndubh. “O! a dhuine uasail,” ar seisíon, “táim ana-bhuidheach díot! O! O! O! go mbuaidhidh dia go hárd leat, agus a mháthair bheannuighthe!” Oidhe! a dhaoine, mh'áran agus mh'anama! chómh luath agus tháinig an focal san as béal Seadhna, d'athruigh an fear dubh. Thóg sé suas a dá láimh chómh hárd leis na hadhar- caibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do rínc an chrúb. D'eírigh an tearball, do shín an iongna, agus chuir sé ana-bhúir as mar chuirfeadh leomhan buile. Do thosnuigh an bhúir sin le drantughadh agus do bhorr agus do neartuigh airri, gur chrith an t-úrlár, gur chrith an tigh, gur chrith an sliabh mór-thímcheall. Nuair chonnairc Seadhna an t-athrughadh agus nuair airigh sé fuaim agus neart na búire sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhein an tigh ballabáisin 'na thimcheall, tháinig sga- mall os cómhair a shúl agus do thuit sé 'na chnapán ar an úrlár gan aithne, gan úrlabhra. Síle. O! A Pheg, chím é, chím é, O! O! O! Peg. Eist! eist! a Shíle a laoigh. Cad a chíonn tú? Síle. O! Fear na n-adharc, fear na n-adharc. Cad dhéanfad! cad dheanfad! O! Cáit. Aireóchaid na cómhursain í. Eist a Shíle, mo ghrádh í sin!
Gob. Tá do mháthair ag gabháíl aníos an pháirc, a Pheg. Peg. Tar i leith, a Shíle, agus suidh annseo im ucht. Síle. O! O! cad dhéanfad, cad dhéanfad! O! O! Máire. Cad é seo ar siubhal annso agaibh? Cad do chuir ag dul thu, a Shíle, a a laoigh. Síle. Mhaise, ní fheadar, a mham. Is amhlaidh tháinig sgannradh orm, agus cheapas go bhfeaca fear na n-adharc. Máire. Fear na n-adharc! Airiú cia hé sin? Síle. Fear an earbaill, a mheasas a rádh. Máire. Fear an earbaill! Síle. Fear an earbaill, agus na hiongain ann. Máire. Mhaise go deimhin féin, a Pheg, is mór an náire duit é. Tá aos óg an bhaile loitthe agad. Ní fheadar (d)o'n tsaoghal ciannos bhailighis a bhfuil de ráiméisibh agat istigh id cheann, ná ciannos choimeádann tú cúntas orra, agus gan tu acht trí bliadhna déag chum na beallteine. Cad é an sgéal atá ar siubhal anois, a Shíle? Síle. Tá Seadhna, a mham, acht is dóigh liom go bhfuil sé marbh. Máire. Gabhaim-se orm ná fuil, agus ná beidh, ní fios caithin. Síle. Dó' mhaise, fuair sé an t-anaithe. Dá mbeidhinn 'na chás bhíos cómh marbh le hArt. Máire. Mheasas go raibh cúigear nó sei- sear agaibh ann. Cá bhfuil an chuid eile? Peg. Is dóigh liom, a mháthair, gur éalui- gheadar uait. Máire. Níor ghádh dhóibh sin. Eirigh, a Pheg, a ghamuin agus faigh rud éigin le n-ithe dhúinn. Go deimhin ní beag de sheó an sgeón a chuireabhair sa leanbh so. Feuch ar sin mar osna a theagan aisti. Ní deirim ná go bhfuil sí 'na codladh. Síle. Acht ni'lim a mham; ní'l blúire cod- lata orm. Ní fiú biorán a's é. Níor chuir aonne sgeón ionnam; me fein fé ndeara é. Dá mb'áil liom gan bheith ag cuimhniomh air cómh géar agus bhíos ní fheicfinn é. Ní chuimhneóchad a thuille air, an bitheamhnach. Ní fheadar (d)o'n tsaoghal a Pheg, cad do chuir(d)fhiachaibh air a leithéid de bhúir do chur as. Peg. Tá do chuid ollamh anois, a mháthair. Tar i leith chugam-sa, a Shíle, agus leig dod mháthair a chuid bidh a chaitheamh. Sin é.
NOTES. 1 é chásamh liom, to throw it in my face, to reproach with. The people sometimes translate it by, to return it to me. 2 botún, a blazing indiscretion. 3 caidiráil, blabbing, tattling. 4 Do choimead rúin air, to keep a secret on it. 5 A usual imprecation is tochas agus dith ingine ort, generally used for fun. 6 Do bhorr agus do neartuigh airri, there swelled and there strengthened upon it. This is the true idiom, and not do bhorr sí agus do neartuigh sí. The latter does not express a progressive swelling and strengthening; the former does. 7 Do thuit se 'na chnapán, he fell in a dead mass. This is the usual way for expressing a sudden fainting fit. 8 Gan aithne gan úrlabhra; aithne is the faculty of recognising persons and things; úrlabhra is the faculty of speech. 9 Gabhaim-se orm. I'll warrant, I am certain that (lit. I take it on me). This is sometimes written and pronounced gan siorram, but it is manifestly wrong, because gan should then govern the substantive siorram, and the next verb should be in the indicative mood; gan siorram go bhfuil could not stand; it should be gan siorram tá. I have heard the words pronounced exactly as I have written them. 10 Dó mhaise, why then indeed. 11 Fuair sé An t-anaithe: anabhfa, anbhatha or anaibhfe, means some terrible fright, such as getting nearly drowned. Is mairg a báithtear i n-am an anaithe Mar tagann an ghrian i ndiaidh na féarthana.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services