Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 180


Seadhna



(Ar leanamhaint)



“B'fhéidir go bhfeadfainn an easgaine
bhaint díobh, d'éis é féin dá cur orra le
lán-chroidhe,' arsa an fear dubh go searbh.
“Nach aige bheidheadh an spórt orra! — Cá
bhfuil an spórt anois?”



“Tá an sport go haindeis anois admhui-
ghin,” arsa Seadhna, “acht má tá féin ní
duit-se is cóir é chásamh' liom. Is dócha
ná'r dheinis féin botún riamh. Cia hí an
bhean uasal úd a mhill tú?”



“Stad! stad! A Sheadhna, caithimís uainn
é mar bhotún. Bainfeadsa an easgaine
dhíobh so dhuit ar choingioll ná tráchtfair
choidhche le haoinne beo 'ná marbh ar an
margadh so atá déanta agat féin agus agam-
sa le chéile.”



“Bíodh do choinghíoll agat agus fáilte,” arsa
Seadhna. “Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn
orm-sa trácht air le haoinne. Is amhlaidh
bhí eagla orm go mbeithfeá (= mbeidhtheá)
ag caidiráil le duine eigin mar gheall air.
Acht má tá dúil agat sinn araon do
choimeád rúin air, táim-se lán tsásda“.



D'imthigh an fear dubh suas agus chrom sé
síos i n-aice na cathaoireach, agus le hórdóig a
láimhe deise dhein sé fáinne ar an dtalamh
'na thimcheall, agus thug Seadhna fé n-deara gur
eirigh, as an áit 'nar chuimil an órdóg do'n
talamh, gal mar gal teineadh, agus gur dhein an
órdóg rian ar an dtalamh mar dhéanfadh
bior dearg iarainn. d'eirigh sé annsan agus
dhein sé suas ar an mealbhóig agus dhein sé
fáinne 'na thímchioll ar an bhfalla, agus tháinig
an gal céadna as an bhfalla, agus d'fhan an
rian ceadna 'na dhiaidh air. An fhaid do bhí
sé ar a chromadh, thug Seadhna feuchaint
ghéar ar an earball, mar bhí comhthrom aige.
Chonnaic sé amuich 'na bhárr ionga mhór,
fhada cham, téagartha, agus bior nimhe airri, agus í
dá síor-chasadh féin anonn 'sanall, anonn
'sanall, mar bheidheadh bárr earbaill cait agus
é ag faire ar luich.



“Dar fiadh! a bhreanaigh,” arsa Seadhna i
n-a aigne féin, “má bhíonn tochas ort, ní
beidh dith ingne ort.”



Chomh maith agus dá labharfadh (= laibheoradh)
Seadhna, thóg an fear dubh a cheann agus d'fheuch
sé air. “Seachain an ionga san,” ar seision,
le heagla go mbainfeadh sí an tochas díot-
sa agus go gcuirfeadh sí teinneas i n-ionad an
tochais ort. Imthigh suas anois agus aistrigh an
chathaoir.



D'imthigh Seadhna suas agus is é a bhi go
creathánach. Chuir sé lámh go haicillidhe
airri, agus má chuir, siúd leis í cómh éasgaidh agus
bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh ar an
mealbóig, agus túisge a chuir 'ná chorruigh sí
anonn 'sanall fá'n fhalla. D'fheuch sé ar
an bhfear ndubh. “O! a dhuine uasail,” ar
seisíon, “táim ana-bhuidheach díot! O! O! O!
go mbuaidhidh dia go hárd leat, agus a mháthair
bheannuighthe!”



Oidhe! a dhaoine, mh'áran agus mh'anama!
chómh luath agus tháinig an focal san as béal
Seadhna, d'athruigh an fear dubh. Thóg sé
suas a dá láimh chómh hárd leis na hadhar-
caibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do
rínc an chrúb. D'eírigh an tearball, do shín
an iongna, agus chuir sé ana-bhúir as mar
chuirfeadh leomhan buile. Do thosnuigh an
bhúir sin le drantughadh agus do bhorr agus do
neartuigh airri, gur chrith an t-úrlár, gur
chrith an tigh, gur chrith an sliabh mór-thímcheall.
Nuair chonnairc Seadhna an t-athrughadh agus
nuair airigh sé fuaim agus neart na búire
sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhein an
tigh ballabáisin 'na thimcheall, tháinig sga-
mall os cómhair a shúl agus do thuit sé 'na
chnapán ar an úrlár gan aithne, gan
úrlabhra.



Síle. O! A Pheg, chím é, chím é, O! O! O!



Peg. Eist! eist! a Shíle a laoigh. Cad
a chíonn tú?



Síle. O! Fear na n-adharc, fear na
n-adharc. Cad dhéanfad! cad dheanfad! O!



Cáit. Aireóchaid na cómhursain í. Eist a
Shíle, mo ghrádh í sin!


L. 181


Gob. Tá do mháthair ag gabháíl aníos an
pháirc, a Pheg.



Peg. Tar i leith, a Shíle, agus suidh annseo im
ucht.



Síle. O! O! cad dhéanfad, cad dhéanfad!
O! O!



Máire. Cad é seo ar siubhal annso
agaibh? Cad do chuir ag dul thu, a Shíle, a
a laoigh.



Síle. Mhaise, ní fheadar, a mham. Is
amhlaidh tháinig sgannradh orm, agus cheapas go
bhfeaca fear na n-adharc.



Máire. Fear na n-adharc! Airiú cia hé
sin?



Síle. Fear an earbaill, a mheasas a rádh.



Máire. Fear an earbaill!



Síle. Fear an earbaill, agus na hiongain
ann.



Máire. Mhaise go deimhin féin, a Pheg, is
mór an náire duit é. Tá aos óg an bhaile
loitthe agad. Ní fheadar (d)o'n tsaoghal
ciannos bhailighis a bhfuil de ráiméisibh agat
istigh id cheann, ná ciannos choimeádann tú
cúntas orra, agus gan tu acht trí bliadhna
déag chum na beallteine. Cad é an sgéal
atá ar siubhal anois, a Shíle?



Síle. Tá Seadhna, a mham, acht is dóigh
liom go bhfuil sé marbh.



Máire. Gabhaim-se orm ná fuil, agus ná
beidh, ní fios caithin.



Síle. Dó' mhaise, fuair sé an t-anaithe.
Dá mbeidhinn 'na chás bhíos cómh marbh le
hArt.



Máire. Mheasas go raibh cúigear nó sei-
sear agaibh ann. Cá bhfuil an chuid eile?



Peg. Is dóigh liom, a mháthair, gur éalui-
gheadar uait.



Máire. Níor ghádh dhóibh sin. Eirigh, a
Pheg, a ghamuin agus faigh rud éigin le n-ithe
dhúinn. Go deimhin ní beag de sheó an sgeón
a chuireabhair sa leanbh so. Feuch ar sin
mar osna a theagan aisti. Ní deirim ná
go bhfuil sí 'na codladh.



Síle. Acht ni'lim a mham; ní'l blúire cod-
lata orm. Ní fiú biorán a's é. Níor chuir
aonne sgeón ionnam; me fein fé ndeara
é. Dá mb'áil liom gan bheith ag cuimhniomh
air cómh géar agus bhíos ní fheicfinn é. Ní
chuimhneóchad a thuille air, an bitheamhnach.
Ní fheadar (d)o'n tsaoghal a Pheg, cad do
chuir(d)fhiachaibh air a leithéid de bhúir do chur
as.



Peg. Tá do chuid ollamh anois, a mháthair.
Tar i leith chugam-sa, a Shíle, agus leig dod
mháthair a chuid bidh a chaitheamh. Sin é.


L. 182


NOTES.



1 é chásamh liom, to throw it in my face, to reproach
with. The people sometimes translate it by, to return it
to me.



2 botún, a blazing indiscretion.



3 caidiráil, blabbing, tattling.



4 Do choimead rúin air, to keep a secret on it.



5 A usual imprecation is tochas agus dith ingine ort,
generally used for fun.



6 Do bhorr agus do neartuigh airri, there swelled and there
strengthened upon it. This is the true idiom, and not
do bhorr sí agus do neartuigh sí. The latter does not
express a progressive swelling and strengthening; the
former does.



7 Do thuit se 'na chnapán, he fell in a dead mass.
This is the usual way for expressing a sudden fainting fit.



8 Gan aithne gan úrlabhra; aithne is the faculty of
recognising persons and things; úrlabhra is the faculty of
speech.



9 Gabhaim-se orm. I'll warrant, I am certain that
(lit. I take it on me). This is sometimes written and
pronounced gan siorram, but it is manifestly wrong,
because gan should then govern the substantive siorram,
and the next verb should be in the indicative mood; gan
siorram go bhfuil could not stand; it should be gan
siorram tá. I have heard the words pronounced exactly
as I have written them.



10 Dó mhaise, why then indeed.



11 Fuair sé An t-anaithe: anabhfa, anbhatha or anaibhfe,
means some terrible fright, such as getting nearly
drowned.



Is mairg a báithtear i n-am an anaithe
Mar tagann an ghrian i ndiaidh na féarthana.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services