Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Marbhrainn.
Title
Marbhrainn.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MARBHRAINN. PÁDRAIG STÚNDÚN AR BHÁS AN CHLIAR-SHAOI E.D. MAC CLIABHAIR, MAIGHISTIR EALADHNA. Beathais. 4 172; 7 196 Cloisim liúgh dhian-ghubhach ómhach, Liúgh fhad-chumhach thúirseach bhrónach, Liúgh thar triúch, go bhfuair ár gcomhthach Ionmhain oineach bás! Tá bualadh bas ar shleasaibh Éireann, Bualadh duasach truagh gan téarmonn - D'imthigh uaithne uainn le héigean, Fuair ár gcara bás. Is balbh labhairt lag na Gaedhilge; Chaill sí cungnamh fionn na féile; Do leagadh luam searc-bhuan a cléibhe, Fuair a cara bás. Do creachadh teanga sháimh ár dtíre, Creachadh í faraoir do ríribh, Tá sí fann ó lann geur nimhneach, Fuair a cara bás. Cad déarfad féin? mo leun na tuara! Táim gan ghaois, go díthleach suarach, Ní'l rinn am' rann, mo ghreann do fuadadh - Fuair mo chara bás. A chara chaoimh dheigh-ghnímh MicCliabhair Nár bhus docht ná drocht ná diamhair D'ionad acht i bhfochair liaigh-fhir Neimhe — bruighean gan bás. Corcach, deireadh na Samhna, 1894.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services