Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marbhrainn.

Title
Marbhrainn.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MARBHRAINN.



PÁDRAIG STÚNDÚN AR BHÁS AN CHLIAR-SHAOI E.D.
MAC CLIABHAIR, MAIGHISTIR EALADHNA. Beathais. 4 172; 7 196



Cloisim liúgh dhian-ghubhach ómhach,
Liúgh fhad-chumhach thúirseach bhrónach,
Liúgh thar triúch, go bhfuair ár gcomhthach
Ionmhain oineach bás!



Tá bualadh bas ar shleasaibh Éireann,
Bualadh duasach truagh gan téarmonn -
D'imthigh uaithne uainn le héigean,
Fuair ár gcara bás.



Is balbh labhairt lag na Gaedhilge;
Chaill sí cungnamh fionn na féile;
Do leagadh luam searc-bhuan a cléibhe,
Fuair a cara bás.



Do creachadh teanga sháimh ár dtíre,
Creachadh í faraoir do ríribh,
Tá sí fann ó lann geur nimhneach,
Fuair a cara bás.



Cad déarfad féin? mo leun na tuara!
Táim gan ghaois, go díthleach suarach,
Ní'l rinn am' rann, mo ghreann do fuadadh -
Fuair mo chara bás.



A chara chaoimh dheigh-ghnímh MicCliabhair
Nár bhus docht ná drocht ná diamhair
D'ionad acht i bhfochair liaigh-fhir
Neimhe — bruighean gan bás.



Corcach, deireadh na Samhna, 1894.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services