Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pictiúirí Pinn
Title
Pictiúirí Pinn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Connacht Telegraph
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHEARNÓG LUGHNASA, MEADON FÓGHMHAIR, DEIREADH FÓGHMHAIA, 1924. Uiml. II Uimhir 4. Luach 3 Píghinne. PICTIÚIRÍ PINN. I. — MOCH NA MAIDNE. Tá breacadh an lae ann. I leabaidh a cheile árduigheann an ghrian os cionn sléibhte Conntae an Chláir agus sgair- teann sí ar gach taobh uirthe gathanna soluis. Ar nós ain-spioraid an dorchadas ag cúlú roimh aingle gileachta is geanmnaidheachta — na sgamaill a bhí mar chlúdach ar thalamh uachtarach an domhain brúigheann siad siar ó áil- neacht na miorbhúilte. Deareaimís uainn síos le fánaidh an chnuic ar an bhfairrge ghorm-ghlais. Tá borradh is fuadar fúithe… Nach breágh é an torann atá dhá dhéanamh aici i n-aghaidh an chladaigh agus na n-alltrach: na caiple bána agus cúbhar le n-a mbéalaibh ag tabhairt cúl-bhrúghadh dhá náimhdibh. Annseo is annsiúd feictear mór-chuid díobh ag eirghe go fuinneamhail. Leagtar cuid aca ach ar nánaidheacht eirigheann comráidithe leo go fústarach bord agus le briseadh is lasgadh sgúbann siad gach rud rómpa. I bhfad amuigh faoi lear tá corr-ghleoiteóg ag iasgach — a cuid seolta crochta leis an ngaoith agus í ag árdú is ag ísliú go tréorach deas ar na tonntracha. I bhfad bhfad uainn amuigh siar i mbéal an Inbhir, 'san áit a mbuaileann spéir is fairrge le n-a chéile 'seadh tá na h-oiléain Árann. Nach gleóite iad anois faoi thaithneamh na gréine? Nárbh iongantach mar a sheas siad ann ó aimsir na díleann anuas ag síor-fhaire agus ag coimhlinnt leis na na fathacha móra uathbhásacha a fhéachas le Conamara agus cósta an Chláir a shlugadh síos tóin puill. Anois go luadhaim Conntae an Chláir féachaim anonn ar an réigiún údan agus is féidir liom na sléibhte loma nochtaighthe fheiceál ag tógáil a gceann ins na spéartha. Thíos ar bhruach na fairrge naoi míle uaim, tá báine an chúbhair le tabhairt faoi deara ag greadadh isteach i n-aghaidh na n-alltrach árda. Agus fhad tá mo shúile ag rith siar le fad na tíre feicim na bailte beaga bána Gaedhealacha go bhfuil a gcumhraidheacht agus cuimhne ar a lucht áitighthe greanta ar chroidhe gach Gaedhilgeóra a thug cuairt ariamh orra. Feicim Fionn-Bhearra, Baile briocháin, agus na Creagaí — áiteacha beaga fíor-Ghaedh- ealacha cois mara. Táthar ag tosuighe i bhfus anois ar obair an lae. Ó'n árd mór ar a bhfuilim tá le feiceál an saoghal mór ag corruighe. Seo thíos fúm cailíní blighte bó agus buachaillí sgafánta ag triall ar na garradhanta: síos an líon mór bóithríní tá fothram is gleó trucall ag dingeadh na leacrach. Tá púir deataigh ag eirghe aníos ó gach teaicín aol-bhán agus boladh cumhartha bagúin is uibheacha ag folumhain ar fud na páirce in thimceall. "Seo isteach anois! Tá an bricfeasta réidh." Seadh! a dhuine croidhe, sílim go bhfuil sé in-am agam a bheith ag bogadh aníos. Tá an t-aer folláin ag cur dinglise im ghoile agus gabhaim-se faoi dhuit gur maith an sás mé chuig an bproinn bhreágh a leagtar ós comhair an stráin- séara i gcómhnuí. II. — IAR-NÓIN. Teagann fionn-fhuaras aoibhinn leis an tráthnóna. Sgaiptear an mharbhántacht is an bruth a thromuigh an t-aer ó mheadhon an lae. Anois is féidir a bhreathnú go soiléar ar áilneacht agus dathanna an t-samhraidh ar gach taobh agus thart annseo gheobhair do dhóthain binn le craos do shúl do shásamh. Glaise na ngarradhanta, bíogúlacht na n-éan, aer breágh úr na farraige is na tuatha ar n-a chóimh-mheasgadh — 'chuile shórt núa do'n fhear ó'n gcathair atá saor ó ghleithearán, bruid is uathbhás san domhainín seo an aoibhnis. An té is ísle brígh agus is súaraighe machtnamh caithfeadh sé suim do chur i ndeiseacht an t-saoghail le linn dó bheith annseo agus an té gur gnáthach leis áilneacht radharc ní dóichighe sgéal ná go gcuirfidh sé críoch le n-a thaisteal tráth a mbaineann sé Conamara amach. Taobh ó thuaidh díom tá na cnuic a d'árduigh croidhthe Gaedheal ó thosach is aimsire agus fiú anois féin, a chorruigheas an fhilidheacht 'nár gcroidhthe agus a chuireas na deagh-smaointe i bhfuirm focal ar bog-shodar ó n-ár mbéala. Nach iomdha fear a ghabh buidheachas le Dia na cruinne ar amharc dó ar na beanna maordha ós cionn na mara; agus sinn-ne féin nach minic a fheacaimíd glún do'n chruthuighteóir nuair a bheireas an séideán beag bog gaoithe boladh cumhartha na mbláth bhfiadháin ó íochtar na ngleann nglas aníos chugainn. Cuir clúas ort féin anois an tráth seo de ló im theanta. Éiste le monabhar na sruthlán sléibhe, amhrán na n-éan 'sa ngleann, gáire sultmhar na bpáistí le linn dóibh bheith ag imirt ins na léanta, agus smaoinigh ar chéard is brígh dá n-áthas uile. Maidir liom féin, méaduigheann ar m' inntleacht gach uair dhá gcluinim is dhá machtnuighim orra. Ach a dtabhairt faoi deara agus a thuisgint céard is ciall dá n-imtheachta gheobhfar an t-slighe chun go leór dár n-ainbhfeasa a réidhteach. Acht téigheann an machtnamh thar comhacht m' aigneadh do'n dul seo. Uair ar bith eile bhéinn sásta na h-uair- lannta a sgaoileadh thart ag díospóireacht ar cheisteanna de'n t-samhail seo agus cinn nach iad ach ní cabhair dom anois iad. Leigtear dom féin: níl uaim ach an t-aer a shúghadh isteach im sgámhóga, agus a leigint orm féin go bhfuil deoch an fheasa is na tuisgiona dhá ól agam. Sein- neadh na h-éanlaithe a gceolta im chluasa agus mothóchad an mió-shásamh ag dul i ngreim ionnam i gcoinne oibreacha na máighstrí ceoil. Féachainn i n-ath-uair ar dheiseacht an radharc agus tiocfaidh trúagh an domhain inn chroidhe do na' daill' — iad seo, an dream iomadáil sin, atá fuar nós "cuma liom" i dtaoibh nádúir Dé faoi mar atá sé i bhfus… leigtear dhom féin. III. — SPÉIR-GHEALAIGHE. Ar shuidhis fút ariamh oidhche spéir-ghealaighe cois mara agus dorchadas ceomhar draoidheachta ag leathadh i do thimcheall? Ar mhothuighís ariamh mar a bhéadh lámh ghlionn darach ghrádhmhar ag slíocadh gruaige do chinn siar agus guithín deas áluinn ag stealladh ceóil i do chluasa? Ar thugáis ariamh faoi chruinneas an tógáil croidhe agus an misneach a spreachtar ionnat agus an mór-mhian do- innste i n-áilneacht an choinfheasgair ag borradh t'anama agus ag réabadh t' inntinne? Ar líonadh tú le duair- ceas is aithmhéal uair ab' éigean duit iompódh ar do sháil ó cholbh na fairrge agus an bóthar abhaile a thabhairt ort féin le dhul a chodladh ag smaoineamh agus ag brion- glóidigh ar áilneacht nádúir Dé? Thárla dhom mar sin, uair. Is amhlaidh nach ró-fhada a bhíos annseo i gConamara an t-ann sin acht an t-aer
bréagh folláin cumhra a bhí ag síor-fheadghail ar gach taobh díom agus ag déanamh bealaigh trí mo chorp le fuinneamh is iomad ionnsuighe, bhí sé ag dul in-achrann im' intinn agus ag breisiú m'anama le grádh do'n tír fhiadháin aoibhinn seo mór-thimcheall orm. Shuidh mé seal cois na fairrge móire ar dhul faoi do'n ghréin agus dhearcas uaim siar ar na h-oileáin a sheas go dúr im Béal an Inbhir. Bhí an t-aér go h-aoibhinn agus an radharc thar innseacht sgéil. Bhí eachtraí agus iongan- taisí an chúpla lá roimhe sin i n-achrann agus i n-aimhréidh im' aigne agus an Ghaedhilg bhinn bhlasta a chualas ins gach áird, ghabh sí de ghreim im' anam agus d'aithrigheas do'n chéad uair an éifeacht agus an comhacht atá taobh thiar de theangaidh ársa na nGaedheal agus cé'n chaoi ar bh'fhéidir le n-ár sean-shinnsir a bheith chomh meabhrach, Gaedhealach, acfuinneach agus a bhí siad "i sgéal is i n-amhrán." Caithfidh sé gur fhanas tamall fada ann: an ghaoth ag súgradh go leanabach le gliob mo ghruaige agus an fhairrge ag déanamh ar an gclodach go ruatharach fús- tarach ins na mion-tonna gan áireamh — d' fhonn gaisge, déarfá. Do sheasas ar chrocáinín féarmhar ag faire go dícheallach ar na gobadáin tráth 's go rabhadar ag soláthairt do na h-éiníní: cúpla, bhfus, máthair is a céile, ag tomadh go domhain sa bhfairrge le h-éisg a marbhú agus le n-a dtabhairt ar ais do na neadrachaí abhí suidhthe i bhfoisgeacht na h-áite. Agus cheapas freisin go raibh an péire groidhe glan díreach 'nós muinntir e Iar-Chon- nacht ar go leór bealaigh — aclaidhe, cruadhógach, agus snairc. Cheapas sin agus b'iongnadh liom ar thuigeadar an Ghaedhilg agus ar aithin siad an saidhbhreas éachtach a bhí sa teangaidh sin. D'eitealladar anonn is anall is ar ais arís ag imtheacht thar chladhthacha, amach ar na bóithríní, agus ag filleadh. Na fáinleógaí bána údan ag dul i dtír — leanas iad le fad an chósta: iad in-aon druing dhírigh amháin agus iad ag síor-bhualadh na gcleit- éan mbeag. Ach anois tá deire le n-a ngleo is le n-a ngéar-sgreadach agus níl amharc dá laighead orra. Tá siad go léir, léir imthighthe. Tá mo cháirdí croidhe, na gobadáin, ar iarraidh chomh maith agus 'chaon rud idir beo agus neamh-bheó dhá chlumhdach faoi bhratach na h-oidhche. Tá fionn-fhuarás ar m'éadan. Tá codladh driúilic im chosa. Abhaile liom ins na fasgaí teo. LEÓN Ó BROIN. CONNRADH NA GAEDHILGE. DÁIL CHONNACHT. Tháinig lucht Dála Chonnacht le chéile i gClár Cloinne Mhuiris Dia Ceadaoine seo ghabh tharainn (3-9-24). Mac Dara a bhí gceannas an chruinnighthe. Bhí teachtairi i láthair ó Bhaile Mhuilinn, Dheargan, Mhuileann Tirim, Bhaile an Dainghin, Achadh-mór, Baile- Chathail, Coillte-mach', Béal Átha hAmhnas, Cill Móidhbhí, Bealach a' doirín, Roscomáin, Caisleán a' Bharraigh, Cathair na mart, Baile Uí Fhíodhchain, Baile an Locha, agus áiteachaibh eile. Léigheadh roinnt litreach ó dhaoinibh nach bhféadfadh bheith sa láthair ag an gcruinniughadh. Cuireadh ceist na ndamhsaí nGaedhealach o's comhair an chruinnighthe agus léigheadh litreacha on Dr. Ó Tuathaigh, León Ó Broin, agus an tAth. Laurence, O.S.F.C. Socruigheadh "go gcabhróchaidhe leobhtha le sean-damhsaí na hEireann a choinneál beó glan glégeal." Tugadh ordughadh don Rúnaidhe sgríobhadh, chuig Rúnaidhí Coisde Ceard Oideachais gach Condae i gCon- nachtaibh, faoi ceist na muinteóirí, na gcraobh, díolaidh- eacht páirte, agus rl. AN CUMANN LITEARDHA. Moladh do'n Rúnaidhe im litir a chur amach ag éileamh conganta airgid do Chumainn Liteardha Mhic Éil. Moladh fós do'n Rúnaidhe o's ball de'n Choisde Gnótha é; ceist timthireachta Chonnacht a chur os comhair an Choisde Ghnótha. Pléidheadh ceist Gaedhilge Chonnacht ins na Coláistibh, agus ionadaibh na gCúrsai Gaedhilge, agus dubhradh go raibh a lán lán ollamhan, ag teagasg ins na Coláistibh agus ag na hIonadaibh (centres), agus gan blas Gaedhilge Connacht acu. Toghadh fó-choisde leis an sgéal seo a sgrúdughadh, agus cunntas a thabhairt os comhair an chéad cruinnighthe eile de'n Dáil. Siad na daoine a toghadh M. Ó Rudaigh, O.S., agus Riobard Ó Conaill, agus an Rúnaidhe. H-iarradh ar an Rúnaidhe sgríobhadh chuig lucht stiúrtha na mBóithrí Iarainn 'ghá chur céill dóibh ainmneacha na stáisiún a chur súas i nGaedhilg maith nuair a bhéas siad ghá ndéanamh. Tugadh ordughadh do'n Rúnaidhe sgríobhadh chuig lucht stiúrtha Feise Mhuighe Eó, Caisleán a' Bharraigh, faoi na bhfaillighe, agus chuig S. Ó Ceallaigh, Co.C., an timthire, a bhí i gCondae Mhuighe Eó an t-am sin; agus fághail amach uatha an féidir leobhtha an Fheis a chur 'un cinn an bhliadhainn seo chugainn. Tugadh ordughadh do'n Rúnaidhe fós sgríobhadh chuig lucht stiúrtha a bhpáipéar nuaidheachta i gConnachtaibh, agus fághail amach uatha, an bhfuil siad sásta aisti Gaedhilge a chur faoi chlo, ma gheibheann siad iad. Ag tagart do cheist na múinteóirí, agus na gcraobh- acha cuireadh an rún seo a leananns i bhfeidhim: — "Go n-iarraimid ar gach múinteóir Gaedhilge i gCon- nachtaibh a chuid rannganna Gaedhilge a chóimh-cheangail le Dáil Chonnacht agus punnt, ar a laghad, a fhághail ó gach ranng, mar dhíolaidheacht pháirte i gcaoi is gur craobh de'n Connradh agus craobh de'n Dáil a béas ins gach aon ranng acu." Pléigheadh ceist na "Cearnóige" agus bhí an Dáil go lán t-sásta leis an gcaoi a raibh sí ag dul ar aghaidh d'eirigh an Bhaldrach as an Eagarthóireacht agus Bean Uí Cheallaigh as an Bainisteóireacht agus togadh Eagar- thóir agus Bainisteóirí nuadh. Shocruigheadh go n-athróchaidhe ainm na "Cearnóige," agus moladh an "Connachtach" a thabhairt air feasta, glacadh leis an athrughadh go fonnmhar. An chéad chruinniughadh eile i gClár Cloinne Mhuiris lá Samhna ar a 3 a" chluig. RÚNAIDHE.
CATHAL N-A AONAR Ó LOCH A DOIRÍN. Ins na laetheantaibh sonaidhe nuair bhí fuinneamh na hóige i mo bhallaibh agus gach nidh insan domhan ar fogh- namh do chomhnuidheas i Loch a Doirín, cúinne bheag de chonntae Mhuigheó a ritheanns isteach sa gconntae Shligigh trí míle taobh thuas de Bhun an Fhiodáin. Gidh nach raibh mórán maoine ag na daoinibh ann — ní raibh acht droch thalamh ag an gcuid is mó aca — ba dheagh-mhúinte na páis- tidhe do chuiridís chugam chun na scoile bige ar bhruach an locha. Ní raibh ar an taobh sin den loch acht teach amháin eile 'n-ar chomhnuidhe Cathal Mag Uirc i n-a aonar, gan fód talmhan aige ná dadhai acht bothán gan fuinneóig. Nuair bhí sé na naoidheanán caitheadh amach a athair as feilm chompórtamhail agus cuid mhaith tionóntuidhe eile leis, gidh go raibh an cíos díolta aca, chun faithche na cúirte do mhéadughadh i gcóir an tighearna talmhan mhallachtaigh. Béigin dóibh an bóthar do thógáil agus muirighin mhór ag gach duine aca agus gan cumhdach ós a gcionn acht an spéir. Ba é toradh na tíoránachta do Chathal nó gur cailleadh a athair is a mháthair agus fágadh é n-a sheacrá- nuidhe go lá a bháis. Fear árd tanuidhe budh eadh é, agus bhí glór garbh aige acht ní ghortóchadh sé éinín. Bhíodh na malraidh ag caitheadh cloch isteach sa dorus agus thríd an bhfuinneóig aige, agus is iomda rása bhíodh aige na ndiaidh agus is iomda uair thagadh sé suas leóbhtha, acht buille níor bhuail sé ar dhuine aca riamh. Faoi dheireadh dhruid sé suas an fhuinneóg ar fad le clochaibh, ag ceapadh go gcuirfeadh sé sin cosc le na gcrostóireacht acht níor chuir. Bhí an-cháil air mar bhuailteóir. Dubhradh é, agus deireadh sé fhéin é, nár casadhleis riamh a mhacsamhail ag bualadh coirce. Uair amháin bhí sé thíos i mBaile na Riabhaighe ag bualadh i n-aghaidh gaisce eile. Nuair bhí siad ag dul amach thar éis a mbricfeasta cheap Cathal go bhfaca sé bean a' tighe ag déanamh comhartha ar an bhfear eile. Shleamhnuigh sé isteach agus bhí sé i n-am an fear Shligigh d'fheiceáil ag slugadh cupáin uisce beatha ag dorus an tseómra. Annsin bhí cúrsa ann agus pléaráca agus níor buaileadh punnan eile an lá sin. I n-aimsear na bhfíníní bhíodh na síothmhaoir ag dul thart ag iarraidh faisnéise n-a dtaoibh. Tainic beirt aca go teach Chathail agus thairg siad airgead agus ór dó dá dtaisbéanadh sé dóibh cáit a mbíodh na buachaillí ag drilleáil is an oidhche. Freagairt ní fhuair siad. "Nár bhreágh an rud," arsan sáirsint, "taobh bágúin a bheith crochta ós do chionn, agus mála plúir i do choirnéal agus bosca tae agus siúcra ar do bhord agat?" "Ba bhreágh," arsa Cathal, ag dearcadh thart ar na ballaí loma, "acht b'in é an greim é a thachtóchadh mise. Ní raibh spídeóir i mo ghaoltai riamh, ní raibh sin. Imthigidh libh as m' amharc a phéire bhithiúnaigh." Tamall n-a dhiaidh sin thug suas duine aca a chóta agus a chrios agus isé d'innis an scéal dhom i gCaisleán a' Bharraigh thar éis fágáil Loch a Doirín dhom. Mo léan nár mhothuigheas níos luaithe é. Go luighthear an fód glas go héadtrom ar do uaigh agus go mba cumhra na bláthanna ós a cionn, a Chathail dhíl. Bhuail croidhe onórach faoi do chasóig stróicthe. Gidh gur ghéar do ghanntanas theip sé ar ór Shasana fealleóir do dhéanamh dhíot. Truagh nach leantar do sompla ionmholta. Ní rabhas seachtmhain i Loch a Doirín nó gur bhuail Cathal isteach ar chuairt chugainn. Chuir sé fáilte chroidheamhail rómham agus dubhairt sé nár mhiste dhó a chur i n-umhail dom gur bh'fheasach do dhaoinibh na háite nár bhrathadóir mé. Thugas mo bhuidheachas dó agus thosuighmíd ag cómhrád. Fuair mo dhrisiúir Máire tae dhó, acht níor chuir sí acht spúnóg amháin de shiúcra ar gach cupán, mar ba ghráthach leite. Thugas faoi dear nach raibh blas aige insan tae agus nuair bhí sé ólta aige labhair sé le Máire: "A chailín óig," ar sé, "ní mór dhuit do shiopadóir d'athrughadh. Cupán tae níos measa ná sin níor ól mé le mo chuimhne. Níl tú críonna go leór ar na rógairí de shiopadóirí atá tiompall annseo. Tuige nach dtéidh- eann tú síos go Bun an Fhiodáin go teach an Scannlánaigh agus sin é an áit a gheobhaidh tú tae fiú dearcadh air?" Lá ar na bhárach bhí Máire ag innseacht do Nóra Níc Shiúrtáin, caraid dhi, faoi Chathal ag fagháil loicht ar an tae. "B'fhéidir nár chuir tú go leór siúcra air," arso Nóra. "Chuireas lán spúnóige ar gach cupán," arsa Máire. "Tú fhéin is do spúnóg," arsa Nóra. "An chéad lá eile a thiocfas sé cuir ceithre spúnóga ar gach cupán agus feicfidh tú an chaoi a fosclóchaidh sé a sgórnach dhó." Seachtmhain ón lá sin thainic sé isteach arís agus bhí an-lá againn leis. Nuair bhí Máire ag déanamh tae dhó ba bheag nár rinne rí ramhar le siúcra é, agus b'shurus d'fheiceáil ar Chathal go raibh blas aige air. "Mo choinsias," ar seisean, "sin é an cupán tae is fearr d'ól mé le fiche bliadhan. Is maith a chrothuigh tú agus mo chomhairle a ghlacadh, a chailín óig. Sé sin tae an Scannlánaigh, d'aithneóchainn sa gcupán é gan ghá bhlasadh chor a bith." Ní gábhadh dhom do rádh gur as an bpáipear céadna fuair sé an tae an lá eile. An chéad chuairt eile do thug sé dhúinn bhí sean phíobhaire istigh roimhe. Thagadh an tsean phíobaire isteach chugainn amanta mar bhí sean-aithne againn air. Phreab croidhe Chathail le háthas nuair chonnaic sé na píoba óir rachadh sé dá mhuinéal san bhfairrge ar cheól, agus chor leis sin cheap sé nach raibh damhsóir níos fearr ná é insan gcúige. Is ar éigin bhí sé na shuidhe ar chathaoir nó gur iarr sé ar Mhártan Caoch port do thabhairt dhó. "Bíodh fios agat," ars eisean, "nac chuile lá gheobhas tú mo leitheid. Dhamhsuigh mé ar leacaí Edinbura agus tugadh suas dom é nach raibh mo bhualadh i n-Albain." "Ó bhéarfaidh mé port dhuit agus fáilte," arsa Mártan Caoch, "acht tá faithchíos orm nach mbéidh mé i n-ann damhsóir feidhmeamhail ded' leitheid a shásughadh." Thosuigh sé ag cur na bpíob air. Sheas Cathal suas ar an urlár agus nuair thainic an chéad scread as an tseansúr níor fhan sé ar nóta ná port acht bhuail sé faoi agus stop ní dhearna sé nó go raibh sé báidhte le allus. Shuidh sé síos cúpla móiméid agus rinne sé a sgíth agus suas leis arís. Chuir sé i n-umhail don gceól- tóir gur mhaith leis cúpla choiscéim do thabhairt dhúinn ar an gcornphíopa dá mbuailea dhsé dhó é. Bhí an píobhaire toilteanach agus thosuigh sé air arís. Bhí Cathal faoi sheól leis an gcéad scread chor le dtoiseach agus thug sé an damhsa céadna dhó a thug sé don phort go díreach glan. "'Nois," ar sé le Mártan nuair tainic a anál chuige, "tá orm a rádh leat nach bhfuil píobaire níos fearr ná thú an taobh seo de Ghaillimh. Acht ar fhaitchíos go gceapfá gur duine uasal mise caithfidh mé innseacht dhuit nach bhfuil ionnam ach buachaill bocht atá ag dul thart ar thóir oibre agus gan pighinn i mo phóca go minic." "A dhuine Mhacánta," arsa Mártan, "ní raibh ann ach pléisiúr dhomsa a bheith ag éisteacht le fuaim do choise." Shílfinn gur ag magadh bhí sé faoi na fuamanaibh ais- teacha do bhaineadh Cathal as an urlár meireach go raibh fhios agam nach raibh aon ghéar-mhagadh riamh insan bpíobairín ceannsa. D'fhág siad an teach i n-éinfheacht agus mhothuigheas go ndeacha Cathal leath-bhealaigh abhaile leis an bpíobaire. D'éirigh siad chomh mór sin le chéile. Uaireannta ó shoin nuair bhí buaidhreadh agus crádh an tsaoghail ag cur orm do smaonfinn ar an mbeirt sheachránuidhe an lá úd. Ba bheag comhartha do bhí ortha acht cuma an anró, agus ba fheasach domsa chomh deacair is bhí sé ortha go minic slighe-bheathadh do bhainnt amach, acht i n-indeóin sin is eilic níor cluineadh uatha acht spleódar agus gáire agus greann. Bíonn cuid againn ag clamhsán agus sé "ceasán an Bhoilg láin" é go minic. Mo náire ar an saoghal! Dá bhfeicimís aithris do dhéanamh ar an mbeirt deóraidhe úd ní bheadh sé chomh dona. I gcaitheamh an tsamhraidh bhíodh damhsa siamsamhail ag an gcros-bhóthar gach Domhnach agus bhíodh dá oiread de ghrinn againn aon uair do thiocfadh Cathal ann. Bhí cuid mhaith buachaillí sgafánta i Loch a Doirín an uair sin agus bhíodh siad ag déanamh spóirt le Cathal go minic, acht dá ndeireadh strainséir focal amháin mí- cheart leis bhéarfadh siad smachtughadh dhó nach ndear- móchadh sé.
Lá saoire amháin bhí damhsa iongantach againn; thainic siad ó gach taobh ann. Bhí cailín postamhail ó Chluain na Mná ar chuairt i dteach a colceathair i gClúinte agus thainic sí leis na cailíní eile. Inghean saighdiúra budh eadh í agus bhí sí i n-ann an fhidil do bhualadh go binn. Bhí Cathal i ndeilbh thar bhárr an lá sin agus gheall duine de na buachaillí únsa tobac dhó dá dtéigheadh se anonn agus lámha do chraitheadh leis an gcailín péacach. Bhí an- dúil aige i dtobac agus gidh go raibh faitchíos air nach gcraithfeadh sí lamha leis, chuaidh sé anonn chuici os comhair a raibh ann agus shín sé amach a lámh agus chuir sé fáilte roimpi. Dhearc sí air agus b'fhurus d'aithne nár mhaith leithe a lámh do thabhairt dó, acht bhí eagla uirthi gur duine muinnteardha é agus chraith sí lámha leis. Thosuigh na buachaillí eilic ag gáire, agus bhí sise le báinidhe nuair chonnaic sí an magadh a rinneadh uirthi. I dtamall gearr sheas Cathal suas le cornphíopa do dhamhsughadh acht dhiúltaigh an cailín péacach é do bhualadh dhó. "An é sin le rádh," arsa Cathal, "nach dtiúbrthá port do dhamhsóir a bhuaidh ar Albain?" Níor thug sí acht súil tharcuisneach air. "Leabhar-sa," ar seisean, "ba dhual dhuit a bheith do cheóltóir mar ba mhaith an drumadóir d'athair." Thug sé an fhidil do Mhaitias Ó Céirín agus bhuail seisean cornphíopa dhó, agus sháthruigh an corn-phíopa sin a bhfaca mise ón lá a rugadh mé. An bhliadhain dár gcionn d'fhágas Loch a Doirín. An lá roimh imtheacht dom thainic Cathal le n-a bheannacht a thabhairt dúinn. Thráchtamar ar go leór rud thall agus abhfus acht thús go deireadh ní raibh uaidh acht do chur i n-umhal dúinn a charthanas, agus a bhrón go rabhamar ag imtheacht uatha. Thaisbéan sé a chroidhe dúinn an lá sin agus ní raibh aon chealg ann ná dadai acht simplidheacht fíor-ghlan. Ní fhacas riamh arís é. Chualas go bhfuair sé bás cuid mhaith de bhliadhantaibh ó shoin. Ní raibh sé im' intinn ag toisiughadh dhom focal do scríobhadh i dtaoibh Chathail acht dá mholadh, agus má tá dadai ins an scéal agus aon chiall eile leis tá aithméala orm faoi. Dá mbéinn cinnte go bhfuighead suidheachán ag a chosaibh i bhFlaitheas Dé geallaim dhuit go mbéinn sásta. PEADAR Ó MEARÁIN. Tá furmhór na ndaoine go ndéanan cúrsai na Gaedh- ilge buaidhreamh dhóibh ar aon inntinn go bhfuil géar-ghádh le h-Acadamh chun connstacaí na teangan sin a dhíbirt ach dar liom-sa go bhfuil gádh an uaile phioc chomh géar céana le h-Acadaimh chun gach aon ní eile a bhaineas leis an saoghal Gaedhealach a chur ar fothú ceart. Rinncí na nGaedheal a chuirfinn sa bpríomh-áit ar na neithe sin. Le deireannas, thugas fá staid na ndamhsaí sin ar pháipéar Gaedhilge, agus an ceart agam, déarfainn. B'éard a tháinig as gur chailleas a lán den 'shean-cháirdí agus go bhfuil ainm "Seóinín" tuillte agam ó roinnt mhaith eile. Beag liom é sin ach tráth is go bhfuaireas faill ó sgríobhas na h-aistí sin ar caidreamh níos dlúithe a dhéanamh leis na rinncí sin agus ar lucht déanta na rinncí sin, is daingne agus is láidre mo thuairmí mar gheall ortha. Pé 'ca d'fhonn spóirt nó a mhalraid, b-ainmnigheadh mé ag an gCoiste Gnótha annraidh mar chathaoirleach ar roinn na Rinncí i n-Aonach Tailtean. Níor thuigeas ró-mhaith céard abhí i ndán dom ach shíleas, toisg go rabhas dealuighthe amach ó bhuidheanta agus ó mhúinteóirí ealadhna na gcos, go bhféadfainn maitheas do dhéanamh agus na rinncí do thógaint as an droch-staid ina rabha- dar. A dhuine na n-árann! dhá mbéadh fhios agat é — b'in é an dearmad ba mhó dhá ndearnas ariamh agus rinneas cuid mhaith le mo linn, geallaimh-se dhuit. Ó chéad lá na gcomórtas, thuigeas rud amháin ar shlighe nach bhféadfadh aon bhreall a bheith orm. B'éard é sin ná easbaidh atmosféire an spóirt. Ní raibh a leitheide ann gidh nach raibh aon airgead le h-íoch mar tháille ag na h-iomathóirí ná aon airgead le fáil aca mar dhuaiseanna. Tháinic aithreacha, máithreacha agus múinteóirí na mbuachaillí is na gcailíní agus iad uile go léir cinnte nár rugadh fós is nach bhféadfadh go mbéarfaí an duine a gheobhadh an ceann do b'fhearr ar a nduine dhíl féin. Ba chuma cé dhó a thabharfaí an craobh, ba mhar a chéile é. Ní raibh an choitchiantacht sásta. Ag comórtasaí eile, d'fheicfeá an dream a chaill ag traoslú is ag déanamh comhgáirdeachais leis an duine a ghnóthuigh ach i réim an rinnce níor dearnadh agus ní déantar ach cúl-chainnt, tromaidheacht is biadánacht. I dteannta leis an méid sin, níor ro-dhona aon chleas chun tuisle a bhaint as lucht stiúrtha na gcomórtas nó lucht buaidhte na nduaiseann. Caithfear an droch-sprid sin a díthiú i n-Éirinn de bhuidhe nó de bhán nó níl i ndán dúinn ach trioblóid ins gach roim de shaoghal náisiúnta na tíre. An easbaidh spórtúlachta sin atá soiléar ag ác gcluichí náisiúnta, rachaidh sé i bhfeidhm i bpoilitidheacht agus i mór- imtheachtaí an náisiúin. Níor mhiste dhúinn cuimhneamh ar fhocla an t-Sasanaigh mar gheall ar na "bowling greens," agus an dlúth-bhaint abhí aca le déanamh na deagh- Shasanach. Tuigtear dom go bhfuil iarracht dhá dhéanamh ar an sgéal a leigheas agus is tráthúil sin. Tá Bord Rinncí dhá cheapadh ar a mbeidh triúr teachtaí ó chumann na múinteóirí rinncí is triúr daltaí de Choiste Gnótha Connartha na Gaedhilge Tá obair rómpa nach beag agus ní beag dhóibh misneach is foighid an-mhór. Má eirigheann leo atmosféir an spóirt do chruthú is do bhronnadh ar na rinnci beidh beart déanta aca nach n-áirmeóchar i gceart choidhchin. LEÓN Ó BROIN. NÁ DÉANAIGIDH DEARMAD AR: — "ÁRUS NA nGÁBHADH" (agus scéalta eile). LEÓN Ó BROIN DO SGRÍOBH. Áilneacht Cainnte! Smaointe ar Fheabhas!! Togha agus Rogha Gaedhilge!!! Ba cheart cóip de'n leabhar so a bheith ag gach fíor-Chonnachtach. LUACH, 1/6. TRID AN BPOST, 1/8. Le fághail ó: — Siopa na Leabhar nGaodhalach, Sráid Dhásúin, Ath Cliath; Máire Ní Raghallaigh, 87 Sráid Uachtar na Driseóige, Ath Cliath; ón Úghdar, 39 Cearnóg Pharnaill, Ath Cliath; nó ó Eagarthóir nó Bainisteóir An Chearnóg, Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigh Eó. AN CHEARNÓG. Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh, nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG scríobhadh sé go dtí: — BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG," Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó. Trid an bpost — 3/6 sa mbliadhain. 1/9 sa leath-bhliadhain. Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theigheann ins an bpáipéar, cuirtear sgéala go dtí EAGARTHÓIR, "AN CHEARNÓG," An Druim Bán, Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó. AN CHEARNÓG. Lúghnasa, Meadon Fóghmhair, Deireadh Fóghmhair, 1924. A Gaedheala! Ná déanaighidh dearmad ar MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH, CRIOGAI, ROSCOMÁIN. An t-aon fhear ionad amháin i gConnachtaibh ag Príomh-Dhéantóiribh na h-Éireann. Geóbhair luach-liostaí ar fhilleadh an phuist Má chuirir fios orra.
CEIST AGAINN AR COISDE EICÍNT. Cá bhfuair Coisde Ceárd Oideachais aithride i gCon- nachtaibh an leagan deas cainnte seo: — "Fógra um Cruinnighthe"? Ní thoígfimist ar an gCoisde Ceárd-Oideachais seo é, da mbadh dearmud é. Acht ní cheapaimid gurb eadh — agus maidir le leith-sgéal an aineólais. Ní shílimid gur aineólas ba chion triocar leis! Agus dhár-éag, Múin- teóir Gaedhilge ag obair faoi'n gCoisde ceadna! 'Chaoi ar bith. Mholfaimist do'n Rúnaidhe an Ghaedhilg sin a chur go Corcaigh, go bhfuil sí sáthach fada ar iasacht aige. OIFIG AN PHUIST (?) I gCONNACHTAIBH. Ní mheasaim gur tuirsighe ár súile ag breathnughadh ar "Fhógra um Cruinnighthe" ná ar "Oifig an Phuist." Tá "Oifig an Phuist" i mBaile-an-Locha, i mBaile Mhuilinn, i mBricíní", Clár Cloinne Mhuiris, agus in a lán áiteacha eile, nach iad. Tá se thar am an sgéal seo a leigheas. Agus deantar gan mhoill é, no cloisfidhear uainn aríst. BAILE AN LOCHA. Bhíos ag dul isteach go hOifig a' Phosta i mBaile an Locha an lá faoi dheireadh agus casadh sean-phinsonéar orm agus e ag tígheacht amach. "Bhfuil fhios agat cé'n teach e sin os do chómhair?" ars an sean-fhear liom. "Tá's," adeirim féin. "Ní'l," ar seisean. "Sin "Oifig an Phuist"! — ní h"Oifig a' Phosta' e feasta, a dhuine chroidhe, acht "Whist Office" i náit Post Office. Is doiche go n-imrighthear Whist annsin? Mur n-imrighthear féin tuigthear an cluithche! Ara! Hould yer Whist, a mhic ó. Níl muinntir Chonnacht acht in Áit na leith-phíghinne san Riaghaltas" ar san sean- fhear. Agus leis sin d'imthigh leis, agus d'fhág se ag smaoineadh mé. CISTE NA "CEARNÓIGE." Támuid buidheachach do na daoinibh seo a leananns, faoi'n gcongnamh a thugadar duinn le haghaidh na "Cearnóige." Riobard Ó Conaill, O.S., Ceathramha Na Con, agus a Congantoir Inghean Hurst, N.T., 10/-; An tSiúir Columba, An Uaimh, 10/-; Tomás Bán, Gaillimh, punnt. "AN CONNACHTACH" IN ÁIT NA "CEARNÓIGE." Ag an gcruinniughadh ba déigheannaighe de'n Dáil Chonnacht socruigheadh go n ath-bhaistfidhe an "Chear- nóg," agus go dtiubharfaidhe "An Chonnachtach" mar ainm ar an bpáipeár beag sin. Sí an uimhir seo an uimhir dheiridh de'n "Chearnóig." Leis na míosa seo sé "An Connachtach" a bhéas againn. Slán, agus míle beannacht leat a "Chearnóg" chroidhe. Sheas tú d'fhód agus do chúrsa naghaidh seóiníneachtha, agus glincíneachta, i laetheanntaibh dubha dorcha trioblóideacha na géar-leanamhainte — go mbadh slán do shúan! Fearadh na fíor-chaoin fáilte romhat a "Chonnachtaigh." Ní strainsear nár measg thú. Is fada siar ó chuireamar aithne orti dtoiseach — ar árdán aérach Choláiste Chon- nacht, i dTúr Mhic Éadaigh, súas le ocht mbliadhain déag ó shoin. 'Sé do bheatha chugainn aríst! EAGARTHÓIREACHT AGUS BAINISTEÓIREACHT. Béidh eagarthóir agus bainisteóirí nuadha ar an gCONNACHTACH. Daoine a mbéidh níos mo ama, agus deise acu, na mar bhí ag na daoinibh a rinne, an obair go dtí seo. Ar an ádhbhar sin béidh slacht agus maise air dhá mbhárr. NA DAMHSAÍ GAEDHEALACHA. Thainig ceist na ndamhsaí nGaedhealach os comhair Dála Chonnacht ag an gcruinniughadh ba déigheannaige dhuithe agus socruigheadh go gcabhrochadh an Dáil Chonnacht leis na daoinibh ata ag iarraidh sean-damhsaí, Gaedhealacha Chonnacht a aithbheodhchaint agus a chur 'un cinn. Mhol dhuine eicínt do'n chruinniughadh Cumann Damhsai Gaedhealach Chonnacht a chur ar bun. Acht níor dearnadh sin. Fágadh an cheist faoi chúram an Rúnaidhe go dtí an chéad chruinniughadh eile. AN DÁIL CONNACHT AGUS AN DÁIL ULADH. Deirtear go bhfuil socrughadh dhá dheanamh idir rúnaidhthibh Dála Chonnacht, agus Dála Uladh, i gcaoi is go mbéidh cead ag teachtairíbh ó Dháil Uladh bheith ag cruinnighthibh Dháil Chonnacht, agus teachtairí ó Dháil Chonnacht bheith ag cruinnighthibh de Dháil Uladh. Má's maith is mithid sin! In ainm Dé sábhalaigidh Gaedhilge Chonnacht, agus Uladh ó'n Cork accent!! "AN tULTACH" AGUS "AN DORD FÉINNE." Fuaireamar an da pháipéar Ghaedhealacha seo anois díreach — ró-mhall le cur síos orthu i gCearnóig na míosa seo. Tagann an tULTACH ó Ghaedhilgeóiribh Chuighe Uladh, agus tagann "An Dord Féinne" ó Ghaedhilibh agus Ghaedhil- gheóiribh Sydney, Australia. Na mílte fáilte rompa agus go dtugaidh Dia fad saoghal doibhthe. LITIR Ó'N SEADAIRE GAEDHEALACH MICHEÁL MAG RÚAIDHRI MÉARTHÓG GHUILL). Ar Sgoil Éanna Dhom, Ar Rath Fearnáin, 13adh Iúl, '24. A Chara mo Chroidhe, — Fuaireas an litir a triail tú chugam, agus ar mh'anam bhí bród orm a fághail. Chuir sí in uíl dom go raibh árd-ollamha Chonnacht friothlaithe le teangaidh na Cúige a shlanughadh ó an-bhás, agus go bhfuil me féin toghtha mar bhall de'n fhoireann sin, agus dearbhuighim go ndeanfaidh me mo cheann féin mar dean- fas duine beag éidtreóruigh mar me. Tá cuireadh tugtha dhom a bheith i láthair ag Rath Cruacháin an Dómhnach seo chugainn, acht faraoir ní he mo chroidhe a chuirfeadh cosg orm a bheith i láthair, agus mur mbídh mé annsin go radharcamhuil béidh mo spiorad libh go mí-radhracamhuil, a's tá me cinnte go mbéidh Gaedhilge na Cuige, ar sheól na mbrácha tréis chruinnighthe Rath' Chruacháin ag sgríbh- neóirí Chuige Chonnacht tarraingt le chéile ar deire shiar, agus gan an Gaedhilge a bheith i na cosarasair ag Gaedhilgeóirí a d'at aon oidhche amháin, mar búadhcan. Neart gearain Phadhraic go gcuiridh Dia na gComhachta in ar gcuid oibre. — Ó "SHEAN MHÉARTHOG GHUILL." 21 Aungier Street, Áth Cliath, 26-8- '24. A Philib, a chara, — Níl a fhios agam ar cló-bhuaileadh fós gach ar sgríobhas de dhrabuíol ar son na Cearnóige fós ach is cuma liom táim ag seoladh aiste nó dhó eile chugat leis an nóta seo. Is rí-bheag is féidir liom a dhéanamh ar son na teangan na laethe seo ach í labhairt agus í sgríobhadh nuair a bhíos an fhaill againn. Ba mhaith liom go gcuirfeá "an Chearnóg" chugam díreach nuair a foillsightear gach uair í le go bhféadfad mo shúile a shásamh. Dá laigheadh é mar pháipéar agus dhá annaimhe a cló-bhuailtear é, is breágh lion é tar aon pháipéar Gaedhilge eile mar tá boladh Iarthar air dhá ríribh agus is eol dom go maith go bhfuil croidhe agus anam sgata bhig stiúrthóirí ann. Molainn sibh uilig mar gheall ar bhur ndúthracht. Le suíl go bhfhuil sibh uilig ar mhaise na sláinte. — Mise, do chara, LEÓN Ó BROIN. N.B. — Is féidir leat úsáid a bhaint as an litir seo, má's maith leat. — L. Ó B. Ba chóir do gach Gaedheal i gConnachtaibh Urradhais a dhéanamh ins an GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NÁISIUNTA, Teó, 30 Fáithche an Choláiste, Ath Cliath. THE ONLY IRISH LIFE AND GENERAL ASSURANCE COMPANY. Urradhas Beatha, Urradhas Dóighteán agus gach sort Urradhas eile. 'Sé an Comhlucht so an Comhlucht is fearr agus is saidhbhre in Éirinn. Scríobh anois chuig — AINDRIAS Ó FAOLÁIN, Cígire, Clár Chloinne Mhuiris, Conndae Mhuigh Eó.
CHUM GLÓIRE DÉ AGUS ONÓRA NA H-ÉIREANA. INIS EOGHAIN. Inis Eoghain! Ca bhfuil Inis Eoghain? adeir an leígh- theoir. Maise, ba h-í an bharamhail a bhí agam nach raibh Gaedheal ó chionn go cionn na tíre nar chuala tracht ar Inis Eoghain. Dá gcuirtí an ceist orm ca bhfuil an áit is áilne in Éirinn, bhéarfainn mar fhreagra nach bhfuil áit inntí có- h-áluinn leis an cheanntar talaimh a luigheann idir uisge uaigneach Locha Súiligh agus tonntracha mong-bhána Locha Fheabhail i dtuaischeart na tíre, eadhón Inis Eoghain. Gídh gur beag le rádh í de thairbhe a méid, ba mhór a cliú agus a cáil "san am fad ó mar gheall ar uaisleacht agus áilneacht a cuid ban, cródhacht agus calmacht a cuid fear, agus dílseacht an dá chuid do nósa agus béasa a sean agus a sinnsear. Mar dheimhniughadh d'á gcaoinacht ní'l againn acht smaointeadh nár leig eagla do'n t-Sasanach sanntach a bhí ag buaidheadh agus ag scriosach ar fud Críche Fodhla, cosa leagan go cionn a bhfad ar Bhántaibh féarmhara nó ar chnocaibh aéreacha Inse Eoghain. Agus in-deireadh na scríbe nuair a d'éirigh leis an námhaid bhradaigh tré spiadóireacht an bhraitheadóra bealach isteach a dheanamh, ba roighin díbhirceach an troid a rinne gaiscidhigh cliste na dúithche seo in a seasamh guala ar ghualainn faoi bhrat ghlas Uí Dhochartaigh go dtí gur loiteadh agus gur díthcheannadh a dtaoiseach uasal oirdhearch ar Charraic stáireamhail an Dúin 'san bhliain 1608. Má theicheadar ó shoin na tóg uatha é nó deir an sean-rádh "nach gnathadh cathughadh iar n-díth tighearna." Acht ní h-í áilneacht na h-áite, gídh nar fhéad Naomh Pádraig in a lá feachaint ar na radhairc a bhí le feiceal ó Árus uasal Ailigh na Ríogh gan buidheachas do thabhairt do'n Cruthuightheoir mar gheall ar chuid d'aoibhneas na Flaithis a nochtú ar an t-saoghal seo, a chuireas rómham ar dtús mar chuspóir, nó cródhacht aon dreama áirithe acht oiread, acht dreas beag de stáir na dúithche a scríobhadh in órdú ceart aimsire. An chead chunntas atá le faghail, 'sna sean-leabhraibh deir sé go raibh seilbh ag Er — mac Phartholain ar an tír o'n Duibhlinn go h-Aileach Neid, príomh-árus Cuige Uladh, go goirid i n-diaidh na díleann. Ar theacht i dtír d'Ith, an chead duine de mhuinntir Mhíleadh 'san bhliain 1798 roimh aimsir ar Slánuightheora treoruigheadh é go h-Aileach mar a rabh na trí Righthe Inse Ealga ag cur futha. Ní'l a fhios cé'n t-ainm a bhí ar an áit go dtí gur ghlac an Prionnsa Eoghan, mac do Niall Naoi nGiallach agus dearbhrathair do Chonaill Gulban, seilbh air le láimh láidir. Ó n-a am-san anuas lean a ainm dí agus ba mhaith an áiridh ar é, nó b'iomdha cath millteach, fuilteach a throid seisean le n-a bhaint amach. Deirtear go mb' uaibhreach agus go mb' uabhthasach an duine é sul a dhíbir grásta dé na h-ain-mhianta mí-riaghalta as a chroidhe. Mar dubhras cheana, dearbhrathair do Chonaill Gulban, a bhfuair Tír Chonaill a h-ainm uaidh a b'eadh Eoghan agus in-diaidh bhaiste a dhearbhrathar agus a bheirte mhac thriall Naomh Padraig go h-Aileach. B'shin é a ghnás i gcomhnuidhe, cuairt a thabhairt ar Righ na h-áite ar tús. "Tús maith leath na h-oibre" adeireadh sé leis fhéin, agus siúd ar siubhal é chun an Ríogh a áthrú; nuair a d'éirigheadh leis an méid sin a dheanamh bhíodh "an talamh uilig réidh chun curadórachta." An cleas céadna annso aige agus ní h-é amhain gur baisteadh é acht éirigh ón-a ghlúnaibh ní dheanfadh sé go ngealladh an Naomh gach tiodhlacadh d'aoirde a iarraidh ar Dhia do n-a mhuinntir agus gach beannacht d'á Naomhtha d'á Ríoghacht. Gheall; agus tá a shliocht ar an áit ó shoin. Fa thuairim na bliana 465 A.D. marbhuigheadh Conaill go fealltach agus fuair Eoghan bás le brón, ghoill sgeul an mharbhtha comh mór sin air. Cuireadh an Rí uasal ag Uisce Caom agus annsúd faoi charn bheag tá a chnámha ríoghamhla ag feitheamh le h-éiseirghe na gcorp. Ar dheis Dé go rabh a anamh. Ar a dhul fríd na duithche do Naomh Pádraig d'oibrigh sé go dian dithcheallach ag craobhscaoleadh an t-Sois- géil Naomhtha, nó, an té a mbíonn grádh Dé ag dóghadh in a chroidhe aige ní bhíonn sé sásta gan an teine céadna a lasadh i gcroidhe gach duine eile. Chuir sé a lán teampall ar bun le n-a chuid oibre naomhtha a bhunú agus a dhaingniú i gceart in Inis Eoghain. Thóg sé ceann ag Gleann Bréadaigh an áit a dtug Olildas, mac Ríogh Eoghain páiste maith talaimh dhó. Is annso a casadh a thriúr ghar-mhac air, a bhí in a ndeacanaí fa'n am seo agus in a gcuideachtain Aongus, mac Olildais a dtug sé Órd Bheannuighthe dhó. Thóg sé ceann cáileamhail eile ag Máighbhile a bhfuil sgéal fada air i gcuid de na sean-leabhraibh mar aon le mainistir mhór in a mbíodh na mílte manach. Ar shroicint na h-áite a dtugtar Gleann an Tochair uirrthí d'feuch sé suidheamh cinn eile a fhaghail acht theip air mar ba dhuine mí-nádúra, neamh-spleadhach a bhí mar thaoiseach annsin darb ainm Ceolbadius. Níorbh dhual dhó a bheith comh-cruaidh-chroidhteach sin, nó b'ac mic d'Eoghan a b'eadh é, acht, nach h-iomdha athair maith a thóg droch-mhac. Acht níorbh é an t-olc in-aghaidh an uile a rinne Naomh Pádraig acht a mhalairt. Dhíbir sé an tochar mór a bhfuair an áit a h-ainm uaidh: sháich sé a bhachall frid a cheann agus d'órduigh do'n Bheitheamhnach Bhradach imtheacht leis. Rinne, agus stad nó staonadh ní dhearn sé gur shroic sé an Loch sin in-deisceart Thíre Chonaill a dtugtar Loch Dearg anois air. Fa'n am céadna bhí roinnt talaimh ag Aidius, mac Coelbadius giota beag ní b'fhuide ó thuaidh agus le cúitiúmh a dheanamh ar son droch ghníomha a athar thairg sé do'n Naomh é. Ba lúthgháireach a chuaidh Pádraig i gcionn a chuid oibre tráthnóna Dé Dómhnaigh amhain agus ha ghearr gur tógadh an teampall ba mhó agus ba cháileamhla in Inis Eoghain, eadhon, Domhnach Mhór Muighe Tochair. Domhnach a thug sé ar gach teampall a leag sé a chloch-bhunú ar Dia Domhnaigh agus gidh go deacaidh cúig céad deag bliain thar a cheann ó shoin mhair an t-ainm ó'n lá sin go dtí'n lá indiu ar an áit. Le dhul chun tosaigh giota beag eile caithfeadh tráct a dheanamh ar Mhuircheartach Mach Néill nó "Muircheartach na gcochall gcroiceann" a d'fág Aileach agus a chuaidh thart timcheall na h-Éireann ag tógailt giall. Deirtear go dtug sé beirt ríogh i mbráighdineas abhaile leis 'san bhliain 941. 'San bhliain 1101 amhtach phill an fheall nó thainic Muircheartach Ó Briain a n-deas le n-a chuid fear, dhóigh teampaill agus longphuirt agus thóg gach duine aca cloch leis ó Aileach. Cuireadh na clocha seo ar Bhallaibh Áruis Cinn Coradh i Luimneach. Ó'n bhliain 1413 go dtí 1608 ba h-iad Muinntir Uí Dhochartaigh a bhí mar thaoisigh in Inis Eoghain agus ba dhiongmhalta a chreideadar, go h-áirithe an taoiseach deireannach Caithis Óg Ua Dochartaigh, go bhféadfaidhe cumhacht na nGall a briseadh. Thug sé iarracht láidir acht mar dubhras cheana indiaidh a dhicheall a dheanamh le cliú a sinnseara chosaint marbhuigheadh é. Acht, a léightheóir chóir, a mhuinntir Inse Eoghan agus a chlanna na nGaedheal go h-iomlan na saoiligidh nár tógadh 'san cheanntar seo acht fir trodha cródha, mis- neamhla amhain, nach annso a rugadh an scríbhneoir, oilte, cliste úd a bhfuil toradh a chuid oibre le fághail go dtí an lá indiú ní amhain ar fud Críche Fódhla acht in a lán mainistreach agus leabharlann ar mhóir-thír na h-Eorpa, eadhon, Seaghan Mac Colgain. AN tSÚIR M. BEINÍN. Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh, Inis Eoghain.
DÚBHALTACH MHAC DHÁITHÍ. P. Ó B. (Ar leanamhaint). "Ó chonnaic. Is í atá ag cur as dó! Agus deir sé liom, mur' bhfághaidh sé le pósadh í, nach bhfágfaidh sé ceann ar cheachtar againn." "An féidir sin?" ars an rí, "acht abair leis teacht isteach go bhfeicead é agus go n-innsuighead dhó beagán i taoibh a cuid eachtra éagsamhala, agus, má tá sé sásta glacadh léithi agus le n-a tréithribh, bhéarfad dhó í, agus seacht gcéad míle fáilte." Chuaidh Dúbhaltach amach chuig Mághnus. "Há! a Dhúbhaltaigh," arsa Mághnus, "an bhfuil an bhean uasal údaigh fáighte agat dom?" "Tá sí fáighthe dhuit! Acht éirigh leat, agus tar isteach chuig an rígh agus míneóchaidh sé dhuit an chaoi ar mhair sí." Chuaidh Mághnus chuig an rígh. "Bhoil, a Mhághnuis, an bhfacais an bhruinngheall áluinn údaigh?" "Chonnaiceas." "Agus deirir go gcaithfidh tú a fágháil le pósadh?" "Caithfead! nó ní fhágfad caid ar chaid, ná cloch ar chloich i n-ionad do Chúirte!" "Bhoil, suidh síos anois i n-ainm Dé, agus innseóchad duit 'chuile nídh," ars an rí. "Nuair bhí an cailín sin ag fás suas, tháinig an Bacach Mór, nó Séamus Oillbhéasach, Mac Ríogh na Sorcha, ó Crích Na Sorcha agus chonnaic sé í, agus d'iarr le pósadh i D'eítigheas é. Tháinig sé aríst agus d'iarr í agus d'eitigheas é. Tháinig an treas uair agus ní phósfadh sí é. Dubhairt sé léithi go mbéadh sé díreach cothrom léithi. (Ar leanamhaint.) CUMANN LITEARDHA MHIC ÉIL. AN CHÉAD CHRUINNIUGHADH I RATH CHRÚACHÁIN MHÉIDHBHE. Tionóladh an chéad chruinniughadh de'n Chumainn, i Rath Crúacháin Mhéidhbhe, Dia Dómhnaigh, an 20adh lá de mhí Iúil. An Dr. Seaghán P. Mac Enrí, M.A., an leas- uachtarán, a bhí i gceannas an chruinnighthe. Bhí na comh- dhaltai seo i láthair chomh maith P. Ó Fuadaigh, Bealach a' Doirín; "Mac Dara," Baile Muilinn; Caitlín Níc Ghabhann, Áth Cliath; P. Ó Fathaigh, L. Ó Cinnéide, S. Ó Dómhnaill, O.S.; A. Ó Léineacháin; M. Ó Gacáin, An Canonach Mag Oireachtaigh, an Canonach Ó Searchaigh, Seaghán Ó Ceallaigh, agus an Rúnaidhe. Bhí a lán eile de na chómhdhaltaibh ag obair. I mbun na gcomórtas ag an bhFeis, agus níor fhéad siad. Bheith i láthair ag an gcruinniughadh. Chuir cuid acu seo sgéal chuig an Rúnaidhe 'ghá rádh sin leis. Fritheadh roinnt litreach o dhaoinibh nár éirigh leóbhtha tígheacht an lá soin léigheadh na litreacha seo. Ar mholadh an t-t-Úachtarán ceapadh amach Búan Coisde le obair an Chumainn a chur 'un cinn. Annsin toghadh na daoine seo mar Bhúan-Choisde an Dr. Conchobhar Mag Uidir, Clár Cloinne Mhuiris; "Mac Dara," Baile Mhuilinn, agus an Rúnaidhe. BORD MOLTÓIRÍ NO BREITHEAMHAN. Moladh Bord Moltóirí a chur ar bun agus go mbeadh ortha seo, leabhra Gaedhilge sgríbhneóirí Chonnacht a léigheadh, agus léirmheas a sgríobhadh orthú, agus glacadh no gan glacadh leobhtha. Na leabhra a glacfaidhe leóbhtha a chlárughadh, agus an liosta seo a chur chuig Aire an Oideachais, agus moladh dho gan glacadh le leabhar ar bith, ar clárachaibh sgoileann ná Coláiste acht iad seo abhéas cláruighthe ag na moltóiribh. CÓLÁISTE NA hOLL-SGOILE I nGAILLIMH. Rinneadh a lán clabhsáin faoi'n iarracht atá dh'á dhéanamh, faoi céim Choláiste na hOllsgoile i nGaillimh a ísliúghadh; agus cuireadh an rún seo a leananns i bhfeidhim d'aon ghuth: — "Go n-airimid gur mór an maslughadh do Mhuinntir Chonnacht Céim Coláiste na hOllsgoile i nGaillimh a ísliúghadh i leabaidh a h-árdughadh, agus gurb e an rud ba lúgha d'á bhféadfadh Riaghaltas Náisiúntach a dhéanamh léithi, an cómh-chéim agus an gradam ceadna a thabhairt duithi, agus ata dh'á thabhairt d' Oll-sgoil Chor- caigh. Go n-iarraimid ar Chómhairlibh Condae Chonnacht tabhairt faoi'n gceist seo gan mhoill; agus go n-iarr- aimid ar na h-oidibh Sgoile i gConnachtaibh má táid le cur isteach ar Céim Ollsgoile (an 3adh agus an 4adh bliadhain) gan dul thar Coláiste na hOllsgoile i nGaillimh." Rinneadh go leór casaoide faoi chuid de na leabhraibh ata sgríobhtha ag ughdaraibh mar dhóigh dhe le haghaidh na sgoileann, agus tugadh ordughadh do na moltóiribh na leabhra seo a léigheadh, agus léir-mheas a sgríobhadh orthú chomh luath agus is féidir a dhéanamh. Dubhairt Caitlín Nic Ghabhann go raibh sgríbhneóirí Dála Chonnacht (lucht Craoibh B'l'á Cliath) ag sgríobhadh roinnt leabhar le haghaidh na sgoileann agus go mbeadh na leabhra seo réidh gan ró-mhoill acu. Socruigheadh go mbeadh an chéad chruinniughadh eile de'n Chumann Liteardha in Áth Luain — i Sgoil na mBráthar faoi Nodlaig (29-12-24, Dia Luain, ar ar dó deag a chluig). RÚNAIDHE. FÚAGRADH! Ó FIONNÁIN AGUS Ó SÍODA (Fannon and Silke) CANDÁLAIDHE AGUS LÚACHADÓIRÍ (Auctioneers and Valuers) CAISLEÁN RIABHACH (Castlerea). A Ghaedheala, cabhróchaimid libh má chabhruigheann sibh linn! Tá cleachtughadh againn ar 'chuile chinéal chandálachta. Déanfaimid do chuid oibre ar fheabhas fág fuinn í! Cian-Sgéalta… Candálaidhe, Caisleán Riabhach. Deanfaimid do chuid oibre in Gaedhilg más áil leat. Ó CONAILL, BÉAL ÁTHA hAMHNAS.
PÁDHRAIC Ó BRIAIN, CEANNUIDHE AN T-SRÁID MHÓR, BÉAL ÁTHA hAMHNAS. TOGHA GACH EARRAIDHE, AGUS SEAN GACH DÍGHE. BRIAN Ó LOINGSIGH, TEACH NA NGLUAISTEÁN, BÉAL ÁTHA hAMHNAS. A SCRÍOBHNÓIR! AN BHFUIL TÚ AG CEAPADH LEABHAR? AGUS AR LORG FEAR A CHLÓ-BHUAILTE? SCRÍOBH CHUGAINN AR DTÚS. CLÓ-BHUAILFIMID DHUIT É CÓMH MAITH AGUS CHÓMH SAOR LE DUINE AR BÍTH I N-ÉIRINN. GACH EOLAS Ó BAINISTEÓIR "AN CHEARNÓG" BÉAL ATHA h-AMHNAIS CO. MHUIGHEÓ. SMAOINIGIDH AR AN MÉID SEÓ, A CHÁIRDE! GO BHFUIL SEAGHÁN Ó CADHAIN, AR CHEANN DE NA CANDALAIDHTHIBH IS MO 'CÁIL IM BÉAL ÁTHA hAMHNAS. A GHAEDHEALA CUIMHNIGIDH AR MICHEÁL Ó FLAITILE, TEACH NA nGAEDHEAL. Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an "Telegraf Connacht" i gCaisleán a'Bharraigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services