Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pictiúirí Pinn

Title
Pictiúirí Pinn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Connacht Telegraph

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN
CHEARNÓG



LUGHNASA, MEADON FÓGHMHAIR, DEIREADH FÓGHMHAIA, 1924.



Uiml. II Uimhir 4. Luach 3 Píghinne.



PICTIÚIRÍ PINN.



I. — MOCH NA MAIDNE.



Tá breacadh an lae ann. I leabaidh a cheile árduigheann
an ghrian os cionn sléibhte Conntae an Chláir agus sgair-
teann sí ar gach taobh uirthe gathanna soluis. Ar nós
ain-spioraid an dorchadas ag cúlú roimh aingle gileachta
is geanmnaidheachta — na sgamaill a bhí mar chlúdach ar
thalamh uachtarach an domhain brúigheann siad siar ó áil-
neacht na miorbhúilte.



Deareaimís uainn síos le fánaidh an chnuic ar an
bhfairrge ghorm-ghlais. Tá borradh is fuadar fúithe…
Nach breágh é an torann atá dhá dhéanamh aici i n-aghaidh
an chladaigh agus na n-alltrach: na caiple bána agus
cúbhar le n-a mbéalaibh ag tabhairt cúl-bhrúghadh dhá
náimhdibh. Annseo is annsiúd feictear mór-chuid díobh
ag eirghe go fuinneamhail. Leagtar cuid aca ach ar
nánaidheacht eirigheann comráidithe leo go fústarach bord
agus le briseadh is lasgadh sgúbann siad gach rud
rómpa. I bhfad amuigh faoi lear tá corr-ghleoiteóg ag
iasgach — a cuid seolta crochta leis an ngaoith agus í ag
árdú is ag ísliú go tréorach deas ar na tonntracha.



I bhfad bhfad uainn amuigh siar i mbéal an Inbhir, 'san
áit a mbuaileann spéir is fairrge le n-a chéile 'seadh
tá na h-oiléain Árann. Nach gleóite iad anois faoi
thaithneamh na gréine? Nárbh iongantach mar a sheas siad
ann ó aimsir na díleann anuas ag síor-fhaire agus ag
coimhlinnt leis na na fathacha móra uathbhásacha a fhéachas
le Conamara agus cósta an Chláir a shlugadh síos tóin
puill.



Anois go luadhaim Conntae an Chláir féachaim anonn
ar an réigiún údan agus is féidir liom na sléibhte loma
nochtaighthe fheiceál ag tógáil a gceann ins na spéartha.
Thíos ar bhruach na fairrge naoi míle uaim, tá báine an
chúbhair le tabhairt faoi deara ag greadadh isteach i
n-aghaidh na n-alltrach árda. Agus fhad tá mo shúile ag
rith siar le fad na tíre feicim na bailte beaga bána
Gaedhealacha go bhfuil a gcumhraidheacht agus cuimhne ar
a lucht áitighthe greanta ar chroidhe gach Gaedhilgeóra a
thug cuairt ariamh orra. Feicim Fionn-Bhearra, Baile
briocháin, agus na Creagaí — áiteacha beaga fíor-Ghaedh-
ealacha cois mara.



Táthar ag tosuighe i bhfus anois ar obair an lae. Ó'n
árd mór ar a bhfuilim tá le feiceál an saoghal mór ag
corruighe. Seo thíos fúm cailíní blighte bó agus
buachaillí sgafánta ag triall ar na garradhanta: síos
an líon mór bóithríní tá fothram is gleó trucall ag
dingeadh na leacrach. Tá púir deataigh ag eirghe aníos
ó gach teaicín aol-bhán agus boladh cumhartha bagúin is
uibheacha ag folumhain ar fud na páirce in thimceall.
"Seo isteach anois! Tá an bricfeasta réidh." Seadh! a
dhuine croidhe, sílim go bhfuil sé in-am agam a bheith ag
bogadh aníos. Tá an t-aer folláin ag cur dinglise im
ghoile agus gabhaim-se faoi dhuit gur maith an sás mé
chuig an bproinn bhreágh a leagtar ós comhair an stráin-
séara i gcómhnuí.



II. — IAR-NÓIN.



Teagann fionn-fhuaras aoibhinn leis an tráthnóna.
Sgaiptear an mharbhántacht is an bruth a thromuigh an
t-aer ó mheadhon an lae. Anois is féidir a bhreathnú go
soiléar ar áilneacht agus dathanna an t-samhraidh ar gach
taobh agus thart annseo gheobhair do dhóthain binn le craos
do shúl do shásamh. Glaise na ngarradhanta, bíogúlacht
na n-éan, aer breágh úr na farraige is na tuatha ar n-a
chóimh-mheasgadh — 'chuile shórt núa do'n fhear ó'n gcathair
atá saor ó ghleithearán, bruid is uathbhás san domhainín
seo an aoibhnis. An té is ísle brígh agus is súaraighe
machtnamh caithfeadh sé suim do chur i ndeiseacht an
t-saoghail le linn dó bheith annseo agus an té gur gnáthach
leis áilneacht radharc ní dóichighe sgéal ná go gcuirfidh
sé críoch le n-a thaisteal tráth a mbaineann sé Conamara
amach.



Taobh ó thuaidh díom tá na cnuic a d'árduigh croidhthe
Gaedheal ó thosach is aimsire agus fiú anois féin, a
chorruigheas an fhilidheacht 'nár gcroidhthe agus a chuireas
na deagh-smaointe i bhfuirm focal ar bog-shodar ó n-ár
mbéala. Nach iomdha fear a ghabh buidheachas le Dia na
cruinne ar amharc dó ar na beanna maordha ós cionn na
mara; agus sinn-ne féin nach minic a fheacaimíd glún
do'n chruthuighteóir nuair a bheireas an séideán beag bog
gaoithe boladh cumhartha na mbláth bhfiadháin ó íochtar na
ngleann nglas aníos chugainn.



Cuir clúas ort féin anois an tráth seo de ló im
theanta. Éiste le monabhar na sruthlán sléibhe, amhrán
na n-éan 'sa ngleann, gáire sultmhar na bpáistí le linn
dóibh bheith ag imirt ins na léanta, agus smaoinigh ar
chéard is brígh dá n-áthas uile. Maidir liom féin,
méaduigheann ar m' inntleacht gach uair dhá gcluinim is
dhá machtnuighim orra. Ach a dtabhairt faoi deara agus
a thuisgint céard is ciall dá n-imtheachta gheobhfar an
t-slighe chun go leór dár n-ainbhfeasa a réidhteach.



Acht téigheann an machtnamh thar comhacht m' aigneadh
do'n dul seo. Uair ar bith eile bhéinn sásta na h-uair-
lannta a sgaoileadh thart ag díospóireacht ar cheisteanna
de'n t-samhail seo agus cinn nach iad ach ní cabhair dom
anois iad. Leigtear dom féin: níl uaim ach an t-aer a
shúghadh isteach im sgámhóga, agus a leigint orm féin go
bhfuil deoch an fheasa is na tuisgiona dhá ól agam. Sein-
neadh na h-éanlaithe a gceolta im chluasa agus mothóchad
an mió-shásamh ag dul i ngreim ionnam i gcoinne
oibreacha na máighstrí ceoil. Féachainn i n-ath-uair ar
dheiseacht an radharc agus tiocfaidh trúagh an domhain
inn chroidhe do na' daill' — iad seo, an dream iomadáil
sin, atá fuar nós "cuma liom" i dtaoibh nádúir Dé faoi
mar atá sé i bhfus… leigtear dhom féin.



III. — SPÉIR-GHEALAIGHE.



Ar shuidhis fút ariamh oidhche spéir-ghealaighe cois mara
agus dorchadas ceomhar draoidheachta ag leathadh i do
thimcheall? Ar mhothuighís ariamh mar a bhéadh lámh ghlionn
darach ghrádhmhar ag slíocadh gruaige do chinn siar agus
guithín deas áluinn ag stealladh ceóil i do chluasa? Ar
thugáis ariamh faoi chruinneas an tógáil croidhe agus an
misneach a spreachtar ionnat agus an mór-mhian do-
innste i n-áilneacht an choinfheasgair ag borradh t'anama
agus ag réabadh t' inntinne? Ar líonadh tú le duair-
ceas is aithmhéal uair ab' éigean duit iompódh ar do
sháil ó cholbh na fairrge agus an bóthar abhaile a thabhairt
ort féin le dhul a chodladh ag smaoineamh agus ag brion-
glóidigh ar áilneacht nádúir Dé?



Thárla dhom mar sin, uair. Is amhlaidh nach ró-fhada
a bhíos annseo i gConamara an t-ann sin acht an t-aer


L. 2


bréagh folláin cumhra a bhí ag síor-fheadghail ar gach
taobh díom agus ag déanamh bealaigh trí mo chorp le
fuinneamh is iomad ionnsuighe, bhí sé ag dul in-achrann
im' intinn agus ag breisiú m'anama le grádh do'n tír
fhiadháin aoibhinn seo mór-thimcheall orm. Shuidh mé
seal cois na fairrge móire ar dhul faoi do'n ghréin
agus dhearcas uaim siar ar na h-oileáin a sheas go dúr
im Béal an Inbhir. Bhí an t-aér go h-aoibhinn agus an
radharc thar innseacht sgéil. Bhí eachtraí agus iongan-
taisí an chúpla lá roimhe sin i n-achrann agus i n-aimhréidh
im' aigne agus an Ghaedhilg bhinn bhlasta a chualas ins
gach áird, ghabh sí de ghreim im' anam agus d'aithrigheas
do'n chéad uair an éifeacht agus an comhacht atá taobh
thiar de theangaidh ársa na nGaedheal agus cé'n chaoi ar
bh'fhéidir le n-ár sean-shinnsir a bheith chomh meabhrach,
Gaedhealach, acfuinneach agus a bhí siad "i sgéal is i
n-amhrán."



Caithfidh sé gur fhanas tamall fada ann: an ghaoth ag
súgradh go leanabach le gliob mo ghruaige agus an
fhairrge ag déanamh ar an gclodach go ruatharach fús-
tarach ins na mion-tonna gan áireamh — d' fhonn gaisge,
déarfá. Do sheasas ar chrocáinín féarmhar ag faire go
dícheallach ar na gobadáin tráth 's go rabhadar ag
soláthairt do na h-éiníní: cúpla, bhfus, máthair is a céile,
ag tomadh go domhain sa bhfairrge le h-éisg a marbhú
agus le n-a dtabhairt ar ais do na neadrachaí abhí suidhthe
i bhfoisgeacht na h-áite. Agus cheapas freisin go raibh
an péire groidhe glan díreach 'nós muinntir e Iar-Chon-
nacht ar go leór bealaigh — aclaidhe, cruadhógach, agus
snairc. Cheapas sin agus b'iongnadh liom ar thuigeadar
an Ghaedhilg agus ar aithin siad an saidhbhreas éachtach a
bhí sa teangaidh sin. D'eitealladar anonn is anall is
ar ais arís ag imtheacht thar chladhthacha, amach ar na
bóithríní, agus ag filleadh. Na fáinleógaí bána údan
ag dul i dtír — leanas iad le fad an chósta: iad in-aon
druing dhírigh amháin agus iad ag síor-bhualadh na gcleit-
éan mbeag. Ach anois tá deire le n-a ngleo is le n-a
ngéar-sgreadach agus níl amharc dá laighead orra. Tá
siad go léir, léir imthighthe. Tá mo cháirdí croidhe, na
gobadáin, ar iarraidh chomh maith agus 'chaon rud idir
beo agus neamh-bheó dhá chlumhdach faoi bhratach na
h-oidhche. Tá fionn-fhuarás ar m'éadan. Tá codladh
driúilic im chosa. Abhaile liom ins na fasgaí teo.



LEÓN Ó BROIN.



CONNRADH NA GAEDHILGE.



DÁIL CHONNACHT.



Tháinig lucht Dála Chonnacht le chéile i gClár Cloinne
Mhuiris Dia Ceadaoine seo ghabh tharainn (3-9-24). Mac
Dara a bhí gceannas an chruinnighthe.



Bhí teachtairi i láthair ó Bhaile Mhuilinn, Dheargan,
Mhuileann Tirim, Bhaile an Dainghin, Achadh-mór, Baile-
Chathail, Coillte-mach', Béal Átha hAmhnas, Cill Móidhbhí,
Bealach a' doirín, Roscomáin, Caisleán a' Bharraigh,
Cathair na mart, Baile Uí Fhíodhchain, Baile an Locha,
agus áiteachaibh eile.



Léigheadh roinnt litreach ó dhaoinibh nach bhféadfadh bheith
sa láthair ag an gcruinniughadh.



Cuireadh ceist na ndamhsaí nGaedhealach o's comhair an
chruinnighthe agus léigheadh litreacha on Dr. Ó Tuathaigh, León
Ó Broin, agus an tAth. Laurence, O.S.F.C. Socruigheadh
"go gcabhróchaidhe leobhtha le sean-damhsaí na hEireann
a choinneál beó glan glégeal."



Tugadh ordughadh don Rúnaidhe sgríobhadh, chuig
Rúnaidhí Coisde Ceard Oideachais gach Condae i gCon-
nachtaibh, faoi ceist na muinteóirí, na gcraobh, díolaidh-
eacht páirte, agus rl.



AN CUMANN LITEARDHA.



Moladh do'n Rúnaidhe im litir a chur amach ag éileamh
conganta airgid do Chumainn Liteardha Mhic Éil.



Moladh fós do'n Rúnaidhe o's ball de'n Choisde
Gnótha é; ceist timthireachta Chonnacht a chur os comhair
an Choisde Ghnótha.



Pléidheadh ceist Gaedhilge Chonnacht ins na Coláistibh,
agus ionadaibh na gCúrsai Gaedhilge, agus dubhradh go
raibh a lán lán ollamhan, ag teagasg ins na Coláistibh
agus ag na hIonadaibh (centres), agus gan blas Gaedhilge
Connacht acu. Toghadh fó-choisde leis an sgéal seo a
sgrúdughadh, agus cunntas a thabhairt os comhair an
chéad cruinnighthe eile de'n Dáil. Siad na daoine a
toghadh M. Ó Rudaigh, O.S., agus Riobard Ó Conaill,
agus an Rúnaidhe.



H-iarradh ar an Rúnaidhe sgríobhadh chuig lucht stiúrtha
na mBóithrí Iarainn 'ghá chur céill dóibh ainmneacha
na stáisiún a chur súas i nGaedhilg maith nuair a bhéas
siad ghá ndéanamh.



Tugadh ordughadh do'n Rúnaidhe sgríobhadh chuig lucht
stiúrtha Feise Mhuighe Eó, Caisleán a' Bharraigh, faoi na
bhfaillighe, agus chuig S. Ó Ceallaigh, Co.C., an timthire,
a bhí i gCondae Mhuighe Eó an t-am sin; agus fághail
amach uatha an féidir leobhtha an Fheis a chur 'un cinn an
bhliadhainn seo chugainn.



Tugadh ordughadh do'n Rúnaidhe fós sgríobhadh chuig
lucht stiúrtha a bhpáipéar nuaidheachta i gConnachtaibh,
agus fághail amach uatha, an bhfuil siad sásta aisti
Gaedhilge a chur faoi chlo, ma gheibheann siad iad.



Ag tagart do cheist na múinteóirí, agus na gcraobh-
acha cuireadh an rún seo a leananns i bhfeidhim: —



"Go n-iarraimid ar gach múinteóir Gaedhilge i gCon-
nachtaibh a chuid rannganna Gaedhilge a chóimh-cheangail
le Dáil Chonnacht agus punnt, ar a laghad, a fhághail ó
gach ranng, mar dhíolaidheacht pháirte i gcaoi is gur
craobh de'n Connradh agus craobh de'n Dáil a béas ins
gach aon ranng acu."



Pléigheadh ceist na "Cearnóige" agus bhí an Dáil go
lán t-sásta leis an gcaoi a raibh sí ag dul ar aghaidh
d'eirigh an Bhaldrach as an Eagarthóireacht agus Bean
Uí Cheallaigh as an Bainisteóireacht agus togadh Eagar-
thóir agus Bainisteóirí nuadh.



Shocruigheadh go n-athróchaidhe ainm na "Cearnóige," agus
moladh an "Connachtach" a thabhairt air feasta, glacadh
leis an athrughadh go fonnmhar.



An chéad chruinniughadh eile i gClár Cloinne Mhuiris
lá Samhna ar a 3 a" chluig.



RÚNAIDHE.


L. 3


CATHAL N-A AONAR Ó LOCH A DOIRÍN.



Ins na laetheantaibh sonaidhe nuair bhí fuinneamh na
hóige i mo bhallaibh agus gach nidh insan domhan ar fogh-
namh do chomhnuidheas i Loch a Doirín, cúinne bheag de
chonntae Mhuigheó a ritheanns isteach sa gconntae Shligigh
trí míle taobh thuas de Bhun an Fhiodáin. Gidh nach raibh
mórán maoine ag na daoinibh ann — ní raibh acht droch
thalamh ag an gcuid is mó aca — ba dheagh-mhúinte na páis-
tidhe do chuiridís chugam chun na scoile bige ar bhruach
an locha.



Ní raibh ar an taobh sin den loch acht teach amháin eile
'n-ar chomhnuidhe Cathal Mag Uirc i n-a aonar, gan fód
talmhan aige ná dadhai acht bothán gan fuinneóig. Nuair
bhí sé na naoidheanán caitheadh amach a athair as feilm
chompórtamhail agus cuid mhaith tionóntuidhe eile leis,
gidh go raibh an cíos díolta aca, chun faithche na cúirte do
mhéadughadh i gcóir an tighearna talmhan mhallachtaigh.
Béigin dóibh an bóthar do thógáil agus muirighin mhór ag
gach duine aca agus gan cumhdach ós a gcionn acht an
spéir. Ba é toradh na tíoránachta do Chathal nó gur
cailleadh a athair is a mháthair agus fágadh é n-a sheacrá-
nuidhe go lá a bháis.



Fear árd tanuidhe budh eadh é, agus bhí glór garbh aige
acht ní ghortóchadh sé éinín. Bhíodh na malraidh ag caitheadh
cloch isteach sa dorus agus thríd an bhfuinneóig aige,
agus is iomda rása bhíodh aige na ndiaidh agus is iomda
uair thagadh sé suas leóbhtha, acht buille níor bhuail sé
ar dhuine aca riamh. Faoi dheireadh dhruid sé suas an
fhuinneóg ar fad le clochaibh, ag ceapadh go gcuirfeadh
sé sin cosc le na gcrostóireacht acht níor chuir.



Bhí an-cháil air mar bhuailteóir. Dubhradh é, agus
deireadh sé fhéin é, nár casadhleis riamh a mhacsamhail ag
bualadh coirce. Uair amháin bhí sé thíos i mBaile na
Riabhaighe ag bualadh i n-aghaidh gaisce eile. Nuair bhí
siad ag dul amach thar éis a mbricfeasta cheap Cathal go
bhfaca sé bean a' tighe ag déanamh comhartha ar an bhfear
eile. Shleamhnuigh sé isteach agus bhí sé i n-am an fear
Shligigh d'fheiceáil ag slugadh cupáin uisce beatha ag
dorus an tseómra. Annsin bhí cúrsa ann agus pléaráca
agus níor buaileadh punnan eile an lá sin.



I n-aimsear na bhfíníní bhíodh na síothmhaoir ag dul thart
ag iarraidh faisnéise n-a dtaoibh. Tainic beirt aca go
teach Chathail agus thairg siad airgead agus ór dó dá
dtaisbéanadh sé dóibh cáit a mbíodh na buachaillí ag
drilleáil is an oidhche. Freagairt ní fhuair siad.



"Nár bhreágh an rud," arsan sáirsint, "taobh bágúin a
bheith crochta ós do chionn, agus mála plúir i do choirnéal
agus bosca tae agus siúcra ar do bhord agat?"



"Ba bhreágh," arsa Cathal, ag dearcadh thart ar na
ballaí loma, "acht b'in é an greim é a thachtóchadh mise.
Ní raibh spídeóir i mo ghaoltai riamh, ní raibh sin.
Imthigidh libh as m' amharc a phéire bhithiúnaigh."



Tamall n-a dhiaidh sin thug suas duine aca a chóta agus
a chrios agus isé d'innis an scéal dhom i gCaisleán a'
Bharraigh thar éis fágáil Loch a Doirín dhom. Mo léan
nár mhothuigheas níos luaithe é.



Go luighthear an fód glas go héadtrom ar do uaigh
agus go mba cumhra na bláthanna ós a cionn, a Chathail
dhíl. Bhuail croidhe onórach faoi do chasóig stróicthe. Gidh
gur ghéar do ghanntanas theip sé ar ór Shasana fealleóir
do dhéanamh dhíot. Truagh nach leantar do sompla
ionmholta.



Ní rabhas seachtmhain i Loch a Doirín nó gur bhuail Cathal
isteach ar chuairt chugainn. Chuir sé fáilte chroidheamhail
rómham agus dubhairt sé nár mhiste dhó a chur i n-umhail
dom gur bh'fheasach do dhaoinibh na háite nár bhrathadóir
mé.



Thugas mo bhuidheachas dó agus thosuighmíd ag cómhrád.
Fuair mo dhrisiúir Máire tae dhó, acht níor chuir sí acht
spúnóg amháin de shiúcra ar gach cupán, mar ba ghráthach
leite. Thugas faoi dear nach raibh blas aige insan tae
agus nuair bhí sé ólta aige labhair sé le Máire:



"A chailín óig," ar sé, "ní mór dhuit do shiopadóir
d'athrughadh. Cupán tae níos measa ná sin níor ól mé
le mo chuimhne. Níl tú críonna go leór ar na rógairí
de shiopadóirí atá tiompall annseo. Tuige nach dtéidh-
eann tú síos go Bun an Fhiodáin go teach an Scannlánaigh
agus sin é an áit a gheobhaidh tú tae fiú dearcadh air?"
Lá ar na bhárach bhí Máire ag innseacht do Nóra Níc
Shiúrtáin, caraid dhi, faoi Chathal ag fagháil loicht ar an
tae.



"B'fhéidir nár chuir tú go leór siúcra air," arso Nóra.
"Chuireas lán spúnóige ar gach cupán," arsa Máire.
"Tú fhéin is do spúnóg," arsa Nóra. "An chéad lá
eile a thiocfas sé cuir ceithre spúnóga ar gach cupán
agus feicfidh tú an chaoi a fosclóchaidh sé a sgórnach dhó."



Seachtmhain ón lá sin thainic sé isteach arís agus bhí
an-lá againn leis. Nuair bhí Máire ag déanamh tae dhó
ba bheag nár rinne rí ramhar le siúcra é, agus b'shurus
d'fheiceáil ar Chathal go raibh blas aige air.



"Mo choinsias," ar seisean, "sin é an cupán tae is
fearr d'ól mé le fiche bliadhan. Is maith a chrothuigh tú
agus mo chomhairle a ghlacadh, a chailín óig. Sé sin tae
an Scannlánaigh, d'aithneóchainn sa gcupán é gan ghá
bhlasadh chor a bith."



Ní gábhadh dhom do rádh gur as an bpáipear céadna
fuair sé an tae an lá eile.



An chéad chuairt eile do thug sé dhúinn bhí sean phíobhaire
istigh roimhe. Thagadh an tsean phíobaire isteach chugainn
amanta mar bhí sean-aithne againn air. Phreab croidhe
Chathail le háthas nuair chonnaic sé na píoba óir rachadh
sé dá mhuinéal san bhfairrge ar cheól, agus chor leis sin
cheap sé nach raibh damhsóir níos fearr ná é insan gcúige.
Is ar éigin bhí sé na shuidhe ar chathaoir nó gur iarr sé
ar Mhártan Caoch port do thabhairt dhó.



"Bíodh fios agat," ars eisean, "nac chuile lá gheobhas
tú mo leitheid. Dhamhsuigh mé ar leacaí Edinbura agus
tugadh suas dom é nach raibh mo bhualadh i n-Albain."



"Ó bhéarfaidh mé port dhuit agus fáilte," arsa Mártan
Caoch, "acht tá faithchíos orm nach mbéidh mé i n-ann
damhsóir feidhmeamhail ded' leitheid a shásughadh."



Thosuigh sé ag cur na bpíob air. Sheas Cathal suas ar
an urlár agus nuair thainic an chéad scread as an
tseansúr níor fhan sé ar nóta ná port acht bhuail sé
faoi agus stop ní dhearna sé nó go raibh sé báidhte le
allus. Shuidh sé síos cúpla móiméid agus rinne sé a
sgíth agus suas leis arís. Chuir sé i n-umhail don gceól-
tóir gur mhaith leis cúpla choiscéim do thabhairt dhúinn ar
an gcornphíopa dá mbuailea dhsé dhó é. Bhí an píobhaire
toilteanach agus thosuigh sé air arís. Bhí Cathal faoi
sheól leis an gcéad scread chor le dtoiseach agus thug
sé an damhsa céadna dhó a thug sé don phort go díreach
glan.



"'Nois," ar sé le Mártan nuair tainic a anál chuige,
"tá orm a rádh leat nach bhfuil píobaire níos fearr ná
thú an taobh seo de Ghaillimh. Acht ar fhaitchíos go
gceapfá gur duine uasal mise caithfidh mé innseacht
dhuit nach bhfuil ionnam ach buachaill bocht atá ag dul thart
ar thóir oibre agus gan pighinn i mo phóca go minic."



"A dhuine Mhacánta," arsa Mártan, "ní raibh ann ach
pléisiúr dhomsa a bheith ag éisteacht le fuaim do choise."



Shílfinn gur ag magadh bhí sé faoi na fuamanaibh ais-
teacha do bhaineadh Cathal as an urlár meireach go raibh
fhios agam nach raibh aon ghéar-mhagadh riamh insan
bpíobairín ceannsa.



D'fhág siad an teach i n-éinfheacht agus mhothuigheas go
ndeacha Cathal leath-bhealaigh abhaile leis an bpíobaire.
D'éirigh siad chomh mór sin le chéile.



Uaireannta ó shoin nuair bhí buaidhreadh agus crádh an
tsaoghail ag cur orm do smaonfinn ar an mbeirt
sheachránuidhe an lá úd. Ba bheag comhartha do bhí ortha
acht cuma an anró, agus ba fheasach domsa chomh deacair
is bhí sé ortha go minic slighe-bheathadh do bhainnt amach,
acht i n-indeóin sin is eilic níor cluineadh uatha acht
spleódar agus gáire agus greann.



Bíonn cuid againn ag clamhsán agus sé "ceasán an
Bhoilg láin" é go minic. Mo náire ar an saoghal! Dá
bhfeicimís aithris do dhéanamh ar an mbeirt deóraidhe úd
ní bheadh sé chomh dona.



I gcaitheamh an tsamhraidh bhíodh damhsa siamsamhail ag
an gcros-bhóthar gach Domhnach agus bhíodh dá oiread de
ghrinn againn aon uair do thiocfadh Cathal ann. Bhí
cuid mhaith buachaillí sgafánta i Loch a Doirín an uair
sin agus bhíodh siad ag déanamh spóirt le Cathal go
minic, acht dá ndeireadh strainséir focal amháin mí-
cheart leis bhéarfadh siad smachtughadh dhó nach ndear-
móchadh sé.


L. 4


Lá saoire amháin bhí damhsa iongantach againn; thainic
siad ó gach taobh ann. Bhí cailín postamhail ó Chluain na
Mná ar chuairt i dteach a colceathair i gClúinte agus
thainic sí leis na cailíní eile. Inghean saighdiúra budh
eadh í agus bhí sí i n-ann an fhidil do bhualadh go binn.
Bhí Cathal i ndeilbh thar bhárr an lá sin agus gheall duine
de na buachaillí únsa tobac dhó dá dtéigheadh se anonn
agus lámha do chraitheadh leis an gcailín péacach. Bhí an-
dúil aige i dtobac agus gidh go raibh faitchíos air nach
gcraithfeadh sí lamha leis, chuaidh sé anonn chuici os comhair
a raibh ann agus shín sé amach a lámh agus chuir sé fáilte
roimpi. Dhearc sí air agus b'fhurus d'aithne nár mhaith
leithe a lámh do thabhairt dó, acht bhí eagla uirthi gur
duine muinnteardha é agus chraith sí lámha leis. Thosuigh
na buachaillí eilic ag gáire, agus bhí sise le báinidhe
nuair chonnaic sí an magadh a rinneadh uirthi. I dtamall
gearr sheas Cathal suas le cornphíopa do dhamhsughadh
acht dhiúltaigh an cailín péacach é do bhualadh dhó.



"An é sin le rádh," arsa Cathal, "nach dtiúbrthá port
do dhamhsóir a bhuaidh ar Albain?"



Níor thug sí acht súil tharcuisneach air.



"Leabhar-sa," ar seisean, "ba dhual dhuit a bheith do
cheóltóir mar ba mhaith an drumadóir d'athair."



Thug sé an fhidil do Mhaitias Ó Céirín agus bhuail
seisean cornphíopa dhó, agus sháthruigh an corn-phíopa sin
a bhfaca mise ón lá a rugadh mé.



An bhliadhain dár gcionn d'fhágas Loch a Doirín. An
lá roimh imtheacht dom thainic Cathal le n-a bheannacht a
thabhairt dúinn. Thráchtamar ar go leór rud thall agus
abhfus acht thús go deireadh ní raibh uaidh acht do chur i
n-umhal dúinn a charthanas, agus a bhrón go rabhamar ag
imtheacht uatha. Thaisbéan sé a chroidhe dúinn an lá sin
agus ní raibh aon chealg ann ná dadai acht simplidheacht
fíor-ghlan.



Ní fhacas riamh arís é. Chualas go bhfuair sé bás cuid
mhaith de bhliadhantaibh ó shoin.



Ní raibh sé im' intinn ag toisiughadh dhom focal do
scríobhadh i dtaoibh Chathail acht dá mholadh, agus má tá
dadai ins an scéal agus aon chiall eile leis tá aithméala
orm faoi. Dá mbéinn cinnte go bhfuighead suidheachán
ag a chosaibh i bhFlaitheas Dé geallaim dhuit go mbéinn
sásta.



PEADAR Ó MEARÁIN.



Tá furmhór na ndaoine go ndéanan cúrsai na Gaedh-
ilge buaidhreamh dhóibh ar aon inntinn go bhfuil géar-ghádh
le h-Acadamh chun connstacaí na teangan sin a dhíbirt
ach dar liom-sa go bhfuil gádh an uaile phioc chomh géar
céana le h-Acadaimh chun gach aon ní eile a bhaineas leis
an saoghal Gaedhealach a chur ar fothú ceart. Rinncí na
nGaedheal a chuirfinn sa bpríomh-áit ar na neithe sin.



Le deireannas, thugas fá staid na ndamhsaí sin ar
pháipéar Gaedhilge, agus an ceart agam, déarfainn.
B'éard a tháinig as gur chailleas a lán den 'shean-cháirdí
agus go bhfuil ainm "Seóinín" tuillte agam ó roinnt
mhaith eile. Beag liom é sin ach tráth is go bhfuaireas
faill ó sgríobhas na h-aistí sin ar caidreamh níos
dlúithe a dhéanamh leis na rinncí sin agus ar lucht
déanta na rinncí sin, is daingne agus is láidre mo
thuairmí mar gheall ortha.



Pé 'ca d'fhonn spóirt nó a mhalraid, b-ainmnigheadh mé
ag an gCoiste Gnótha annraidh mar chathaoirleach ar roinn
na Rinncí i n-Aonach Tailtean. Níor thuigeas ró-mhaith
céard abhí i ndán dom ach shíleas, toisg go rabhas
dealuighthe amach ó bhuidheanta agus ó mhúinteóirí
ealadhna na gcos, go bhféadfainn maitheas do dhéanamh
agus na rinncí do thógaint as an droch-staid ina rabha-
dar. A dhuine na n-árann! dhá mbéadh fhios agat é —
b'in é an dearmad ba mhó dhá ndearnas ariamh agus
rinneas cuid mhaith le mo linn, geallaimh-se dhuit. Ó
chéad lá na gcomórtas, thuigeas rud amháin ar shlighe
nach bhféadfadh aon bhreall a bheith orm. B'éard é sin ná
easbaidh atmosféire an spóirt. Ní raibh a leitheide ann
gidh nach raibh aon airgead le h-íoch mar tháille ag na
h-iomathóirí ná aon airgead le fáil aca mar dhuaiseanna.
Tháinic aithreacha, máithreacha agus múinteóirí na
mbuachaillí is na gcailíní agus iad uile go léir cinnte
nár rugadh fós is nach bhféadfadh go mbéarfaí an duine
a gheobhadh an ceann do b'fhearr ar a nduine dhíl féin.
Ba chuma cé dhó a thabharfaí an craobh, ba mhar a chéile é.
Ní raibh an choitchiantacht sásta. Ag comórtasaí eile,
d'fheicfeá an dream a chaill ag traoslú is ag déanamh
comhgáirdeachais leis an duine a ghnóthuigh ach i réim an
rinnce níor dearnadh agus ní déantar ach cúl-chainnt,
tromaidheacht is biadánacht. I dteannta leis an méid
sin, níor ro-dhona aon chleas chun tuisle a bhaint as lucht
stiúrtha na gcomórtas nó lucht buaidhte na nduaiseann.



Caithfear an droch-sprid sin a díthiú i n-Éirinn de
bhuidhe nó de bhán nó níl i ndán dúinn ach trioblóid ins
gach roim de shaoghal náisiúnta na tíre. An easbaidh
spórtúlachta sin atá soiléar ag ác gcluichí náisiúnta,
rachaidh sé i bhfeidhm i bpoilitidheacht agus i mór-
imtheachtaí an náisiúin. Níor mhiste dhúinn cuimhneamh ar
fhocla an t-Sasanaigh mar gheall ar na "bowling greens,"
agus an dlúth-bhaint abhí aca le déanamh na deagh-
Shasanach.



Tuigtear dom go bhfuil iarracht dhá dhéanamh ar an
sgéal a leigheas agus is tráthúil sin. Tá Bord Rinncí
dhá cheapadh ar a mbeidh triúr teachtaí ó chumann na
múinteóirí rinncí is triúr daltaí de Choiste Gnótha
Connartha na Gaedhilge Tá obair rómpa nach beag agus
ní beag dhóibh misneach is foighid an-mhór. Má eirigheann
leo atmosféir an spóirt do chruthú is do bhronnadh ar
na rinnci beidh beart déanta aca nach n-áirmeóchar i
gceart choidhchin.



LEÓN Ó BROIN.



NÁ DÉANAIGIDH DEARMAD AR: —



"ÁRUS NA nGÁBHADH"



(agus scéalta eile).



LEÓN Ó BROIN DO SGRÍOBH.



Áilneacht Cainnte! Smaointe ar Fheabhas!!
Togha agus Rogha Gaedhilge!!!
Ba cheart cóip de'n leabhar so a bheith ag gach
fíor-Chonnachtach.



LUACH, 1/6. TRID AN BPOST, 1/8.



Le fághail ó: —



Siopa na Leabhar nGaodhalach, Sráid Dhásúin, Ath Cliath;
Máire Ní Raghallaigh, 87 Sráid Uachtar na Driseóige,
Ath Cliath; ón Úghdar, 39 Cearnóg Pharnaill, Ath Cliath;
nó ó Eagarthóir nó Bainisteóir An Chearnóg, Béal Atha
h-Amhnais, Co. Mhuigh Eó.



AN CHEARNÓG.



Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh,
nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG
scríobhadh sé go dtí: —



BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG,"
Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.
Trid an bpost — 3/6 sa mbliadhain.
1/9 sa leath-bhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theigheann ins an
bpáipéar, cuirtear sgéala go dtí



EAGARTHÓIR, "AN CHEARNÓG,"
An Druim Bán, Béal Atha h-Amhnais, Co. Mhuigheó.



AN CHEARNÓG.



Lúghnasa, Meadon Fóghmhair, Deireadh Fóghmhair, 1924.



A Gaedheala! Ná déanaighidh dearmad ar
MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH, CRIOGAI, ROSCOMÁIN.
An t-aon fhear ionad amháin i gConnachtaibh ag
Príomh-Dhéantóiribh na h-Éireann.
Geóbhair luach-liostaí ar fhilleadh an phuist
Má chuirir fios orra.


L. 5


CEIST AGAINN AR COISDE EICÍNT.



Cá bhfuair Coisde Ceárd Oideachais aithride i gCon-
nachtaibh an leagan deas cainnte seo: — "Fógra um
Cruinnighthe"?



Ní thoígfimist ar an gCoisde Ceárd-Oideachais seo é,
da mbadh dearmud é. Acht ní cheapaimid gurb eadh —
agus maidir le leith-sgéal an aineólais. Ní shílimid gur
aineólas ba chion triocar leis! Agus dhár-éag, Múin-
teóir Gaedhilge ag obair faoi'n gCoisde ceadna! 'Chaoi
ar bith. Mholfaimist do'n Rúnaidhe an Ghaedhilg sin a
chur go Corcaigh, go bhfuil sí sáthach fada ar iasacht aige.



OIFIG AN PHUIST (?) I gCONNACHTAIBH.



Ní mheasaim gur tuirsighe ár súile ag breathnughadh ar
"Fhógra um Cruinnighthe" ná ar "Oifig an Phuist." Tá
"Oifig an Phuist" i mBaile-an-Locha, i mBaile Mhuilinn,
i mBricíní", Clár Cloinne Mhuiris, agus in a lán áiteacha
eile, nach iad. Tá se thar am an sgéal seo a leigheas.
Agus deantar gan mhoill é, no cloisfidhear uainn aríst.



BAILE AN LOCHA.



Bhíos ag dul isteach go hOifig a' Phosta i mBaile an
Locha an lá faoi dheireadh agus casadh sean-phinsonéar
orm agus e ag tígheacht amach.



"Bhfuil fhios agat cé'n teach e sin os do chómhair?" ars
an sean-fhear liom.



"Tá's," adeirim féin.



"Ní'l," ar seisean. "Sin "Oifig an Phuist"! — ní
h"Oifig a' Phosta' e feasta, a dhuine chroidhe, acht "Whist
Office" i náit Post Office. Is doiche go n-imrighthear Whist
annsin? Mur n-imrighthear féin tuigthear an cluithche!
Ara! Hould yer Whist, a mhic ó. Níl muinntir Chonnacht
acht in Áit na leith-phíghinne san Riaghaltas" ar san sean-
fhear. Agus leis sin d'imthigh leis, agus d'fhág se ag
smaoineadh mé.



CISTE NA "CEARNÓIGE."



Támuid buidheachach do na daoinibh seo a leananns,
faoi'n gcongnamh a thugadar duinn le haghaidh na
"Cearnóige."



Riobard Ó Conaill, O.S., Ceathramha Na Con, agus a
Congantoir Inghean Hurst, N.T., 10/-; An tSiúir
Columba, An Uaimh, 10/-; Tomás Bán, Gaillimh, punnt.



"AN CONNACHTACH" IN ÁIT NA "CEARNÓIGE."



Ag an gcruinniughadh ba déigheannaighe de'n Dáil
Chonnacht socruigheadh go n ath-bhaistfidhe an "Chear-
nóg," agus go dtiubharfaidhe "An Chonnachtach" mar ainm
ar an bpáipeár beag sin.



Sí an uimhir seo an uimhir dheiridh de'n "Chearnóig."
Leis na míosa seo sé "An Connachtach" a bhéas againn.
Slán, agus míle beannacht leat a "Chearnóg" chroidhe.
Sheas tú d'fhód agus do chúrsa naghaidh seóiníneachtha, agus
glincíneachta, i laetheanntaibh dubha dorcha trioblóideacha
na géar-leanamhainte — go mbadh slán do shúan!



Fearadh na fíor-chaoin fáilte romhat a "Chonnachtaigh."
Ní strainsear nár measg thú. Is fada siar ó chuireamar
aithne orti dtoiseach — ar árdán aérach Choláiste Chon-
nacht, i dTúr Mhic Éadaigh, súas le ocht mbliadhain déag
ó shoin. 'Sé do bheatha chugainn aríst!



EAGARTHÓIREACHT AGUS BAINISTEÓIREACHT.



Béidh eagarthóir agus bainisteóirí nuadha ar an
gCONNACHTACH. Daoine a mbéidh níos mo ama, agus
deise acu, na mar bhí ag na daoinibh a rinne, an obair
go dtí seo. Ar an ádhbhar sin béidh slacht agus maise
air dhá mbhárr.



NA DAMHSAÍ GAEDHEALACHA.



Thainig ceist na ndamhsaí nGaedhealach os comhair Dála
Chonnacht ag an gcruinniughadh ba déigheannaige dhuithe
agus socruigheadh go gcabhrochadh an Dáil Chonnacht leis
na daoinibh ata ag iarraidh sean-damhsaí, Gaedhealacha
Chonnacht a aithbheodhchaint agus a chur 'un cinn.



Mhol dhuine eicínt do'n chruinniughadh Cumann Damhsai
Gaedhealach Chonnacht a chur ar bun. Acht níor dearnadh
sin. Fágadh an cheist faoi chúram an Rúnaidhe go dtí an
chéad chruinniughadh eile.



AN DÁIL CONNACHT AGUS AN DÁIL ULADH.



Deirtear go bhfuil socrughadh dhá dheanamh idir
rúnaidhthibh Dála Chonnacht, agus Dála Uladh, i gcaoi is
go mbéidh cead ag teachtairíbh ó Dháil Uladh bheith ag
cruinnighthibh Dháil Chonnacht, agus teachtairí ó Dháil
Chonnacht bheith ag cruinnighthibh de Dháil Uladh. Má's
maith is mithid sin! In ainm Dé sábhalaigidh Gaedhilge
Chonnacht, agus Uladh ó'n Cork accent!!




"AN tULTACH" AGUS "AN DORD FÉINNE."



Fuaireamar an da pháipéar Ghaedhealacha seo anois
díreach — ró-mhall le cur síos orthu i gCearnóig na
míosa seo.



Tagann an tULTACH ó Ghaedhilgeóiribh Chuighe Uladh, agus
tagann "An Dord Féinne" ó Ghaedhilibh agus Ghaedhil-
gheóiribh Sydney, Australia. Na mílte fáilte rompa agus
go dtugaidh Dia fad saoghal doibhthe.



LITIR Ó'N SEADAIRE GAEDHEALACH MICHEÁL MAG
RÚAIDHRI MÉARTHÓG GHUILL).



Ar Sgoil Éanna Dhom,
Ar Rath Fearnáin, 13adh Iúl, '24.



A Chara mo Chroidhe, — Fuaireas an litir a triail tú
chugam, agus ar mh'anam bhí bród orm a fághail. Chuir
sí in uíl dom go raibh árd-ollamha Chonnacht friothlaithe
le teangaidh na Cúige a shlanughadh ó an-bhás, agus go
bhfuil me féin toghtha mar bhall de'n fhoireann sin, agus
dearbhuighim go ndeanfaidh me mo cheann féin mar dean-
fas duine beag éidtreóruigh mar me. Tá cuireadh
tugtha dhom a bheith i láthair ag Rath Cruacháin an Dómhnach
seo chugainn, acht faraoir ní he mo chroidhe a chuirfeadh
cosg orm a bheith i láthair, agus mur mbídh mé annsin go
radharcamhuil béidh mo spiorad libh go mí-radhracamhuil,
a's tá me cinnte go mbéidh Gaedhilge na Cuige, ar sheól
na mbrácha tréis chruinnighthe Rath' Chruacháin ag sgríbh-
neóirí Chuige Chonnacht tarraingt le chéile ar deire shiar,
agus gan an Gaedhilge a bheith i na cosarasair ag
Gaedhilgeóirí a d'at aon oidhche amháin, mar búadhcan.



Neart gearain Phadhraic go gcuiridh Dia na gComhachta
in ar gcuid oibre. — Ó



"SHEAN MHÉARTHOG GHUILL."



21 Aungier Street,
Áth Cliath, 26-8- '24.



A Philib, a chara, — Níl a fhios agam ar cló-bhuaileadh
fós gach ar sgríobhas de dhrabuíol ar son na Cearnóige
fós ach is cuma liom táim ag seoladh aiste nó dhó eile
chugat leis an nóta seo. Is rí-bheag is féidir liom a
dhéanamh ar son na teangan na laethe seo ach í labhairt
agus í sgríobhadh nuair a bhíos an fhaill againn.



Ba mhaith liom go gcuirfeá "an Chearnóg" chugam
díreach nuair a foillsightear gach uair í le go bhféadfad
mo shúile a shásamh. Dá laigheadh é mar pháipéar agus dhá
annaimhe a cló-bhuailtear é, is breágh lion é tar aon
pháipéar Gaedhilge eile mar tá boladh Iarthar air dhá
ríribh agus is eol dom go maith go bhfuil croidhe agus
anam sgata bhig stiúrthóirí ann. Molainn sibh uilig
mar gheall ar bhur ndúthracht.



Le suíl go bhfhuil sibh uilig ar mhaise na sláinte. — Mise,
do chara,



LEÓN Ó BROIN.



N.B. — Is féidir leat úsáid a bhaint as an litir seo,
má's maith leat. — L. Ó B.



Ba chóir do gach Gaedheal i gConnachtaibh Urradhais a
dhéanamh ins an



GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIUNTA, Teó,
30 Fáithche an Choláiste, Ath Cliath.



THE ONLY IRISH LIFE AND GENERAL
ASSURANCE COMPANY.



Urradhas Beatha, Urradhas Dóighteán agus gach sort
Urradhas eile.



'Sé an Comhlucht so an Comhlucht is fearr agus is saidhbhre
in Éirinn.



Scríobh anois chuig —



AINDRIAS Ó FAOLÁIN, Cígire,
Clár Chloinne Mhuiris, Conndae Mhuigh Eó.


L. 6


CHUM GLÓIRE DÉ AGUS ONÓRA NA
H-ÉIREANA.



INIS EOGHAIN.



Inis Eoghain! Ca bhfuil Inis Eoghain? adeir an leígh-
theoir. Maise, ba h-í an bharamhail a bhí agam nach raibh
Gaedheal ó chionn go cionn na tíre nar chuala tracht ar
Inis Eoghain.



Dá gcuirtí an ceist orm ca bhfuil an áit is áilne in
Éirinn, bhéarfainn mar fhreagra nach bhfuil áit inntí có-
h-áluinn leis an cheanntar talaimh a luigheann idir uisge
uaigneach Locha Súiligh agus tonntracha mong-bhána Locha
Fheabhail i dtuaischeart na tíre, eadhón Inis Eoghain.



Gídh gur beag le rádh í de thairbhe a méid, ba mhór a
cliú agus a cáil "san am fad ó mar gheall ar uaisleacht
agus áilneacht a cuid ban, cródhacht agus calmacht a
cuid fear, agus dílseacht an dá chuid do nósa agus
béasa a sean agus a sinnsear.



Mar dheimhniughadh d'á gcaoinacht ní'l againn acht
smaointeadh nár leig eagla do'n t-Sasanach sanntach a
bhí ag buaidheadh agus ag scriosach ar fud Críche Fodhla,
cosa leagan go cionn a bhfad ar Bhántaibh féarmhara nó
ar chnocaibh aéreacha Inse Eoghain.



Agus in-deireadh na scríbe nuair a d'éirigh leis an
námhaid bhradaigh tré spiadóireacht an bhraitheadóra
bealach isteach a dheanamh, ba roighin díbhirceach an troid
a rinne gaiscidhigh cliste na dúithche seo in a seasamh
guala ar ghualainn faoi bhrat ghlas Uí Dhochartaigh go dtí
gur loiteadh agus gur díthcheannadh a dtaoiseach uasal
oirdhearch ar Charraic stáireamhail an Dúin 'san bhliain
1608. Má theicheadar ó shoin na tóg uatha é nó deir an
sean-rádh "nach gnathadh cathughadh iar n-díth tighearna."



Acht ní h-í áilneacht na h-áite, gídh nar fhéad Naomh
Pádraig in a lá feachaint ar na radhairc a bhí le feiceal
ó Árus uasal Ailigh na Ríogh gan buidheachas do thabhairt
do'n Cruthuightheoir mar gheall ar chuid d'aoibhneas na
Flaithis a nochtú ar an t-saoghal seo, a chuireas rómham
ar dtús mar chuspóir, nó cródhacht aon dreama áirithe
acht oiread, acht dreas beag de stáir na dúithche a
scríobhadh in órdú ceart aimsire.



An chead chunntas atá le faghail, 'sna sean-leabhraibh
deir sé go raibh seilbh ag Er — mac Phartholain ar an tír
o'n Duibhlinn go h-Aileach Neid, príomh-árus Cuige Uladh,
go goirid i n-diaidh na díleann.



Ar theacht i dtír d'Ith, an chead duine de mhuinntir
Mhíleadh 'san bhliain 1798 roimh aimsir ar Slánuightheora
treoruigheadh é go h-Aileach mar a rabh na trí Righthe
Inse Ealga ag cur futha.



Ní'l a fhios cé'n t-ainm a bhí ar an áit go dtí gur ghlac
an Prionnsa Eoghan, mac do Niall Naoi nGiallach agus
dearbhrathair do Chonaill Gulban, seilbh air le láimh
láidir. Ó n-a am-san anuas lean a ainm dí agus ba
mhaith an áiridh ar é, nó b'iomdha cath millteach, fuilteach
a throid seisean le n-a bhaint amach. Deirtear go
mb' uaibhreach agus go mb' uabhthasach an duine é sul a
dhíbir grásta dé na h-ain-mhianta mí-riaghalta as a
chroidhe.



Mar dubhras cheana, dearbhrathair do Chonaill Gulban,
a bhfuair Tír Chonaill a h-ainm uaidh a b'eadh Eoghan
agus in-diaidh bhaiste a dhearbhrathar agus a bheirte mhac
thriall Naomh Padraig go h-Aileach. B'shin é a ghnás i
gcomhnuidhe, cuairt a thabhairt ar Righ na h-áite ar tús.
"Tús maith leath na h-oibre" adeireadh sé leis fhéin, agus
siúd ar siubhal é chun an Ríogh a áthrú; nuair a d'éirigheadh
leis an méid sin a dheanamh bhíodh "an talamh uilig réidh
chun curadórachta." An cleas céadna annso aige agus
ní h-é amhain gur baisteadh é acht éirigh ón-a ghlúnaibh ní
dheanfadh sé go ngealladh an Naomh gach tiodhlacadh
d'aoirde a iarraidh ar Dhia do n-a mhuinntir agus gach
beannacht d'á Naomhtha d'á Ríoghacht. Gheall; agus tá a
shliocht ar an áit ó shoin.



Fa thuairim na bliana 465 A.D. marbhuigheadh Conaill
go fealltach agus fuair Eoghan bás le brón, ghoill sgeul
an mharbhtha comh mór sin air. Cuireadh an Rí uasal ag
Uisce Caom agus annsúd faoi charn bheag tá a chnámha
ríoghamhla ag feitheamh le h-éiseirghe na gcorp. Ar dheis
Dé go rabh a anamh.



Ar a dhul fríd na duithche do Naomh Pádraig d'oibrigh
sé go dian dithcheallach ag craobhscaoleadh an t-Sois-
géil Naomhtha, nó, an té a mbíonn grádh Dé ag dóghadh
in a chroidhe aige ní bhíonn sé sásta gan an teine céadna
a lasadh i gcroidhe gach duine eile.



Chuir sé a lán teampall ar bun le n-a chuid oibre
naomhtha a bhunú agus a dhaingniú i gceart in Inis Eoghain.
Thóg sé ceann ag Gleann Bréadaigh an áit a dtug
Olildas, mac Ríogh Eoghain páiste maith talaimh dhó. Is
annso a casadh a thriúr ghar-mhac air, a bhí in a ndeacanaí
fa'n am seo agus in a gcuideachtain Aongus, mac
Olildais a dtug sé Órd Bheannuighthe dhó.



Thóg sé ceann cáileamhail eile ag Máighbhile a bhfuil
sgéal fada air i gcuid de na sean-leabhraibh mar aon
le mainistir mhór in a mbíodh na mílte manach.



Ar shroicint na h-áite a dtugtar Gleann an Tochair
uirrthí d'feuch sé suidheamh cinn eile a fhaghail acht theip
air mar ba dhuine mí-nádúra, neamh-spleadhach a bhí mar
thaoiseach annsin darb ainm Ceolbadius. Níorbh dhual
dhó a bheith comh-cruaidh-chroidhteach sin, nó b'ac mic
d'Eoghan a b'eadh é, acht, nach h-iomdha athair maith a thóg
droch-mhac. Acht níorbh é an t-olc in-aghaidh an uile a
rinne Naomh Pádraig acht a mhalairt. Dhíbir sé an
tochar mór a bhfuair an áit a h-ainm uaidh: sháich sé a
bhachall frid a cheann agus d'órduigh do'n Bheitheamhnach
Bhradach imtheacht leis. Rinne, agus stad nó staonadh
ní dhearn sé gur shroic sé an Loch sin in-deisceart Thíre
Chonaill a dtugtar Loch Dearg anois air.



Fa'n am céadna bhí roinnt talaimh ag Aidius, mac
Coelbadius giota beag ní b'fhuide ó thuaidh agus le
cúitiúmh a dheanamh ar son droch ghníomha a athar thairg
sé do'n Naomh é.



Ba lúthgháireach a chuaidh Pádraig i gcionn a chuid oibre
tráthnóna Dé Dómhnaigh amhain agus ha ghearr gur tógadh
an teampall ba mhó agus ba cháileamhla in Inis Eoghain,
eadhon, Domhnach Mhór Muighe Tochair. Domhnach a thug
sé ar gach teampall a leag sé a chloch-bhunú ar Dia
Domhnaigh agus gidh go deacaidh cúig céad deag bliain
thar a cheann ó shoin mhair an t-ainm ó'n lá sin go dtí'n
lá indiu ar an áit.



Le dhul chun tosaigh giota beag eile caithfeadh tráct a
dheanamh ar Mhuircheartach Mach Néill nó "Muircheartach
na gcochall gcroiceann" a d'fág Aileach agus a chuaidh
thart timcheall na h-Éireann ag tógailt giall. Deirtear
go dtug sé beirt ríogh i mbráighdineas abhaile leis 'san
bhliain 941. 'San bhliain 1101 amhtach phill an fheall nó
thainic Muircheartach Ó Briain a n-deas le n-a chuid fear,
dhóigh teampaill agus longphuirt agus thóg gach duine
aca cloch leis ó Aileach. Cuireadh na clocha seo ar
Bhallaibh Áruis Cinn Coradh i Luimneach.



Ó'n bhliain 1413 go dtí 1608 ba h-iad Muinntir Uí
Dhochartaigh a bhí mar thaoisigh in Inis Eoghain agus ba
dhiongmhalta a chreideadar, go h-áirithe an taoiseach
deireannach Caithis Óg Ua Dochartaigh, go bhféadfaidhe
cumhacht na nGall a briseadh. Thug sé iarracht láidir
acht mar dubhras cheana indiaidh a dhicheall a dheanamh le
cliú a sinnseara chosaint marbhuigheadh é.



Acht, a léightheóir chóir, a mhuinntir Inse Eoghan agus a
chlanna na nGaedheal go h-iomlan na saoiligidh nár
tógadh 'san cheanntar seo acht fir trodha cródha, mis-
neamhla amhain, nach annso a rugadh an scríbhneoir, oilte,
cliste úd a bhfuil toradh a chuid oibre le fághail go dtí
an lá indiú ní amhain ar fud Críche Fódhla acht in a lán
mainistreach agus leabharlann ar mhóir-thír na h-Eorpa,
eadhon, Seaghan Mac Colgain.



AN tSÚIR M. BEINÍN.



Clochar na Trócaire,
Carn Domhnaigh, Inis Eoghain.


L. 7


DÚBHALTACH MHAC DHÁITHÍ.



P. Ó B. (Ar leanamhaint).



"Ó chonnaic. Is í atá ag cur as dó! Agus deir sé
liom, mur' bhfághaidh sé le pósadh í, nach bhfágfaidh sé
ceann ar cheachtar againn."



"An féidir sin?" ars an rí, "acht abair leis teacht
isteach go bhfeicead é agus go n-innsuighead dhó beagán
i taoibh a cuid eachtra éagsamhala, agus, má tá sé
sásta glacadh léithi agus le n-a tréithribh, bhéarfad dhó í,
agus seacht gcéad míle fáilte."



Chuaidh Dúbhaltach amach chuig Mághnus.



"Há! a Dhúbhaltaigh," arsa Mághnus, "an bhfuil an bhean
uasal údaigh fáighte agat dom?"



"Tá sí fáighthe dhuit! Acht éirigh leat, agus tar isteach
chuig an rígh agus míneóchaidh sé dhuit an chaoi ar mhair sí."



Chuaidh Mághnus chuig an rígh.



"Bhoil, a Mhághnuis, an bhfacais an bhruinngheall áluinn
údaigh?"



"Chonnaiceas."



"Agus deirir go gcaithfidh tú a fágháil le pósadh?"



"Caithfead! nó ní fhágfad caid ar chaid, ná cloch ar
chloich i n-ionad do Chúirte!"



"Bhoil, suidh síos anois i n-ainm Dé, agus innseóchad
duit 'chuile nídh," ars an rí.



"Nuair bhí an cailín sin ag fás suas, tháinig an Bacach
Mór, nó Séamus Oillbhéasach, Mac Ríogh na Sorcha, ó
Crích Na Sorcha agus chonnaic sé í, agus d'iarr le pósadh
i D'eítigheas é. Tháinig sé aríst agus d'iarr í agus
d'eitigheas é. Tháinig an treas uair agus ní phósfadh
sí é. Dubhairt sé léithi go mbéadh sé díreach cothrom
léithi.



(Ar leanamhaint.)



CUMANN LITEARDHA MHIC ÉIL.



AN CHÉAD CHRUINNIUGHADH I RATH CHRÚACHÁIN
MHÉIDHBHE.



Tionóladh an chéad chruinniughadh de'n Chumainn, i Rath
Crúacháin Mhéidhbhe, Dia Dómhnaigh, an 20adh lá de mhí
Iúil. An Dr. Seaghán P. Mac Enrí, M.A., an leas-
uachtarán, a bhí i gceannas an chruinnighthe. Bhí na comh-
dhaltai seo i láthair chomh maith P. Ó Fuadaigh, Bealach a'
Doirín; "Mac Dara," Baile Muilinn; Caitlín Níc
Ghabhann, Áth Cliath; P. Ó Fathaigh, L. Ó Cinnéide, S. Ó
Dómhnaill, O.S.; A. Ó Léineacháin; M. Ó Gacáin, An
Canonach Mag Oireachtaigh, an Canonach Ó Searchaigh,
Seaghán Ó Ceallaigh, agus an Rúnaidhe. Bhí a lán eile
de na chómhdhaltaibh ag obair. I mbun na gcomórtas ag
an bhFeis, agus níor fhéad siad. Bheith i láthair ag an
gcruinniughadh.



Chuir cuid acu seo sgéal chuig an Rúnaidhe 'ghá rádh
sin leis.



Fritheadh roinnt litreach o dhaoinibh nár éirigh leóbhtha
tígheacht an lá soin léigheadh na litreacha seo.



Ar mholadh an t-t-Úachtarán ceapadh amach Búan Coisde
le obair an Chumainn a chur 'un cinn. Annsin toghadh na
daoine seo mar Bhúan-Choisde an Dr. Conchobhar Mag
Uidir, Clár Cloinne Mhuiris; "Mac Dara," Baile
Mhuilinn, agus an Rúnaidhe.



BORD MOLTÓIRÍ NO BREITHEAMHAN.



Moladh Bord Moltóirí a chur ar bun agus go mbeadh ortha
seo, leabhra Gaedhilge sgríbhneóirí Chonnacht a léigheadh,
agus léirmheas a sgríobhadh orthú, agus glacadh no gan
glacadh leobhtha. Na leabhra a glacfaidhe leóbhtha a
chlárughadh, agus an liosta seo a chur chuig Aire an
Oideachais, agus moladh dho gan glacadh le leabhar ar
bith, ar clárachaibh sgoileann ná Coláiste acht iad seo
abhéas cláruighthe ag na moltóiribh.



CÓLÁISTE NA hOLL-SGOILE I nGAILLIMH.



Rinneadh a lán clabhsáin faoi'n iarracht atá dh'á
dhéanamh, faoi céim Choláiste na hOllsgoile i nGaillimh
a ísliúghadh; agus cuireadh an rún seo a leananns
i bhfeidhim d'aon ghuth: —



"Go n-airimid gur mór an maslughadh do Mhuinntir
Chonnacht Céim Coláiste na hOllsgoile i nGaillimh a
ísliúghadh i leabaidh a h-árdughadh, agus gurb e an rud
ba lúgha d'á bhféadfadh Riaghaltas Náisiúntach a
dhéanamh léithi, an cómh-chéim agus an gradam ceadna a
thabhairt duithi, agus ata dh'á thabhairt d' Oll-sgoil Chor-
caigh. Go n-iarraimid ar Chómhairlibh Condae Chonnacht
tabhairt faoi'n gceist seo gan mhoill; agus go n-iarr-
aimid ar na h-oidibh Sgoile i gConnachtaibh má táid le
cur isteach ar Céim Ollsgoile (an 3adh agus an 4adh
bliadhain) gan dul thar Coláiste na hOllsgoile i
nGaillimh."



Rinneadh go leór casaoide faoi chuid de na leabhraibh
ata sgríobhtha ag ughdaraibh mar dhóigh dhe le haghaidh na
sgoileann, agus tugadh ordughadh do na moltóiribh na
leabhra seo a léigheadh, agus léir-mheas a sgríobhadh orthú
chomh luath agus is féidir a dhéanamh.



Dubhairt Caitlín Nic Ghabhann go raibh sgríbhneóirí Dála
Chonnacht (lucht Craoibh B'l'á Cliath) ag sgríobhadh roinnt
leabhar le haghaidh na sgoileann agus go mbeadh na
leabhra seo réidh gan ró-mhoill acu.



Socruigheadh go mbeadh an chéad chruinniughadh eile
de'n Chumann Liteardha in Áth Luain — i Sgoil na
mBráthar faoi Nodlaig (29-12-24, Dia Luain, ar ar dó
deag a chluig).



RÚNAIDHE.



FÚAGRADH!
Ó FIONNÁIN AGUS Ó SÍODA
(Fannon and Silke)
CANDÁLAIDHE AGUS LÚACHADÓIRÍ
(Auctioneers and Valuers)



CAISLEÁN RIABHACH
(Castlerea).



A Ghaedheala, cabhróchaimid libh má chabhruigheann sibh
linn! Tá cleachtughadh againn ar 'chuile chinéal
chandálachta. Déanfaimid do chuid oibre ar fheabhas fág
fuinn í!
Cian-Sgéalta… Candálaidhe, Caisleán Riabhach.



Deanfaimid do chuid oibre in Gaedhilg más áil leat.



Ó CONAILL, BÉAL ÁTHA hAMHNAS.


L. 8


PÁDHRAIC Ó BRIAIN,



CEANNUIDHE AN T-SRÁID MHÓR, BÉAL ÁTHA
hAMHNAS.



TOGHA GACH EARRAIDHE, AGUS SEAN GACH DÍGHE.



BRIAN Ó LOINGSIGH,
TEACH NA NGLUAISTEÁN, BÉAL ÁTHA hAMHNAS.



A SCRÍOBHNÓIR!



AN BHFUIL TÚ AG CEAPADH LEABHAR?
AGUS AR LORG FEAR A CHLÓ-BHUAILTE?
SCRÍOBH CHUGAINN AR DTÚS.
CLÓ-BHUAILFIMID DHUIT É
CÓMH MAITH AGUS CHÓMH SAOR
LE DUINE AR BÍTH I N-ÉIRINN.
GACH EOLAS Ó



BAINISTEÓIR
"AN CHEARNÓG"
BÉAL ATHA h-AMHNAIS
CO. MHUIGHEÓ.



SMAOINIGIDH AR AN MÉID SEÓ, A CHÁIRDE!
GO BHFUIL



SEAGHÁN Ó CADHAIN,



AR CHEANN DE NA CANDALAIDHTHIBH IS MO 'CÁIL
IM BÉAL ÁTHA hAMHNAS.



A GHAEDHEALA CUIMHNIGIDH
AR



MICHEÁL Ó FLAITILE,
TEACH NA nGAEDHEAL.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an
"Telegraf Connacht" i gCaisleán a'Bharraigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services