Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mariinn an Liabhraigh.
Title
Mariinn an Liabhraigh.
Author(s)
Ua Séaghdha, Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAIRINN AN LIABHRAIGH. Séamus Ua Séaghdha cct. Beathais.2 135; 3 167; 8 249 Ú.UíBh. Stadaidh d'bhur starthaibh, tá sailm an bháis 'gá léigheadh, Tá croidhe ar gcarad ag leaghadh go tláith 'sa chré, Tá pudhair a's peannaid, a's srgeadaigh, a's gáir, a's géim, A's brón a's mairg ag caitheamh 's ag crádh na nGaodhal!
Gaodhail táid creachta, gan cheannas, gan chlú, gan réim, Faoi cheo, faoi sgamall, faoi anfa, faoi smúit, faoi neul, Gan cheol, gan startha, gan teanga, gan leabhar, gan léigheann, Ó d'eug a gcara, an fairire clúmhail caomh Ba chaomh ar gcara ag seasamh gan bheann ar chách, Ar son ár dteangan le ceannas, le greann, le grádh, 'Nuair bhí sí tamall faoi sgamall gan rann gan rádh, Do thug ár seabhac thar n-ais í ó theannta an bháis. O bhás do sgaoil í — ó chuibhreach dúnta dian — Thug neart agus brígh dá croidhe bhí brúighte i bpian; Do sheol í 'rís i slighe 'n-ar stiúradh riamh — Is mairg tu síos, a Chliabhraigh, phlúr na bhFiann! A Chliabhraigh cheannasaigh charthannaigh chráibh- thigh chaeimh, A fhír-fhir chalma, a ghean a's a ghrádh na nGaodhal, Tabhartas do bhronnais thar mhaithibh le fághail 'sa tsaoghal, 'Nuair thugais aithbheatha do'n teangain bhí ar fán 's i n-eug. Ag eugadh go tapaidh bhí an teanga do grá- dhaigh na Gaoidhil, Ó ghlacamar gealaig a's mearbhal, práis, a's baois, 'Nuair sgaoileamar tharainn gan machtnamh an sár-sheod binn, Gur thugais thar n-ais í faoi ghradam go h-árd arís. Arís tá an teanga i ngradam i gClárluirc úir, Arís tá a ranna 'gá gcanadh i lár gach Cúig', Arís tá labhairt na leanbh go h-árd 's go h-oll, Gá léigheadh, gá spreagadh go blasda le fáth 's le fonn. Le fonn táid éigse 'n gach taobh de chríochaibh Fáil, Ag cabhrughadh le chéile go h-éasgaidh 's go dílis grádhach, Ag tógbhaint na Gaedhilge, 'ga saoradh, 'ga síor-choimeád, Acht is tusa do chaomhnaigh go treun í 'nuair bhí sí tláth! Tláth agus caithte, gan bheatha, gan bhail, gan bhrígh, Ag stróinsidhibh Gallda go h-aindeis le seal do bhí, Gach sráille thagadh 'tabhairt tarcuisne 's creach dá croidhe Gur éirigh a cara, 's gur neartaigh a taisg arís. Do nearthaighis a cás, a sháirfhir mhaordha bhinn, Le h-obair gan tlás, le bárr síor-shaothair dhíl; Faoi bhuaidhirt 's faoi chrádh 'san ár do chaomh- nais í, Gur chuiris go h-árd í n-a h-áit i nÉirinn choidhch'. I nÉirinn faoi cheannas ad' dheasgaibh tá a ceol arís, 'Measg fiadh-chnoc Alban lasann go modh'l a grinn, In gach tír 's gach talamh mar thaithneann an ló 'n-a luighe, Tá a caoin-cheol, a startha, 's a h-ainm go deo mar bhíodh. Mar bhíodh tá an teanga i ngradam, i gclú, 's i réim — Biaidh t'obair 'n-a beathaidh chomh fada 's biaidh drúchd ar fheur, Acht mo chumhadh chroidhe caithte faoi leacachaibh dubhach' 'sa chréidh An cuspa do sheasaimh a catha — do bhuadhaigh, a's d'eug! 18 Coláisde na Trínóide An 6 lá de'n Deichmhí, 1894.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services