Gaodhail táid creachta, gan cheannas, gan
chlú, gan réim,
Faoi cheo, faoi sgamall, faoi anfa, faoi
smúit, faoi neul,
Gan cheol, gan startha, gan teanga, gan
leabhar, gan léigheann,
Ó d'eug a gcara, an fairire clúmhail caomh
Ba chaomh ar gcara ag seasamh gan bheann
ar chách,
Ar son ár dteangan le ceannas, le greann,
le grádh,
'Nuair bhí sí tamall faoi sgamall gan rann
gan rádh,
Do thug ár seabhac thar n-ais í ó theannta an
bháis.
O bhás do sgaoil í — ó chuibhreach dúnta dian —
Thug neart agus brígh dá croidhe bhí brúighte i
bpian;
Do sheol í 'rís i slighe 'n-ar stiúradh riamh —
Is mairg tu síos, a Chliabhraigh, phlúr na
bhFiann!
A Chliabhraigh cheannasaigh charthannaigh chráibh-
thigh chaeimh,
A fhír-fhir chalma, a ghean a's a ghrádh na
nGaodhal,
Tabhartas do bhronnais thar mhaithibh le
fághail 'sa tsaoghal,
'Nuair thugais aithbheatha do'n teangain bhí ar
fán 's i n-eug.
Ag eugadh go tapaidh bhí an teanga do grá-
dhaigh na Gaoidhil,
Ó ghlacamar gealaig a's mearbhal, práis, a's
baois,
'Nuair sgaoileamar tharainn gan machtnamh
an sár-sheod binn,
Gur thugais thar n-ais í faoi ghradam go
h-árd arís.
Arís tá an teanga i ngradam i gClárluirc
úir,
Arís tá a ranna 'gá gcanadh i lár gach Cúig',
Arís tá labhairt na leanbh go h-árd 's go
h-oll,
Gá léigheadh, gá spreagadh go blasda le
fáth 's le fonn.
Le fonn táid éigse 'n gach taobh de chríochaibh
Fáil,
Ag cabhrughadh le chéile go h-éasgaidh 's go
dílis grádhach,
Ag tógbhaint na Gaedhilge, 'ga saoradh, 'ga
síor-choimeád,
Acht is tusa do chaomhnaigh go treun í 'nuair
bhí sí tláth!
Tláth agus caithte, gan bheatha, gan bhail, gan
bhrígh,
Ag stróinsidhibh Gallda go h-aindeis le seal
do bhí,
Gach sráille thagadh 'tabhairt tarcuisne 's
creach dá croidhe
Gur éirigh a cara, 's gur neartaigh a taisg
arís.
Do nearthaighis a cás, a sháirfhir mhaordha
bhinn,
Le h-obair gan tlás, le bárr síor-shaothair
dhíl;
Faoi bhuaidhirt 's faoi chrádh 'san ár do chaomh-
nais í,
Gur chuiris go h-árd í n-a h-áit i nÉirinn
choidhch'.
I nÉirinn faoi cheannas ad' dheasgaibh tá a
ceol arís,
'Measg fiadh-chnoc Alban lasann go modh'l
a grinn,
In gach tír 's gach talamh mar thaithneann an
ló 'n-a luighe,
Tá a caoin-cheol, a startha, 's a h-ainm go
deo mar bhíodh.
Mar bhíodh tá an teanga i ngradam, i gclú,
's i réim —
Biaidh t'obair 'n-a beathaidh chomh fada 's
biaidh drúchd ar fheur,
Acht mo chumhadh chroidhe caithte faoi leacachaibh
dubhach' 'sa chréidh
An cuspa do sheasaimh a catha — do bhuadhaigh,
a's d'eug!
18 Coláisde na Trínóide
An 6 lá de'n Deichmhí, 1894.