Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Euseb. D. Mhic Cliabhair.
Title
Bás Euseb. D. Mhic Cliabhair.
Author(s)
P. O B.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁS EUSEB D. MHIC CLIABHAIR. Dubhrad beaghán ins an irisleabhar déidheanach mar gheall ar bhás an duine uasail oirmhidnigh Euseb D. Mac Cliabhair, acht ní leigeadh ár mbrón dúinn mórán do rádh; óir ní raibh i n-Éirinn, ná ins an domhan uile, aon tráth le trí chéad bliadhan, fear is fearr do rinne a dhícheall ar feadh urmhóir a shaoghail chum ár dteangadh ársa bheith fá mheas agus fá réim arís ioná é súd. Bhí sé ag machtnadh de ló agus d'oidhche cionnus do chuirfeadh sé breis fhuinn ar mhuintir na hÉireann chum a sean-teangadh féin do chleachtadh. B'fheárr leis gach litir dá gcuirfidhe chuige beith sgríobhtha i nGaedhilg, dá mb' fhéidir leis an sgríbhneoir an chanamhain sin do sgríobhadh. Is minic adubhairt sé go gcuireadh sé áthas mór air an tráth do léigheadh sé gan dochar litreacha sgríobhtha i nGaedhilg ó dhaoinibh in gach cúigeadh i n-Éirinn. Do thiubhradh an meud litreach do sgrío adh sé gach lá a dhóthain agus fuighleach le deunamh d' fhear láidir. Gidh gur bha dhuine uasal é ar a raibh clú, cáil, agus tásg mór, agus ba áirdeaspog a shean-athair, ar a shon sin ní ag triall ar na huaislibh bhíodh sé ag cur na litir so, ná ag lorg a gcomhluadair ná a gcaradais ar aon chuma, acht chum daoine eígin, b' fhéidir, do bhí úiríseal go leor ins an tsaoghal, dá mbros- tughadh chum saothair do dheunamh do reír a n-acfuinne do rachadh i sochar do'n Ghaedhilg. Níor b' fhuras leath na hoibre d' innsin do rinne an duine uasal sin chum na Gaedhilge d' aithbheodhughadh, de bhrígh nach raibh fios ag aon duine beo air. Do thug an Cliabharach congnamh ós íseal agus ós árd agus ar gach aon tslighidh i n-ar mheas sé gur bh'féidir maitheas do dheunamh do'n ghnó ar a raibh a chroidhe agus a smuainte. Rugadh é i nDeilgne i gCill-Mhantáin, ocht mbliadhna agus trí fichid ó shoin, agus do chomhnuigh sé ann nó go raibh sé bliadhain agus fiche d' aois. D'fhoghluim sé a phaidreacha do rádh i nGaedhilg an tráth bhí sé an-óg, agus as sin amach an fhaid do mhair sé, dob' é áird- mhian a chroidhe an Ghaedhilg d' aithbheódhughadh. Chuige sin do sgaip sé mór-chuid airgid ag cur leabhar i gcló agus dá sgeitheadh, ag tabhairt bhronntanas uaidh, agus ar shlighthibh eugsamhla eile. Budh dheacair ríomh nó áireamh do dheunamh ar mhéid na gcarad ar a bhfuair sé muinteardhas ar an gcuma sin ins gach uile áit i n-Éirinn, agus is fada cuimhneochthar air le modh agus le meas mór i dtaoi an tsaothair thádhbhachtaigh do rinne sé mar gheall ar ár
dteangaidh ársa. Do cheannuigh sé mórán cóib de gach leabhar Gaedhilge do cuir- eadh i gcló le n-a linn, bhí so-thuigse do na daoinibh óga amuigh ins an tuaith, agus do bhronn sé iad annso agus annsúd ar luchd na sgol mar a raibh an Ghaedhilg dá múnadh. Is iomdha duine bhí fá chomaoin aige, agus le n-a bhás do chailleadar a gcara, agus gan amhrus do chaill an Ghaedhilg an teannta is fearr do bhí aici. Is beag an t-iongnadh gur iomdha súil do shil deora ar gclos go raibh sé marbh. Ba dheath-sgoláire é ag a raibh eolus mór ar an gGaedhilg. Do sgríobh sé abhráin agus dánta filidheachta ó bheulaibh na ndaoine i n-iarthar Éireann, 'nuair bhí sé i n-a fhear óg. Atá sé imthighthe uainn feasda, agus ní furusa a ionad do líonadh. Is ceart dúinn a lorg do leanamhain gan stad gan staonadh, ag deunamh ár ndíchill chum na Gaedhilge d' aithbheodhughadh. Seo cuid de litir fuair ball de Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath ó n-a bhaintreabhaigh, ó 'n mnaoi uasail Iulian Ní 'c Cliabhair: “Atá a cheann díleas ins an chomhrain i n-a luighe ar fhód criadh coisrigthe do buaineadh i n-Oileán Guagán Barra, agus do cuireadh chugam ar m' impidhe féin leis an Athair P. O'H-Urthuile. Tá crois airgid ar crochadh le n-a mhuinéal agus bonn-íomháigh Naomh Fhionnbharra. Tá crois chomhfhaid ar chlúdach na comhran, agus tá i n-a láimh tor seamróg ó bhaile Deilgne, an áit i n-a rugadh é. Atá a stól, a chasóg, agus a éideadh uime, agus é 'n-a luighe agus a lámha fillte ar a bhrollach.” Do cuireadh an rún so leanas ós comhair coimhthionóil de Chonnradh na Gaedhilge, ag a seomraibh ag uimhir 4 i bhFaithche an Coláisde i mBaile Átha Cliath (cumann dár bha Leas- Uachdarán é), agus do haontuigheadh leis d'aon ghuth amhain:— “Bíodh so curtha i bhfeidhm — de bhrígh gur chualamar le croidhe dubhach dobrónach sgéula ar bhás an duine uasail oirmhidnigh, Euseb Mac Cliabhair, bhí 'n-a thaca chalma ag gach cumann nach mór do cuireadh ar bun le mórán bliadhan chum eoluis ar an nGaedhilg d' fhóirleathnughadh, agus do sgaip mór-chuid airgid gan áireamh chum na hoibre sin do chur i gcrích, agus ar an gcuma sin do rinne maitheas mór-luachmar do chúis na Gaedhilge nár' cheart do Éireannchaibh do dhearmad go bráth; ar an adhbhar sin cuiri- míd ár n-athchuingidh chum a mhná, an ean uasal shochroidheach Iulian Ní'c Cliabhair, agus chum a mhuirighne, go nglacfaid uainn-ne osnadh croidhe agus truaighe chaon-dúthrachtach i dtaoibh na stáide dólásaighe i n-a bhfuil siad; agus cuirtear cóib de 'n rún so chum na mná uaisle Iulian Ní 'c Cliabhair i nGaedhilg agus i mBeurla; agus cuirtear i gcló é i n-Éirinn Aontuighthe i Nuaidheacht na Tuama agus ins an Aimeiriocán Gaodhalach.” Do bhí lá ceaptha ag an gCliabharach gach bliadhain, i mí na Samhna chum na sgoláiridhe dá dtugadh se bronntanais do chruinniughadh i bhfochair a chéile. Do ghabhadh cuid aca abhráin i nGaedhilg, agus do léigheadh tuilleadh díobh sgeulta i nGaedhilg. Ba mhór an sásamh aignidh thugadh sé dhó tuairisg d' fhaghbháil go rabhadar ag dul chum cinn go maith. Is amhlaidh do bhí a chion ar an nGaedhilg ag meudughadh do réir mar bhí sé ag dul i n-aois; agus ní raibh sé aon uair níos cúramaighe i n-a timchioll ioná ar leabaidh a bháis. Go dtugaidh Dia glór na bhflaitheas dá anam! P. O B.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services