Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás Euseb. D. Mhic Cliabhair.

Title
Bás Euseb. D. Mhic Cliabhair.
Author(s)
P. O B.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 145


BÁS EUSEB D. MHIC CLIABHAIR.



Dubhrad beaghán ins an irisleabhar
déidheanach mar gheall ar bhás an duine
uasail oirmhidnigh Euseb D. Mac Cliabhair,
acht ní leigeadh ár mbrón dúinn mórán do
rádh; óir ní raibh i n-Éirinn, ná ins an
domhan uile, aon tráth le trí chéad bliadhan,
fear is fearr do rinne a dhícheall ar feadh
urmhóir a shaoghail chum ár dteangadh ársa
bheith fá mheas agus fá réim arís ioná é súd.
Bhí sé ag machtnadh de ló agus d'oidhche cionnus
do chuirfeadh sé breis fhuinn ar mhuintir na
hÉireann chum a sean-teangadh féin do
chleachtadh. B'fheárr leis gach litir dá
gcuirfidhe chuige beith sgríobhtha i nGaedhilg,
dá mb' fhéidir leis an sgríbhneoir an
chanamhain sin do sgríobhadh. Is minic
adubhairt sé go gcuireadh sé áthas mór air
an tráth do léigheadh sé gan dochar litreacha
sgríobhtha i nGaedhilg ó dhaoinibh in gach
cúigeadh i n-Éirinn. Do thiubhradh an meud
litreach do sgrío adh sé gach lá a dhóthain agus
fuighleach le deunamh d' fhear láidir. Gidh
gur bha dhuine uasal é ar a raibh clú, cáil,
agus tásg mór, agus ba áirdeaspog a shean-athair,
ar a shon sin ní ag triall ar na huaislibh
bhíodh sé ag cur na litir so, ná ag lorg a
gcomhluadair ná a gcaradais ar aon chuma,
acht chum daoine eígin, b' fhéidir, do bhí
úiríseal go leor ins an tsaoghal, dá mbros-
tughadh chum saothair do dheunamh do reír a
n-acfuinne do rachadh i sochar do'n Ghaedhilg.



Níor b' fhuras leath na hoibre d' innsin
do rinne an duine uasal sin chum na
Gaedhilge d' aithbheodhughadh, de bhrígh nach raibh
fios ag aon duine beo air. Do thug an
Cliabharach congnamh ós íseal agus ós árd agus ar
gach aon tslighidh i n-ar mheas sé gur bh'féidir
maitheas do dheunamh do'n ghnó ar a raibh a
chroidhe agus a smuainte.



Rugadh é i nDeilgne i gCill-Mhantáin,
ocht mbliadhna agus trí fichid ó shoin, agus do
chomhnuigh sé ann nó go raibh sé bliadhain agus
fiche d' aois. D'fhoghluim sé a phaidreacha do
rádh i nGaedhilg an tráth bhí sé an-óg, agus as
sin amach an fhaid do mhair sé, dob' é áird-
mhian a chroidhe an Ghaedhilg d' aithbheódhughadh.
Chuige sin do sgaip sé mór-chuid airgid ag
cur leabhar i gcló agus dá sgeitheadh, ag tabhairt
bhronntanas uaidh, agus ar shlighthibh eugsamhla
eile. Budh dheacair ríomh nó áireamh do
dheunamh ar mhéid na gcarad ar a bhfuair sé
muinteardhas ar an gcuma sin ins gach uile
áit i n-Éirinn, agus is fada cuimhneochthar air
le modh agus le meas mór i dtaoi an tsaothair
thádhbhachtaigh do rinne sé mar gheall ar ár


L. 146


dteangaidh ársa. Do cheannuigh sé mórán
cóib de gach leabhar Gaedhilge do cuir-
eadh i gcló le n-a linn, bhí so-thuigse do
na daoinibh óga amuigh ins an tuaith, agus do
bhronn sé iad annso agus annsúd ar luchd na
sgol mar a raibh an Ghaedhilg dá múnadh.
Is iomdha duine bhí fá chomaoin aige, agus le n-a
bhás do chailleadar a gcara, agus gan amhrus
do chaill an Ghaedhilg an teannta is fearr
do bhí aici. Is beag an t-iongnadh gur
iomdha súil do shil deora ar gclos go raibh
sé marbh.



Ba dheath-sgoláire é ag a raibh eolus mór
ar an gGaedhilg. Do sgríobh sé abhráin agus
dánta filidheachta ó bheulaibh na ndaoine i
n-iarthar Éireann, 'nuair bhí sé i n-a fhear óg.
Atá sé imthighthe uainn feasda, agus ní furusa
a ionad do líonadh. Is ceart dúinn a lorg
do leanamhain gan stad gan staonadh, ag
deunamh ár ndíchill chum na Gaedhilge d'
aithbheodhughadh.



Seo cuid de litir fuair ball de Chonnradh
na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath ó n-a
bhaintreabhaigh, ó 'n mnaoi uasail Iulian Ní
'c Cliabhair: “Atá a cheann díleas ins an
chomhrain i n-a luighe ar fhód criadh coisrigthe
do buaineadh i n-Oileán Guagán Barra, agus
do cuireadh chugam ar m' impidhe féin leis
an Athair P. O'H-Urthuile. Tá crois airgid
ar crochadh le n-a mhuinéal agus bonn-íomháigh
Naomh Fhionnbharra. Tá crois chomhfhaid ar
chlúdach na comhran, agus tá i n-a láimh tor
seamróg ó bhaile Deilgne, an áit i n-a
rugadh é. Atá a stól, a chasóg, agus a éideadh
uime, agus é 'n-a luighe agus a lámha fillte ar a
bhrollach.”



Do cuireadh an rún so leanas ós comhair
coimhthionóil de Chonnradh na Gaedhilge, ag a
seomraibh ag uimhir 4 i bhFaithche an Coláisde
i mBaile Átha Cliath (cumann dár bha Leas-
Uachdarán é), agus do haontuigheadh leis d'aon
ghuth amhain:— “Bíodh so curtha i bhfeidhm —
de bhrígh gur chualamar le croidhe dubhach
dobrónach sgéula ar bhás an duine uasail
oirmhidnigh, Euseb Mac Cliabhair, bhí 'n-a
thaca chalma ag gach cumann nach mór do
cuireadh ar bun le mórán bliadhan chum
eoluis ar an nGaedhilg d' fhóirleathnughadh, agus
do sgaip mór-chuid airgid gan áireamh chum
na hoibre sin do chur i gcrích, agus ar an gcuma
sin do rinne maitheas mór-luachmar do chúis
na Gaedhilge nár' cheart do Éireannchaibh do
dhearmad go bráth; ar an adhbhar sin cuiri-
míd ár n-athchuingidh chum a mhná, an ean
uasal shochroidheach Iulian Ní'c Cliabhair, agus
chum a mhuirighne, go nglacfaid uainn-ne
osnadh croidhe agus truaighe chaon-dúthrachtach i
dtaoibh na stáide dólásaighe i n-a bhfuil
siad; agus cuirtear cóib de 'n rún so chum
na mná uaisle Iulian Ní 'c Cliabhair i
nGaedhilg agus i mBeurla; agus cuirtear i gcló
é i n-Éirinn Aontuighthe i Nuaidheacht na
Tuama agus ins an Aimeiriocán Gaodhalach.”



Do bhí lá ceaptha ag an gCliabharach gach
bliadhain, i mí na Samhna chum na sgoláiridhe
dá dtugadh se bronntanais do chruinniughadh
i bhfochair a chéile. Do ghabhadh cuid aca
abhráin i nGaedhilg, agus do léigheadh tuilleadh
díobh sgeulta i nGaedhilg. Ba mhór an
sásamh aignidh thugadh sé dhó tuairisg d'
fhaghbháil go rabhadar ag dul chum cinn go
maith. Is amhlaidh do bhí a chion ar an
nGaedhilg ag meudughadh do réir mar bhí
sé ag dul i n-aois; agus ní raibh sé aon uair
níos cúramaighe i n-a timchioll ioná ar
leabaidh a bháis. Go dtugaidh Dia glór na
bhflaitheas dá anam!



P. O B.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services