Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (ar leanamhuin.)
Title
Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (ar leanamhuin.)
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua h-Aodha, Tomás
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE. (Ar leanamhuin.) Ní túisge do bhí sin as a bheul ná'r sgread an gárlach amach, agus is iongantach nár chuaidh an bhean bhocht i luige. Thos- nuigh sí féin ag sgreadaighil ann-sain, agus deirim-se leat-sa go raibh ceól ar feadh tamaill idir í féin agus an gárlach. “A Dhomhnaill,” adubhairt sí, “cad atá ann-sain agat? O bhó bhó! cad dheanfaidh mé i n-aon chor leat? Is dócha go bhfuil lioprachán nó ceann de na daoinibh maithe annsain agat. Tóg amach é agus ná bain leis níos mó. Tóg amach é agus leig uait é, nó ní bheidh aon rath ort go bráth. Tá mo chroidhe briste agat, mar ní'l splanc chéille i d' cheann.” “Éist liom, a mháthair,” ar Domhnall, “tá leanabh ann-so agam, agus is dóigh liom go bhfuil fuacht agus ocras ar an gcréatúirín bocht. Éirigh suas anois agus tabhair rud le n-ithe dho, agus ná bí am' bhodhradh i dtaoibh na ndaoine maithe.” “Leanabh arú!” bhfuil tú ar meisge nó imthighthe as do chéill? A Dhia na ngrás! cad atá air anocht? Leanabh an n-eadh! “dul i n-aois dul i n-olcas” mar a deir na sean- fhocail. Ar ól tú aon rud anocht a Dhomh- naill?” “Deamhan braon, mhaiseadh, acht ólfaidh mé cnagaire anois láithreach, mar teastuigheann sé uaim, tar éis na hoidhche so go háirithe. Acht corraigh leat anois, agus tóg an leanabh uaimh.” Acht níor chreid sí gurbh é an leanabh do bhí aige, agus do chaith sé leath-uair ag bladar agus ag plámás léithe, sul do chor- raigh sí as an leabain, do bhí an eagla chomh mór sin uirre roimh na daoinibh maithe. Acht fá dheireadh shiar thall do tháinig sí anuas, agus 'nuair d'féach sé ar an leanbh, d'iom- puigh sí ar Dhomhnall. “A bhitheamhnaigh bradach! cia an chiall ar thug tú an leanabh so ó n-a mháthair anocht? Is mór an náire dhuit é. Ní'l aon rud tabhairt trioblóide dhuit-se acht ag cur na gcomharsan trí n-a chéile; acht tiucfaidh sé taobh shiar dhíot am icínt, adeirim leat.” Dubhairt Domhnall léithe ann-sain nár thug sé an leanabh ó n-a mháthair, agus d'innis sé an sgeul di ó thús go deireadh, agus sul a raibh sé críochnuighthe, do bhí sí ag tabhairt bhuidheachais do Dhia go raibh Domh- nall amuigh an oidhche sin; acht 'san am céadna, ní raibh sí ro-shásta i n-a haigneadh i dtaoibh na mban sídhe, agus chaitheadh sí súil amach ar an bhfuinneoig anois agus aríst, ag feuchaint raibh siad ag teacht fá dhéin an leanaibh aríst. Do thug an bhean aosda deoch do'n leanabh, agus do chuaidh sé a chodladh aríst. D'ól Domhnall an cnagaire do leag se amach dho féin, agus do shaoil sé ann-sain go raghadh
a mháthair a chodladh; acht ní leigfeadh an eagla dhi é sin do dhéanadh, agus b'éigin do Dhomhnall suidhe ar an teallach gur bhris an lá ar maidin, ag déanadh cuideachtan léithe. Ann-sain do thóg sí an leanabh ó'n sgiath i n-a raibh sé 'n-a chodladh agus do chuaidh sí síos 'san tseomra chum í féin do shíneadh ar an leabain, mar níor chodail sí neul ar feadh na hoidhche; acht sul d'imthigh sí, dubhairt Domhnall léithe, “Éist liom anois, má leigeann tú ort go bhfuil an leanabh sin ann-so, nó má dheineann tú trácht air le haon-duine go dtiubhra mise cead duit, ní bheidh tú ro-bhuidheach dhiot féin. Ná corraigh as so, agus tabhair aire mhaith do'n leanabh, agus má chuireann aon-duine ceist ort, nó má iarrann aon-duine cia an chiall nach bhfuil tú ag an tóramh, abair leo go bhfuil slaghdán, nó sgoilteach ort, no rud icínt mar sin; acht ar do shaoghal coiméad an leanabh.” Do labhair sé go han-mheillteach agus do gheall sí dho ná leigfeadh sí uirre aon rud i dtaoibh an leanaibh, mar do bhí 'fhios aici go maith cia an sórt é 'nuair do beidheadh sé ar buile. (Le bheith ar leanamhuin.) NOTES. Na bí am' bhodhradh, "Don't be bothering me." Cnagaire, a naggin; also a measure of land. Go háirithe, certainly, without doubt, at any rate. Plámás, in O'Donovan's Supplement to O'Reilly the meaning given is "cajolery" or "diplomacy;" ag plámás, "humbugging." In W. Clare plamásaidhe is applied to a sweet-spoken, insinuating person - one who has an axe to grind. Tiucfaidh sé taobh shiar dhíot, it will come behind you, i.e., the punishment for hour misdeeds will come unexpectedly on you. Ní leigfeadh an eagla dhi, the fear would not let her - she was too much afraid. In like manner, ní leigeann an náire dhom, I am ashamed to; ní leigeann a mhisneach dó, he dare not, agus c. Sgiath,a wickerwork scuttle. It seems to have taken the place of a cradle in the story. Neul, a "wink" of sleep; ní'l neul orm. Seldom used for cloud (sgamal). Slaghdán, a cold; properly, slaodán. Tomas O'H-Aodha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services