Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (ar leanamhuin.)

Title
Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (ar leanamhuin.)
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua h-Aodha, Tomás
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE.



(Ar leanamhuin.)



Ní túisge do bhí sin as a bheul ná'r
sgread an gárlach amach, agus is iongantach
nár chuaidh an bhean bhocht i luige. Thos-
nuigh sí féin ag sgreadaighil ann-sain, agus
deirim-se leat-sa go raibh ceól ar feadh
tamaill idir í féin agus an gárlach.



“A Dhomhnaill,” adubhairt sí, “cad atá
ann-sain agat? O bhó bhó! cad dheanfaidh
mé i n-aon chor leat? Is dócha go bhfuil
lioprachán nó ceann de na daoinibh maithe
annsain agat. Tóg amach é agus ná bain
leis níos mó. Tóg amach é agus leig uait
é, nó ní bheidh aon rath ort go bráth. Tá mo
chroidhe briste agat, mar ní'l splanc chéille
i d' cheann.”



“Éist liom, a mháthair,” ar Domhnall, “tá
leanabh ann-so agam, agus is dóigh liom go
bhfuil fuacht agus ocras ar an gcréatúirín
bocht. Éirigh suas anois agus tabhair rud le
n-ithe dho, agus ná bí am' bhodhradh i dtaoibh
na ndaoine maithe.”



“Leanabh arú!” bhfuil tú ar meisge nó
imthighthe as do chéill? A Dhia na ngrás! cad
atá air anocht? Leanabh an n-eadh! “dul
i n-aois dul i n-olcas” mar a deir na sean-
fhocail. Ar ól tú aon rud anocht a Dhomh-
naill?”



“Deamhan braon, mhaiseadh, acht ólfaidh mé
cnagaire anois láithreach, mar teastuigheann
sé uaim, tar éis na hoidhche so go háirithe.
Acht corraigh leat anois, agus tóg an leanabh
uaimh.”



Acht níor chreid sí gurbh é an leanabh
do bhí aige, agus do chaith sé leath-uair ag
bladar agus ag plámás léithe, sul do chor-
raigh sí as an leabain, do bhí an eagla chomh
mór sin uirre roimh na daoinibh maithe. Acht
fá dheireadh shiar thall do tháinig sí anuas,
agus 'nuair d'féach sé ar an leanbh, d'iom-
puigh sí ar Dhomhnall. “A bhitheamhnaigh
bradach! cia an chiall ar thug tú an leanabh
so ó n-a mháthair anocht? Is mór an náire
dhuit é. Ní'l aon rud tabhairt trioblóide
dhuit-se acht ag cur na gcomharsan trí n-a
chéile; acht tiucfaidh sé taobh shiar dhíot am
icínt, adeirim leat.”



Dubhairt Domhnall léithe ann-sain nár
thug sé an leanabh ó n-a mháthair, agus
d'innis sé an sgeul di ó thús go deireadh,
agus sul a raibh sé críochnuighthe, do bhí sí ag
tabhairt bhuidheachais do Dhia go raibh Domh-
nall amuigh an oidhche sin; acht 'san am
céadna, ní raibh sí ro-shásta i n-a haigneadh
i dtaoibh na mban sídhe, agus chaitheadh sí súil
amach ar an bhfuinneoig anois agus aríst,
ag feuchaint raibh siad ag teacht fá dhéin
an leanaibh aríst.



Do thug an bhean aosda deoch do'n leanabh,
agus do chuaidh sé a chodladh aríst. D'ól
Domhnall an cnagaire do leag se amach dho
féin, agus do shaoil sé ann-sain go raghadh


L. 136


a mháthair a chodladh; acht ní leigfeadh an
eagla dhi é sin do dhéanadh, agus b'éigin do
Dhomhnall suidhe ar an teallach gur bhris an
lá ar maidin, ag déanadh cuideachtan léithe.
Ann-sain do thóg sí an leanabh ó'n sgiath i
n-a raibh sé 'n-a chodladh agus do chuaidh sí
síos 'san tseomra chum í féin do shíneadh ar
an leabain, mar níor chodail sí neul ar feadh
na hoidhche; acht sul d'imthigh sí, dubhairt
Domhnall léithe, “Éist liom anois, má
leigeann tú ort go bhfuil an leanabh sin
ann-so, nó má dheineann tú trácht air le
haon-duine go dtiubhra mise cead duit, ní
bheidh tú ro-bhuidheach dhiot féin. Ná corraigh
as so, agus tabhair aire mhaith do'n leanabh,
agus má chuireann aon-duine ceist ort, nó
má iarrann aon-duine cia an chiall nach
bhfuil tú ag an tóramh, abair leo go bhfuil
slaghdán, nó sgoilteach ort, no rud icínt
mar sin; acht ar do shaoghal coiméad an
leanabh.” Do labhair sé go han-mheillteach
agus do gheall sí dho ná leigfeadh sí uirre
aon rud i dtaoibh an leanaibh, mar do bhí 'fhios
aici go maith cia an sórt é 'nuair do beidheadh
sé ar buile.



(Le bheith ar leanamhuin.)




NOTES.
Na bí am' bhodhradh, "Don't be bothering me."
Cnagaire, a naggin; also a measure of land.
Go háirithe, certainly, without doubt, at any rate.
Plámás, in O'Donovan's Supplement to O'Reilly the
meaning given is "cajolery" or "diplomacy;" ag
plámás, "humbugging." In W. Clare plamásaidhe
is applied to a sweet-spoken, insinuating person -
one who has an axe to grind.
Tiucfaidh sé taobh shiar dhíot, it will come behind you,
i.e., the punishment for hour misdeeds will come
unexpectedly on you.
Ní leigfeadh an eagla dhi, the fear would not let her -
she was too much afraid. In like manner, ní leigeann
an náire dhom, I am ashamed to; ní leigeann a
mhisneach dó, he dare not, agus c.
Sgiath,a wickerwork scuttle. It seems to have taken the
place of a cradle in the story.
Neul, a "wink" of sleep; ní'l neul orm. Seldom
used for cloud (sgamal).
Slaghdán, a cold; properly, slaodán.



Tomas O'H-Aodha





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services