Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithbheodhughadh na Gaedhilge.
Title
Aithbheodhughadh na Gaedhilge.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aithbheodhughadh na Gaedhilge. Ní suairc mar dhuain liom marbh-rann, Is fuath liom fuaim a faodh' 'sa fonn, Ní ghráidhfinn duara i bhfuighlibh fuara, Ná laoidhte buadhartha Gaedhilge. Níor smuaineas riamh go dtiocfadh am Go rithfeadh uaill ó'n uaigh trém' cheann, Ag innsin domh-sa gur múchadh lóchrann Nó lasair leois na Gaedhilge. Mo náire! a Éire, 'chaill do chlú! O! cá 'r ghabh do “mhór is fiú”? Nár sheasaimh lei go daingean dlúth, Ag cló-bheathughadh na Gaedhilge. Ní chluinim gíog ó eun i gcás, Tá 'n smólach ciuin ar chraoibh de ghnás, Le hóg a's aosda is céasnadh bás As dteangan ársa Gaedhilge. Acht Éireannaigh, ní heug a bás! Tá Phoenix buacach buadhach ag fás Ó'n luaithreadh annsa, do lasfaidh lampa Ar n-agaill sheanda Gaedhilge. Grádh mo chroidhe ar dteanga féin! Beidh sí fós go hárd i gcéim, Beidh bean a's páisde ag tabhairt páirt' di — A's “Óig-fhir,” gráidhidh-si Gaedhilg. Pádraig Stúndún.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services