Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithbheodhughadh na Gaedhilge.

Title
Aithbheodhughadh na Gaedhilge.
Author(s)
Stúndún, Pádraic,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Aithbheodhughadh na Gaedhilge.



Ní suairc mar dhuain liom marbh-rann,
Is fuath liom fuaim a faodh' 'sa fonn,
Ní ghráidhfinn duara i bhfuighlibh fuara,
Ná laoidhte buadhartha Gaedhilge.



Níor smuaineas riamh go dtiocfadh am
Go rithfeadh uaill ó'n uaigh trém' cheann,
Ag innsin domh-sa gur múchadh lóchrann
Nó lasair leois na Gaedhilge.



Mo náire! a Éire, 'chaill do chlú!
O! cá 'r ghabh do “mhór is fiú”?
Nár sheasaimh lei go daingean dlúth,
Ag cló-bheathughadh na Gaedhilge.



Ní chluinim gíog ó eun i gcás,
Tá 'n smólach ciuin ar chraoibh de ghnás,
Le hóg a's aosda is céasnadh bás
As dteangan ársa Gaedhilge.



Acht Éireannaigh, ní heug a bás!
Tá Phoenix buacach buadhach ag fás
Ó'n luaithreadh annsa, do lasfaidh lampa
Ar n-agaill sheanda Gaedhilge.



Grádh mo chroidhe ar dteanga féin!
Beidh sí fós go hárd i gcéim,
Beidh bean a's páisde ag tabhairt páirt' di —
A's “Óig-fhir,” gráidhidh-si Gaedhilg.



Pádraig Stúndún.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services