Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (Air leanamhuin.).
Title
Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sidhe. (Air leanamhuin.).
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O h-Aodha, Tomás
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE. Air leanamhuin. 'Nuair do chonnaic Domhnall an chailleach ag dul isteach ar an bhfuinneoig, d'fháisg sé é féin suas chun an droch-bheart do bhí siad ag deanadh do chosg. Do leig sé a ghunna uaidh, agus do chuir sé a bhróga dhe ar nós ná deanfadh sé aon trustar. Annsan do thug sé sgeimhle suas taobhshiar do'n chailligh chomh éadtrom sin ná'r airigh sí é, agus ar an nóméid chéadna do bhí an chailleach istigh ag síneadh an leanaibh amach do'n chailligh eile. Dhruid Domhnall isteach agus do thóg sé an leanabh idir a dhá láimh, a' rádh, “Goirim agus coisrteacaim thú i n-ainm Dé dom fhéin!” Is ar éigin do bhí na focail so as a bheul 'nuair do leig na cailleacha sgread feargach uathbhásach asta. Do bhuail siad na stair-fhiacla le chéile, ar nós gur
chuir siad cith teineadh asta; acht níor chuir sé sin pioc eagla ar Dhomhnall. Do sheas sé annsin go meisneamhuil agus do chong- bhaigh sé a ghreim ar an leanabh. Tá eolas ag na daoine maithe ar gach uile nídh a bhain- eann leis an saoghal so agus le na daoine atá ann, agus do bhí 'fhios ag na cailleacha ná raibh aon mhaith 'sa' bheith ag troid le Domhnall nó ag ceapadh go gcuirfeadh siad eagla air, agus annsan ar casadh do láimhe do dhein siad dhá ghearrfhiadh dubha dhóibh féin, agus as go bráth leo mar an ghaoith as a radhairc. Ní misde a rádh go raibh Domhnall sásta go leor leis féin tar éis an bheart do dhein sé. Shaoil sé ná raibh a leithéid d' fhear i nÉirinn, agus cá raibh an t-iongantas ann sin? mar budh deacair fear d'fhagháil a raibh an mheisneach chéadna aige. Acht pé'r b'ann é, do bhí an leanabh aige slán sábhálta agus 'n-a chodladh trom ar a ucht, agus ní raibh 'fhios aige faoi an spéir cad do dheanfadh sé leis. “Tá leisge orm,” adubhairt se, “na daoine bochta do chur tré n-a chéile, mar tá 'fhios agam go maith go mbeidh an “gaisgi- dheach” atá istigh i n-ionad an leanaibh so marbh ar maidin a márach; acht saoilim gur fearr dom é so do thógaint abhaile liom anocht, agus b'fhéidir go mbeidh 'fhios agam cad do dheanfaidh mé leis ar maidin, — beidh spórt agam go h-áirithe.” Do bhídhead súil amach aige ar an spórt i gcomhnuidhe, atá 'fhios agat; agus leis sin, do bhí rud icínt 'n-a cheann i dtaoibh an “ghaisgidhigh.” Acht fé dheireadh shiar thall, do chuaidh se ar ais chun na cruaiche móna, agus do chuir sé a bhróga air, thóg a ghunna agus d'imthig leis abhaile. Ní raibh aon ghlas ar an dorus, agus do leig sé é féin isteach gan mhoill. Ní bhídheadh na dóirse dúnta an t-am sin i n-aon chor, mar do bhí na daoine an- mhacánta — ní mar na daoine atá anois ann. Acht bídheadh sé sin mar atá sé, do las Domhnall an choinneal, agus do chuaidh sé síos 'san tseomra, agus do ghlaoidh sé ar a mháthair. Do bhí sí 'n-a codladh, acht do phreab sí suas 'nuair d'airigh sí Domhnall. “Cia atá annsan?” ar sise. “Mise,” ar Domhnall. “Oro, a Dhomhnaill a thaisge, an anois atá tú ag teacht isteach? Tá sé an-fhada 'san oidhche anois. Cad d'éirigh dhuit, nó cad atá uait?” “Ní'l dadamh,” ar Domhnall, “Éirigh suas go tapaidh anois, agus tar síos go dtí an cistean. Tá gnó agam dhíot.” “Cad tá ort a mhaoineach? Beir anuas an solus go bhfeicidh mé thú. A' bhfaca tú aon rud 'san Dabhach anocht? O, bhó! bhó! anois nó riamh tá díoghbháil icínt déanta ag na daoine maithe ort. Dubhairt mé leat gan dul amach anocht, acht níor ghlac tú mo chomhairle.” “'Gcloisir arú! Tá 'fhios agat go maith ná fuil dul i mugha ar bith ionnam-sa, agus má éirigheann tú beidh 'fhios agat cad atá orm.” (Tuilleadh).
NOTES Sgeimhle Le na daoine = Leis na d. Pé 'r b'ann é, however, at any rate = pé ar bith ann é, or, as used elsewhere, pé ar domhan é. Ní raibh a fhios, contracted in speaking into ní rabhas, also tá's = tá a fhios, bhí's = bhí a fhios, bhfuil 'ios = bhfuil a fhios, níl'ios = ní fhuil a fhios, etc. Tá glas ar an dorus, the door is locked.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services