DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE.
Air leanamhuin.
'Nuair do chonnaic Domhnall an chailleach
ag dul isteach ar an bhfuinneoig, d'fháisg sé
é féin suas chun an droch-bheart do bhí siad
ag deanadh do chosg. Do leig sé a ghunna
uaidh, agus do chuir sé a bhróga dhe ar nós
ná deanfadh sé aon trustar. Annsan do
thug sé sgeimhle suas taobhshiar do'n chailligh
chomh éadtrom sin ná'r airigh sí é, agus ar
an nóméid chéadna do bhí an chailleach istigh
ag síneadh an leanaibh amach do'n chailligh
eile. Dhruid Domhnall isteach agus do thóg
sé an leanabh idir a dhá láimh, a' rádh,
“Goirim agus coisrteacaim thú i n-ainm Dé
dom fhéin!” Is ar éigin do bhí na focail so
as a bheul 'nuair do leig na cailleacha
sgread feargach uathbhásach asta. Do bhuail
siad na stair-fhiacla le chéile, ar nós gur
chuir siad cith teineadh asta; acht níor chuir
sé sin pioc eagla ar Dhomhnall. Do sheas
sé annsin go meisneamhuil agus do chong-
bhaigh sé a ghreim ar an leanabh. Tá eolas
ag na daoine maithe ar gach uile nídh a bhain-
eann leis an saoghal so agus le na daoine
atá ann, agus do bhí 'fhios ag na cailleacha
ná raibh aon mhaith 'sa' bheith ag troid le
Domhnall nó ag ceapadh go gcuirfeadh siad
eagla air, agus annsan ar casadh do láimhe
do dhein siad dhá ghearrfhiadh dubha dhóibh féin,
agus as go bráth leo mar an ghaoith as a
radhairc.
Ní misde a rádh go raibh Domhnall sásta
go leor leis féin tar éis an bheart do dhein
sé. Shaoil sé ná raibh a leithéid d' fhear i
nÉirinn, agus cá raibh an t-iongantas ann
sin? mar budh deacair fear d'fhagháil a raibh
an mheisneach chéadna aige. Acht pé'r b'ann
é, do bhí an leanabh aige slán sábhálta agus
'n-a chodladh trom ar a ucht, agus ní raibh
'fhios aige faoi an spéir cad do dheanfadh sé
leis. “Tá leisge orm,” adubhairt se, “na
daoine bochta do chur tré n-a chéile, mar tá
'fhios agam go maith go mbeidh an “gaisgi-
dheach” atá istigh i n-ionad an leanaibh so
marbh ar maidin a márach; acht saoilim gur
fearr dom é so do thógaint abhaile liom
anocht, agus b'fhéidir go mbeidh 'fhios agam
cad do dheanfaidh mé leis ar maidin, — beidh
spórt agam go h-áirithe.” Do bhídhead súil
amach aige ar an spórt i gcomhnuidhe, atá
'fhios agat; agus leis sin, do bhí rud icínt
'n-a cheann i dtaoibh an “ghaisgidhigh.” Acht
fé dheireadh shiar thall, do chuaidh se ar ais
chun na cruaiche móna, agus do chuir sé a
bhróga air, thóg a ghunna agus d'imthig leis
abhaile.
Ní raibh aon ghlas ar an dorus, agus do
leig sé é féin isteach gan mhoill. Ní
bhídheadh na dóirse dúnta an t-am sin i
n-aon chor, mar do bhí na daoine an-
mhacánta — ní mar na daoine atá anois
ann. Acht bídheadh sé sin mar atá sé, do
las Domhnall an choinneal, agus do chuaidh
sé síos 'san tseomra, agus do ghlaoidh sé ar
a mháthair. Do bhí sí 'n-a codladh, acht do
phreab sí suas 'nuair d'airigh sí Domhnall.
“Cia atá annsan?” ar sise.
“Mise,” ar Domhnall.
“Oro, a Dhomhnaill a thaisge, an anois
atá tú ag teacht isteach? Tá sé an-fhada
'san oidhche anois. Cad d'éirigh dhuit, nó cad
atá uait?”
“Ní'l dadamh,” ar Domhnall, “Éirigh suas
go tapaidh anois, agus tar síos go dtí an
cistean. Tá gnó agam dhíot.”
“Cad tá ort a mhaoineach? Beir anuas
an solus go bhfeicidh mé thú. A' bhfaca tú
aon rud 'san Dabhach anocht? O, bhó! bhó!
anois nó riamh tá díoghbháil icínt déanta ag
na daoine maithe ort. Dubhairt mé leat
gan dul amach anocht, acht níor ghlac tú mo
chomhairle.”
“'Gcloisir arú! Tá 'fhios agat go maith
ná fuil dul i mugha ar bith ionnam-sa, agus
má éirigheann tú beidh 'fhios agat cad atá
orm.”
(Tuilleadh).
NOTES
Sgeimhle
Le na daoine = Leis na d.
Pé 'r b'ann é, however, at any rate = pé ar
bith ann é, or, as used elsewhere, pé ar domhan é.
Ní raibh a fhios, contracted in speaking into ní rabhas,
also tá's = tá a fhios, bhí's = bhí a fhios, bhfuil 'ios
= bhfuil a fhios, níl'ios = ní fhuil a fhios, etc.
Tá glas ar an dorus, the door is locked.